Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-04-29

Blúirín: Lámhscríbhinní Leabharlann na Vatacáine le digitiú

Scéal anseo:

Méid dochreidte sonraí digiteacha atá i gceist - 80,000 lámhscríbhinn, 40 milliún leathanach: beidh 45 peitibheart i gceist - 45 x 1015 bheart.

Beidh córas oscailte a úsaid chun digitiú a dhéanamh, rud a chabhróidh le caomhnú an taifid digiteach. An córas FITS atá i gceist, a d'fhorbair NASA chun smacht a choinneáil ar an dúrud sonraí a bhailíonn siad.

Anois teacht an Earraigh

"Grianghraif: caitíní saileach le hAndré Karwath, cc-by-sa"

Téim tríd Gleann Dá Ghrua gach maidin. Coicís ó shin, bhí gach rud liath, seachas corr ghiúis agus brat eidhneáin ar na crainn cois an bhóthair. Seachtain ó shin, bhí scuabadh íogair uaine ar barr na crainn; iad faoi bhláth. An tseachtain seo, tá an duilliúr ag fás go rábach.

Níl ach dhá smál ar an am seo bliana - ceann do na mic léinn, a bhfuil na scrúdaithe ag drannadh leo. Ceann eile do mo leithéidí, a bhíonn céasta ag fiabhras léana de bharr pailin na gcrann a bheith dhá scaipeadh!

Bainigí sult as mar sin féin!

Blúirín: An Ghaeilge ina áis margaíochta

Bhí mé san margadh earraí orgánacha ar an gCarraig Dhubh ar na mallaibh. Tharraing roinnt buidéil uisce leis an lipeid "Fíor Uisce" mo shúil.

Is breá liom an saghas seo ruda; giota cruinn Ghaeilge in áis margaíochta. Mar a rinne Fiacla leis an smeara fiacla. Súil agam áfach nach rachaidh Fíor Uisce an bealach chéanna le Fiacla - atá imithe as an margadh, faraor. (Bhíos ag ceannach Fiacla go rialta, ach is beag uisce, fíor nó bréagach a cheannaím).

2010-04-28

Gaelscéalta i gcéin agus i gcóngar

Feictear dom go bhfuil ag éirí le Gaelscéal an chleas céanna a imirt agus a imríonn RnaG - Gaeilgeoir a aimsiú san áit a bhfuil scéal, agus iad a chuir ag scríobh. Bhí leathanach bhreá acu faoin bPolainn an tseachtain seo chaite, mar fhreagra ar an dtubaiste ansúd. Is cosúil go bhfuil Alex Hijmans ag scríobh go rialta dóibh. Is maith sin. Is maith liom colúin gnó Conaill Uí Mhóráin - níl an oiread spéise agam i gnó, ach tá tuairimí Chonaill spéisiúil. Gan amhras, tá spéis agamsa i scéalta teicneolaíochta agus comhshaol. Tá an obair ar siúl ag Conn Ó Muineacháin agus duine eile sa réimse seo.

Is dócha gur fíor go bhfuil easpa nuacht "crua" ann - ach sin dúshlán roimh aon foilseachán le foireann bheag. Súil agam go dtiocfaidh feabhas ar sin de réir mar a thógann siad an nuachtán; go mbeidh daoine ag teacht chucu le scéalta ar fiú tochailt a dhéanamh orthu.

De réir a chéile a tógtar na nuachtáin!

2010-04-27

Blúirín: Ceol binn na n-éan



Ceol na n-éan, agus go hairithe an filiméala, á cheiliúradh ag Torlach Mac Con Midhe san Times inniu.

Íomha le Dl91m ar Wikimedia.

Gaois agus Baois na Sluaite

Léigh mé "The wisdom of crowds"le James Surowiecki le déanaí. Cíoradh atá ann ar an dóigh gur féidir le grúpa - ach coinníollacha áirithe a bheith comhlíonta, ceisteanna áirithe a réiteach níos fearr ná an ball aonar is éirimiúla sa ghrúpa. Pléann sé, ag tabhairt samplaí, le fadhbanna cognaíoch, comhoibrithe agus comheagair, agus conas mar is féidir le slua teacht ar réiteach éifeachtach.

