Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-08-31

Focalcheárta


Chuir an mhír seo ag Seán, agus comhrá a d'éirigh as, ag smaoineamh mé. Cad as a dtagann na focail atá againn? Is beag duine, fiú an focalbhách is measa amuigh, a chromann thar an bhfoclóir chun cuir lena fhoclóir féin. Is as léamh agus caint a fhorbraíonn duine a fhoclóir. Ciallaíonn sin go mbeidh gné in easnamh sa bhfoclóir mura bhfuil sé san lón léitheoireachta nó díospóireachta. Rud a fhágann muid faoi mháchail inár nGaeilge, toisc gurbh minic gan an t-ábhar a bheith ann, nó é bheith deacair a theacht air.

Is mó cuir chuige atá ann chun foclóir a fhorbairt. Ach chaill an Ghaeilge céim san bhforbairt sin le himeacht na mbardscoil, agus na scoileanna léinn san 17ú aois. Bhí an Ghaeilge chun cinn ar teangacha Eorpacha eile roimhe sin - bhí na dáin ar fad dá shaothrú i nGaeilge sna meánaoiseanna. Ach fad is a bhí teangacha pobail na hEorpa ag borradh faoi thionchar na hAthghine, bhí an Ghaeilge ag cúlú - ní raibh inti feasta ach Caint na nDaoine, ainneoin dúthracht bráithre Lobháin, an Ceiteannach agus daoine eile nach iad.

Táimid san áit ina bhfuilimid, mar sin. Is mithid an dearcadh MÁRSA, mar a thug Tomás Mac Siomóin air ina phaimfléid a sheachaint. Ach ní hionann sin, feictear dom, agus neamhaird iomlán a dhéanamh ar an litríocht. Tá áiseanna anois againn chun tochailt a dhéanamh in san bhfoclóir stairiúil - Corpas na Gaeilge, abair agus Foclóir eDil. Tá athchúrsáil samhlaíoch déanta ag lucht Fiontar ar an bhfocail turscar chun cur síos ar an mbruscar leictreonach a scuabtar suas ar chladaigh ár ríomhairí. Is féidir chomhfhocail a chumadh ag leanúint múnlaí ársa. Is iomaí -lathas faoin bhflaitheas anois. Ach is féidir, mar a rinne lucht na hAthghine, tarraingt as tobar na dteangacha ina bhfuil léann nua dhá shaothrú. Is fíor go bhfuil deacracht anseo, agus muid i mbaol ár mbáite i mbóchna na Béarla cheana féin. Tá baol ar leith ann - go mbainfí feidhm as focal i nGaeilge atá ar chomh-chiall le ciall amháin d'fhocal Bhéarla, ach nach é sin an chiall atá i gceist. An sampla is túisce a thagann chugam ná úsáid "fuaim" chun ciall an nath Bhéarla "a sound person" a chuir in iúl.

Ní bheidh a leithéidí riamh gan achrann - beidh an-chuid Inkhorn Controversies dár gcuid féin againn.

Feictear dom go bhfuil deis anseo san mborradh faoin aistriúcháin. Más fíor go bhfuil na scoláirí Gaeilge is fearr ag gabháil dó, ba cheart go mbeadh toradh éigin ar an saothar. Tá baol ann gan amhras go n-ídeofar a ndúthracht agus a sprid ag cuir Gaeilge ar droch-Bhéarla. Ní cuimhin liom cén duine de na Griannaigh a chreid go raibh dochar déanta dá chumas scríbhneoireachta ag scéim aistriúcháin an Ghúm. Tá sin ann.

Ach is as a leithéidí de obair atá saothar an Choiste Téarmaíochta ag fás. Agus na torthaí sin ar fáil dúinn tríd focal.ie.

Ní leor é, áfach. Tá gá le saothar nua sa Ghaeilge, saothar laethúil mar atá An Druma Mór agus Nuacht 24 á chuir ar fáil. Bhí altanna ar chúrsaí comhshaoil agus airgeadas san eagrán is déanaí, mar shampla. Agus tá iomairí eile á threabhadh ag nós*. Tá áit ann don gníomh díreach focal-forbartha - macasamhail Ciste Cúrsaí ReathaNod don Eolach. Tá gá le saothair a bhaineann leis na gairmeacha, mar atá Micheál Ó Bréartúin ag cuir ar fáil. Is iomaí ceapóg in iothlainn na Gaeilge, mar a thug Joe Steve air.

Feictear dom go bhfuil áit ann do na blagadóirí inár measc freisin. Níl an mhachaire catha seo teoranta don litríocht idir dhá chlúdach leabhair.

Is gaibhne focail muid ar fad. Is mithid an tine a fhadú, faobhar a chuir ar ár n-uirlisí, agus cromadh ar an obair. Deir an seanfhocal gurbh fearr an ceardaí síor-bhuailteach ná an ceardaí sár-bhuailteach!




Le Goya an Pictiúir thuas, sciobtha agam ó Wikimedia, mar is gnách.

2009-08-28

Dún an Airgid

Fuaireas an cérinnechán seo le hEilís Ní Dhuibhne ón leabharlann ar na mallaibh.

Thaitin sé go mór liom. Tá teannas ann, scéal faoi sraithmharfóir atá ag déanamh slad ar mhná i mbaile de chuid an Tíogar Cheiltigh. Tá an-léiriú ann ar sochaí na linne seo, an saint agus an tslí a fágtar daoine áirithe ar lár sa rás.

Tá nodanna san scéal ar cé atá ciontach, mar is dual do deá úrscéal bleachtaireachta. Snaidhmtear dinnseanchas, léann agus ealaíon isteach sa scéal go paiteanta.

