Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-10-23

Cine cúl le cruinne

Tá an t-eagrán nua de leabhar Åsne Seiserstad faoi na Seirbigh léite agam: "Lena ndromanna leis an Domhan"

Seo í an bhean a scríobh "Ceannaí Leabhair Chabúl".

Stíl eile atá sa leabhar seo - in ionad bheith ina "cuileog ar an mballa" (mar a bhí san leabhar faoi Chabúl) tá réimse leathan daoine ó gach taobh i gceist sa leabhar seo, agus í fhéin lárnach ann - cuir síos ar an gcaidreamh a bhunaigh sí leis na daoine chomh maith lena dtuairimí siúd atá ann. Agus is scéal roinnt blianta atá ann freisin - roimh agus i ndiaidh thitim Milosevic.

Iarracht fónta dul i ngleic le cine atá imeallaithe go mór san Eoraip - de bharr go leagtar an milleán ar fad nach mór do chogaí na mBalcáin orthu, agus stair fuilteach titim as a chéile an Iúgslaiv.

Is fiú é léamh.

2008-10-20

Vaincre....et mourir

L'Attaque le Eoghan Ó Tuairisc léite anois agam - fuair mé ón leabharlann é.

Oscalaíonn an scéal le lanúin ag maireachtáil a n-aisling síochanta, ag saothrú an mhóin i sleibhté Liatroma. Tá Máirtín Dubh Caomhánach tar éis Saidhbhín, iníon teach an dhá úrlár, a mhealladh, ainneoin nach bhfuil ann ach sclábhaí feirme. Tá siad síoch grách ag maireachtáil ar giota beag talún i dteach féin déanta, doirte i ngrá le chéile agus ag cuir a n-aisling simplí i gcrích. Ach tá nathair cruach san Parrthás seo - píce Mháirtín atá sna fraitheacha.

Is leor abairt fánach chun an brionglóid a réabadh: "Tá do chairde i gCill Ala".

Na Francaigh faoi Humbert atá i gceist. Ainneoin drogall a bheith air, braitheann Mairtín faoi dhualgas dul leis an gcuid eile dá bhuíon Éireannaigh Aontaithe chun tacú leis na Francaigh. Níl de rogha ag Saidbhín, ainneoin a croí a bheith á réabadh, ach a fear a sheoladh chun cogaidh choimh dea fheistithe agus atá ar a cumas. Mar a rinne céilí na laochra roimpi, agus ó shin.

Úrscéal cogaidh atá ann, le léargas glé ar na sruthanna éagsúla a bhí ann i 1798 - an dlíodóir idéalach Angla Éireannach atá mar cheannaire ar an mbuíon, a bhfuil deighilt creidimh agus tuisceana idir é agus na fir, na caractéir ar léith i measc na bhfear. An sruth seicteachas a bhí ann, an dream úd ar mhian leo cos ar bholg caitliceach a chuir in áit cos ar bholg Protastúnach, an fuath agus an sceon a spréag bruidiúlacht.

Tá sé íorónta go maith gurbh é Humbert, a d'fhoghlaim a cheird ag cuir éirí amach La Vendée faoi chos, éirí amach péasún caitliceach in aghaidh na Réabhlóide Francaigh, atá anois i gceannas ar a mhacasamhail d'éirí amach.

Tagann deireadh leis an úrscéal ag "Rásaí Chaisléan an Bharraigh", bua mhór agus buaic feachtas Humbert - ach fód an bháis d'fhearaibh Liatroma.

An úrscéal atá anseo, a mheabhraigh "Im Westen nichts Neues" le Remarque dom. Sár úrscéal le léargas soiléir ar uafás an chogaidh.



L'Attaque
Eoghan Ó Tuairisc
Cló Mercier

2008-10-17

CQ

Thug Tomás Ó Brosnacháin caint ar Radio Amaitéireach don Roth aréir.

Caint spéisiúl ag rianadh stair an radio agus na cumainn a bhí ann in Éirinn - an IRTS atá ann anois.