Feiceann sé ceithre réamhchoinníoll
  1. Go mbeadh an grúpa ilghnéitheach, i. caithfidh gach ball eolas éigin dá chuid fhéin a bheith aige - fiú má tá sé mícheart
  2. Caithfidh baill an ghrúpa teacht ar a dtuairimí neamhspleách ar a chéile
  3. Scaoilte - caithfidh baill an ghrúpa bheith in ann feidhmiú bunaithe ar eolas logánta agus a saineolas féin
  4. Agus caithfidh dóigh éigin a bheith ann an eolas a chomhbhailiú
Tá an chéim deiridh ana thábhachtach - ní leor vóta simplí nó comhdhearcadh.

Pléann an leabhar freisin leis an baol is féidir a bheith i ngrúpa nach bhfuil na hairí seo ag baint leis - an "meitheal meabhair", "easa eolais" agus rl. Tá mír Dubhaltaigh tráthúil sa chomhthéacs seo: is minic ró-thionchar ag duine le tuairimí láidre - antoisceacha fiú - ar ghrúpa, de bharr é bheith is airde glaime.

Lón machnamh.

Feictear dom é bheith ina bhuntáiste dúinn anseo sa bhlagtacht, go mbíonn muid ag léamh tuairimí nach réitíonn muid i gcónaí leo - toisc muid a bheith ag tarraingt as líon bheag. Tá baol ann ar an idirlíon nach mbeadh daoine ag léamh ag rudaí a threisíonn a gcuid réamhchlaonta....

Ceist: Dia Luain agus Loch Feabhail

Comhairle á lorg agam!

Tá scéal anseo

Tá cara liom ag scríobh leabhair agus ag iarraidh meabhair a bhaint as na logainmneacha.

Fuair mé folud/fola leis an brí "rud ar iasacht" i DIL. An é seo is bunús leis an scéal thuas?

Agus an ionann Dia Luain agus Lá an Luan, Lá Pilib a chleite? (i. Deireadh na Cruinne)

Fáilte roimh aon eolas bhreise! Fág teachtaireacht anseo, le do thoil, nó seo r-phost chugham ag aonghusoh ag gmail ponc com.

2010-04-26

Fánaíocht Fileata


Mheabhraigh dán Nuala Ní Dhomhnaill dom go bhfuil leabhar dá cuid ar mo leabhragáin le fada. Fuaireas thiar i dtús na nóchaidí é, nuair a bhí sí ag Féile Litríochta i Pankow, i mBeirlín na Gearmáine. Feis an teideal atá air. Agus mé ag póirseáil tríd arís - tar éis na blianta, bhí sé san dara rang ar na leabhragáin - tháinig mé ar dhán faoi siúlóid i Loch a'Dúin. Thug mé féin cuaird ar an ngleann úd thiar sa bhfómhair.
Laistiar de Bhaile Uí hÓinín
i ngleann i measc na gcnoc
tá faill dhubh os cionn loch a' Dúin
is eas ar Abha na Scóraide.

Tugtar ana bhlas sa dán ar siúlóid teaghlaigh chuig an gleann, agus an fiannaíocht a ghabhann leis. Ag deireadh an lae:
Faoin am seo bhí sé ag éirí fuar
is bhí daoine ocrach
is faoin am go rabhamair ag casadh abhaile
bhí cuid againn cancrach

Is chualathas mo chéile ag rá ina theanga féin
"Na fiafraigh d'fhile cá bhfuil an bóthar go Baghdat.
Léimfidh a samhlaíocht thar íor na spéire
is raghaidh tú amú sa phortach"

Is iomaí seod deá sníomhta eile atá sa leabhar.

2010-04-24

Blúirín: Lipéid i nGaeilge!


Cheannaigh (mar is gá go minic) mo bhean éadaí nua ar na mallaibh do m'iníon. Thug mé faoi ndeara go raibh an lipéid cúraim i nGaeilge!

An comhlacht McCul as Baile Átha Cliath a rinne.

2010-04-23

Blúirín: Feartlaoi fuinniúil

I Nuacht 24 na seachtaine seo tá sár phíosa scríbhneoireachta ag Eoghan Ó Neill, ag caoineadh a dheirfiúr agus ag ceiliúradh a saol.

Sílim go bhfaca mé ar líne é, ach níor éirigh liom theacht air arís.