Tá roinnt den chliar ó Dúnmharú sa Daingean sa leabhar seo freisin. Tá an leabhar sin áit éigin ar mo leabhragán agam, ach gan mórán cuimhne agam air, beidh orm dul sa tóir air.

Ach molaim an ceann seo.



Dún an Airgid
Éilís Ní Dhuibhne
ISBN 9781901176858
Cois Life 2008

Ag snaidhmeadh nascanna san líon

alt bhreá san Times inniu ag Karlin Lillington ar úsáid fónta an idirlíon chun caidreamh a chothú agus a bheoú. Tagann seo sna sála ar imní a léirigh Ardeaspag Westminster faoin baol do chumas caidreamh daoine óga de bharr an idirlíon.

Is dóigh liom féin go bhfuil an dá rud ann, ach go bhfuil gá le caidreamh san seomra mór ghorm chun foghlaim conas - agus ansin go bhfuil an-uirlís san idirlíon chun caidreamh a bhuanú agus a bhunú, fiú le daoine nár leag tú súil orthu riamh.

Tá ríomhaithne agamsa ar roinnt Ghaeilgeoirí nár bhuail mé riamh leo, ach tá mé tar éis buaileadh le dornán díobh ar chuir mé aithne ar líne orthu ar dtúis. Do pobail agus lucht sainspéise scaipthe, níl sárú an idirlíon le fáil.

2009-08-27

Bréaga an Cheamara

Mar a léiríonn na samplaí anseo, ní inniu ná inné a tosaíodh ar íomhánna bréagacha a chruthú bunaithe ar ghrianghraif. Bhí alt san IEEE Spectrum faoi obair an fhir seo, Hany Farid.

Cé go gcruthaíonn teicneolaíochtaí digiteacha féidearthachtaí nua caimiléireachta, ag an am chéanna bíonn saghas méarlorg digiteach ag cineálacha ar leith ceamaraí agus feidhmchláir - rud a thugann deis do anailíseoirí chliste cosúil le Farid teacht ar an mbun-íomhá, nó ar a laghad an ionramháil a aithint.

2009-08-26

Cá mhéad focal ar bháisteach atá againn?

Spreag plé ar daltaí mé le dul ag tochailt chun sár alt a d'fhoilsigh Lá i 2003 a aimsiú arís. Ghearr mé amach an uair úd é, agus anois tá sé scanta agus uaslódáilte agam.

Tá teacht air anseo:

Infheistíocht cóir

Scríobh Seán Thall is Abhus: Maidir le “Ná hÉiligh Ús”, spreagtha ag an mír seo agamsa. Mar a dúirt mé thall, níl mé frith-chaipitlíoch.

Ach.....

Pé scéal é, tá sé chomh maith agam tagairt a dhéanamh do mhír a bhaineann le hábhar i gCaritate in Veritas: Pléann Uimhir 65 leis an athnuachan atá de dhíth ar an gcóras airgeadais chun teacht as an robach a d'fhág místuaim amhantraíochta ina dhiaidh, agus chun cuir le forbairt daonna. Luann sé "mion airgeadais" - chonaic mé tagairt ar na mallaibh do dream a thugann deis don gnáthdhuine bheith ina infheisteoir i gcóras mar sin - http://www.kiva.org. Caithfidh mé féachaint níos géire air - ní dóigh liom go bhfuil ag cur mo chianóg, ná baol air, isteach san taisce cheart.


Molann an Pápa grá - Caritas - san infheistíocht. Agus freagracht an infheisteora - sampla mhaith é Seán!

2009-08-24

An féidir le haon ní fonta a theacht as Nazarat?

Inniu Féile Naomh Parthalán arbh ionann é de réir an Traidisiún agus Nathaniel Aspal. Eisean a dúirt an méid thuas nuair a thuig Pilib cuireadh dó buaileadh le hÍosa. A dúirt leis "Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann" (Féach Eoin 1:45-51).

Mar a dúirt an sagart ar an Aifreann a d'éist mé inniu, sin breith gur bhreá linn ar fad a thuilleamh.

Ach ní go baileach chuige sin mé anocht, ach chun snáth nó dhó eile a tharraingt as Caritas in Veritate. Tá an-thrácht ann ag an bPápa ar forbairt - ach béim láidir aige ar an bhfíric gur forbairt an duine atá de dhíth seachas forbairt theicniúil nó eacnamaíoch amháin.

Is iad coimhdeacht agus dlúthpháirtíocht an dá crann taca atá le fada faoi foirceadail sóisialta na hEaglaise Caitlicí. Cuireann an Phápa an-bhéim ar an riachtanas obair i gcomhair le pobail na tíortha i mbéal forbartha, ag tabhairt an urraim is caoi dá gcultúr, ag obair leo chun oideachas a fhorbairt, agus a thuiscint i gcónaí go bhfuil rudaí le bronnadh acu siúd chomh maith.

Mheabhraigh sé dúinn cheana - i Spe Salvi 24 - nach mór cinneadh i léith na saoirse a dhéanamh i ngach glúin, agus gur dó féin a níonn gach duine an cinneadh.

Ní ann don gcóras foirfe, ó tharla nach bhfuil an duine foirfe. Deir leabhar na Seanfhocal linn go dtiteann an fear cóir seacht n-uaire in aghaidh an lae. Ach éiríonn sé arís!

Agus is féidir linn bheith dóchasach - mar a mheabhraíonn an mhír seo ón Curt Jester is de réir prionsabal San Pheadair seachas Prionsabal Pheadair a fheidhmíonn an Coimhdhe. Agus a bheith cinnte go dtagann rudaí breátha, ní hamháin as Nazarat, ach as bailte beaga iargúlta nach é.

