Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-28

Cad is pobal áitiúil ann?

Le fiche bliain tá cónaí orm in eastáit tithíochta ar imeall Bhaile an Chinnéidigh. Tháinig muid anseo i dtosach toisc nach raibh ar ár acmhainn tig a cheannach i mBré, áit a raibh muid ag cónaí ar chíos roimhe sin agus mo mhic ar an mbunscoil.

Do formhór mór an tréimhse sin bhí mise ag obair i Mullach Íde nó áit éigin i mBaile Átha Cliath. D'athraigh COVID sin, agus táim ag obair sa bhaile formhór na hama ó shin. 

Ní sa bhaile atá mo shaol sóisialta ach oiread. Agus roimh COVID bhí sé de nós againn freastal ar Aifreann Gaeilge i mBré. 

Tá aithne éigin agam ar na comharsana béal 
 dorais. Súilaithne ar roinnt eile. Taithím caife nó dhó. Déanaim siopadóireacht - tá ollmhargadh Dunnes agus siopa nó dhó ann. Agus poitigéir. 

Tá an dochtúir teaghlaigh, a bhí agam le blianta sular chuir COVID ina cheann dul ar scoir, fréamhaithe sa bhaile, agus a bhean Francach ó dhúchas, bainteach leis coiste Bailte slachtmhara.

Fiú mo chlann, fuair siad gaelscolaíocht lasmuigh den mbaile, agus thug cúrsaí ceoil amach as an mbaile iad freisin. 

Cé go bhfuil mo nuachar ag obair ón mbaile le fada is cianobair ag plé le daoine timpeall na cruinne atá i gceist. 

Dúinne, mar sin, baile suainleasa atá sa bhaile. Tá ár leithéidí fairsing agus neart tithe tógtha sa scór bliain sin chun freastal ar ár leithéidí.

Tá pobal eile ann, pobal fadbhunaithe a rugadh agus a tógadh anseo. Tá eastáit comhairle chontae ann. Agus roinnt miontionsclaíocht - grúdlann. 

Ní dóigh liom go bhfuil sé cruinn cuir síos ar an áit mar sráidbhaile tuaithe. Tá sé amuigh faoin dtuath maith go leor, ach is pobal bhruachbhailteach atá ann - ag brath ar Bhaile Átha Cliath nó ar a laghad Bré. 

Tá gné aicmeach ann i gceist freisin. Ní bhíonn mórán teagmháil idir na haicmí. 

Ní fear spóirt nó Cumann Lúthchleas Gael mé, nó bhféidir go mbeadh taithí eile agam. 

Is dócha go bhfuil íoróin áirithe i gceist leis an bhfíric gurb í an Ghaeilge atá do mo chuir ag plé le daoine áitiúla anois! Thart ar sé mhí ó shin bhunaigh nuachainteoir díograiseach dhá chiorcal comhrá. Bhí mo bhean ag tathant orm páirt a ghlacadh mar go raibh mé in ísle meoin de bharr tinnis. Ní raibh fonn dá laghad orm. Ní go dtí gur fheabhsaigh mo shláinte a thug mé aghaidh ar na ciorcail. Tá drogall orm dul go ciorcal. Níl an fhoighne agam bheith i mo mhúinteoir, agus braithim dua a bheith ag baint le simpliú comhfheasach a dhéanamh ar mo chuid cainte. Ach tá a dóthain cainteoirí líofa sa ghrúpa nach bhfuil rudaí ró dheacair ina leith sin.

Réamhrá sách fada. Nuair a bhain Baile an Chinnéidigh na cinnlínnte amach, bhí sé nádúrtha go dtiocfadh iriseoirí Gaeilge ar mo thoir.

Mar a tharlaíonn sé, tá log na conspóide lasmuigh den mbaile, ar an dtaobh eile, áit gur annamh a mbíonn mise. Níl aon chúis dom bheith ann. Seachas cúpla fógra sa bhaile, níl aon rian den gconspóid feicthe agam. Tá beagán níos mó feicthe ag mo bhean ar fhóram straoisleabhair an bhaile. Ach b'fhearr linn araon fanacht glan ar cheisteanna dá leithéidí agus ar an ndream atá sáite ann. 

Mar sin, bhí drogall áirithe orm. Ach tuigim an riachtanas atá ag lucht na meáin Ghaeilge agus iad sa tóir ar dhuine le Gaeilge. Rinne mé iarracht áirithe teacht ar eolas. 

Ach ní urlabhraí ar son an phobail mé - má tá pobal ann fiú gur féidir labhairt ar a shon. 

Is dúshlán don bpolaitíocht dul i ngleic leis an easpa acmhainní atá ag cothú míshuaimhneas agus deiseanna do lucht mioscaise. Agus níl sé sin éasca nuair is pobal scaoilte, a bheag nó a mhór uirbeach agus aonraithe atá i gceist. 

2024-04-27

Ag Úirchill an Chreagáin, shiúil mé inniu le bród


Le traidhfil blianta tá baint ag mo nuachar le Ceolfhoireann Traidisiúnta Oirialla. Bíonn na cleachtaí acu maidin Sathairn i mbailte éagsúla ar dhá thaobh an teorainn i gceantar stairiúil Oirialla - an Lú, Muineachán, Ard Mhacha agus an Mí. Inniu bhí an cleachtadh le bheith i gCros Mhic Lionnáin. Ar feadh thart ar dhá uair an chloig. Dóthain ama chun roinnt siúlóide a dhéanamh! Rinne mé tobchinneadh inné go rachainn léi. Chonaic mé go raibh Úirchill an Chreagáin thart ar dhá km ón ionad i lár bhaile Cros Mhic Lionnáin. Faid deas le siúl ann agus ar ais. Toisc gur tobchinneadh a bhí ann, ní raibh deis agam taighde mar is ceart a dhéanamh. Bhí sé i gceist agam braith ar léarscáil Google agus mé ann. 

Do deisceartach fearacht mise, a bhí ina dhéagóir óg le linn stailceanna ocrais na 1980í agus na trioblóidí, áit aduain is ea Ard Mhacha Theas. Áit a bhí sna cinn línte ar chúiseanna achrannacha.
Ní raibh mise faoi thionchar na fórsaí a chuir daoine i dtreo an fhoréigin agus Arm Phoblacht na hÉireann. Ní dóigh liom mar sin go bhfuil aon cheart agam breith a thabhairt bealach amháin nó eile. Is síochánaí mé. Tá col agam le foréigean. Níl mé iomlán ar mo chompord dá réir in áiteanna go bhfuil leaca cuimhneacháin (cuma ceachtar taobh atá á mhóradh). Mar atá i gcearnóg an Chairdinéil Ó Fiaich. (Fear ar thug na Sasanaigh Easpag na bProvos air, agus a bhfuil meathchuimhne agam air mar Príomháidh na hÉireann Uile). 
Is ann a bhí an ionad cleachtadh, san ionad pobail. 
Béal dorais bhí caifé Kis. Áit a bhfuair mé caife dubh i mo chupán coinneála, agus rolla cainéal. Thug mé bóthar Iúr Cinn Trá orm féin. 

Bhí séipéal naomh Pádraig ar mo bhealach agus bhuail mé isteach le paidir a rá. 

Ar aghaidh liom ar bhóthar Iúr Cinn Trá. Bóthar gnóthach. Gan cosán coisithe. Ní raibh an siúl ró phléisiúrtha. Tar éis thart ar 2km phrioc fógra do Ghleann na Filí m'aire. Ach bhí sé ag síneadh san treo mícheart. Chonaic mé geata ar thaobh an bhóthair agus cosáin a raibh an chuma ar go raibh sé ag dul sa treo ceart. Bhí mé éiginnte ach bréan de bheith ag léimt isteach sna sceacha le héalú ón dtrácht. Bheartaigh mé dul sa tseans, go háirithe ó chonaic mé fear agus madra ag teacht mo threo. D'fhiafraigh mé de arbh cosán poiblí a bhí ann. B'ea. An bhféadfainn an reilig a shroicheadh air? D'fhéadfainn. Go bhfaca mé fógra sa treo eile do Ghleann na bhfilí. Arbh fhiú é leanacht? Bhí mé sa Ghleann! Bhí an fógra casta ag bligeard éigin! Agus dála an scéil dá leanfainn an cosán seachas casadh ar chlé go dtí an reilig, thiocfainn ar gairdín múrtha arbh fiú fánaíocht ann. An raibh bealach eile ar ais go Cros Mhic Lionnáin seachas an bóthar mór. Bhí, ach timpeall mór a bheadh ann. 

Lean mé an cosán, chas ar chlé agus thar droichead agus suas staighre go dtí an reilig. 


