Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-10-31

Döner Kebap

Bhí muid san Dún Mhór Thoir ag an deire seachtaine, agus de bharr leisce, fuair mé bia ón ngreim gasta. Bhí feicthe ag Tiernan go raibh kebap acu, agus dúirt sé gur theastaigh ceann uaidh; ach faraor, míthuiscint a bhí ann. Ciallaíonn Kebap bior san Tuircis, agus tháinig sé isteach sa Ghearmáinis: mar sin cheap sé gurb béile a dhéanann a mháthair ó am go ham a bhí i gceist - feoil agus glasraí friochta ar bhior. Tugtar Schaschlik air freisin. Ós rud é gur fuath liom beatha a chaitheamh sa bhruscar, bhí ormsa an diabhal rud a ithe. Ach níl a leithéid de rud ann in Éirinn agus Döner Kebap ar fiú é ithe. Feoil righin, leitís tuirseach, anlann leamh. Ach an t-arán - is ansan a cailltear Eachdroim. Arán ar mhó a chosúlacht le páipéar ná le beatha.

Ní aon chomparáid idir sin agus an saghas Döner a raibh cleachtadh agam air i mBeirlín. Sí Beirlín an tríú cathair is mó daonra Turcach - i ndiaidh Istanbul agus Ankara, agus rachairt dá réir ar dea-Döner.

An t-arán ar dtús. Ceathrú de bhuilín cruinn atá orlach ar túis, agus breá aerach. Feoil úr rósta. Glasraí úra. Anlann gairleoige. Agus mar sméar mullaigh, píosa breá feta.

Bhíodh na cinn is fearr (agus is dócha go bhfuil fós) ar fáil in aice le Stáisiún fo-thalún Yorckstrasse, i gcroílár Kreuzberg. Tig liom é bhlaiseadh anois...

2007-10-23

Aibhléis

Aibhléis
Stair Úsáid an Leictreachais
Micheál Ó Bréartúin
Coiscéim 2007

Seo an tríú leabhar ó Mhicheál, i ndiaidh Gnóthaí Eachtracha agus Sreangscéal

Bunaithe ar a shaol mar chomhairleoir de chuid BSL Idirnáisiúnta a bhí Gnóthaí Eachtracha, agus cuir síos ar stair na Teileagrafaíochta is ea Sreangscéal.

Tá an leabhar seo sa stíl chéanna le Sreangscéal, ach gur síos síos níos leithe ar stair na haibhléise atá ann.

Maidir leis an dá téarma úd Leictreachas agus Aibhléis, tá nóta suntasach aige sa leabhair (lch xiii):
Níor mhiste tagairt a dhéanamh do dhá fhocal a úsáidtear go minic sa leabhar: leictreachas agus maighnéadas. Tá dhá fhocal eile ar chomhchiall leo sa Ghaeilge againn: aibhléis agus adhmainteas. Ní sa Ghaeilge amháin a tharlaíonn a leithéid seo: sa Ghearmáinis1, mar shampla, tá Fernsprecher agus Telefon, Fernsehen agus Television araon in úsáid. Tá fuaim níos dúchasaí nó, ar a laghad, níos 'neamhghallda' ag aibhléis agus adhmainteas agus is minic gur fearr le daoine, mise go hiondúil ina measc, iad a úsáid ar an mbonn sin. Caithfear a chur san áireamh, áfach, nach annamh feidhm sa leabhar seo le comhfhocail a bhaineann le gnéithe de na feiniméin atá sainithe ag na bunfhocail agus gur fusa na comhfhocail seo a chumadh as leictreachas agus maighnéadas. Ní fheicim, mar shampla, aon fhocal inghlactha eile a d'fhéadfaí a chur in áit leictreamaighnéad. Shíl mé ar bhonn na comhsheasmhachta, mar sin, cloí leis na bunfhocail seo tríd an leabhar - ach amháin i gcás teideal an leabhair!


