Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-06-10

Iothlainn na Gaeilge

Rinne Joe Steve Ó Neachtain píosa breá cainte ag Comhdháil d'Éalaín ar Oileán ar Inis Oírr le déanaí - píosa cainte a foilsíodh i bhFoinse (3 Meitheamh 2007)

Ba é an focal labhartha bun agus barr an chultúir le mo linnse, caint ó mhaidin go faoithin is ó Luan go Satharn. Ní raibh aon mheán eile ann ag an am nó gur thosaigh na boscaí ag caint is gur dhún siad béal na ndaoine.
....
Is muid is fearr ar bith nuair a smaoiníonn tú chomh beag is atá gabháltas na Gaeilge. Gan ionainn ach méid iothlainn phlandaí i gcomórtas le feilm ollmhór an Bhéarla agus fós fhéin go gcaithfear an iothlainnín a roinnt idir na canúintí éagsúla agus idir an seanchultúr is an nuachultúr. Cultúr na cathrach agus cultúr an oideachais agus cultúr úrnua an Tuaiscirt atá chomh crua le tairní seaca.
....
Ní focal é an 'comhaimseartha' a ngéillim fhéin di ró-mhinic. Ní focal é a chuala mé as béal aon Ghaeilgeoir dúchais de mo chomhaois. Ní bhreathnaíonn sé go bhfuil aon áit ag sean-aimseartha ná traidisiúnta i litríocht ná i ndrámaíocht na nuaGhaeilge. Ní hamhlaidh don ealaíon fré chéile dar ndóigh. Ní slacht ach a mhalairt a chuireann leagan comhaimseartha ar amhrán sean-nóis. Tá cuid de na hamhráin sean-nóis chomh sean leis an gceo ach iad fós chomh húr le drúcht na maidine ag teacht as béal na hóige mar atá cloiste agaibh ó Róisín Elsafty, bail ó Dhia uirthi.
....
Ach oiread leis na cultúir, tá dhá chineál lucht éisteachta ann. Na theatre goers a bhíonn ag ligean orthu fhéin go dtuigeann siad drámaí atá chomh casta le crosfhocail agus an gnáthphobal a thiocfadh go hascallaí i bhfarraige ag breathnú ar dhráma le John B Keane mar shampla.
....
Caithfidh an iomaire scailliúin agus an iomaire meacna agus an cheapach ghabáiste an aire chéanna a fháil in iothlainn na bplandaí agus mura bhfaighidh is gearr gurb iad an neantóg agus an chupóg sráide a bheidh i gceannas na hiothlainne.


Is fiú go mór an aitheasc ar fad a léamh, agus tá súil agam go gcuirfear i gcló níos buaine é.

Agus go dtiocfadh fás éigin ar an iothlainn, chun go mbeadh litríocht de gach saghas ar fáil as Gaeilge. Chuile seans go bhfuil ról le n-imirt ag an idirlíon anseo; mar a fheictear anseo, tá sé thar a bheith saor foilsiú as Gaeilge. Ach ní féidir (fós) slí beatha a bhaint amach as!