De bharr nach ndearna mé mo chuid taighde i gceart, shíl mé go raibh Peadar Ó Doirnín curtha sa reilig chomh maith le hArt Mac Cumhaigh. Déanta na fírinne, bhí mé ag dréim leis go mbeadh léarscáil sa reilig, agus na huaigheanna suntasacha marcáilte. Ach ní raibh. Bhí mé ag fánaíocht thart i measc uaigheanna na dtoicithe. Tháinig mé ar leac cuimhneacháin do Phádraig Mac a Liondáin, nach raibh eolas ar bith agam faoi. Bhí sé éasca go leor uaigh suntasach Art Mhic Cumhaigh a aimsiú. Ach chlis orm uaigh Pheadair Uí Dhoirnín a aimsiú. (Toisc nach bhfuil sé ann!). Agus mé ar tí an reilig a fhágáil bhí bean ag siúl thart lena madra. Bhuail mé bleid uirthi agus chuir mo cheist. Ní raibh sí cinnte dúirt sí. Ach dhírigh sí m'aird ar uaigh na Néilleach, nach raibh suntas tugtha agam dó. Gar do sin chonaic mé leac i gcuimhne Séamus Mór mac Murchaidh. Bhí cloiste agam faoi siúd ar thuras na Cnocadóirí ar Ard Mhacha. Agus ar a aibhirseoir Johnston of the Fews 

Jesus of Nazareth, King of the Jews
Save us from Johnston, King of the Fews

Bheartaigh mé deireadh a chuir le mo chuardach, agus aghaidh a thabhairt ar an ngairdín múrtha. Chaith mé tamaill ansin, agus ansin lean mé an cosán ar aghaidh le súil is go dtabharfadh sé amach ar bhóthar mé. Bhí an comhartha fóin lag agus gan aon chabhair ó Google ar fáil. Bhí fógra áfach in aice leis an ghairdín múrtha agus bhí an cuma ar an léarscáil air go mbeadh liom. Ach ní raibh. Níorbh fhada gur shroich mé geata le glasanna meirgeacha air. Shiúl mé ar ais cois na habhann, agus tháinig mé ar an gcloch greanta seo :

                     Ag smaoineamh. 

Measaim go raibh roinnt saothair eile ealaíne thart. Ach tá an cuma air nach bhfuil cothabháil á dhéanamh ar Ghleann na bhFilí. Is trua sin. 

Chuaigh mé ar ais tríd an reilig. Amuigh ar an mbóthar bhí a dóthain comhartha fóin agam le ainm.ie a sheiceáil, agus fáil amach gurb é an chúis ar theip orm Pheadair Uí Dhoirnín a aimsiú ná gurb i gContae Lú a bhí sé curtha. 

Shiúil mé an timpeall ar chúlbhóithre go Cros Mhic Lionnáin. Bhí mé díreach in am, an cleachtadh díreach thart. Bhí lón beag againn tí Kis (bialann a mholaim - arán úr den scoth) agus ansin thugamar aghaidh ar an mbóthar abhaile. 

Turas gairid ach fiúntach. 



Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille


Nuair a chonaic mé tagairt don leabhar seo a bheith foilsithe, ar na meáin shóisialta más buan mo chuimhne, chuir mé fios air ó Leabhar Breac láithreach. 

Fathach i saol na filíochta ab ea Máire Mhac an tSaoi. Bhí sé de phribhléid agam bheith ina láthair ar a laghad uair amháin, nuair a rinne Imram í a cheiliúradh. 

Tá a cuid filíochta agus a cuid próis fileata - Gearóid Iarla, abair - léite le fonn agam. 

Agus tá spéis agam sa tseanlitríocht. Ach níl an Ghaeilge inár scríobhadh iad ar mo thoil agam. Taobh le haistriúcháin scolártha Béarla nó Gearmáinis a bhíonn mé. Tá neart den bhunábhar ar fáil ar líne anois ó leithéidí https://celt.ucc.ie/ nó Thesaurus Linguae Hibernicae.

Ach ní hamháin gur fathach filíochta ab ea Máire Mhac an tSaoi, ach scoláire nótaltha freisin. Scoláire a d'fhoghlaim ní hamháin sna hAcadaimh ach in Ollscoil Dhún Chaoin, ag éisteacht le hallagar a huncail Pádraig de Brún le saoithe na háite. (Feall atá ann go bhfuil Tigh na Cille tite as a chéile). 

Leagain sách iomlán de thrí dhán - nó le bheith cruinn trí chnuasach dánta ársa - atá sa leabhar seo. Tá na bunleagan dorcha, agus tá roinnt den doiléire sna leaganacha nua. Ach is gaiscíocht an fhile atá i gceist leis sin - an file ag nochtadh a cumas agus a léinn ar bhealach spraíúil chun léitheoirí a spreagadh.