D'aimsigh mé an nasc: seo é.

Is cloch iontach ar charn a dheirfiúr é, agus píosa iontach corraitheach.

Blúirín: Sneachta (Nuala) Rua


Sneachta

Níor chan éan
Níor labhair damh
Níor bhris tonn
Níor lig rón sceamh


Chonac an rann thuas ar an DART, ag tarraingt aird ar Féile Cúirt ina bhfuil Nuala Ní Dhomhnaill ag glacadh páirt.

Is éachtach an chuir síos ar tost iar sneachta atá ann. Ar mhaithe leis an dreama gan Ghaeilge, tá aistriúchán iontach le Michael Hartnett ag dul leis.

(Súil agam gur úsáid chóir atá ann an rann a chuir anseo. Íomhá ó Wikimedia)

Bodhaire agus Féile Uí Laoghaire

Ní thaithíonn Michael O'Leary liom. Nó, le bheith cruinn, tá col agam leis an íomhá poiblí, an duine neamhurramach, dímheasúil. An ghráiscín glic. Tagann amhras orm áfach nach bhfuil ansin ach aghaidh fidil ag ceannaire gnó éirimiúil, rathúil. Tuilleann a chumas gnó meas. Tuilleann sé meas freisin as a thírghrá praicticiúl - is beag boc mór i measc prionsaí gnó na hÉireann atá sásta a chuid cáin phearsanta a íoc anseo gan cleas ná cam.

Sílim freisin go bhfuil dealramh lena mí shástacht maidir leis na fiacha atá ar na haerlínte íoc as bia agus lóistín dóibh siúd a raibh deacrachtaí acu de bharr an scamaill úd. Tá rud éigin as alt má tá ar aerlíne na mílte euro a íoc ar mhaithe le duine a cheannaigh ticéid ar cheithre euro.

Beidh iarmhairtí aige seo do ghnó na n-eitilt saora. Gnó atá, sílim dearfach don gcuid is mó. Is cinnte nach bhfuil, mar shampla, cuach na himirce chomh nimhneach is a bhí, agus deis ag daoine dul sall agus anall go minic. Agus chuir sé borradh áirithe faoi turasóireacht freisin. Is cuimhin liom gasóg ag maíomh ag comhdháil gasóga go raibh bonn tuilte ag Micheál groí as eachtraí thar lear a dhéanamh indéanta do na fánaithe.

Is cinnte go bhfuil gá le árachas éigin chun an ualach seo a scaipeadh go cothrom idir iad siúd a ghnóthaíonn as an gnó seo - lucht taistil san áireamh.

N'fheadar cén deireadh a bheidh leis an scéal.

2010-04-22

Is baolach gur beag duine a thuigeann conas baol a thomhas...

Bíonn baol ann i ngach gníomh. Nuair a bhíonn duaiseanna agus caillteanais móra i gceist, ní mór an baol a thomhas.

Go canónach is fíor:
Baol = Dóchúlacht x Iarmhairt

Is minic tuiscint réasúnta maith ag daoine ar na hiarmhairtí. Ceist eile an dóchúlacht. Nuair nach mbíonn fianaise ar fáil, braitheann tomhas na dóchúlachta ar mothúcháin; treoir neamhchruinn de ghnáth. Sin an toisc go mbraitheann muid, abair, go bhfuil eitilt níos baolaí ná tiomáint. Rud nach fíor. Ach tá na hiarmhairtí ar timpiste eitleáin i bhfad níos mó ná timpiste gluaisteáin; mothaíonn muid é bheith níos baolaí dá réir, ainneoin an dóchúlacht a bheith i bhfad níos lú.

Fágann sin deacracht mór nuair a bhíonn easpa eolais ann chun ann an dóchúlacht a mheas - mar a tharla, abair, i gcás an scamall luaithrigh. Ceist atá cíortha anseo:

Tráthúil go leor, tá plé anseo agus anseo ar bua an bhaoil.

2010-04-21

Blúirín: Aitheasc láidir ar ról an Chríostaí sa Pholaitíocht

Ó Charles J. Chaput, Easpag Denver.

Ceist ama agus deireadh ré

Is dócha gur cuimhin libh Y2K. An cúis a bhí leis sin ná go raibh an dúrud cláir ríomhaireachta ann nach raibh in ann plé le blianta lasmuigh den raon 0..99. Mar a tharla, seachnaíodh fadhbanna tríd clár oibre cothabhála.