Thaitin an leabhar seo liom, cé go ndeachaigh roinnt des na sleachta chun leadrán domhsa ó am go chéile. Táim thar a bheith sásta é bheith ar mo leabhragán agam! Sé an tsóirt leabhar é gur féidir filleadh air ó ham go ham agus sliocht a léamh as. Tá an cuir síos san aguisín ar díospóireacht dhiagairí maidir le faoistin ar an bhfón thar a bheith suimiúil, mar shampla!

Tá gluais ag dul leis. Seo rud nach maith liomsa go pearsanta - an focal béarla a thabhairt ar théarma teicniúil, amhail agus go mba míniú é sin. B'fhearr go mór liom dá mbeadh cuir síos gairid i nGaeilge an an téarma. Bhí roinnt téarmaí nár chuir an focal Béarla le mo thuiscint air a bheag ná mór.

Ach tá saothair mar seo thar a bheith tábhachtach i gcuir chun cinn na gaeilge mar teanga nua-aoiseach seachas teanga teallaigh. Ábhar suntais dom mar sin (lch 240) léamh faoin leabhrán "Comhacht uisce in Éirinn" a d'fhoilsigh A Breatnach agus P Ó Domhnaill i 1919.

'Seo dhíbh an leabhrán so, a Ghaedheala, agus má's beag libh bhur eolas ar chomhacht uisce na hEireann iar na léigheamh díbh tuigidh nách fearr le lucht a scríbhte rud a thiocfadh as ná bhur spreagadh chun tuille eolais do chuardach agus do bhailiú. 'Má's dóigh le haoine gur lughaide tairbhe an leabhráin seo é do scríobhadh i nGaedhilg, bíodh a fhios aige gur i gcomhair fíor-Ghaedheal amháin a scríobhamar é, mar gurab é ár ndóigh-ne, an té a thuigeann a riachtanaighe atá an Ghaedhilg do mhuintir ná hEireann, dá gcur ar a leas, agus gur leasc leis í fhoghluim ina dhiaidh san, gur seacht leisce leis cloí le saothrú comhacht an uisce; agus an té ná tuigeann, gur comhairle in aisge ár gcomhairle dhó.'


Seo libh, a Ghaedheala, ceannaígí agus léigí leabhair Mhichíl!


Nóta 1: Tugtar Strom sa ghnáthcaint ar aibhléis sa Ghearmáin, cé go bhfuil an focal Elektriztät ann fosta.

2007-10-22

Hata Dearg do Chomharba Phádraic agus Mhael Máedoca

D'ainmnigh an Pápa an tArdeaspag Seán Brady, Príomháidh na hÉireann Uile, ina Chairdinéil. Is ag comharba Phádraic a bhíodh an hata dearg go traidisiúnta, ach an geábh deiridh is go Príomháidh na hÉireann, an tArdeaspag Desmond Connell a chuaigh an hata dearg, ó tharla go raibh (agus go bhfuil, dála an scéil) iar chomharba Phádraic, an Cairdinéil Cathal Daly, fós beo.

(Scéal do lá eile scéal seo an t-imreas idir Ard Mhacha, Príomháidh na hÉireann Uile, agus Áth Cliath, Príomháidh na hÉireann. spite feamainne a théann i bhfad siar atá ann - tá an t-imreas céanna in Eaglais na hÉireann).

Bhí alt san Irish Catholic roinnt seachtainí ó shin faoi Máel Máedóc Ua Morgair, easpag Ard Mhacha san 12ú aois. Bhí cúrsaí an tsaoil agus na heaglaise i bhfad níos measa an tráth úd. Bhí oifigí na heaglaise i seilbh na n-uaisle, a chaith leo mar mhaoin d'aon tsórt eile. Bhí anord, dó agus goid forleathan, gan trácht ar anord san caidreamh idir dhaoine. Ach naomh agus fáidh ab ea Máel Máedóc, agus rinne sé cion fathaigh chun atheagar a chuir ar an eaglais in Éirinn.
(Do na scolairí, seo saol Mháel Máedóige, de réir San Bearnárd, a dhlúth chara).


