Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-08-21

Fuinneamh an Phápa

Pléann Caritas et Veritate Uimhir 49-50 le ceisteanna a bhaineann le breosla agus fuinneamh. Ní dóigh liom go bhfuil achoimre chomh maith ar na gnéithe ar fad feicthe riamh agam.
Deir sé go neamhbhalbh go bhfuil sé riachtanach dúinne sna tíortha forbartha srian a chuir ar ár éileamh ar fuinneamh, chomh maith le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i bhforbairt fuinneamh nach bhfuil spléach ar bhreosla a ídeofar. Agus gur dúshlán don gcine tré chéile atá i gceist, agus go gcaithfidh tíortha forbartha, neamhfhorbartha agus i mbéal forbartha obair i gcomhair le chéile agus as lámha chéile chun leigheas cóir a aimsiú.

Tá (de bharr bronntanais) ceannaireacht áirithe léirithe ag an bPápa sa cheist seo - cuireadh fearas chun aibhléis a ghiniúint ón ngrian ar bharr halla Pól VI sa Vatacáin. Agus anois, ar teach leis sa Bhaváir, tá aibhléis ón ngrian ag feabhsú saol daoine óga! Is bolscaireacht dearfach atá anseo.

Ach tá bóthar fada le dul - ainneoin tograí samhlaíocha cosúil le teas coirp comaitéirí i Stockholm a bhailiú chun oifigí a théamh.

An constaic is mó ná go bhfuil fuinneamh ón ngaoth agus ón ngrian ag brath ar an aimsir, atá luaineach. Agus ní féidir fuinneamh a bhailiú - caithfear é a iompú go foirm eile. Tá tograí samhlaíocha ann, cosúil le Cnoc an Turlaigh i gCill Mhantáin, áit a baintear feidhm as farasbarr aibhléise san oíche chun uisce a chaidéalú go bharr an sléibhe istoíche, agus aibhléis a ghineadh as ligeann dó sileadh thar nais go Loch na nOnchon i rith an lae.

Chun a bheith éifeachtacht, caithfear líonra láidir traiseolta a thógáil ar fud na hEorpa, chun fómhair fuinnimh a bhaint as gaoth agus taoide na mara, agus grian an deiscirt, agus an fuinneamh a iompar chuig an áit ina bhfuil sé dhíth. Ní fheidhmíonn an córas leictreach go maith má bhíonn easpa cothromaíochta idir foinsí agus ualaigh. Agus is féidir le foinsí nádúrtha a bheith ann bomaite amháin agus imithe bomaite ina dhiaidh. Laghdaíonn córas mór an baol seo.

Ach, chuige sin, caithfear muilte gaoithe agus bailitheoirí gréine agus fuinneamh uisce a thógáil san áit go bhfuil an fuinneamh - agus líonra traiseolta a thógáil chuig an áit go bhfuil an fuinneamh de dhíth. Agus anseo a thosaíonn an deacracht. Is i ceantar áille, sceirdiúla a bhíonn an ghaoth agus uisce láidir - i bhfad ó na cathracha. Is minic iad siúd is mó buairt faoin comhshaol is láidre in aghaidh na scéimeanna seo - uaireanta de bharr dearcadh NIMGC (Ní i mo gharraí chúil), ach uaireanta freisin de bharr imní faoin comhshaol agus dúlra logánta. Tá feachtais cosúil le Alternatives to Pylons ag éirí níos tréine agus níos líonmhaire, ar fud na hEorpa.

Beidh orainn comhrá dáiríre poiblí a bheith againn, agus teacht ar tuiscint coiteann ar an mbealach is fearr ar aghaidh. Ar mhaithe leis an gcine ar fad, agus leis an cruinne.

Agus tosú ar teasdíonadh cheart ar ár dtithe, agus gearradh siar ar aibhléis a chuirtear amú agus gléasanna ar standby. Chuige sin, ní mór roinnt díobh a athrú. Mar shampla, fágaimse an raidió sa chistin ceangailte leis an líonra, ach múchta - toisc go gcaileann sé eolas ar na minicíochtaí gan cumhacht. De bharr go bhfuil claochladán i gceist leis táim measartha cinnte go bhfuil diomailt fuinneamh i gceist leis sin. Níl ansin ach gléas beag tís amháin. Nuair a múchaim na soilse istoíche, feicim an dúrud soilse beaga dearga thart san tigh - iad ar fad ag sú fuinneamh, ach cúis éigin leo ar fad a bheith ar standby. Go minic is chuimhne de sórt éigin atá i gceist - ach tá malairt slí chun sin a dhéanamh, gan gá síoraí le fuinneamh.



Aguisín: alt ar cumhacht fuireachais anseo.