Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-05-19

Enid Blyton na Gaeilge?

Bhí alt spéisiúil ag Ríona Nic Congáil ar Cathal Ó Sandair i gComhar na míosa seo.

Fear a scríobh mórchuid leabhar do dhaoine óga, sraith faoin bleachtaire Réics Carló ina measc. Tá ceann nó dhó acu léite agam, ach tá sé deacair teacht orthu (Ní constaic domhsa an tseanchló - agus ní dóigh liom go mba cheart go mbeadh sé ina chonstaic, ach sin scéal eile). Rinne an Gúm athchló ar "Réics Carló ar Oileán Mhanann" i 1984, ach seachas sin ní dóigh liom go bhfuil teacht ar aon saothar dá chuid, seachas corruair i siopa dara láimhe.

Feictear dom nach raibh aon oidhre cheart air. Cinnte, tá leabhardhó ag Ríona í féin - agus ag daoine cosúil le Iarla Mac Aodha Bhuí - ach níl aoinne ag scríobh as Gaeilge chun dúshlán Eoin Colfer Anthony Horowitz, gan trácht ar Darren Shan, a thabhairt.

Slogann mo mhac is sine na leabhair seo, ach tá sé deacair é a spreagadh chun rud ar bith i nGaeilge a léamh - cé gur cabhair áirithe úrscéalta grafacha Cholmáin Uí Raghallaigh agus seoda an tSnáthaid Mhór.

Fáinne fí atá anseo; ní léann sé i nGaeilge cionn is go bhfuil sé "deacair" (toisc gan taithí a bheith aige air). Cinnte, tá leagan Gaeilge de Harry Potter (leabhar amháin) agus Artemis Fowl (leabhar amháin) agus is scoth-aistriúcháin iad. Ach tuige go léifeadh gasúr iad agus an bunleagan seanléite acu faoin am a thagann siad orthu?

Níl leigheas an scéil agam - is deacair maireachtáil mar scríobhnóir do ghasúir as Béarla, ní áirim as Gaeilge.

Ach is dóigh liom go mba céim mhaith é saothar Uí Shandáir a chuir ar fáil arís. Agus na haistriúcháin a rinneadh thart ar an am chéanna.