Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-09-27

Áiseanna do Phápairí

Tá sciar nach beag de Aéropagus seo na haoise atá i seilbh daoine atá dílis d'eaglais na Róimhe.

Dar ndó, tá suíomh na Vatacáine ann, áis chuimsitheach ina bhfuil gach scríbhinn de chuid na hEaglaise le fada. Tá dornán de suímh nuachta ann, Zenit na Róimhe ach go hairithe.

Agus tá an suíomh seo ann: seod amháin dá gcuid ná Summa Theologica Naomh Tomás Aquinas.

Ach seachas na suímh "oifigiúla" sin, tá flúirse blaganna caitliceacha. Is minic gur ag daoine a d'iompaigh, nó a d'fhill ar an gcreideamh na suímh seo. Agus ní haon ionadh é sin. Seo daoine aibí a tháinig ar an gcreideamh tré dian chuardach agus streachailt. Bíonn tuiscint níos doimhne acu ar na foirceadal agus áilleacht an teagaisc dá bharr.

Agus is minic sár acmhainn grinn acu!

Níl sé í gceist agam liosta fada a thabhairt: tá a leithéid anseo ar bhlag Tom Kreitzberg.

Is maith ann iad. Tá soiscéalú de dhíth ar an domhan, ar mhaithe leis an cine daonna ar fad.

2007-09-17

Gleann Dá Loch



Bhí mé i Gleann Dá Loch Dé Domhnaigh. Bhí sé i gceist agam Doire Bháin a dhreapadh le mo mhac, ach nuair a bhí muid cuid mhaith den slí in airde dúirt sé nach raibh sé ag mothú ró mhaith, agus tháinig muid síos. Ach thug sin deis dúinn féachaint thart sa ghleann féin, agus lean muid orainn a féachaint thart nuair a tháinig mo bhean agus an naíonán. Tá an-chuid oibre déanta ag Dúchas, nó pé ainm atá orthu anois, ag leagan amach cosáin siúlóide de gach sórt, ó éasca go dúshlánach.

Shiúl muid thar n-ais ón Loch Uachtarach ar an slí liath, cosán ardaithe tríd an riasc a théann timpeall ar Loch na Péiste. Bhí an dúrud ropairí le feiscint. De réir na bileoige, bíonn earca luachra le feiscint á ngrianadh féin, ach ní fhaca muid iad.


Chuaigh muid thar sruthán, agus chonaic muid an scata mór seo de scinnirí locháin seo: ní fhaca mé an oiread acu in aon láthair roimhe:


Tá gairdín deas céadfach ag an loch uachtarach freisin, mórthimpeall ar an tigín ina bhfuil an iarsmalann dúlra.

Cé go mbíonn an t-uafás turasóirí san áit, níl sé ró dheacair bogadh amach ó na sluaite, agus aoibhneas agus suaimhneas an ghleanna a mheall Caoimhín agus a mhanaigh a bhlaiseadh.

2007-09-10

Rothaí Móra an tSaoil

Nuair a chuaigh mise go Beirlín i dtús na 1990í, b'iad ceardaithe Éireannacha agus Polannacha cnámh droma an tionscal tógala ann.

Bhí imní dá réir ag muintir na Gearmáine roimh teacht na dtíortha Oirthearacha isteach san Aontas, agus maraon le gach tír seachas Éire, an Bhreatain, agus an tSualainn, chuir siad srianta i bhfeidhm.

Mar sin, is anseo atá na Polannaigh.

Ach bhíos ag faire an teilifís na Gearmáine tráthnóna Domhnaigh.

Is cosúil anois gurbh iad ceardaithe Gearmánacha atá ag tógáil tograí móra i mbailte amhail Wrocław sa Pholainn - de bhrí nach bhfuil ceardaithe Polannacha ar fáil!

Dá mbeadh blag ag Tómás Domhnaill...

I measc na leabhair atá agam tá cóip de Allagar na hInise, cóip ós na 1930í a bhí ag m'athair mhór romham.

Bhíos ag billeogaíocht tríd le déanaí nuair a rith sé liom go raibh sé thar a bheith cosúil le blag. Giotaí beaga ar thug an tOileánach suntas dóibh.

Dar ndóigh, comhfhreagras a bhí ann an chéad lá riamh, litreacha a scríobh sé ag na scoláirí a bhíodh ag cuartaíocht ar an mBlascaod.

Sin anois togra do Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge - tá an t-aos léinn annsan ag foghlaim scileanna raidió 7 rl. Tuige nach gcuirfeadh siad Allagar na Gaeltachta ar fáil dúinn? Cainteanna a bhailiú ó na scéalaithe atá fós thart. Agus an rud ar fad a chuir ar fail mar bhlag, agus níos fearr fós, mar phodchraoltaí.

2007-09-06

Ní soláthróir seirbhísí í an Eaglais!

Tá sé ina raic in Éirinn de bhrí go bhfuil scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí i nDeoise Átha Cliath ag tabhairt tús áite do dhaltaí caitliceacha. (Scéal anseo agus anseo)

Roinnt míosa ó shin bhí díospóireachta fhada i leathnaigh litreacha an Irish Times faoin dualgas, munar mhiste leat, atá ag an Eaglais sochraid cuí a chuir ar fáil, fiú más agnóisí an té atá le cur. (Bás agus adhlacadh John McGahern an ócáid a bhí á phlé).

Agus, dár ndóigh, bíonn daoine nár freastal ar Aifrinn ó aimsir a gcéad comaoineach ag glacadh leis go bhfuil sé de cheart acu seirbhís pósta a bheith acu agus de dhualgas ar an Eaglais é chuir ar fáil.

Is deacair liom an meon seo a thuiscint.

Níl ach feidhm amháin ag an Eaglais. Cabhrú lena baill Críost a chuir umpu d'fhoinn a bheith slánaithe.

Chuige sin atá na sacraimintí ann, agus chuige sin amháin. Ní taispeántas ealaíona atá san Aifreann, ach seirbhís diaga. Dia atá ina lár, agus ní daoine.

Níl de dhualgas ar an chléir, ón bPápa anuas go dtí sagart chúnta nó deagánach, ach an dualgas a chuir Íosa ar Pheadair: a uain a bheathú. Na sacraimint a riar ar Phobal Dé de réir na rúibricí. Teagasc Chríost a roinnt ar an bpobal, gan cíos, cás na cathú.

Tá feidhm le scoileanna Caitliceacha toisc gur bheag ghné den leann nach bhfuil tionchar ag cúrsaí eitice agus moráltachta air. Tá sé de cheart ag tuistí muinín a bheith acu go bhfuil an scoil ag cuir leis an oideachas sa chreideamh, seachas a bheith á chreimeadh mar atá an sochaí i gcoitinne.

Gnó don Stát oideachas i gcoitinne a chuir ar fáil.

Má tá searmanais taibhseacha de dhíth ar dhaoine, is ar dhrámadóir seachas sagart ba cheart dóibh fios a chuir!

Dár ndóigh, tá an scéal rud beag níos casta in Éirinn, áit a raibh an tEaglais Caitliceach ina Volkskirche, ina eaglais ina raibh mórán gach duine ina bhall.

Ach ba cheart an ghortghlanadh a dhéanamh anois!



Aguisín Píosa níos meáite maidir le scéal na scoileanna san Times inniu

Aguisín II: Táim i gcomhluadar mhaith!

Dúirt an Pápa gurbh é tosaíocht na nEaspaig ná múnlú ná firéin sa chreideamh, go hairithe na caiticeasmóirí agus baill na nOrd Rialta

2007-09-05

Imram Frederike

Theip orm dul suas Cnoc Bréanainn i mbliana, ná go deimhin mórán siúl a dhéanamh in aon chor.

Siúlóid fiúntach amháin a rinne mé agus muid thiar, le m'iníon ar mo dhroim. Thosaigh muid amach ón mBaile Breac, ag dul aneas ar Chosán na Naomh.
Thar na Corr Aillí, áit a bhfuil, más fíor an t-ollpheist a sháinnigh Naomh Cuán ag fanacht faoine choire le deiridh an domhain. Suas agus thar Rinn Chonaill. Síos arís i dtreo Cill Maolcheadair. Chuaigh mé ar strae beagán ansin; tá dhá dreapa díreach i ndiaidh a chéile chun cúinne gort a thrasnú; ach bhí an dá cheann folaithe ag deora Dé.

