Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-08-31

Focalcheárta


Chuir an mhír seo ag Seán, agus comhrá a d'éirigh as, ag smaoineamh mé. Cad as a dtagann na focail atá againn? Is beag duine, fiú an focalbhách is measa amuigh, a chromann thar an bhfoclóir chun cuir lena fhoclóir féin. Is as léamh agus caint a fhorbraíonn duine a fhoclóir. Ciallaíonn sin go mbeidh gné in easnamh sa bhfoclóir mura bhfuil sé san lón léitheoireachta nó díospóireachta. Rud a fhágann muid faoi mháchail inár nGaeilge, toisc gurbh minic gan an t-ábhar a bheith ann, nó é bheith deacair a theacht air.

Is mó cuir chuige atá ann chun foclóir a fhorbairt. Ach chaill an Ghaeilge céim san bhforbairt sin le himeacht na mbardscoil, agus na scoileanna léinn san 17ú aois. Bhí an Ghaeilge chun cinn ar teangacha Eorpacha eile roimhe sin - bhí na dáin ar fad dá shaothrú i nGaeilge sna meánaoiseanna. Ach fad is a bhí teangacha pobail na hEorpa ag borradh faoi thionchar na hAthghine, bhí an Ghaeilge ag cúlú - ní raibh inti feasta ach Caint na nDaoine, ainneoin dúthracht bráithre Lobháin, an Ceiteannach agus daoine eile nach iad.

Táimid san áit ina bhfuilimid, mar sin. Is mithid an dearcadh MÁRSA, mar a thug Tomás Mac Siomóin air ina phaimfléid a sheachaint. Ach ní hionann sin, feictear dom, agus neamhaird iomlán a dhéanamh ar an litríocht. Tá áiseanna anois againn chun tochailt a dhéanamh in san bhfoclóir stairiúil - Corpas na Gaeilge, abair agus Foclóir eDil. Tá athchúrsáil samhlaíoch déanta ag lucht Fiontar ar an bhfocail turscar chun cur síos ar an mbruscar leictreonach a scuabtar suas ar chladaigh ár ríomhairí. Is féidir chomhfhocail a chumadh ag leanúint múnlaí ársa. Is iomaí -lathas faoin bhflaitheas anois. Ach is féidir, mar a rinne lucht na hAthghine, tarraingt as tobar na dteangacha ina bhfuil léann nua dhá shaothrú. Is fíor go bhfuil deacracht anseo, agus muid i mbaol ár mbáite i mbóchna na Béarla cheana féin. Tá baol ar leith ann - go mbainfí feidhm as focal i nGaeilge atá ar chomh-chiall le ciall amháin d'fhocal Bhéarla, ach nach é sin an chiall atá i gceist. An sampla is túisce a thagann chugam ná úsáid "fuaim" chun ciall an nath Bhéarla "a sound person" a chuir in iúl.

Ní bheidh a leithéidí riamh gan achrann - beidh an-chuid Inkhorn Controversies dár gcuid féin againn.

Feictear dom go bhfuil deis anseo san mborradh faoin aistriúcháin. Más fíor go bhfuil na scoláirí Gaeilge is fearr ag gabháil dó, ba cheart go mbeadh toradh éigin ar an saothar. Tá baol ann gan amhras go n-ídeofar a ndúthracht agus a sprid ag cuir Gaeilge ar droch-Bhéarla. Ní cuimhin liom cén duine de na Griannaigh a chreid go raibh dochar déanta dá chumas scríbhneoireachta ag scéim aistriúcháin an Ghúm. Tá sin ann.

Ach is as a leithéidí de obair atá saothar an Choiste Téarmaíochta ag fás. Agus na torthaí sin ar fáil dúinn tríd focal.ie.

Ní leor é, áfach. Tá gá le saothar nua sa Ghaeilge, saothar laethúil mar atá An Druma Mór agus Nuacht 24 á chuir ar fáil. Bhí altanna ar chúrsaí comhshaoil agus airgeadas san eagrán is déanaí, mar shampla. Agus tá iomairí eile á threabhadh ag nós*. Tá áit ann don gníomh díreach focal-forbartha - macasamhail Ciste Cúrsaí ReathaNod don Eolach. Tá gá le saothair a bhaineann leis na gairmeacha, mar atá Micheál Ó Bréartúin ag cuir ar fáil. Is iomaí ceapóg in iothlainn na Gaeilge, mar a thug Joe Steve air.

Feictear dom go bhfuil áit ann do na blagadóirí inár measc freisin. Níl an mhachaire catha seo teoranta don litríocht idir dhá chlúdach leabhair.

Is gaibhne focail muid ar fad. Is mithid an tine a fhadú, faobhar a chuir ar ár n-uirlisí, agus cromadh ar an obair. Deir an seanfhocal gurbh fearr an ceardaí síor-bhuailteach ná an ceardaí sár-bhuailteach!




Le Goya an Pictiúir thuas, sciobtha agam ó Wikimedia, mar is gnách.