2009-08-22

Ná héiligh ús ná ioncamas uaidh (Lev 25:37)

Tá an méid seo le rá ag C.S. Lewis ina leabhar "Mere Christianity"
Tá comhairle amháin a thug na sean Gréagaigh págánta, Giúdaigh an tSean Tiomna agus ag oidí móra na Críostaíochta sna meánaoiseanna a bhfuil neamhaird iomlán déanta ag córas eacnamaíochta na linne seo de. Dúirt na daoine seo ar fad linn gan airgead a thabhairt ar iasacht ar ús - ach is airgead ar ús - infheistíocht - bun agus barr ár gcóras.
Táimid ar fad ceangailte isteach sa chóras ar an iliomad slite - ag íoc ús ar mhorgáistí agus iasachtaí. Ach freisin ag brath ar ús a fháil i scéimeanna árachais agus pinsean. Agus tá tionchar thar a bheith casta aige seo ar an ngeilleagar tré chéile.

Nuair a thosaigh córas an stocmhalartáin ar dtúis, sna tithe caife, is éard a bhí i gceist ná fir gnó ag teacht i gcabhair ar a chéile, farasbarr duine amháin ag cuidiú le leachtacht gnó eile, go dtí go dtáinig a long i dtír. Thuig na hamhantraithe seo an baol, agus an brabach; ba den ghnó iad.

Ach anois, tá ár bpingineacha uile ag dul isteach in oll-chistí infheistíochta, agus córas thar a bheith casta idirghabhálaithe idir na foinsí airgid agus iad siúd a bhfuil siad de dhíth orthu. Níl aon nasc idir an fiontraí agus an fiontar. Níl aon suim sna torthaí fad théarmacha - praghas an lae agus torthaí na ráithe amháin a shocraíonn luach saothar an idirghabhálaí, agus atá mar slat tomhais aige chun airgead a bhogadh sall is anall.

Rud a chothaíonn bréag geilleagair, agus easpa straitéise. Tá taicticí níos tábhachtaí - cuma na maitheasa a chuir ar na torthaí ráithe, agus moladh a fháil ó na anailísithe - arbh minic gur Tadhg an dá thaobhanna iad, ag cuir comhairle ar infheisteoirí agus feidhmeannaigh, agus ag saothrú as suas agus anuas na stoic chomh maith. Bíonn gné láidir nasctha le praghas an stoic in íocaíocht na feidhmeannaigh - idir roghanna stoic agus bónais.

Rud a fhágann na fostaithe thíos leis an scéal go minic. Agus, gan amhras an pobal a mbíonn orthu íoc bealach amháin nó bealach eile as an easpa straitéis.

Céard go díreach a tharla i gcás Lockerbie?

Agus an cloisfear an Fhírinne riamh?

I bhfianaise scaoileadh saor an t-aon duine a ciontaíodh, al-Megrahi, tá alt san Tagesspiegel (Berlin) ag cíoradh na ceiste arís, agus ag caitheamh amhras ar an raibh sé riamh ciontach. De bharr go bhfuil sé saortha, ní rachfar ar aghaidh le cás cuairte a bhí á throid aige chun a neamhchiontacht a chruthú.

Tá muintir na híobartaigh sa Bhreatain ag lorg iniúchadh poiblí le fada an lá. Go dtí seo, séanadh orthu é de bharr go raibh cás coiriúil fós os comhair na cúirteanna.

Tá polaitíocht an Mheán Oirthir, agus a thionchar ar grúpaí éagsúla sceimhlitheoireachta thar a bheith casta, agus rúnseirbhísí an Oirthear sa mheascán chomh maith. Tharla uafás Lockerbie ag deireadh an cogadh fuair, ag tráth go raibh grúpaí éagsúla ina gceithearnaigh i streachailt an Iarthar agus an Cumannachas.

Tá iarmhairtí na streachailt sin fós linn. Agus i bhfianaise an méid atá ag teacht chun solais faoi baint seirbhísí stáit le gach dream sceimhlitheoireachta i dTuaisceart Éirinn, beadh amhras orm an bhfaighidh muid an bun-scéal faoi Lockerbie riamh.

Tá amhras le fada ag athair duine de na híobartaigh, agus é ag feachtasaíocht leis - tá suíomh Jim Swire anseo.

2009-08-21

Fadhbanna mallaithe

Tá an ghnáth cur chuige innealtóireachta chun fadhb a leigheas measartha simplí. Déantar iarracht samhail simplí den fhadhb a aimsiú, agus an fhadhb simplithe, ag seachaint castacht, a leigheas. Cuirtear lamháil sábháilteachta i gcrích mar chuid den leigheas, agus go hiondúil, is leor sin.
Tarlaíonn, gan amhras, corr tubaiste, ach ar an mórgóir, feidhmíonn rudaí.

Ach tá daoine casta, agus pobail níos casta fós. Agus tá na córais domhanda - an aeráid, an pholaitíocht, airgeadas, casta freisin - ó tharla iad a bheith spléach ar dhaoine agus pobail.

Fadhbanna mallaithe a eascraíonn as sin. Fadhbanna nach dtuigtear i gceart go dtéitear i ngleic leo.

Tá muid i ngleic le fadhbanna dá shórt abhus - an scrios ar an gcóras baincéireachta de bharr amhantraíocht mí-fhreagrach. Tá poill réabtha inár gcórais sóisialta de bharr na holl-suimeanna d'airgead poiblí atá dhá shú isteach sna bainc, agus de bharr an titim thubaisteach ar teacht isteach cánach - de bharr titim ar fhostaíocht agus ar díol.

