Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-08-17

Tar, Trabi, tar?

Tá scéal ag an Druma Mór go bhfuiltear ag athchruthú carr íocónach an DDR, an Trabant, mar charr leictreach a bheidh mar nuáil ag Taispeántas Idirnáisiúnta na gCarr i Frankfurt.

Comhlacht samhail-charr HERPA (a chuir samhail i láthair ag IAA 2007) agus comhlacht innealtóireachta IndiKar atá tar éis an coincheap seo a fhorbairt. Tá siad ag maíomh go mbeidh raon 250 km ag an leagan leictreach seo, a mbeidh painéil gréine aige freisin chun athluchtú a dhéanamh ar na cadhnraí.

Ní raibh le fáil ag pobail na hOir Ghearmáine ach líon beag carranna, an Trabant ón Sachsenring ina measc. Inneall débhuilleach a bhí ag an gcarr seo a raibh idir drochmheas agus cion air. De bharr gur meascán ola agus peitreal a bhíodh in úsáid ann, bhíodh deatach agus droch bholadh uaidh, a d'fhág gur scuabadh de na sráideanna sách tapaigh é tar éis 1990.

Bhí scannán grinn ann "Go, Trabi, Go" faoi teaghlach ó Bitterfeld ar féidir leo ar deireadh mian an athair a chomhlíonadh, agus aistear Goethe chun na Róimhe a leanacht - san Trabi. Scéal thar a bheith greannmhar, lán de eachtraí bunaithe ar míthuiscintí idir thiar agus thoir.

Tá lucht leanúna fós ag an Trabi, agus feictear corr cheann cóirithe fós i mBeirlín, ach is minice ceann folamh mar fógra nó maisiú.

Beidh le feiscint an bhfuil athfhás i ndán don gcarr seo - a raibh tréimhse feithimh 17 bliana dó san Oir Ghearmáin.

Tá infheisteoir de dhíth chun carr sraithe a dhéanamh as.



Íomhá: pictiúr den Trabant ar bhalla Beirlín.
Ó Wikimedia.