Meabhraíodh dom inniu go bhfuil fadhb gaolta leis fós romhainn. Pléann córais Unix le am mar an uimhir soicind ó sainré1 airithe - meán-oíche ar an 1ú Eanáir 1970.

Is mar slánuimhir 32 giotán a phléitear leis an t-am sin. Mar sin, ag 03:14:07 ar an 19 Eanáir 2038, beidh an slánuimhir is mó sroichte. Fadhb Y2K38? Beidh le feiceáil. Is dócha go bhfuil a dóthain foghlamtha as Y2K go seachnófar an dochair is measa; go háirithe más rud é gur baineadh feidhm mar is ceart as leabharlannaí ríomhaireachta.

Ach chuir an cheist ar fad mé ag machnamh athuair ar conas a tomhaistear am. Shilfeá go bhfuil sé measartha simplí - lá, sin an achar ó nóin go nóin. Nóin, sin an uair go mbíonn an ghrian san pointe is airde san spéir. Soicind, sin an 1/(24*60*60) cuid de lá, ina bhfuil 24 uair de 60 nóiméad, agus 60 soicind san nóiméad.

Ar sin atá an soicind bunaithe gan amhras. Ach is le cloig adamhach a tomhaistear an soicind caighdeánach de chuid an SI. Is ionann soicind de chuid an TAI - an t-Am Adamhach Idirnáisiúnta agus 9,192,631,770 tonnfhad den radaighníomhach ó adamh caeisiam agus é ag preabadh idir dhá leibhéal fuinnimh. (Mar a tharlaíonn sé, is meán scata cloig adamhacha a bhaintear feidhm as go praiticiúil).

De bhrí nach bhfuil rothlú an Domhain seasta, bíonn difríocht ann idir TAI agus UTC - Am Uilíoch Lárnach. Bíonn gá mar sin le soicind bhisigh a chuir leis an am.

Agus is mó casadh eile atá sna córais ama....

Obair d'oíche eile is ea an lá Iúlach.



1 Epoch a tugtar ar an bpointe ama seo as Béarla. Tréimhse ama is mó a bhíonn i gceist le epoch; roghnaigh mé an téarma thuas ón méid a mhol Focal - an téarma is lú míchruinnis, dar liom. Bheinn buíoch as moladh feabhsaithe!

Blúirín: Freagra ó George Weigel ar Hans Küng

Ní raibh fhios agam go raibh George Weigel i measc léitheoirí an Irish Times.

Seo freagra ar litir úd Küng.

Níl aon chonair go fíor athnuachan san Eaglais nach gabhann tríd gleann chúng agus géar na Fírinne.


M'anam ach gurbh sin an Fhírinne glan!

2010-04-19

Argóint, easaontas agus éisteacht

Bhí leathchluas agam le clár plé éigin ar an raidió inné nuair a chuala mé duine den chliar ag déanamh idirdhealú spéisiúil idir "argóint" agus "easaontas". Má thuig mé i gceart é, is féidir "argóint" a bheith agat le duine má tá sibh ar aon fhocal maidir le bun fíricí an cháis, ach má tá sibh ar malairt tuairime faoi conas an fhadhb a réiteach. Ach is easaontas atá i gceist nuair nach bhfuil an réamhthuiscint riachtanach sin ann, agus ní thiocfaidh aon ní fónta as an allagar.

Is eagal liom go mbíonn easaontas go minic i gceist nuair atá ceisteanna a bhaineann le creideamh (nó easpa creideamh, arbh creideamh ann féin é) i gceist.

Agus seo an áit a éiríonn an cheist casta. Bheadh sé mí ionraic ag aoinne le tuairimí láidre gan iad a chuir in iúl. Agus creideann an té a chreideann gur chun leasa daoine eile a bheadh sé, iad a bheith i seilbh an ruda luachmhar atá aige. Ach is minic gur mó teas ná solas a thagann as sin; ach go hairithe toisc go gceapann muid go minic, bunaithe ar thráithnín éigin, go bhfuil tuiscint iomlán againn ar an rud a chreideann an duine lena bhfuil muid ag allagar. Is minic muid ar strae, áfach.