An gné ba shuntasaí domhsa ná an bealach a thagann na hoibreoirí deonacha - atá eagraithe anois san Líonra Éigeandála Raidió Amaitéaraigh - i gcabhair ar na hudaráis. Mar a tharla i gcás Arm na hÉireann san Congo ins na 1960í nuair a tharla tubaiste Niemba - scéal atá ríomtha ag an Museum Radio i mBeann Éadair. Murach Heathkit Apache Jim Stone, bheadh moill ar an scéal go hÉireann, agus cumas laghdaithe ag an ceannáras anseo gníomhú go tráthiúl.

Bhí sé spéisiúl freisin a chlos an scil a bhaineann oibreoirí radio amach ag tuiscint an cód Morse -agus gur féidir an teachtaireacht Morse a thuiscint fiú má bhíonn fíor droch coimheas comhartha go fuaim ann. Is cosúil go n-aithníonn an oibrí oilte radio an athrú ar an fuaim de bharr an comhartha Morse, fiú nuair atá sé nach mór báite.

Cheap mise go raibh an radio amatéireach sáraithe ag an idirlíon - ach d'fhoghlaim mé a mhalairt. I gcás tubaiste, is tuisce atá na hams lena dtrealamh simplí in ann feidhmiú - níl de dhíth ach an tarchuradóir, agus is minic gur féidir é fheidhmiú le cadhnra simplí.




CQ an glaoch ag na hamaitéirigh, ag féachaint an bhfuil aoinne á gclos. Bhí scéal deas aige faoi conas mar a fuair sinsear radio na hÉireann ag comhartha glaoigh 2RN - bhíodh an tamhrán "Come Home to Erin" a sheinm go rialta acu, agus is as sin a tháinig an 2RN.

Lá Philip a chleite

Thart, más fíor. Tá sé fógartha ag Philip Cummings nach mbeidh sé ag dáileadh a ghaois orainn i Lá Nua níos mó:
Dála an scéil, tá sibh i ndiaidh an colún deireanach uaim a léamh.
Foilseofar Dar Liom, rogha de na colúin ón leathanach seo, ag Coiscéim roimh an Nollaig. Go raibh maith agaibh as éisteacht.

Is droch scéala é seo. B'é colún Philip ceann de bhuaicphointí na seachtaine i Lá domhsa. Bhí súil grinn, greannmhar á chaitheamh aige ar chursaí an tsaoil. Seo láidreacht a bhí riamh in iriseoireacht - nó colúnaíocht - na Gaeilge, agus ba chleachtóir den scoth é Philip. Tá súil agam go bhfaighidh sé crannóg eile chun leanacht leis.

Níl le déanamh anois ach Dar Liom a chuir ar liosta Dhaidí na Nollaig, dar m'fhéasóg!

2008-10-15

An Plean Mór

Ní nós dom scríobh anseo faoi ceist na teangain - táim ar aon fhocal le Philip Cummings ina alt i Lá an Lae - gur i nGaeilge, agus ní faoin Ghaeilge is mian liom scríobh.

Ach d'fhreastal mé ar (chuid den) gcruinniú aréir in Óstan Buswells maidir le Plean an Rialtais. Deanta na fírinne, ní raibh mé ag súil le rud ar bith nua a chlos, agus níor chuala.

Bhí plean maith ag an dream a bhí ina mbun - iad ag lorg tuairimí an phobail - ach is eagal liom gur beag duine ann a raibh an bplécháipéis léite acu roimh ré, agus b'iad na moltaí céanna a déanadh agus atá déanta go minic cheana.

Le fírinne, ní rabhas ann ach chun tacaíocht a thaispéaint don cur chuige - go mbeadh Plean ann! Nuair a léigh mé nár líon ach 374 duine an cheistneoir amach sa céad chéim tháining imní orm go teipfeadh ar an rud ceal spéise.

Ach bhí thart ar céad duine ann aréir - slua maith ó tharla an oiread eile a bheith ar siúl.

Beidh le feiscint.

Bata 's bóthair

Ag teacht sna sála ar an bpíosa a scríobh mé an na mallaibh, alt ag bean ón bPolainn san Times inniu: Táid ann atá ag bagairt ar Pholannaigh bailiú leo abhaile, gur dúinne amháin an chíste laghdaithe atá le roinnt.