N'fheadar an bhfuil fís againn? Gan an fhís, conas is féidir tabhairt faoi leigheas? Gan tabhairt faoi leigheas, ní thuigfimid an fhadhb. Agus conas is féidir é seo a fad a léiriú don phobal?

Santaíonn daoine teachtaireacht simplí, dearfach - "Is féidir linn" a là Obama. Is féidir linn, cinnte - ach céard? Bíonn cleachtadh ag eolaithe agus innealtóirí ar freagraí níos cúramaí, níos meáite a thabhairt, i dtéarmaí féidireachtaí agus dóchúlachtaí.

Ach santaíonn an pobal cinnteacht - cinnteacht nach ann dó.

Ach i ndaonlathas, caithfear an pobal a mhealladh i dtreo an leigheas.

Cá bhfuil ár gceannairí spreagúla - le smaointe? Níl haon mhaith dúinn pobalóirí, ná gan amhras na mé féinithe atá chomh coitianta i measc ár n-aos pholaitiúil, ar comhairleoirí contae "Jim'll fix it" a lán acu ina gcroíthe istigh.

Is mór, feictear dom, idir Lemass agus T.K Whitaker agus Brian Cowen agus Colm Mac Carthy.

Tá sé in am don Dara Phoblacht!

Fuinneamh an Phápa

Pléann Caritas et Veritate Uimhir 49-50 le ceisteanna a bhaineann le breosla agus fuinneamh. Ní dóigh liom go bhfuil achoimre chomh maith ar na gnéithe ar fad feicthe riamh agam.
Deir sé go neamhbhalbh go bhfuil sé riachtanach dúinne sna tíortha forbartha srian a chuir ar ár éileamh ar fuinneamh, chomh maith le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i bhforbairt fuinneamh nach bhfuil spléach ar bhreosla a ídeofar. Agus gur dúshlán don gcine tré chéile atá i gceist, agus go gcaithfidh tíortha forbartha, neamhfhorbartha agus i mbéal forbartha obair i gcomhair le chéile agus as lámha chéile chun leigheas cóir a aimsiú.

Tá (de bharr bronntanais) ceannaireacht áirithe léirithe ag an bPápa sa cheist seo - cuireadh fearas chun aibhléis a ghiniúint ón ngrian ar bharr halla Pól VI sa Vatacáin. Agus anois, ar teach leis sa Bhaváir, tá aibhléis ón ngrian ag feabhsú saol daoine óga! Is bolscaireacht dearfach atá anseo.

Ach tá bóthar fada le dul - ainneoin tograí samhlaíocha cosúil le teas coirp comaitéirí i Stockholm a bhailiú chun oifigí a théamh.

An constaic is mó ná go bhfuil fuinneamh ón ngaoth agus ón ngrian ag brath ar an aimsir, atá luaineach. Agus ní féidir fuinneamh a bhailiú - caithfear é a iompú go foirm eile. Tá tograí samhlaíocha ann, cosúil le Cnoc an Turlaigh i gCill Mhantáin, áit a baintear feidhm as farasbarr aibhléise san oíche chun uisce a chaidéalú go bharr an sléibhe istoíche, agus aibhléis a ghineadh as ligeann dó sileadh thar nais go Loch na nOnchon i rith an lae.

Chun a bheith éifeachtacht, caithfear líonra láidir traiseolta a thógáil ar fud na hEorpa, chun fómhair fuinnimh a bhaint as gaoth agus taoide na mara, agus grian an deiscirt, agus an fuinneamh a iompar chuig an áit ina bhfuil sé dhíth. Ní fheidhmíonn an córas leictreach go maith má bhíonn easpa cothromaíochta idir foinsí agus ualaigh. Agus is féidir le foinsí nádúrtha a bheith ann bomaite amháin agus imithe bomaite ina dhiaidh. Laghdaíonn córas mór an baol seo.

Ach, chuige sin, caithfear muilte gaoithe agus bailitheoirí gréine agus fuinneamh uisce a thógáil san áit go bhfuil an fuinneamh - agus líonra traiseolta a thógáil chuig an áit go bhfuil an fuinneamh de dhíth. Agus anseo a thosaíonn an deacracht. Is i ceantar áille, sceirdiúla a bhíonn an ghaoth agus uisce láidir - i bhfad ó na cathracha. Is minic iad siúd is mó buairt faoin comhshaol is láidre in aghaidh na scéimeanna seo - uaireanta de bharr dearcadh NIMGC (Ní i mo gharraí chúil), ach uaireanta freisin de bharr imní faoin comhshaol agus dúlra logánta. Tá feachtais cosúil le Alternatives to Pylons ag éirí níos tréine agus níos líonmhaire, ar fud na hEorpa.

Beidh orainn comhrá dáiríre poiblí a bheith againn, agus teacht ar tuiscint coiteann ar an mbealach is fearr ar aghaidh. Ar mhaithe leis an gcine ar fad, agus leis an cruinne.

Agus tosú ar teasdíonadh cheart ar ár dtithe, agus gearradh siar ar aibhléis a chuirtear amú agus gléasanna ar standby. Chuige sin, ní mór roinnt díobh a athrú. Mar shampla, fágaimse an raidió sa chistin ceangailte leis an líonra, ach múchta - toisc go gcaileann sé eolas ar na minicíochtaí gan cumhacht. De bharr go bhfuil claochladán i gceist leis táim measartha cinnte go bhfuil diomailt fuinneamh i gceist leis sin. Níl ansin ach gléas beag tís amháin. Nuair a múchaim na soilse istoíche, feicim an dúrud soilse beaga dearga thart san tigh - iad ar fad ag sú fuinneamh, ach cúis éigin leo ar fad a bheith ar standby. Go minic is chuimhne de sórt éigin atá i gceist - ach tá malairt slí chun sin a dhéanamh, gan gá síoraí le fuinneamh.