Tá, mar sin, tábhacht le héisteacht cheart a thabhairt, fiú mura mbeidh mar thoradh ar ná aontas faoi easaontas a bheith ann!

Bhí rudaí le rá faoi seo ag an Rabbi Alon Goshen-Gottstein san Jerusalem Post agus é ag cíoradh an raic faoi aitheasc an Bhráthair Cantalamessa ar Aoine an Chéasta. Tá sé ag éirí níos deacra ráiteas machnamhach maidir le cúrsaí creideamh a dhéanamh agus gan snáth éigin a bheith réabtha as agus fite isteach i scannal saorga éigin, a ardaíonn ceo a fholaíonn an rud a bhí le rá.

Agus ní cabhair dá laghad ar foirceadal go bhfuil gach fírinne coibhneasta. Baintear an tátal as sin go bhfuil cead agat do rogha rud a chreideamh; chomh fada is nach gcuireann tú an creideamh i gnímh ar bhealach ar bith!

2010-04-17

Blúirín: Le gach bó a lao

Scéal anseo faoi cás cúirte maidir le cóipcheart agus comhroinnt comhad.

Luaitear Colm Cille, agus cuirtear an nath "Le gach bó a lao, le gach leabhar a mhac leabhar" ina leith. (Táim cinnte go bhfuil an leagan cruinn ag Dennis). Ach ní Colm Cille a dúirt. Ba ina aghaidh siúd a tógadh an cás, de bharr cóip bradach a dhéanamh de leabhar.

Caolseans, áfach, go mbeidh cogadh cathartha ann anois má ghearrtar ar idirlíon ar roinnt foghlaithe cóipchirt!

2010-04-16

Deá obair agus deá oibreacha

Agus mé ag léamh aiste le Fred Brooks "An Eolaí Ríomhairí1 mar Uirliseoir" [PDF!], thug mé suntas don liosta seo de bhronntanais a thug Dia dúinn ag cruthú an Domhain:
  1. Beatha, agus saoirse ón mBás
  2. Cumann leis an Cruthaitheoir
  3. Cairdeas, ach go háirithe an pósadh
  4. Leanaí
  5. An dúlra, ach go háirithe ainmhithe
  6. Saoirse
  7. Obair chruthaitheach le déanamh
Is bronntanas atá san obair chruthaitheach, cinnte. Ach, mar a phléigh C.S. Lewis ina aiste "Deá obair agus Deá Oibreacha2", fágann an geilleagar mar atá sé anois gur beag duine againn go bhfuil an saoirse aige obair fiúntach a dhéanamh go maith ina ghnáth obair. Agus go minic gur droch obair a bhíonn i "Deá Oibreacha", i. obair charthanach.

Táimse measartha sásta go dtí seo gur éirigh liom obair, a bhfuilim sásta deá obair a thabhairt air, a chuir i gcrích i mo shaol gairmiúil - obair mhaith ar nithe úsáideacha, fónta. Tuigim gur bronntanas é sin fosta, agus gur iomaí sclábhaí pá inár measc. Ba mhaith liom dá mbeadh geilleagar comhar seilbheach ann, mar a mholann Dubhaltach. Ach nílim ró dhóchasach; sílim go bhfuil bealach éigin idir na córais reatha de dhíth. Agus go bhfuil ról thábhacht ag coimhdeacht ina leithéid de chóras: go bhfágfaí leigheas gach faidhbe ag an leibhéal is ísle agus is féidir. Rud atá de dhíth go háirithe san tír seo, atá céasta ag ró lárú cumhachta in Átha Cliath. Agus go caithfidh aon chóras laigí an chine a chuir san áireamh. Féach an éifeacht atá ag rialaitheoir díograiseach ar chúrsaí airgid, mar shampla!



1"eolaí ríomhaireachta" atá ag Focal. Ach tá idirdhealú tábhachtach ann idir "Computing Scientist" agus "Computer Scientist" sa Bhéarla, ar mhian liom a thabhairt slán. Bíonn, de réir Dijkstra, béim ar an inneall i Mheiriceá, agus ar an saothar a chuireann sé i gcrích san Eoraip. B'fhéidir nach fíor sin níos mó, ach sílim go bhfeileann "Eolaí Ríomhairí" níos fearr don rud atá idir chamáin ag Brooks.
2Theip orm teacht air leagan den aiste seo ar líne.San leabhar Screwtape proposes a toast a léigh mise é.