Níl fhios agam an bhfuil an mianach céanna san Ardeaspag Brady. Ba mhaith an rud dá mbeadh! Tharraing sé fearg na tráchtaireachta air fhéin nuair a luaigh sé, i measc rudaí eile, gurbh rud neamh folláin an dúil atá in Éireann na linne seo do lucht feasa agus pisreoga eile. Thaitin a chosaint stuama ar na hEaspag roimh líomháin aisteach Gearóid Mhic Gearailt gurbh aontumha na nEaspag ba chúis le scannail mí úsáid paistí san Eaglais. Is eol d'aoinne atá ag féachaint ar an cheist gur ró-éisteacht le saineolaithe, idir lucht leighis agus lucht dlí, ba chúis le botúin an chliarlathas seachas rud ar bith eile. Aineolas a bhí fairsing san am; go bhfeadfaí péidifiligh a leigheas, agus nár fhan aon droch-iarmhairt ar na paistí. Labhair sé go stuama faoi seo.

Guím gach rath air.

2007-10-14

Buachaill Báire an Domhain Thiar

Chonaic mé athleagan Bisi Adigun agus Roddy Doyle den Playboy in Amharclann na Mainistreach aréir.

Rinne siad an dráma a athlonnú in Iarthar Bhleá Cliath, i dteach tábhairne amhrasach. Agus Nigéarach é an buachaill báire anois.

Bhí an rud ar fad thar a bheith barrúil agus cliste. Is iomaí urchar a scaoil siad le gnéithe suaracha de saol an Tíogar Cheiltigh a bhain a spriocanna amach go foirfe. Bhí codarsnacht íorónta idir friotail foclach fileata Christy, go háirithe agus an éigse spreagtha ann ag a bhé Peigín Mhaidhc, agus caint an chuid eile arbh f**k an focal is minice acu; focal ilbhríoch, ilfheidhmeach.

N'fheadar cad a cheapfadh Synge bhocht. Spreag a líne seisean de mhná na hÉireann ina léinte círéib. Nocht a bhíodar le bheith aréir, agus ar éigean gur thug aoinne faoi ndeara. Is mór an t-athrú le fiche bliain anuas in Éirinn, gan trácht ar an chéad.

Agus is tús mhaith é seo de chumasc Inimirceach agus Éireannach sna healaíona. Níorbh aon "Fear Gorm Stáitse" é Christy ná a athair sa dráma. Agus rinneadh roinnt de fhocal Synge a sníomh go healaíonta isteach san téacs nua, mar aon le nath nó dhó de chuid na Nigéire.

2007-10-11

Riachtanas an Spáis Bháin

Léitear foinse clár ríomhaireachta i bhfad níos minice ná má a scríobhtar an chód.

Go deimhin, níl i gcód ach cumarsáid. Ar an leibhéal simplí, leis an ríomhaire. Ach ní hé sin an gné is tábhachtaí. Ní bheidh aon doiléire san comhad dénártha a thiomáinfidh an ríomhaire. Ach ní gá go mbainfear amach aidhm an ríomhchláraitheora!

Mar sin, is gá go mbeadh an cód inléite; ag an ríomhchláraitheoir féin, ag an foireann profa, agus ach go hairithe ag an foireann cothabhála.

Mar is gnách, siad na mionrudaí is tábhachtaí:

Is féidir leithéidí
Másmóafábnácfáddéaneésinnódéanf
a scríobh agus beidh clár bhailí agat. Ach is féidir é scríobh ar bhealach i bhfad níos inléite le lúibíní agus spás bhán:

Más mó (a fá b) ná (c fá d)
dean e
é sin nó
déan f

Is é an gnáth nós ná
  1. Línte cód a bhfuil baint acu le chéile a scaradh ó línte eile le líne folamh. i. Altanna a úsáid, mar a bheadh in ábhar scríofa.
  2. Feidhm a bhaint as bearnú chun an leibhéal feidhme a chuir in iúl.
  3. Spás a fhágáil thart ar oibreoirí dénártha (*, /,+,- agus rl)
Ach fainic má bhaineann tú feidhm as táib chun bearnú a dhéanamh. (Comhartha ASCII 0x09 de réir an tsean reacht). Ní gá go mbeadh comhionann an líon spásanna i gceist le táb ar chóras dhuine eile. Mar sin, is fearr táb a sheachaint, nó ar a laghad, feidhm a bhaint as eagarthóir a thiontaíonn táib go líon airithe spásanna agus an comhad a shábháil.
Má déantar faillí i rud mar seo, beidh an clár a bhí leagtha amach go gleoite, dar leat, ina ghiobail doléite dar leis an té a thagann i do dhiaidh!