Aguisín: alt ar cumhacht fuireachais anseo.

2009-08-20

Béarla San Seoirse

Bhí alt ag Michal ar na mallaibh faoi a mhí fheiliúnaí agus atá bratacha mar siombail chun teanga a roghnú. Agus mé i stáisiún traenach Bhré inniu thug mé faoi ndeara go raibh leagan amach nua ar na hinneall ticéid. Nuair a bhrúigh mé an bhratach uaine bán agus fhlannbhuí, tiontaíodh an scáileáin go Gaeilge. Ach d'iompaigh an bratach freisin - go bratach Sasana, nach n-aithneoidh mórán daoine, sílim! Glacaim leis gurbh é sin an Bhealach thar nais go Béarla na Banríona - agus Béarla San Seoirse?

Cime mar cách gach aoinne den chine

An-alt ag Alan arís inniu:

Nuair a mhachnaíonn tú ar Ahmadinejad, smaoinigh ar Fhianna Fáil nuair a bhí Haughey i gceannas. Nuair is dóigh leat go bhfuil Al Queda ina aon bhloc aontaithe chun sinn a smísteadh inár leapacha, meabhraigh duit féin Fine Gael agus ceannairí éagsúla á staibeáil acu. Nuair a cheapann tú go bhfuil comhcheilg ar bun chun an Chailifeacht a thabhairt ar ais san Eoraip, cuimhnigh ar an gclub peile áitiúil, nó ar an gcumann comhar creidmheasa sa tsráid.

Is ea, tá an dream amuigh ansin gach pioc chomh suarach éagsúil linn féin.



Agus sin í an fhírinne ghlan!

2009-08-19

Lá i ndiaidh lae

Ar chúis amháin nó eile (ina measc nár thuig mé a éifeachtaí is atá PayPal ag eagrú síntiúis), chuir mé ar an méar fhada go dtí seachtain nó dhó ó shin síntiúis a bhaint amach le Nuacht24.

Mar sin, is inné a tháinig an chéad cóip chugam. Tráthúil go leor, tá 25 Bliain ann ó bunaidh roinnt den fhoireann chéanna (mar Phreas an Phobail), agus plé faoi san eagrán reatha. Tá an-mheas agam ar Eoghan Ó Néill - caithfidh sé a bheith deacair tosnú arís as an nua, mar atá déanta aige.

Gan amhras, tá an dul chun cinn déanta ag an teicneolaíocht ó shin, agus cuma an-snasta ar na leathanaigh lán-daite A3 a sheol siad chugam.

Bhíodh sé de thréith ag Lá go raibh sé fréamhaithe i bpobal Gaelach an Tuaisceart; mar atá Nuacht24. Agus is maith sinn. Ach tá súil agam go n-éireoidh leo comhfhreagraithe a mhealladh ó na ceantair agus pobail eile - Gaeltachta agus cathrach. Nó seans go bhfuil an cheart ag Séamas MacShéain, a shíleann go mba cheart do gach ceantar agus pobal a leagan féin a bheith acu de Nuacht24.

Nílimse iomlán cinnte. B'fhéidir go bhfeadfaí cumasc a bheith ann - lár nuachtán, agus forlíonta áitiúla, agus an meascán mhaith atá ag an Druma Mór de cinn-línte agus scéalta gairide ar líne, agus altanna níos faide móide anailís i gcló.

Is cosúil go bhfuil obair eile ar bun freisin - táthar ag lorg foireann do Fís24 i Nuacht24 na seachtaine seo. Ach tá an chuma air nár leanadh le forbairt ar an suíomh Nuacht24.com. Is dócha go bhfuil sé sin páirceáilte go dtí go mbíonn an scéim eile faoi lán tseoil, le maoiniú ón gCiste Craoltóireachta ó Thuaidh.

Pé scéal é, tréaslaím a shaothar le hEoghan agus a chomrádaithe.

2009-08-17

Blas ar an mBiatas

Agus cónaí orainn i mBeirlín, bhíodh muid ag fáil bosca glasraí ó feirm orgánach. Glasraí ina séasúr féin amháin a bhí ar fáil, rud a chiallaigh go bhfuair muid an dúrud biatas dearg agus a leithéidí i ndúluachair na bliana. Mar is dual d'ár leithéidí, chuaigh muid sa toir ar leabhar chun teacht ar smaointe nua.

I measc na n-oideas bhlasta sa leabhar "Kürbis, Mangold und Co." tá cáca thar a bheith blasta. Rinne mé arís ag an deireadh seachtaine é. Ach is mór an faoiseamh dom é nach raibh orm an biatas a ullmhú ó thuas - é a bheiriú ar feadh uair an chloig chun a bheith in ann an chraiceann a bhaint de, agus mar sin de. Cheannaíos fuinte é, agus ní raibh le déanamh ach é a ghrátáil.