(admhaím mar sin féin gur chaith mé catsúil anois is arís ar na leaganacha Béarla - a sholáthar Máire Mhac an tSaoi í féin don gcuid is mó - nuair a chuaigh sé díom meabhair a bhaint as). 

Amhráin  Amhairgin - cnuasach de dhánta as Leabhar Gabhála, orthaí agus breitheanna a chaitheann solas ar mhiotas bunaithe Clann Mhíle. Dorcha draíochta. Tá leaganacha éagsúla de Rosc Amhairgin feicthe agam thar na blianta, ach tá breis ábhar anseo, dinnseanchas agus stair samhlaithe.

An Chailleach Bhéarra - dán faoin seanaois, an chreideamh agus athrú cultúir. Arís bhí blúirí feicthe agam ach seo againn leagan fhada chuimsitheach. 

Agus Amhra Choilm Chille. Caoineadh an naoimh. 

Tá saibhreas thar na bearta sna leaganacha nua Ghaeilge. Cé gur eascair an togra seo as saothar scannánaíochta de chuid Louis de Paor, luíonn sé go maith le haidhm Leabhar Breac an tseanlitríocht a chuir ar fáil do scríbhneoirí an lae inniu, i dteanga an lae inniu, mar fhoinse agus tinfeadh.

Seod atá sa leabhar seo agus táimid faoi chomaoin ag Louis de Paor nár fhág sé an t-ábhar ag bailiú deannaigh ina chartlann!

An t-aon mionghearán atá agam ná gur trua liom nach bhfuil cuid den nGaeilge ársa sa leabhar. Tuigim nach ó aon LSS ná léamh amháin a bhí an file ag obair - ach ba dheas blaiseadh. 

Tá sé ar fáil ón bhfoilsitheoir agus ó na siopaí maithe leabhair! Agus mar is dual don bhfoilsitheoir is earra snasta atá sa leabhar féin. 

Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille
Máire Mhac an tSaoi 
Leabhar Breac 
ISBN 978-1-913814-55-7

2024-04-26

Frachtal, athfhilleadh agus mistéir eile.


I dtús na nóchaidí, nuair a bhí mé ag tosú ar mo ghairm, bhí ríomhairí phearsanta ag tosú ag éirí cumhachtach. Ceann de na cur amú ama a bhí againn san oifig - seachas imirt tetris - ná clár a ríomh tacar mandelbrot. D'fhéadfaí é a mhéadú agus amharc ar an athfhilleadh agus na himill frachtal. Bhí comhghleacaí liom a raibh sé mar chaitheamh aimsire aige spraoi le bogearraí rianú gathanna - bhí an ríomhchlár in ann a ríomh an éifeacht a bheadh ag foinse solais in ionad ar leith ar chuma ruda, agus chruthaigh íomhá réalaíoch dá réir. Ar ndóigh, anois, tríocha bliain níos déanaí le forbairtí i gcrua- agus bogearraí tá fiú an ghuthán, ar a bhfuil seo á scríobh agam, in ann a leithéid a ríomh ag luas lasrach agus i bhfad níos mó mionsonraí ná mar a bhíodh ann fadó. 

Tá athfhilleadh i gceist i formhór na n-algartaim seo. Feidhm i ríomhchlár a ghlaonn ar an fheidhm céanna le hargóint eile go dtí go bhfuil an feidhm chomh simplí sin le ríomh nach bhfuil deacracht ar bith leis. Sampla simplí ná iolrán na slán uimhreacha a ríomh, i. 
 
5! = 5*4*3*2*1.
 
Nó go ginearálta N! ná gach slánuimhir idir 1 agus N méadaithe fá chéile.

Mar seo a bheadh an fheidhm i C:

long factorial(int n)  
{  
  if (n == 0)  
    return 1;  
  else  
    return(n * factorial(n-1));  
}  

Seachnaítear feidhm mar seo go hiondúil i mbogearraí neadaithe, toisc go bhfuil baol ann, má tá luach neamhghnách mar thús, nach dtiocfadh an feidhm chun críche in aon chor. 

Go deimhin, ceann de na scrúduithe caighdeánacha a rinneamar agus promhadh bogearraí ar bun againn ná an raibh aon athfhilleadh díreach nó indíreach ar bhun. Uaireanta d'aimsigh muid cás - ghlaoigh feidhm A ar fheidhm B, a ghlaoigh ar feidhm C a ghlaoigh ar feidhm A arís.

