Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-05-30

Cuaird Aspalda de dhíth

Aontaím leis an méid atá na hEaspaig ag rá - gur gá dúinn uilig ar mharana a dhéanamh ar na huafáis a thuairisc an Coimisiún. Ní cuimhin liom cé go beacht a dúirt go raibh gá le saineolas ó lasmuigh den Eaglais chun cabhrú linn an cheist a chíoradh.

Cúis díomá agus fearg dom mar sin na ráitis ó na hOrd ag maíomh as a neamhspleáchas sa cheist seo. Is fíor go bhfuil siad neamhspleách ón gcliarlathas deoiseach in Éirinn. Ach is cuma.

Tá an scannal seo, agus scannal Fearna, agus scannal Áth Cliath atá fós le briseadh orainn, bainteach leis an Eaglais (agus an Stát) tré chéile. Ní mór dúinn uilig, Pobal, Cléir agus Rialtas dul i ngleic leis.

Ní haon nuacht é go n-aimseoidh saobhthóirí deiseanna a ainghníomhartha a imirt ar naíthe agus somacháin. Tá fianaise ann go raibh slabhra de mhí-úsáid i gceist sna cásanna seo; gur iompaigh íobartaigh i nglúin amháin ina gciontóirí i n-aghaidh an glúin dár gcionn. Arís, is eol dúinn go bhfuil sin ann.

Ach an rud faoin gcás seo nach mór a iniúchadh go domhain agus a leasú ná an bealach go raibh an mhí úsáid seo buanaithe sa gcóras.

Caithfear modhanna riartha agus údarás a iniúchadh agus a leasú. Agus ní slán aon iniúchadh ar aon eagraíocht muna bhfuil an iniúchadh sin neamhspleách. Tá an Stáit i ndiaidh an Choimisiún a reáchtáil, agus tá roinnt den scéal anois i lámha na nGardaí.

Ach caithfidh an Eaglais gníomhú freisin. Tá modh ann - Cuaird Aspalda - sé sin le rá, ionadaí ar leith de chuid an Pápa leis an cumhacht iniúchadh foirmeálta a dhéanamh ar dheoise nó proibhinse d'ord rialta.

Tá sé de chumhacht ag an Pápa iad a leasú, nó a scor más gá.

Feictear dom freisin go mbeadh sé do cumhacht ag ionadaí mar seo tarraingt ar shaineolas lasmuigh den gcléir - agus den eaglais - dá mbeadh gá leis.