Blúirín: Seo mar is ceart d'easpag gníomhú

Lom, díreach, gasta. Súil agam go leanfar an sampla.

Cá bhfuil na céirseacha?


Anois teacht an earraigh, tá na lonta dubha le feiceáil chuile áit. Ach níl oiread is céirseach amháin feicthe agam. Is beag mo scil i gnáis ealta Éireann. Is dócha go bhfuil míniú simplí ar an gceist - go bhfuilid ar gor, agus na lonta ar a ndícheall ag coinneáil bia leo, agus níos feiceálaí dá réir. N'fheadar an mbeadh freagra mo cheiste ag Séamas Mac Annaidh?

Éan thar a bheith liteartha an lon dubh. Tá an rann seo le fáil i Síoda ar Shíoda.

Uch, a loin, is sona dhuit,
sa mhuine thall i bhfuil do nead,
díthreabhach ná clingeann clog
binn bog sítheach do fhead.

(Dán ón tréimhse 700-1200. Ní inniu ná inné a thosaigh an lon ag tarraingt airde ar féin!).

Le Darkone ar Wikipedia an pictiúir de chéirseach.

Blúirín: Cosaint láidir ar an bPápa

Ag Mercator, ach foilsithe ar dtúis san Guardian.

2010-04-14

Blúirín: Comhghaolmhaireacht, cúisíocht agus an hipitéis nialasach

Dhá coincheap a chuirtear trína chéile go minc ná Comhghaolmhaireacht agus cúisíocht .

Mar shampla, má bhíonn A le feiscint agus B ann níos minice ná C agus B: an A is cúis le B? Nó an fearr A ná C chun B a spreagadh?

Ní gá go mbeadh aon chúisíocht ann idir A agus B.

Tá uirlis ag staitisteoirí le dul i ngleic leis seo: rud ar a dtugann siad an hipitéis nialasach. Ní go ró mhaith a thuigim féin conas go díreach a bhaintear feidhm as na huirlis matamaiticiúla seo; bhí an ghráin agam ar staidrimh agus dóchúlacht san ollscoil, agus níl mé ar mo shuaimhneas leo fós.

Is leor dom an tuiscint agus feasacht nach ionann Comhghaolmhaireacht agus cúis!

Cúis mo mhuiníne as Benedict

Ní haon rún é (do léitheoirí an bhlag seo ach go háirithe) go bhfuil meas agus cion agam ar Josef Ratzinger, an Pápa Benedict XVI.

Tá an cion agus an meas seo bunaithe ar léamh an chuid sin dá leabhair atá scríofa do thuathaigh agus neamh diagairí, agus ó bheith ag léamh a chuid imlitir agus aitheasc. Léamh atá ar bun agam le breis agus deich mbliana. (Tá sé de bhuntáiste agam go bhfuil teacht agam ar an mbunleagan Gearmáinise dá bhfuil scríofa aige; cloisim go mbíonn na haistriúcháin lag)

Pictiúr eile ar fad atá agam seachas an scigléiriú atá fairsing sna meáin.

Oide machnamhach, tuisceanach, caoin. Fear atá oscailte do smaointe dhaoine eile - tharraing sé, mar shampla, as saothar scoláire Giúdach ina leabhar ar Íosa.

Fear a ghoileann peacaí a chomhbhráithre sna sagairt go smior air, peacaí ar thug sé féin salachar air - ní ar na hainghníomhartha amháin, ach ar an faillí agus an cur i gcéill a d'fhág spás do choirpigh feidhmiú faoi bhrat na hEaglaise.

Ó thosaigh sé ag teacht ar an dtuiscint faoi forleithne na faidhbe, i lár na 1990í, tá sé ag gníomhú chun an chóras a dhéanamh níos éifeachtaí.

De bharr, áfach, nach aon réalta cumarsáide é, agus gur gnách a scríbhinní agus ráitis a bheith dlúth agus domhain - agus mí fheiliúnach do fuaim ghreimeanna - tá a íomhá poiblí as alt leis an dtuiscint atá agamsa.