Bhí sé chomh neadaithe i m'inchinn gur drochsmaoineamh a bhí ann nár rith sé liom mar fhreagra ar cheist agallaimh - ach fuair mé an phost mar sin féin!

Maidir le frachtal, ceann de na cúiseanna - seachas raithneach a bheith flúirseach sa choill faoi láthair - a rith sé liom ná go bhfuilim ag plé roinnt leis an ríomhtheanga Tcl - tool control language. Baintear feidhm as go minic i gcórais tástála ríomhairí agus bogearraí. Ní maith liom mar theanga é. Tá sé fíor dheacair cód ann a léamh, tá comhréir an éagsúil é. Is minic gur gá ráiteas a léamh ón lár amach, agus is féidir ráitis a neadú ina chéile ar bhealach a chuireann cathú ar ríomhchláraitheoirí glice  a ngliceas a léiriú. Ach tá sé nach mór caighdeánach do chúraimí áirithe. Níl éalú uaidh.

Pé scéal é, fiche éigin bliain ó shin nuair a bhí mé ag déanamh iarracht é a fhoghlaim, bá an Frachtal raithní ceann de na cláracha a rinne mé beagán spraoi leo. Ní thuigim an clár in aon chor anois, ach tá athfhilleadh i gceist leis.

2024-04-25

Boladh cóid

               Jan Miense Molenaer
De vijf zintuigen: De reuk (na cúig céadfaí: an boladh) 


"is eol do chách go bhfuil sé dhá oiread níos deacra clár a dhífabhtú ná é a scríobh. Mar sin, má scríobhann tú chomh glic agus atá ar do chumas, conas a bheidh ar do chumas dífhabhtú a dhéanamh air?" 
                                   Dlí Kernighan, 1974.

Baineann cuid mhór de mo chuid oibre le cothabháil. Dífhabhtú. Rudaí a d'oibrigh tráth, atá briste anois, toisc go bhfuil cúinsí athraithe - i gcodanna eile den gcód, nó san timpeallacht ina bhfuil an cód ag feidhmiú. Fágann Dlí de Mórdha go bhfuil ríomhairí ag éirí níos gaiste - rud a chruthaíonn deiseanna nua do ghuaiseanna rásaíochta. Fabht is ea guais rásaíochta a tharlaíonn go hannamh. Tarlaíonn a leithéid i gcóras ina bhfuil níos mó ná snáithe amháin - rudaí á dhéanamh ag an am céanna, ach toradh rud amháin de dhíth mar ionchur don rud eile. Ní dhéanann ríomhaire amháin ach rud amháin san am, ach le comhroinnt ama bíonn an cuma air go ndéanann. Bíonn an clár ag athrú go gasta idir tascanna. Ach de bharr cúinsí seachtracha ní tharlaíonn sé sin san ord ceanann céanna i gcónaí. Mar sin, tá deis ann d'fhabht nuair a úsáideann A toradh B sula mbíonn B réidh á ríomh. Tá sé iontach doiligh a leithéid d'fhabht a aimsiú, toisc nach dtarlaíonn sé gach uair a ritheann an clár.

Ach tá dúshláin eile ag baint le dífhabhtú. Is fíor annamh a choinnítear taifead ar an gcúis gur roghnaíodh dearadh ar leith. Na cúinsí a d'fhág an cód amhlaidh. Is minic a bhí réiteach maith go leor, ach d'athraigh na cúinsí. Agus anois tá sé briste. 

Tarlaíonn sé sin go minic nuair atá cleas glic éigin i gceist. Bíonn cathú ar chineál áirithe ríomhchláraitheoir a éirim a thaispeáint le cleasaíocht ghlic. Tráth dá raibh, bhí a leithéid de dhíth toisc go raibh an ríomhaire mall nó an cuimhne teoranta. Is annamh a leithéid fíor anois. Ach tá cultúr an seifteálaí domhain i gcultúr an Ríomhchláraitheora. Agus baolach. 

Nuair nach bhfuil taifead ann, táthar ag brath ar chuimhne institiúideach - ar dhaoine. Ach nuair atá an corpas cóid ag dul siar b'fhéidir daichead bliain, ní féidir brath ar sin. Ar aon nós, i gcomhlacht beag san earnáil bogearraí tagann agus imíonn ríomhchláraitheoirí go minic. Scaití is duine ar chonradh gearrthréimhseach a rinne an obair. Agus go hiondúil is faoi bhrú ama agus acmhainní a rinneadh é. 

