Píosaí liom in áiteanna eile:

2005-12-23

Beannachtaí na Féile agaibh go léir

Don oíche úd i mBeithil

Féa¥, tá dea-scéala agam daoi¢, a ¥uirfi« á÷as mór ar an bPobal uile


Lúcas 2:10



Lipéid:

2005-12-16

Táim fós ann, ach..

ró chrúogach le dada a dhéanamh anseo go gceann tamaill.

Níl mo gheallúntas maidir leis na ceathairní dearmadtha agam, a Imeallaigh!


Lipéid:

2005-12-09

Ag línseoireacht ó dhubh go dubh.

Ba cheart domhsa a bheith i mo leaba.
Scaoilfead smaoineamh chugaibh go tapaidh, agus ansin don Bhinn Bháin dhom!

Is deacair a thuiscint conas a bhí an saol roimh ré seo an idirlín. Tá ríomhaithne agam anois ar scata daoine nach mbeadh fhios agam iad a bheith ann chor ar bith murach an gréasán Domhanda. Snáithe a'm nascadh le daoine thall is abhus.

Agus eolas le fáil ar chursaí an tsaol seo agus le teacht ar luas diamhair, ach an cheist cheart a chuir ar inneall cuardaigh!

Táim an-tóghta le inneall nua Chaoimhín Aimsigh

Spás nua don Ghaeilge. Nár lagadh Dia a lámh, agus láimhe nach é atá ag treabhadh iomaire na teicneolaíochta ar mhaithe le mionteangacha.





Lipéid:

2005-12-08

An Ghiniúnt gan Smal

A féile inniu, féile agus gradam a chuir sí a seala féin air ag Lourdes

Que soy era Immaculada Concepciou


Ní raibh an fhirinne úd fógartha mar dogma ar le blianta beaga roimhe sin, ag an naoú Pius

A Bhanríon a gabhadh gan peacan an tsinsir, Guigh orainn.

Lipéid:

2005-12-06

Lá le Nioclás shóna dhaoibh!

Inniu féile Shan Nioclás.

Éarlamh na bpaistí, agus na mairnéalach.

Lá mór do phaistí na Gearmáine an lá inniu, bíonn rudaí deasa sna bróga acu ar maidin. Mar a bhí ag mo chlannsa, gan amhras!


Lipéid:

2005-12-03

Ceathairníní arís.

Bhí beirt Iodálach linn ar obair an tseachtain seo chaite. Tá Officine Galileo i bhFirenze freagrach as an Réalt leantóir sa togra ar a bhfuilim ag obair faoi láthair.
Tá ceathairníní lárnach dá gcuid oibre siúd (agus do mo chuidse oibre freisin).

Thug a suim siúd deis dúinn cuairt a thabhairt ar dhroichead Bhroom, nó droichead Hamilton ó cheart.

Ceatharníní an leigheas a fuair Hamilton ar an fhadhb conas tréanna a mheadú. Is féidir dearcadh orthu mar veicteoir le trí luach agus luach amháin scálach
q = xi + yj + zk + s
i2 = j2 = k2 = ijk = -1


Tháinig a smaoineamh chuige agus é ag siúl lena bhean fán canáil.

Baintear feidhm astu i rialú treosuíomh sna spásarthaigh - chun cuir síos are an casadh is gá chun fráma tagairte an arthaigh a chuir ar fráma tagairte támhúil.

Tá roinnt eolais anseo. Tá sé i gceist agam leagan a chuir anseo amach anseo.

Lipéid:

2005-12-02

Buíochas Síneach...

Seachtain gnóthach a bhí agam.
Tá dornán smaointe agam, ach níl siad aibí fós!

Ach seo rud beag:
Roinnt míosa ós shin, nuair a bhí cleas an Chiorcail Díospóireachta Tí Duke i mBÁC, tháinig freastalaí Síneach chomh fada linn le cur in iúl dúinn go raibh cúpla focal aici!

Chuir mé ceist uirthi cén Sínís atá air "go raibh maith agat". Fuaimníonn sé cosúil le "sé sin"

Do mheall mé mionghaire ó beirt síneach i siopaí leis ó shin - (tá súil agam go bhfuil sé ceart, agus nach ag déanamh amádáin díom fhéin atáim!)

Creidim, anois agus imircigh ag obair sna siopaí agus sna tabhairní, gur mithid dúinn cúpla focal dá teangacha a bheith againn.


Lipéid: