Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-08-17

Blas ar an mBiatas

Agus cónaí orainn i mBeirlín, bhíodh muid ag fáil bosca glasraí ó feirm orgánach. Glasraí ina séasúr féin amháin a bhí ar fáil, rud a chiallaigh go bhfuair muid an dúrud biatas dearg agus a leithéidí i ndúluachair na bliana. Mar is dual d'ár leithéidí, chuaigh muid sa toir ar leabhar chun teacht ar smaointe nua.

I measc na n-oideas bhlasta sa leabhar "Kürbis, Mangold und Co." tá cáca thar a bheith blasta. Rinne mé arís ag an deireadh seachtaine é. Ach is mór an faoiseamh dom é nach raibh orm an biatas a ullmhú ó thuas - é a bheiriú ar feadh uair an chloig chun a bheith in ann an chraiceann a bhaint de, agus mar sin de. Cheannaíos fuinte é, agus ní raibh le déanamh ach é a ghrátáil.

Seo na comhábhair:
Thart ar 200g Biatas
5 ubh
100g mil
200g
cnónna coill, meilte (Deacair cnónna coill a fháil abhus - is féidir almóinn a chuir ina n-áit, ach is fearr liom coll)
100g Plúr slánghráin (Cruithneacht nó Speilt, ach is deacair teacht ar speilt)

An biatas a ghrátáil go mion.
Na huibheacha a roinnt, agus an buíochán agus an mil a mheascadh go dtí go mbíonn siad cosúil le huachtar. Diaidh ar ndiaidh an plúr, na biatais agus na cnónna a chuir leis. Bán na n-uibheacha a bhualadh go dtí go mbíonn siad righin, agus iad a mheascadh go cúramach isteach sa taos. Uair an chloig i lár an oighinn ag 170 C go mbíonn dath ór-dhonn air.

Más féidir leat é a fhágáil cúpla lá ag seasamh is amhlaidh is fearr a bhlaiseann sé! Cuireann clúdach de siúcra agus líomóid go mór leis.



Íomhá: Leath-bhiatas ina chraiceann, ó Wikimedia