Níl i spás bán agus lúibíní ach cuid den scéal. Agus i leor sin de racht anocht.

Tá léargas chuimsitheach ar conas praiseach cheart a dhéanamh anseo

2007-10-07

Eachtra an Eich Iarainn

Is gnách liom (ní chomh minic agus ba cheart ná ba mhaith liom) lá a bhronnadh ar mo mhic faoi seach inár féidir leo roghnú cad ba mhaith leo a dhéanamh. Seal Fionn a bhí ann de Satharn seo chaite. Theastaigh uaidh dul ag rothaíocht. Anois, tá rothar sa gharáiste agam, ach a) ní raibh mé sa mhuin ar le fada, b) tá an ceantar seo cnocach, c) agus tá na bóithre thart anseo caol, contúirteach, sclagach.

Is beag fonn a bhí orm rud a dhéanamh air, mar sin. Ar amhraí an tsaoil, bhí mé tar éis an dream seo a thabhairt faoi ndeara tamall ó shin. Anois, b'shin plean. Rothair a ghlacadh ar cíos, agus camchuairt a thabhairt ar Pháirc an Fhionn Uisce. As go brách linn ar bhus agus Luas go dtí an Páirc.

Fuair muid rothar an duine, agus rinne muid camchuairt ar leath theas na Páirce.

Thug mé suntas athuair do na fógraí bóthair (nó, mar a deir an Ghaeilge nua, na síneacha tráchta). Seanchló deas soiléir.


Seachas an príomh ascal tríd an phairc, is beag trácht gluaisteáin a chuir isteach orainn (agus tá raon rothair ar an bpríomh ascal sin, ach ní thugann Éireannaigh aird ar srianta dá leithéid - bhí orainn sníomh thar coisithe an t-am ar fad ar an mbealach thar nais). Go deimhin, bhí cosc ar ghluaisteáin ar codanna áirithe den bhealach.

Chonaic muid an tréad fianna in aice le Cros an Phápa. Chonaic muid roinnt fianna eile faoi na crainn in aice an bhóthair. Theip orm iad a cheapadh i gceart ar ghrianghraf.



Tá cuimhní cinn agam a bhaineann leis an gCros agus na Fianna araon. Bhí mé ann le mo mhuintir i 1979 nuair a dúirt an Pápa Aifreann ann. Bhí an áit dubh le daoine, muid uilig faoi ghreamaitheoir daite chun ár gcearnóg téad teorannaithe féin a chuir in iúl. Trian de mhuintir na hÉireann a bhí ar an bhfód an lá úd. Ní bheidh a leithéidí arís ann, is eagal liom!

Maidir leis na Fianna, is cuimhin liom bheith sa pháirc uair amháin nuair a tháinig muid i gcabhair ar stócach a bhí tar éis oisín a aimsiú. Bhí an oisín ag geonaíl, agus phioc sé suas é. Shocraigh m'athair gurb é an rud is fearr ná an créatúr a bhreith linn go dtí gairdín na n-ainmhithe. Ní rabhadar ró bhuíoch dúinn! Dá mbeadh sé tar éis an oisín a fhágáil san áit ina raibh sé, bheadh an eilit tar éis filleadh. Ach anois agus boladh daonna uaidh, ní ghlacfaí thar nais sa tréad é.



Tá ballraíocht bliana againn sa Zú arís; mar sin chuir muid clabhsúr ar an lá le cuairt air.

Ól caife Starbucks, agus déan gníomh fónta?

Cheannaigh comhghleacaí de'm chuid cupán caife de chuid Starbucks ar na mallaibh. Chomh maith leis an bhfógra "Aire, leacht thé", bhí rá éigin ar an gcupán maidir leis an gníomh fónta a bhí ar bun aige, agus an caife úd a ól.