Meas tú an raibh ar na daoine seo aghaidh a thabhairt ar an mbád bán iad féin riamh?

2008-10-12

An bogearra a scáirt "Faolchú!"

Bíonn cuinsí ann ina dtarlaíonn fabht i gcóras riailaithe ag bogearraí. Uaireanta, is féidir leis an mbogearra teacht timpeall ar an bhfabht. Ach is minicí gur gá teachtaireacht a chuir chuig an oibritheoir - chuig pé duine atá ag maoirsiú an chórais.

Ní mór do theachtaireacht mar seo a bheith
  1. Cruinn maidir leis an gcúis
  2. Tráthiúl
  3. Riachtanach
  4. Iomlán - an t-eolas atá de dhíth chun an fabht a thuiscint a bheith leis nó infhaighte dá bharr.

Caithfear cuir san áireamh gur minic go leanfaidh fabht as fabht eile - ní mór a bheith cúramach gur an bun fhabht a thuairiscítear don oibritheoir, agus nach gcuirtear ar mhíthreoir é de dheasca an iliomad teachtaireacht maidir le hiarmháirtí tánaisteacha.

Thar aon rud eile, ní ceart teachtaireacht a sheoladh nuair is gnáth iarmhairt ar ghnáth obráid atá i gceist - bíonn a léithéid ann. i. Rud ar fabht é i gcuinsí áirithe, bítear ag súil leis faoi chuinsí eile.

Níl aon rud níos measa ná sruth de theachtaireachtaí rabhaidh gan aon bhaol a bheith ann gur fíor eachtra atá i gceist. Tá an baol ann go ndéanfar neamhaird ar fíor fhabht dá bharr.

Scéal cogaidh: Agus an ICE III á phromhadh, bhíodh an t-iliomad solais rabhaidh ag lasadh i gcrannóg an tiománaí. Chuir siad seo isteach chomh mór sin ar thiománaí áirithe gur chuir sé lipéid tharstu ar fad chun nach ndallfaí é. Ach ansin níor thug sé faoi ndeara go raibh doras gan a bheith dúnta - agus sciob an ghaoth an doras leis nuair a schroich an traen 300 km/h!

Is ceart mar sin go mbeadh fáil ag an oibritheoir teachtaireachtaí áirithe a scagadh agus a bhrú faoi chois nuair is gá - agus ba cheart don dearadh a bheith soiléir maidir le cúis, fathchiall agus leigheas aon fhabht - agus an t-eolas sin a bheith ar fáil go soiléir don oibritheoir.

2008-10-09

Níl me ciníoch, ach...

Alt san Irish Times ag David Adams: an ghéarchéim eacnamaíochta ag nochtadh frith eachtrannachas.

Bainimise leis an glúin a d'fhás aníos agus muid cinnte gurbh é an bád bán a bhí i ndán dúinn. As an ochtó duine i mo rang céime innealtóireachta, chuaigh níos mó ná seachtó ar imirce. (Níl ach thart ar ochtar san rang úd anois, ach sin scéal do lá eile).

Bhí mise ina measc. Chaith mé leath scór bliain sa Ghearmáin.

Is cuimhin liom dornán eachtraí ina mhothaigh mé frith eachtrannachas go pearsanta. Uair amháin bhíos ag taisteal ar an S-Bahn nuair a tháinig fear ólta isteach agus thosaigh ag maslú eachtrannaigh agus ag clamhsán. Chuir sé ceist ormsa faoi - ag glacadh leis nárbh eachtrannach mé - agus ní dúirt mé ach gurbh eachtrannach mé. Bhraitheas sách míshuaimhneach. Ba faoiseamh mhór dom go ndeachaigh fear Gearmánach i ngleic leis, ag cuir stuaim i gcoinne a bhaoth thuairimí. Ghlac me buíochas le mo dhuine agus mé ag imeacht liom.

Uair eile bhí mé ar thuras gnó san Oir tuaisceart, agus thosaigh duine d'fhoireann an chustaiméara ag clamhsán faoi "na heachtrannaigh". Nuair a dúirt mé gurbh eachtrannach mise, dúirt sé go bunúsach go raibh mise ceart go leor, toisc mé a bheith geal agus Iartharach.