Fán mbóthar ansan thar Fothrach an tSainsiléara agus Cathair Deargáin go dtí Gallarus. Chodail Frederike an t-am ar fad go dtí sin. Bhí lón beag againn sa Gharraí Glas, caife orgánach nua atá oscailte san áit ina bhfuil an láthair campála ag TP. Bhí sé go deas, ach bhí roinnt den snas nó den barr slacht in easnamh ar an méid a bhí ar fáil ann.

Bhí orainn siúl ar an mbóthar mór ar sin ar feadh tamaillín go dtí gur bhuaileamar le cosán síos go dtí an cladach. Fan tráigh ansin linn ar féachaint amach ar Chuan Árd na Caithne tríd an Muiríoch agus thar nais ar an mbóthar go Baile na nGall.

Bhí cupán iontach caife agam tigh TP ansin - caife ón gcrúiscín le suncaire, ar €2.

Fán Chósta ansin linn ó thuaidh.




Bhí radharc bhreá againn ar an Fear Marbh (Inis Tuaisceart).
Bhí an cloch ar a dtugtar "Cloch i seasamh" le feiscint go breá soiléir. Tá píosa ag an tOileánach faoi i ndinnseanchas an Bhlascaod:
Cloch i Seasamh.
Tá gotha an chaisleáin ar an gcloich seo, í lom díreach in airde ón bhfarraige agus chomh sleamhain le buidéal nach mór. Tá fód glas gairid do bharra na cloiche seo go dtugtar Nead an Fhiolair air; bíonn an fiolar leis ag déanamh a neide ann. Bíonn luach an airgid in airde ann, agus céad fear ag féachaint air. Ach ní bhacaid tharsu é. Ní féidir dul ann le téid, mar is ina bharra a bhíonn an nead, agus dá d'réir sin, is anuas a caithfear an t-ubh nó an t-éan a thabhairt. Aon drapadóir amháin a bhí ins an oileán so lem linnse a thugadh as iad, fear eile i nDún Chaoin, agus fear eile ó Pharóiste Múrach. Aon triúr amháin i mbeatha an tsagairt. Punt ubh fiolair nó gearrcach ins an am úd. Ach ba mhó rud gur phunt san am úd é ná fuil aon trácht tharsu le fada.


Lean muid an cosán fán gcósta go dtí an Ghlaise Bheag. I dtreo deireadh, bhíos sásta gur lá ciúin tirim a bhí ann - bhí an chuid sin den cosán sách cúng agus bheadh sé thar a bheith sleamhain dá mbeadh aon fliuchras ann.

As sin ní raibh de rogha ann ach na boithre: ó dheas go dtí an Bóthar Buí agus Saipéil na Carraige. Ar aghaidh ansin go Cathair Scoilbín, Cill Chuán agus thar nais go dtí an Baile Breac.

Bhíos traochta go maith faoin am sin!

2007-09-03

Eaglais Naomh Seoirse i Chřibská

Mheabhraigh blagmhír Michal faoin Sudetenland an mion eachtra seo dhom.

Sna 1990í luath, bhí mé ag siúl leis an té arbh í mo bhean anois í san chuid sin de Phoblacht na Seice. Chaith muid an oíche i Rynartice, agus bhí siúlóid sách fada againn tríd gleann go dtí Chřibská.

Bhí fonn ormsa Aifreann Domhnaigh d'éisteacht dá mb'fhéidir é.

Tháinig muid chomh fada leis an eaglais i Chřibská, agus bhí Aifreann ar tí tosú. Ní fhaca mé riamh roimhe sagart (ná duine eile) a bhí cromtha le haois; ach bhí. Beirt eile a bhí san eaglais, más buan mo chuimhne.

Eaglais fíor álainn atá ann - thug mé suntas don scríbhinn (i nGearmáinis) ar balla amháin ag cur i gcuimhne gur ndearnadh athnuachan ar an eaglais i 1796.

Rud suntasach eile ná leac comórtha i gclós na heaglaise. Bhíothas ag maíomh as oifigeach in arm na hOstaire a bhí sáinnithe i gcrann úll ach a fuair an ceann is fearr ar naonúr Prúiseach sular leagadh é fhéin. Bhí an cuma ar an leac go ndearnadh athnuachan air tamall roimhe. (Anois, sin cogadh a bhí ann i bhfad roimh an dara Cogadh Domhanda). Bhí an ceantar sin ar an teorainn idir ríochtaí riamh anall.