Seo na comhábhair:
Thart ar 200g Biatas
5 ubh
100g mil
200g
cnónna coill, meilte (Deacair cnónna coill a fháil abhus - is féidir almóinn a chuir ina n-áit, ach is fearr liom coll)
100g Plúr slánghráin (Cruithneacht nó Speilt, ach is deacair teacht ar speilt)

An biatas a ghrátáil go mion.
Na huibheacha a roinnt, agus an buíochán agus an mil a mheascadh go dtí go mbíonn siad cosúil le huachtar. Diaidh ar ndiaidh an plúr, na biatais agus na cnónna a chuir leis. Bán na n-uibheacha a bhualadh go dtí go mbíonn siad righin, agus iad a mheascadh go cúramach isteach sa taos. Uair an chloig i lár an oighinn ag 170 C go mbíonn dath ór-dhonn air.

Más féidir leat é a fhágáil cúpla lá ag seasamh is amhlaidh is fearr a bhlaiseann sé! Cuireann clúdach de siúcra agus líomóid go mór leis.



Íomhá: Leath-bhiatas ina chraiceann, ó Wikimedia

Tar, Trabi, tar?

Tá scéal ag an Druma Mór go bhfuiltear ag athchruthú carr íocónach an DDR, an Trabant, mar charr leictreach a bheidh mar nuáil ag Taispeántas Idirnáisiúnta na gCarr i Frankfurt.

Comhlacht samhail-charr HERPA (a chuir samhail i láthair ag IAA 2007) agus comhlacht innealtóireachta IndiKar atá tar éis an coincheap seo a fhorbairt. Tá siad ag maíomh go mbeidh raon 250 km ag an leagan leictreach seo, a mbeidh painéil gréine aige freisin chun athluchtú a dhéanamh ar na cadhnraí.

Ní raibh le fáil ag pobail na hOir Ghearmáine ach líon beag carranna, an Trabant ón Sachsenring ina measc. Inneall débhuilleach a bhí ag an gcarr seo a raibh idir drochmheas agus cion air. De bharr gur meascán ola agus peitreal a bhíodh in úsáid ann, bhíodh deatach agus droch bholadh uaidh, a d'fhág gur scuabadh de na sráideanna sách tapaigh é tar éis 1990.

Bhí scannán grinn ann "Go, Trabi, Go" faoi teaghlach ó Bitterfeld ar féidir leo ar deireadh mian an athair a chomhlíonadh, agus aistear Goethe chun na Róimhe a leanacht - san Trabi. Scéal thar a bheith greannmhar, lán de eachtraí bunaithe ar míthuiscintí idir thiar agus thoir.

Tá lucht leanúna fós ag an Trabi, agus feictear corr cheann cóirithe fós i mBeirlín, ach is minice ceann folamh mar fógra nó maisiú.

Beidh le feiscint an bhfuil athfhás i ndán don gcarr seo - a raibh tréimhse feithimh 17 bliana dó san Oir Ghearmáin.

Tá infheisteoir de dhíth chun carr sraithe a dhéanamh as.



Íomhá: pictiúr den Trabant ar bhalla Beirlín.
Ó Wikimedia.

2009-08-15

An Teach Bán ag earcú brathadóirí idirlíon?

Tá díospóireacht teasaí ar bun sna Stáit maidir le scéim an Uachtaráin Obama chun atheagar a dhéanamh ar cúram sláinte.

Téann ceisteanna sláinte - go hairithe má chuirtear ginmhilleadh, eotanáis agus a leithéidí san áireamh - go croí an Kulturkampf atá ar bun le fada sna Stáit agus san Iarthar. Mar sin, ní haon ionadh é go bhfuil díospóireacht teasaí ann.

Ach cúis imní é an iarratas seo an blag an Teach Bán ag iarraidh ar dhaoine tuairisciú a dhéanamh ar ráitis "amhrasacha" (fishy sa bhunleagan) chuig seoladh r-phost de chuid an Tigh Bháin.

Cinnte, níl aon deacracht le substaint an argóint a chuir ar aghaidh ar mhaithe le frithargóint údarásach a fháil. Ach feictear dom go bhfuiltear ag iarraidh sonraí pearsanta ar saoránaigh atá i bhfreasúra leis an Teach Bán a bhailiú. Fágann sin drochbhlas.

2009-08-14

Idir dhá Chomha[i]r[le]

Tá deireadh tagtha leis an síntiúis atá agam le Comhar. Bhíodh síntiúis agam i bhfad ó shin, ag tosú agus mé ar an ollscoil, ach d'éirigh mé as san 1990í, ceal spéis. Gníomh dlúthpháirtíochta a bhí ann síntiúis a ghlacadh arís, spreagtha ag Conchubhar tráth go raibh deireadh curtha leis an ndeontas.

Bhí an cuma air go raibh feabhas ag teacht ar an iris faoi stiúir Aindrias Ó Cathasaigh, go dtí gur éirigh idir é agus an bhord. Tá an scéal truamhéalach úd cíortha go mion anseo.

Anois, níl mé orthu siúd nach bhfeiceann fiúntas ar bith i saothar eagarthóireachta Phól Uí Mhuirí. Feictear dom go bhfuil an-obair ar siúl aige san Irish Times.

Ach ní fheictear dom gur fiú €65 sa bhliain Comhar domhsa. (Dála an scéil, sin ardú suntasach ar an €50 a d'íoc mé cheana).

Cé go mbainim taitneamh as scagadh Ghabriel Rosenstock ar na meáin neamh Angla Sacsanach i Howl agus Abhus, tá ailt seasta eile ann nach bhfuil an téagar leo a bheinn ag súil leis in iris.

Feictear dom gur blagadóireacht i gcló atá ar bun ag Mícheál Ó Ruairc (LE hAER AN tSAOIL) agus Rachel Ní Fhionnáin (OS MO CHOMHAIR). Ach tá flúirse de sin ar fáil ar líne dom, saor in aisce.

