Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-08-19

Lá i ndiaidh lae

Ar chúis amháin nó eile (ina measc nár thuig mé a éifeachtaí is atá PayPal ag eagrú síntiúis), chuir mé ar an méar fhada go dtí seachtain nó dhó ó shin síntiúis a bhaint amach le Nuacht24.

Mar sin, is inné a tháinig an chéad cóip chugam. Tráthúil go leor, tá 25 Bliain ann ó bunaidh roinnt den fhoireann chéanna (mar Phreas an Phobail), agus plé faoi san eagrán reatha. Tá an-mheas agam ar Eoghan Ó Néill - caithfidh sé a bheith deacair tosnú arís as an nua, mar atá déanta aige.

Gan amhras, tá an dul chun cinn déanta ag an teicneolaíocht ó shin, agus cuma an-snasta ar na leathanaigh lán-daite A3 a sheol siad chugam.

Bhíodh sé de thréith ag Lá go raibh sé fréamhaithe i bpobal Gaelach an Tuaisceart; mar atá Nuacht24. Agus is maith sinn. Ach tá súil agam go n-éireoidh leo comhfhreagraithe a mhealladh ó na ceantair agus pobail eile - Gaeltachta agus cathrach. Nó seans go bhfuil an cheart ag Séamas MacShéain, a shíleann go mba cheart do gach ceantar agus pobal a leagan féin a bheith acu de Nuacht24.

Nílimse iomlán cinnte. B'fhéidir go bhfeadfaí cumasc a bheith ann - lár nuachtán, agus forlíonta áitiúla, agus an meascán mhaith atá ag an Druma Mór de cinn-línte agus scéalta gairide ar líne, agus altanna níos faide móide anailís i gcló.

Is cosúil go bhfuil obair eile ar bun freisin - táthar ag lorg foireann do Fís24 i Nuacht24 na seachtaine seo. Ach tá an chuma air nár leanadh le forbairt ar an suíomh Nuacht24.com. Is dócha go bhfuil sé sin páirceáilte go dtí go mbíonn an scéim eile faoi lán tseoil, le maoiniú ón gCiste Craoltóireachta ó Thuaidh.

Pé scéal é, tréaslaím a shaothar le hEoghan agus a chomrádaithe.