2007-09-01

Éire daor, geal agus saolta?

Bhíodh mana ann roinnt blianta ó shin "Éire saor, Críostaí agus gaelach".Is cosúil go bhfuil mana eile anois ann, "Éire daor, geal agus saolta"

An Chéad Bheart:
Conor "Kebab" Lenihan, (an tAire Stáit um Imeascadh, murar mhiste leat), ag fógairt go raibh an lán-cheart ag cúl taca na nGardaí cead a cheannbheart a chaitheamh a dhiúltú do Síc. Beart ar aon dul le muiceoil a bhrú ar Ghiúdach, nó Aifreann Domhnaigh a chosc ar Chaitliceach, sé sin, iachall a chuir air bun riail dá chreideamh a shárú. Ní raibh de rogha ag an fear ach tarraingt siar.

An Dara Beart:
An Roinn Dlí agus Cirt ag cur litreacha chuig thart ar míle lánúin, arbh as an AE (seachas Éire) duine acu, agus as lasmuigh den AE don duine eile, ag bagairt an duine nárbh as an AE dóibh a dhíbirt toisc gan tréimhse a bheith caite go dleathach i dtír eile de chuid an Aontais acu agus iad pósta. Má tá an lánúin a luadh san Irish Times dé hAoine ionadaíoch ar fiú cuid bheag den dream a fuair litreacha, scannal is ea é. Polannach ise, ón Ind eisean. Bhuail siad le chéile anseo, agus phós siad anseo, agus anois tá gasúr ar an mbealach agus eisean i mbaol a dhíbeartha.

An Treas Beart:
Siad altraí Fhilipíneacha féitheoga an chóráis sláinte, cuid mór. Ach léigh mé (san Irish Catholic) go mbíonn roinnt deacrachtaí acu. Bíonn sé deacair orthu an teaghlach a thabhairt leo. Fiú má éiríonn leo, agus má fásann a gclann aníos anseo, bíonn siad ina n-eachtrannaigh neamh AE chomh fada a bhaineann sé le hOideachas tríú leibhéal; agus táillí arda le n-íoc acu dá bharr, sin, nó an dtír a fhágáil. Bíonn cásanna ann freisin nuair nach n-éiríonn le altra socrú síos in san ospidéal a d'earcaigh í ar chúis amháin nó cúis eile. Díbrítear abhaile iad gan an dara a deis a thabhairt dóibh in ospidéal eile. Is minic post mhaith tugtha suas acu sa bhaile le teacht anseo, ach bíonn an post sin imithe dar ndóigh nuair a fhilleann siad.

Tá bearta eile nach iad ann. Feictear i dtíortha eile gurbh iad an tríú glúin d'imircigh (nó, níos cirte, sliocht sleachta na n-imirceach) a éiríonn amach i gcoinne aon drochmheas nó masla a tugadh dá sean mhuintir. Tá bunchloch sochaí ár garchlann a leagan againn anois.

Ba cheart dúinn na deá prionsabail atá inár mbunreacht a chur i gcrích go stuama. Cumasc a bhí sa phobal anseo riamh, ó tháinig na Fir Bolg anoir, nó Clann Mhíle aneas. Shlog muid Breatnaigh, Lochlannaigh, Normannaigh, Pléimeannaigh, Palaitínigh agus dreamanna nach iad, agus ba shaibhre sin dá bharr.

Ach ní inniu na inné a bhí an Roinn Dlí agus Cirt1 caolaigeanta, teicniúil ina gcur chuige maidir le heachtrannaigh a chuir ó dhoras. D'ainneoin gur aithin Bunreacht 1937 an chine Giúdach mar dream a raibh cosaint le dul dóibh (rud dúshlánach in Eoraip na 1930í) chuir an Roinn Dlí agus Cirt baic ina mbealach siúd a bhí ag teitheadh ón Uileloisceadh: rud a d'fhág nach ndearna an dlínse seo fiú an méid suarach a rinne mórán gach stát eile chun daoine a thabhairt slán.

1Féach saíocht na Gaeilge. Ní ionann Dlí agus Ceart! Ba cheart sin a mheabhrú dó Brian Lenihan