Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-06-04

Fiach ar fánaithe

Níl an scríobhnóir seo in El Pais pioc sásta le gníomh Bherlusconi in aghaidh na ngiofóga.
Cuireann sí an cheist:

An é go bhfuil muid chun ligeann do thír de chuid an AE géarleanúint ar bhunús ciníoch a dhéanamh?

Ceist mhaith. Tá an t-aighneas idir an lucht siúil agus an lucht lonnaithe ag dul in olcas gach áit. Ní haon chabhair do chás an lucht siúil é an mionlach ina measc a amharcann ar déircínteacht nó, níos measa, goid, mar cuid dá "gcultúr". Ní haon chabhair ach oiread é go gcuirtear ciníochas i léith aoinne a luann an mionlach sin a bheith ann.

Fágann teagmháil leis an mionlach úd drochbhlas ag an lucht lonnaithe - tharla eachtra nó dhó dom fhéin a fhágann amhras orm.

Tá an spás tairbheach san saol idir an lucht siúil agus an lucht lonnaithe á chúngú de shíor. Bhíodh am ann nuair ab iad an lucht siúil a thug siamsaíocht, spleodar agus nuacht ó áit go háit - ach déanann an teilifís sin anois. Agus is beag call atá leis na gnóthaí beaga a níodh siad - tincéireacht abair - san saol tomhailteach seo.

Rud a fhágann spás do tuathghríosadh mar atá ar bun ag Bherlusconi; chonaic muid gnéithe de nuair a ruaigeadh an dream Roma a bhí ag cuir fúthu ar thimpeallán an M50 abhus.

Tá gá le "conradh soisialta" nua idir an lucht lonnaithe agus an lucht siúil; ceann atá bunaithe ar mheas ar a chéile. Chuige sin ní mór don dá dream dul i ngleic leis na mionlaigh trodacha ina measc féin.

Ach admhaím nach bhfuilim cinnte go bhfuil spás ann in Eoraip na linne seo do fánaithe. Ní fheicim cén ról laistigh den saol rialaithe, rialta ar féidir leo a líonadh.

Ach caithfear cur i gcoinne péindlíthe "áireamh, athlonnú, aistriú nó díbeart".

Meabhraíonn sé an rann dom atá bunaithe ar ráiteisí ó Mhartin Niemöller:
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Cumannaigh,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Cumannach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Daonlathaigh Sóisialacha,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Daonlathach Sóisialach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Ceardcumannaigh,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Ceardchumannach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ormsa,
Ní raibh aoinne ann chun faic a rá.