Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-08-14

Idir dhá Chomha[i]r[le]

Tá deireadh tagtha leis an síntiúis atá agam le Comhar. Bhíodh síntiúis agam i bhfad ó shin, ag tosú agus mé ar an ollscoil, ach d'éirigh mé as san 1990í, ceal spéis. Gníomh dlúthpháirtíochta a bhí ann síntiúis a ghlacadh arís, spreagtha ag Conchubhar tráth go raibh deireadh curtha leis an ndeontas.

Bhí an cuma air go raibh feabhas ag teacht ar an iris faoi stiúir Aindrias Ó Cathasaigh, go dtí gur éirigh idir é agus an bhord. Tá an scéal truamhéalach úd cíortha go mion anseo.

Anois, níl mé orthu siúd nach bhfeiceann fiúntas ar bith i saothar eagarthóireachta Phól Uí Mhuirí. Feictear dom go bhfuil an-obair ar siúl aige san Irish Times.

Ach ní fheictear dom gur fiú €65 sa bhliain Comhar domhsa. (Dála an scéil, sin ardú suntasach ar an €50 a d'íoc mé cheana).

Cé go mbainim taitneamh as scagadh Ghabriel Rosenstock ar na meáin neamh Angla Sacsanach i Howl agus Abhus, tá ailt seasta eile ann nach bhfuil an téagar leo a bheinn ag súil leis in iris.

Feictear dom gur blagadóireacht i gcló atá ar bun ag Mícheál Ó Ruairc (LE hAER AN tSAOIL) agus Rachel Ní Fhionnáin (OS MO CHOMHAIR). Ach tá flúirse de sin ar fáil ar líne dom, saor in aisce.

Cinnte, bíonn sár ailt agus scéalta ann, uaireanta. Mar shampla, scéal Miha Mazzini in eagrán na míosa seo, aistrithe ag Gabriel Rosenstock - Scéal An-Simplí.

Feictear dom áfach go bhfuil an iris ag bráth ar ciorcal an-bheag de scríbhneoirí, agus na scríbhneoirí sin ag cíoradh na téamaí céanna mí i ndiaidh míosa.

Bainim níos mó adhmaid as Feasta.

I ré an idirlín, caithfidh iris a bhfuilim ag íoc as rud éigin sa bhreis a thairiscint. Feictear dom go bhfuil an chonair ceart á leanacht ag Cailliomachas Feasta - ag cíoradh pointí ar líne, agus ag cuir alt dlúth eagraithe i gcló.

Go deimhin, tá suíomh idirlín ag Feasta, agus Comhar taobh le blag nach mbaintear feidhm as ach chun clár an iris a fhoilsiú.

Mar sin, ní bheidh mé ag athnuachan mo shíntiúis.