Cinnte, bíonn sár ailt agus scéalta ann, uaireanta. Mar shampla, scéal Miha Mazzini in eagrán na míosa seo, aistrithe ag Gabriel Rosenstock - Scéal An-Simplí.

Feictear dom áfach go bhfuil an iris ag bráth ar ciorcal an-bheag de scríbhneoirí, agus na scríbhneoirí sin ag cíoradh na téamaí céanna mí i ndiaidh míosa.

Bainim níos mó adhmaid as Feasta.

I ré an idirlín, caithfidh iris a bhfuilim ag íoc as rud éigin sa bhreis a thairiscint. Feictear dom go bhfuil an chonair ceart á leanacht ag Cailliomachas Feasta - ag cíoradh pointí ar líne, agus ag cuir alt dlúth eagraithe i gcló.

Go deimhin, tá suíomh idirlín ag Feasta, agus Comhar taobh le blag nach mbaintear feidhm as ach chun clár an iris a fhoilsiú.

Mar sin, ní bheidh mé ag athnuachan mo shíntiúis.

2009-08-13

Titley ex cathedra

Níl mé cinnte an dtuigeann mé alt Alan inniu.

Feictear dom go bhfuil sé ag moladh smaointe an Phápa, ach ag cáineadh a stíl. Ach b'fhéidir go bhfuil mearbhall orm.

Is fíor gan amhras go bhfuil scríobh Ratzinger agus Wojtlya dlúth. Scríobh Eoin Pól II filíocht, gearrscéalta agus drámaí, agus Eoin Pól I colúin éadrom. Cé gur scríbhneoir dúthrachtach é an Pápa reatha, níl fhios agam ar scríobh sé aon rud éadrom riamh.

Ach, pé scéal é, tá deacracht ar leith ag baint le himlitir - is don Eaglais i gcoitinne agus gach duine le dea-thoil a scríobhtar iad.

Níl aon dul as mar sin ach friotal teibí, coiteann a bheith iontu. Agus, gan amhras, leagan tiontaithe a léann an chuid is mó againn.

Táim ag treabhadh liom tríd CARITAS IN VERITATE. Maítear go minic gurbh í teagasc sóisialta na hEaglaise ceann de na rúin is doimhne atá aici! Ní tharraingíonn sé ard mar a tharraingíonn an teagasc ar chollaíocht - mar nach bhfuil aon dream glórach ina aghaidh, cé go dtagann rialtais agus gnólachtaí móra salach ar an dteagasc go minic.

2009-08-11

Tobar filíochta Northhampton

Mheabhraigh an alt seo san Irish Times dom go bhfuil dornán leabhair le Dónall Mac Amhlaigh ar mo leabhragán agam.

Taitníonn an greann dorcha i Schnitzer Ó Sé liom go hairithe, na slaiseanna seoigh dírithe ar lucht pinn na Gaeilge - é féin ina measc. Tá cuir síos ann ar Amhlaoibh Mac Dónall "nach féidir leis bollóg scillinge a cheannach gan scríobh faoi".

Is mór an trua, más fíor, nach bhfuil teacht ar a shaothar níos mó. Beidh orm tochailt agus roinnt acu a athléamh.

Is scannal é nach bhfuil leabharlann chuimsitheach de saothair i nGaeilge le teacht éasca orthu, ar a laghad i mBÁC - agus ba cheart a leithéid a bheith i mBéal Feirste, Gaillimh agus Corcaigh chomh maith. Cá bhfuil Andrew Carnegie na Gaeilge?

2009-08-09

Peann neamhchoitianta

Fuair mé an cnuasach "ar an bpeann" le Liam Ó Mhuirthile ón leabharlann le déanaí.

A rogha fhéin de altanna a foilsíodh ar dtús san Irish Times faoin dteideal An Peann Coitianta.

Tá ceann de na himleabhair eile agam áit éigin. Bhíos thar lear don gcuid is mó dá thréimhse i mbun pinn san IT, mar sin, is mór agam an deis seo blaiseadh dá shaothar colúnaíochta.

Tá ana chuir síos ar siúlóidí sléibhe, ar dreasa i ngleic le ceardaíocht de shaghas amháin nó eile, ar chúrsaí an tsaoil tré chéile. Agus i gcónaí, sa chúlra, tá sé ag plé le agus ag cuir faobhar ar uirlisí a cheirde fhéin - focail agus cainteanna.

Tá dornán alt san sraith ag baint feidhm agus adhmad as críolú Gaeilge na Galltachta i measc an dreama óig. Nílim ró thugtha don críolú chéanna, ach is maith ann na haltanna sin mar thaifid.

B'iad na haltanna faoi siúlóidí sléibhe is fearr a thaitin liom, taithí agam ar an taobh tíre agus ar an caitheamh aimsire (cé go bhfuil sé i bhfad ró fhada ó bhí mé amuigh).

Ach fuair mé blas orthu ar fad, beagnach. Agus thaitin an réamhrá chuimsitheach inár thug sé a thuairimí ar an colúnaíocht agus a áit san litríocht.





Ar an bPeann
Liam Ó Muirthile
ISBN 1901176614
Cois Life 2005

2009-08-07

Balor buailte ar phár


Tá an dara leabhair foilsithe ag An tSnáthaid Mhór - Balor.

An-athinsint ar na scéalta a bhaineann leis, agus arís, áilleacht as an gnách ag dul le híomhánna Andrew Whitson.

Tá DVD ag dul leis seo; an scéal inste ag Domhnaill Mac Ghiolla Chóil, agus na léaráidí mar chúlra. Tá ábhar bhreise ann leis; scannán ghairid faoi chuir chuige Andrew agus é ag obair.