Aimsítear réiteach atá maith go leor, agus bogtar ar aghaidh. Blianta ina dhiaidh sin, briseann an réiteach. 

Bíonn ar an ríomhchláraitheoir cothabhála an fhadhb a aithint, an fabht a aimsiú, agus é a réiteach. Faoi bhrú ama agus acmhainní. Agus go hiondúil le heolas srianta. An aidhm ná an t-athrú is lú is féidir a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach, ar eagla go gcruthófaí fadhb nua. 

Ní féidir a bheith riamh cinnte an bhfuil cúis maith le píosa cóid a bhfuil cuma aduain air. Mar sin is fearr gan drannadh leis mura bhfuil sé follasach gur fadhb atá ann. 

Fágann sin áfach go mbíonn rudaí sa chód go raibh cúis leo tráth, ach nach ann don gcúis níos mó. Agus go bhfuil síol fabht nua iontu. 

Go hidéalach bheadh an cód síoraí á fheabhsú agus á bheachtú. Á shimpliú. Éilíonn sin córas maith cuimsitheach promhadh. Ar an ndrochuair, cé gur féidir le scrúdú fabhtanna a nochtadh, ní sé indéanta cruthú le scrúdú nach bhfuil fabht ann. 

Mar sin, tagann taithí i gceist. Bíonn instinn ag seanfhondúirí - agus tar éis tríocha éigin bliain ag dul don ngairm, is dócha gur seanfhondúir mé. Cuirtear an instinn sin i gcomparáid le boladh uaireanta. Deirtear go mbíonn drochbholadh le cód áirithe. Tá cleachtais le feiceáil ann a bhfuil taithí ann gur trúig fabhtanna iad. 

Ar ndóigh, uaireanta bíonn tagairt sa chód ag admháil nach bhfuil réiteach sásúil aimsithe don fhadhb. Gur baineadh feidhm as seift. Is cabhair é sin don cothabhálaí - nuair atá an ionad sin san cód aimsithe. 

Lorgaireacht an tsoithigh naofa is ea lorgaireacht cód foirfe. Níl daoine foirfe. Mar sin, ní bheidh cód. 

Taithí, oiliúint agus disciplín atá de dhíth. Ach go hiondúil is gá géilleadh don "maith go leor", ceal ama. Agus fabhtanna a fhágáil do do chuid oidhrí sa chúram. Nó tú féin i gceann sé mhí, nuair atá an comhthéacs dearmadta agat agus nuair is gá an fhadhb agus a chastacht a thuiscint as an nua. 

Mar a dúirt Tony Hoare:
Tá dhá dóigh ann bogearra a dhearadh. 
Simplí, sa chaoi is go bhfuil sé follasach nach bhfuil fabht ann. 
Nó casta, sa chaoi is nach bhfuil fabht follasach ann. 

Simplíocht abú. 

Sin mo racht go n-uige seo. 




2024-04-24

Opa agus Opina

Scar tuismitheoirí mo nuachair nuair a bhí sí an óg. Tá deirfiúr bliain níos sin aici, agus scaradh na páistí freisin. Mein Erzeuger, an té a ghin mé, a thugann sí ar a hathair bitheolaíochta. Tá caidreamh éigin againn leis, a bhean agus leis an dá mhac a bhí aige léi, ach is beag é, fiú nuair a bhíomar sa Ghearmáin. 

Duine eile a thugann sí athair air. Bhí Manfred thart i mblianta a hóige agus na luatha déaga. Fear mór ard. Fear amharclainne agus léinn. Intleachtóir. Cainteoir - fadálach uaireanta. 

Nuair a scar sé ó mháthair mo nuachar bhí céile eile aige. Gisela. Bean beag ciúin stuama. Eolaí - bitheolaí, mura bhfuil dul amú orm, i réimse an leighis. Ard éirimiúil. Agus í in inmhe a chuid cainte a stop go séimh nuair a chuaigh sé chun fadálachta. 

Beirt a bhí compordach le chéile. 

Bhí árasán lán de leabhair acu i lár na cathrach. Agus bhí tigh muintir Gisela fós acu, cois locha i Zeuthen. Iad idir an dá áit, go háirithe nuair a bhí cúram de dhíth ar mháthair Ghisela. Diaidh ar ndiaidh bhí orthu bogadh amach go hiomlán de bhrí go raibh an cúram sin níos riachtanaí. É roinnte le mac Gisela, an tigh roinnte idir an dá theaghlach. 