An bhfuil muid éirithe chomh sotalach sin i dtuaisceart an domhain? Cinnte, is fearr caife as trádáil cothrom ná caife dúshaothraithe. Ach níl ann ach é. Sé bun agus barr an scéil ná go bhfuil andúil an tuaiscirt do chaife, té, siúcra, agus go deimhin cóicín agus codlaidín ag goid talamh ar cheart bia fónta a bheith a fhás air. An cleas is déanaí againn ná bithbhreosla a chuir ag fás seachas bia, d'fhonn ár gcraos fuinnimh a choisc.

Is cuimhin liom cartún a fheiscint uair a amháin a chuir síos ar go beacht.

Dhá leath déanta den chruinne. Peasán amplóra ab ea an leath thuaidh. Babhla folamh an ghorta ab ea an leath theas.

Má tá muid uilig le teacht slán, beidh orainne déanamh gan roinnt rudaí ar mhaithe leis an gcine. Is dócha go mbeadh (ar a laghad) gearra siar ar chaife ina measc.

Ná bímis ag cuir dallamullóg orainn fhéin!

2007-10-04

Wenigerverbreitetesprachenblitzableitertheorie

(Teoiric s(h)eoltóir tintrí na dTeangacha Neamhfhorleathana)

FAINIC: Bhí lámh ag grúdlann Mhic Aonghusa agus drioglann Mhic Shéamais i gceapadh na teoirice seo.

Bhí Michal agus mé féin ag plé na ceiste go bhfuil níos mó blaganna inléite sa Ghaeilge ná sa tSeicis. (A thuairim siúd; níl, faraor, Seicis agamsa)

Anois, is minic ráite go leanann fiúntas an bhlagasféar dlí dáileadh dhlí na cumhachta.

Dá mba fíor sin faoin nGaeilge, i bhfianaise a laghad lucht blagála gaelach atá ann, ní bheadh mórán fiúntais le fáil sa bhlagasféar gaelach.

Is cosúil mar sin go bhfuil tosca eile i gceist.

Toisc amháin, i mo thuairim, gur fusa racht a scaoileadh ar bhlag ná rudaí dearfacha a scríobh. Mórán mar an gcéanna leis an toisc go bhfuil deich gcinn de dhánta áille faoi ghrá éagmaiseach in aghaidh an dáin maidir le grá comhlíonta.

Agus is cantalach an dream muide Gaeilgeoirí. Ní hé gur dream muid atá Gleichgeschaltet. Dream thar a bheith ilghnéitheach muid: ó baill den bhFeachtas um Smacht ar Inimirce go Comhairle Inimirce na hÉireann, ó na PDanna (an beagán acu atá fós ann) go dtí na Cumannaigh, ó Chaitlicigh daingne
go Búdaigh

Ach is cadhan aonair agus éan chorr mórán gach duine againn.

Talamh torthúil don bhlagadóireacht, mar sin.



Ar lean, 2007-10-07
Meabhraíonn Michal toisc eile dom thíos; toisc nár mhian liom cur san áireamh ar dtúis, toisc go bhfuilim ar mo dhícheall séanadh dom féin fúm fhéin gur leis an aicme airithe sin mé, eadhon na Gaeilgeoirí mar a sainmhínítear iad i gConamara: an dream sin go bhfuil an teanga acu, ach nach as pobal iad a bhfuil an teanga fréamhaithe ann.

Is iontach an ghléas an bhlag chun an teanga a saothrú, chun faobhar a choimeád uirthi, ainneoin fairsinge aos an Phinn Deirg.

Maidir le séimhiú Shéamais; tá amhras orm. Ní teoiric faoi seoltóir tintrí atá agam, ach teoiric go gcomhlíonann blag feidhm seoltóir tintrí don Ghaeilgeoir. Áit shábháilte le racht a scaoileadh. Ach seans go bhfuil breall orm (arís).

Feicim go bhfuil duine éigin ag saothrú iomaire na scéalta anghrácha, mar a mhol Reg Hindley. (Ná bí ag súil le nasc uaim. Aimsigh thú féin é más tá sé de dhíth ort). B'fhearr liomsa roinnt cérinneacháin éadroma d'fheiscint.