Seod de leabhair atá anseo, agus forbairt ó Gaiscíoch na Beilte Uaine, a bhí iontach freisin.

Creidim fós go bhfeadfaí roinnt forbairt a dhéanamh ar an reacaireacht, cé go bhfuil an caint anseo níos fearr ná mar a bhí leis an nGaiscíoch.



Balor
Caitríona Hastings agus Andrew Whitson
ISBN: 9780955227110
An tSnáthaid Mhóir 2008

Todhchaí, teaghlaigh agus torthúlacht

Alt fhada ar Mhercator maidir leis an ngaol idir saol oibre agus saol teaghlaigh.

Táimse fós in éad le comhghleacaí Sualannach de mo chuid. Bhí cónaí air gar don obair. Bhí sé ar a chumas dul abhaile am lón, aire a thabhairt dá chlann go dtí am tae, agus sin filleadh ar obair. Rud a fhág saoirse ag a chéile obair lasmuigh den teach, ach fós cúram á dhéanamh ag na tuistí dá bpáistí.Tá sé de nós acu sa tSualainn freisin uaireanta fada a chuir isteach sa Gheimhreadh, agus saoirse dá réir a bheith acu san Samhraidh, rud a thagann chun tairbhe do theaghlaigh freisin.

Bímse imithe ón dteach idir a seacht ar maidin agus a hocht tráthnóna de ghnáth - toisc go bhfuil cónaí orm i bhfad ró fhada ó mo láthair oibre.

Fágann sin go bhfuilim imithe ón gclann beagnach go hiomlán i rith na seachtaine, go háirithe maidir le m'iníon óg.

Agus fágann na laethanta fada traochta mé freisin.

Ní chun tairbh mo shaol teaghlaigh ná oibre an ídiú fuinnimh seo.

Tá gá le múnlaí nua, múnlaí a chuireann gach gné de shaol an duine san áireamh, ar mhaith linn ar fad.

Agus beidh gá le creatlach dlí chun seo a chuir i gcrích. Déantar an rud a tomhaistear; agus an rud atá riachtanach de réir na rialacha.

2009-08-05

Maidir le do litir

Scríobh litreacha go dtí na nuachtáin bealach amháin chun do thuairim a nochtadh agus toradh a bheith air. Beidh muid uilig ar an bport sin abhus, de bharr an Bord Snip agus ceisteanna eile móra an lae.

Seo, mar sin, alt le comhairle fiúntach ó eagarthóir litreacha (i Mercator.net)

Bíodh béim ar an mbeagán; beagán focail, roghnaithe go maith! Agus tús láidir leath na hoibre!

2009-08-01

Rí Ráiteas

Spreag Áine mé chun cóip den ghreannán RíRá, tiomsaithe ag Aidan Courtney, a cheannach.

Tháinig sé go pras. Is maith liom é! Is maith liom an leagan amach A5. Tá sé léite ag duine de mo mhic, agus thaitin sé leis. Ní raibh deis ag an duine eile fós - beidh súil agam léirmheas a mhealladh uaidh siúd nuair é fhilleann sé ó champa gasóga.

Meascán mhaith de phíosaí gairide - sceitseanna - agus scéalta atá ann.

Má tá sé le bheith buan, tá roinnt oibre le déanamh ar an leagan amach. Mar shampla, ag tús an iris tá sraith greannán aon leathanach de chuid Dab's. Bheadh sé níos fearr, dar liom, na píosaí seo a scaipeadh tríd an iris, idir na píosaí fada.

Bhí sé deacair a dhéanamh amach cár stop scéal amháin, agus cár thosaigh an chéad scéal eile. Bheidh teideal de dhíth ar roinnt de na píosaí, seachas, mar atá, nod bheag ag barr an leathanaigh.

I measc na údar eile tá
  • Alan Nolan [Na Bleachtairí Óga - an mhaith! Scéal iomlán, ach féidearthachtaí sraithe mhaithe]
  • Finnbarr Christie & Stephen Downey [Bliain a hAon - níor thuig mé é! Is dócha go bhfuil mé ró shean. Caithfidh mé ceist a chuir an na buachaillí. Mionrud eagarthóireachta - a Haon atá sa teideal, seachas a hAon]
  • Mike Lynch/John Cullen [Dúréalta - n'fheadar. B'fhéidir go bhfuil gá le réamhfhocal nó rud éigin. Níor thuig mé an scéal. Ach féidearthachtaí ann]
  • Philip Barrett [Nicól Óg. Iontach! Scéal iomlán, féidearthachtaí sraithe, an-spraoi.]

  • Loic Nicolof [Léo Passion Rugby, an-mhaith ar fad,]
Má tá chun éirí leis an fiontar seo, beidh ar Aidan fógraíocht a mhealladh. Is dóigh liom go mba cheart "ancaire" amháin a bheith ann - cartún atá lárnach. Is dóigh liom go bhfuil féidearthachtaí ag baint ach go hairithe le Léo Passion Rugby. B'fhiú smaoineamh ar logánú a dhéanamh air - an suíomh a aistriú go baile beag Éireannach. Ansin d'fheadfaí dul i gcomhair leis na IRFU nó ceann de na foirne cúige. Tar éis an tsaoil, tá foirne rugbaí sna Gaeltachtaí anois...

Tá an obair curtha isteach ag foireann RíRá, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal leo forbairt a dhéanamh ar an iris. Má éiríonn liomsa roinnt focail a mhealladh ó mo chlann mic, cuirfidh mé leis an léirmheas seo!

Beidh mé ag súil leis an gcéad eagrán eile...