Bhí caidreamh áirithe eadrainn síos tríd na blianta. Mé ar mo chompord ina gcomhluadar. Comhráite spéisiúla. 

Opa a thug mo mhic air. Ach cén ainm a fheilfeadh do Ghisela? Ní fheilfeadh Oma, ní raibh gaol ann. Níl mé baileach cinnte conas a tháinig muid ar an leagan Opina - cineál bainneanú geanúil ar Opa. 

Tamall sular rugadh an déagóir chuaigh Manfred ar shlí na fírinne. Mar is iondúil uaireanta, rinneadh é a chreimeadh agus bhí sochraid roinnt míosa níos déanaí, mar ar chuireadh an próca san úirchill. Searmanas daonnachtúil, ceiliúraí mná ag tabhairt píosa cainte faoina shaol. Gan sólás an chreidimh. 

I gcuimhne air go pointe atá Frederike (Freddie) ar an ndéagóir. 

Maireann Opina fós, cé go bhfuil ailse á moilliú. Glaoch gutháin cúpla uair sa bhliain an teagmháil anois. 

Rinne mé blagáil cheana, litríocht leabhrán lasáin as cúpla eachtra iar chogaidh a d'inis sí dom agus mé ar cuairt. Ní cuimhin liom anois cén fáth nach raibh ach an bheirt againn ann. Sílim go raibh an chuid eile gafa ar eachtra éigin eile. 

Scéalta faoi gual a ghoid ón traein i ngeimhreadh crua 1947. Agus an teach a bheith i seilbh an NKVD, ach an teaghlach fós i gcuid. 

Daoine iad Gisela agus Manfred a mhair tríd dhá dheachtóireacht ach ar éirigh leo bheith caoin daonna geanúil (fiú má bhí Manfred beagán údarásach!) 

Is mór agam an aithne a chur mé orthu. 


2024-04-23

Cad is gríosú chun fuatha ann?


Bhí mír ar Thús Áite inné faoi cosc agus lámh trom péas círéibe Bheirlín ar agóid bheag a bhí á reáchtáil trí Ghaeilge. Ní raibh na péas sásta go mbeadh caint i dteanga nach raibh ar a gcumas tuiscint, chun bheith cinnte nach raibh gríosú chun fuatha i gceist. Nó sin a mhaígh siad ar aon nós. Is cosúil go raibh leaganacha éagsúla ag péas éagsúla - ach go raibh siad diongbháilte deireadh a chuir leis an bhfo-agóid seo ag grúpa beag. 

Measaim féin go raibh an agóid thar a bheith éifeachtach, ó tharla go bhfuil caint ar abhus ar a laghad - theip orm aon tagairt a fháil i meáin na Gearmáine. Is beag iontas é sin, áfach, ó tharla go bhfuil na mílte ag agóid thall faoi ceist ionradh Gaza. 

De bharr na staire, tá sé fréamhaithe go domhain i dtuiscint pholaitíochta na Gearmáine gur gá seasamh le hIosrael. É ráite ag an seansailéir Scholz gur "deutsche Staatsräson" (Nath nár chum sé féin) slándáil Iosrael. Fiú an taz - nuachtán den eite chlé a léim altanna ann, tá siad ag cáineadh ionradh Hamas go géar ainneoin a gcáineadh ar freagra thar fóir Iosrael.

Ach feiceann siad gríosú chun cinedhíothú sa mhana "ón abhainn go dtí an muir".

Ní ceart agus éigeart cás na Pailistíne atá fúm a phlé, ach ceist an chaint gríosaitheach. 

Tá bille fuathchainte á phlé san Oireachtas. Is cosúil, tar éis an teip san dá reifreann ar na mallaibh, go bhfuil an rialtas ag déanamh athmhachnamh air an mBille. Ba mhithid. 

Bhí mé ar son an tagairt do diamhasla a bhaint as an mBunreacht. Tá mé i gcoinne Bille fuathchainte ar an mbonn céanna. Téarma doiléir sleamhain atá ann. Ní raibh aon sainmhíniú cruinn le bheith sa bhille. 

Is gá gan amhras cóimheá a bhaint amach idir saoirse cainte agus smaointeoireachta agus cearta grúpa mionlaigh. 