Táim an dá rud, gan amhras, agus Gearmáinís líofa agam, rud a d'fhág nach raibh mo choimhthíos ann feiceálach. Táim buíoch as sin.

Ach mothaím an frith eachtrannachas baoth abhus, ar shlite eile. Is Gearmánach í mo bhean, agus daoine breaca mo leanaí dá réir. Agus faraor, is beag forbairt atá tagtha ar thuiscint an daoscarshlua ó bhíodh mhuintir Uí Urmholtaigh á gcuir faoi bhréag thriail ag cóip na sráide mar Naitsithe.

Tá taithí ag Gaeilgeoirí na hArdchathrach ar an ionnanú simplíoch seo - nach eol don saol Fodhlach - nó an cuid sin dé nach labhraíonn ach Béarla pé scéal é - gur Sealadaigh uilig muid.

Is mithid dúinne a thuigeann an scéal seo cur ina choinne.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

2008-10-08

7. 10. 1938: ‚Christus ist unser Führer!’

Scéal ó Kath.net faoi léirsiú frith Naitsioch i 1938 san Vín, agus cuimhneachán air anois.

N'fheadar an mbeadh an misneach sin agamsa. Is mór an trua nach raibh sé ag níos mó an uair sin féin. Splainc solais i ré fíor dhorcha ab ea na léirsíthe síochanta úd in aghaidh an bharbarthacht.

Rabbi ag teagasc an Sionad

An chaint a thug Shear Yashuv Cohen, príomh-rabbi Haifa don Sionad faoin mBíobla sa Róimh:


Stair fhada phianmhar is ea stair an chaidrimh idir ár bpobail, ár
gcreideamh agus ceannaireacht agus lucht leanúna na hEaglaise Caitlicí - stair
fola agus deora. Braithim go láidir go bhfuil ciallas doimhin le mo bheith ag
seasamh anseo inniu. Tá tuar dóchais ann, agus teachtaireacht ghrá,
cómhaireachtála agus síochána d'ár glún agus do na glúinte atá le teacht.

Léargas chuimsitheach ar lárnacht Briathar Dé in urnaí agus adhrádh na nGiudach - ár mbraithre sinsir sa chreideamh. Nithe ann arbh fiú dúinn machnamh agus aithris a dhéanmah orthu.

2008-10-03

Tabhartas is ea an Creideamh!

Briathra soiléire ón bPápa:

Tabhartas ó Dhia agus obair dá chuid is ea an creideamh - mar sin eisiann sé aon iompúchán a bhrúann, a mheallann nó a níonn iarracht bob a bhuaileadh ar dhuine d'fhonn go nglacfadh siad leis.

2008-10-02

Lá Feile na nAingeal Coimhdeachta atá ann inniu!

(Geistkämpfer le : Ernst Barlach íomhá ó Wikimedia Aingeal níos fearúla d'Fhearn!)

(Schutzengel le Matthäus Kern: íomhá ó Wikimedia)

Beannachtaí na Feile chugaibh agus chuig bhur Aingil!




Ath-chomhar-iú

Tá Comhar thar nais (ach tá a suíomh idirlín éagtha!).

Thosaigh mé ag léamh Comhar san meánscoil, agus d'éirigh mé as sna 1990í - ní raibh faic ann dom níos mó, shíl mé.

Táim ag léamh Feasta agus an Timire le fada.

Ach nuair a cuireadh deireadh tobann le Comhar, spreag an chuir is cúiteamh mé chun sintúis a ghlacadh le Comhar thart ar an Nollaig anuraidh.

Agus an tseachtain seo bhí an chéad toradh ar an sintúis sin.

Aindrias Ó Cathasaigh atá ina eagarthóir ar an gComhar nua - fear a bhfuil tuairimí láidre aige.

Bhí eagarfhocal mhaith aige. I measc na n-alt bhí ceann fónta ag Tomás Mac Siomóin ar gnóthaí Eorpacha. Bhí píosa cliste spraoi ann - léirmheas mar dhea ar scríobhnóireacht gáirsiúl na Gaeilge (nach iontach an t-ainm cleite Miangas Mag Airle!).

