Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-11-09

Innill díchéillí, II

Scríobh mé cheana faoi na hinnill atá á chuir ag Iarnród Éireann sna stáisiún.

Thug mé faoi ndeara i Stáisiún na bPiarsach ar na mallaibh gurbh amhlaidh go mbíonn níos mó baill foirne de dhíth - toisc a mhinice is a theipeann ar na hinnill. Go deimhin, glacann an inneall san Carraig Dhubh le mo thicéid minic go leor - ach ansin ní hosclaítear an gheata. Agus má bhainim triail as inneall eile, deir sé liom go bhfuil mo thicéid "díreach bhailíthe". Murach go bhfuil duine ann chun an geata a oscailt dom, bheinn i bponc!

Tharla sé gur bhuail mé le Dick Fearn, Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann. Bhí sé amuigh i Mullach Íde - ar dul chun an dul chun cinn ar an droichead a fheiscint, is dócha. Caithfidh mé a rá go bhfuil meas fear misniúil agam air - bíonn sé ag taisteal gach lá ar an DART, abhaile agus ar obair. Rud a fhágann deis ag mo leithéidí forrán a bhualadh air, agus clamhsán a dhéanamh!

D'éist sé go béasach liom, agus d'admhaigh go bhfuil fadhbanna ann leis an gcóras. Stiall mhaighnéadach atá faoi láthair ar na ticéid. Mar a tharlaíonn sé, tá spota "cárta chliste" ar mo thicéid freisin - ach is le gléasanna Bus Átha Cliatha amháin a fheidhmíonn sé sin! Deir sé go mbeidh cárta cliste dá gcuid féin ag Iarnród Éireann ar na ticéid ó Mí Eanáir, agus go gcreideann sé go mbeidh níos lú fadhbanna ann ansin.

Bhí pointe amháin fiúntach aige - go bhfuil gá acu leis na sonraí a bhailíonn na geataí isteach agus amach, i gcomhthéacs an ticéid amháin atá le bheith ann amach anseo.

Ach táimse fós amhrasach an é seo an leigheas is fearr. Tar éis an tsaoil, tá ticéid amháin a bhfuil feidhm aige ar gach gléas iompar poiblí i mBeirlín le fada an lá, agus scata de chomhlachtaí éagsúla i gceist.