Ach is gá a bheith airdeallach faoi dlí a thugann cumhacht do na húdaráis smaointe nach bhfeileann dóibh a dhéanamh coiriúil. 
Is uirlis forlámhas sin. Claíomh dhá bhéal. 
Uirlis ar féidir mí úsáid a bhaint as. Is gá bheith cúramach. 

2024-04-22

I gceardlann mo sheanathair

Múinteoir - ardmháistir scoil Haróid i nDeiliginis ab ea mo sheanathair Diarmuid Ó hAlmhain. Bhí mé trí bliana d'aois nuair a chuaigh sé ar scoir. Ba a tigh a bhain leis an scoil a raibh cónaí air go dtí sin, Tig Mhichíl. Is ann a tógadh m'athair. Ach níl cuimhne ar bith agamsa air.

Baineann na cuimhní ar fad atá agamsa le teach sa tSeanchill. Crieve. Trian de theach mór, sciathán na freastalaithe fadó. Dhá urlár. Síleáil arda ar urlár na talún. Trí sheomra ann i bpríomhchuid an tí. Cistin mór, Ríocht Nana agus an áit is mó a chaitheamar am ann. Doirteal fada faoin bhfuinneog. Cófra ar thaobh amháin de, sorn ársa leictreach ar an dtaobh eile. Tinteán agus cúpla cathaoir compordach agus tolg. Bord mór ite. Bhí dhá seomra suite ann agus leithreas. Ceann de na seomraí geal agus pianó ann. Ceann eile dorcha toisc nach raibh solas an lae ann ach tríd fuinneoga beaga timpeall ar dhoras amach sa ghairdín cúil. Le beo Dhaideo ba ceapach glasraí agus torthaí an ghairdín céanna. Tar éis a bhás choinnigh Nana na sú talún agus craobh, spíonán agus an bhiabhóg, ach chuir féar ag fás ar na ceapóga prátaí agus glasraí.

Ach níorbh oide, garraíodóir agus fear raidió amháin Daideo. Cé gur sheachain sé muide páistí - muid ró ghlórach dó is dócha i ndeireadh a shaol, agus nach minic a bhfeicimis é, rinne sé bréagáin iontacha as adhmaid dom. Is cuimhin liom crann tógála soghluaiste, a raibh mé in ann suí air agus é a thiomáint. Rinne sé teach spraoi mór a bhféadfaí é a fhilleadh go néata. Dhá bhalla dúbailte, dhá leath den díon agus simléir. Fuinneog mhór amháin ar baineadh feidhm as go minic thar na blianta mar ardán seó puipéid. Doras i mballa amháin agus fuinneoigín i mballa eile. 

Rinne sé crínlín dom freisin ag a ndearna mé m'obair scoile. An suíochán agus an bord oibre ina aonad amháin, déanta as sraithadhmad agus vearnais air. Éadrom ach láidir. 

Rinne sé roinnt bháid beaga dom le cuir ar snámh, iad déanta as fuílleach adhmaid agus uaireanta píosa píobáin cupair mar simné. Uiscedhíonach trí péint agus créasóid. 

Mar a dúirt mé, cuid de theach mór ab ea Crieve. Bhí sciathán amach ón gcistin, díon íseal air agus é nasctha le Teach Cóiste - sciobóil mór lán de seo is siúd. Dréimire míshocair suas go lochta. Pluais Aladin. 

Bhí seomra ar leith idir an chúlchistin agus an Teach coiste, le doras ar leith isteach ann ón ngairdín. 

B'shin ceardlann Daideo. Ní dóigh liom go raibh mé istigh ann lena bheo, nó má bhí is faoina shúil ghéar a bhí mé ann. Fiú tar éis a bháis, ní raibh Nana sásta mé a scaoileadh isteach ann go dtí go raibh mé níos sine ar eagla go ngortóinn mé féin le faobhar siséal nó a leithéid. Imní a raibh bunús leis ó tharla nach bhfuilim deislámhach ar chor ar bith. 

Seomra beag lán d'uirlisí. Iad in ord agus eagar ar sásanna a rinne sé féin don gcuid is mó. Bord oibre láidir agus bís air chun breith ar phíosa oibre.

Ar ball, rinne mé féin iarracht bád nó dhó a dhéanamh, ach i ndáiríre ní raibh na scileanna agam. Ar éigin go n-éiríonn liom tairne a chur i mballa chun pictiúir a chrochadh. Agus is compordaí mo nuachar ag plé le druilire ná mise. Obair gharbh is mó atá ar mo chumas, agus is fearr mé ag briseadh ná ag tógáil!