Cumasc deas idir tuairimíocht, litríocht, stair agus léirmheasanna.

Tús maith. Ceannaigí agus Léigí!

Homo Homini Lupus

Ár i gCor Chomrua le Ré Ó Laighléis díreach críochnaithe agam.

Scéal cogaidh, scéal grá, scéal uafáis le gnéithe ósnadúrtha.

Thaithin an scéal liom - seachas na gnéithe ósnadúrtha; claochló na bpríomhphearsain ar thaobh an oilc agus na maitheasa. Mheas mé nár éirigh ró mhaith leis na gnéithe sin den scéal.

Ní mian liom an iomarca a sceitheadh faoin úrscéal; ach measaim go seasfadh an scéal ar an leibhéal nadúrtha, gan na breiseáin seo.

Fós, is fiú an leabhar a léamh.


Ár i gCor Chomrua
Ré Ó Laighléis
ISBN 978-0-9554079-2-5; Praghas €14.00
Móinín

2008-10-01

Ar na mná atá an locht, fós.

Dhá alt san Times inné a chuir idir mhúisc agus déistin orm.

Píosa "nuachta" - go gcreideann sciar suntasach de mhic léinn ó thuaidh go bhfuil cuid den locht a bhean a éignítear má bhíonn eadach "foilsitheach" uirthi, nó má bhí sí ólta.
Agus alt ag Kate Holmquist maidir le "Damhsaí Aithreacha agus Iníonacha" i SAM - damhsaí Salomé geanmnaí a chríochníonn le móid fanacht glan ar fir go dtí go roghnaíonn Daidí an fear ceart dhuit. Agus an móid seo á ghlacadh ó cailiní thar a bheith óg.

Anois, is Críostaí caomhach mise, agus creidim go bhfuil gairm chun geanmnaíochta ag cách. Ach tá saoirse agus freagracht phearsanta ag cách freisin.

Tá an chraic seo thar a bheith maslach d'idir mná agus fir.

An é gur neacha leanbaí iad fir nach bhfuil smacht acu orthu féin ach iad píosa de throigh dea chumtha nó iarracht de bhrollach ar leis a fheiscint? An striapach gach bean nach mór a choiméad ar iall ghairid?

Níl baint ag éigniú le collaíocht. Smacht agus foréigean atá i gceist, agus is cuir leis an mhasla é an locht a chuir ar an íobairteach.

Cinnte, is ceart do dhaoine a bheith stuama, agus gan a bheith ar meisce sa chaoi agus nach bhfuil smacht acu ar a dtarlaíonn dóibh. Ach níl léithscéal dá laghad ansin ag éigneoirí. Ná ar fear a bhrúann é fhéin ar dhuine eile, ainneoin drogall an duine sin. Ní grá atá ansin, ach mí-úsáid.

Agus maidir leis an chraic úd leis an mód gheanmnaíochta - aontaíom le Kate go bhfuil blas den chiorrú coil i gceist le ansmacht dá léithéid, agus an taispeántas a ghabhann leis.

De réir mo thuiscint (agus teagasc na hEaglaise) tá na fir úd ag sarú an ceathrú aithne: ag sarú saoirse a n-iníonacha.

Ach tá an fiminteacht seo go doimhin sa sochaí. Is cuimhin liom freastal ar Aifreann inár léigh an sagart dán in áit aitheasc a thabhairt - dán faoin Iníon Drabhlasach. Ag léiriú go bhfailtítear ar ais roimh an mac drabhlasach san sochaí, ach nach mbíonn an fáilte céanna don iníon atá tar éis "titim". Ní sin a d'ordaigh Críost.

Bhuel, níor bhain mé

Comhghairdeas le Conchubhar as duais blagadóireachta an Oireachtais a bhaint.

Táim ag súil le tuarisc an mholtóra a fháil - aischothú éigin ar an saothar anseo! Bheadh suim agam freisin fháil amach cé mhéid iontráil a bhí ann.

N'fheadar an bhfuil Rosie sásta? (Ise is cúis leis an duais úd, de réir mar a thuigim!)