Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-11-13

Cantain na ríomhairí!


píosa ag Karlin Lillington san Irish Times inniu faoin IBM 1401 - ríomhaire a thug an ríomhaireacht isteach sa réimse gnó. Ach níos spéisiúla na sin, tá alt aici faoin píosa ceoil a chum Jóhann Jóhannson - "IBM 1401: A User’s Manual". Fuair sé cuid dá inspioráid don bpíosa rince seo ó spraoi a rinne a athair agus a chomhghleacaithe le IBM 1401. Corna maighnéadach a bhí i gcuimhne an ríomhaire. Ní raibh sciath éifeachtach air, rud a d'fhág go gcuirfí isteach ar raidió a bhí gar dó de bharr an fuinneamh leictreamaighnéadach a sceith an corna. Ton seasta a bhí mar thoradh air sin, ach d'fhéadfaí ceol a bhaint as tríd clár ar leith a chuir ag obair ar an ríomhaire, ag athrú an cuimhne. Nuair a bhíothas ag fáil réidh leis an ríomhaire a bhí a athair ag obair air, rinne siad taifid den cheol a ghin an ríomhaire. Tá an ceol sin fite isteach ina phíosa fhéin ag Jóhannson.

Is cuimhin liom féin nach raibh de ghléas cuimhne ag an ZX Spectrum a bhí agam i deireadh na 1980í ach téip, a sheinnfeá ar ghnáth téipthaifeadán. Fuaim aisteach - gan a bheith ceolmhar ach go hannamh - an toradh a bhíodh ar sin.
Is cuimhin liom freisin, agus post samhradh agam san 1990í sa Ghearmáin, a dul i ngleic leis an leadrán tríd ríomhaire saotharlainne a chuir ag ceoil, agus ag tarraingt pictiúir ar an scáileáin bhig a bhí aige.
I dtús ré na ríomhairí, b'é "ceol" a bhaint astu caitheamh aimsire go leor againn.

Ach, ó shin, tá cantain na ríomhairí éirithe i bhfad Éirinn níos gairmiúla - agus Gaeilge Ghaoth Dobair acu, fiú!


Painéal rialaithe oibreoirí an IBM 1401: Íomhá ón ngnáth fhoinse!