Ní shin le rá go gcreidim go bhfuil sé saor ó locht. Ach creidim nach bhfaigheann - agus nach bhfaighidh - sé cothrom na féinne ó na meáin. Tá sé dílis do theagasc na hEaglaise, agus is iomaí ghné den teagasc sin atá do-ghlactha ag na meáin cumarsáide. Mar sin, leanfar leis an scigléiriú.

Ach leanfaidh mise orm ag iarraidh teacht ar na rudaí a dúirt sé, agus aird a tharraingt orthu. Agus ó tharla foinsí údarásacha a bheith ar fáil go héasca ar líne, is féidir sin a dhéanamh.

Blúirín: Léiríonn an fíoch faoin bPápa laigí na hAindiachaí Nua

De réir Breandan O'Neill, aindiachaí é féin.

2010-04-13

Blúirín: Dea scéal do thuismitheoirí leabhar-bhácha

Léiríonn taighde gur buntáiste leabharlann fairsing sa bhaile do phaistí.

Leithscéal (eile) gan éirí as na leabhar úd a cheannach!

Conas PDF de Ghaelscéal a fháil



Fig. 1.

Fig. 2.


Fig. 3.

  1. Téir go dtí an suíomh ag http://www.gaelsceal.ie/
  2. Brúigh ar an bpictiúr faoi "leagan digiteach" (Fig. 1)
  3. Brúigh ar "Roghchlár" ansin "Íoslódáil PDF" (Fig. 2)
  4. Brúigh ar "Download all" (Fig. 3)
  5. Nuair a osclaíonn acrobat reader i do bhrabhsaer, brúigh ar "Save as", agus roghnaigh ainm ciallmhar éigin!
Súil agam gur cabhair éigin é seo daoibhse nach bhfuil teacht agaibh ar leagan crua. Mar a deir na cuntasóirí, Earráidí agus Easnaimh as an áireamh!

N.B. beidh moill 2 lá (oibre?) ann idir foilsiú an nuachtáin ar an Aoine agus é bheith ar fáil ar an suíomh.

2010-04-12

Gaelscéal.

D'fhreastail mé ar an seoladh. Tá trí eagrán (an chéad ceann san áireamh) ceannaithe agam i siopaí. Táim measartha sásta.

Tá léirmheas chruinn déanta ag Conchubhar (Gaelscéal ag aimsiú an bhuille) agus comhrá spéisiúil ann. D'aontaigh mé cuid mór leis an méid a bhí le rá ag Seán Mór faoi eagrán 2.

Ach sílim go bhfuil a mhéar leagtha ag Séamas Mac Seáin ar an bpríomhlaige. Caithfear an nuachtán a dhíol - le léitheoirí agus le fhógróirí. Luadh i dtrácht ar an píosa a bhí ag Pól Ó Muirí ar a bhlag Béarla Ultach gur botún a bhí ann gan an suíomh idirlíon a bheith "beo" roimh an seoladh, ar mhaithe le stocaireacht a dhéanamh. Agus fós níl eolas ar an suíomh conas síntiúis a bhaint amach. Nó má tá, níor aimsigh mise é. Oibríonn córas PayPal Nuacht24 go seoigh domhsa, £10 in aghaidh na míosa as mo chárta creidmheasa, agus nuachtán Samizdat na Gaeilge i mo bhosca poist gach seachtain. Tuige nach bhfuil an rogha sin ag dul le Gaelscéal? Ní feidir a bheith ag brath ar dea thoil siopaí nuachtáin. Muna bhfuil ach corr chóip á dhíol, ní fiú an tairbhe an trioblóid don siopadóir - bíonn an oiread oibre i gceist le cóipeanna a sheoladh ar ais, féachaint chuige go bhfuil na cuntais in ord, agus rl. (Taithí agam ar seo ó bheith ga lorg Lá agus Foinse i siopaí, agus mo dhóthain clamhsán faoi na dáilitheoirí cloiste agam!)

Cúis imní dom an suíomh idirlín, déanta na fírinne. Feictear dom nach bhfuil smacht díreach ag Foireann Gaelscéal ar an suíomh - tá an cosúlacht air go bhfuil siad spléach ar dream éigin eile chun eolas a chuir ann agus a athrú. Má tá cartlann ann, ní fheicimse é. Agus nílim tógtha leis an leagan amach, ná an bealach a cuirtear blúiríní gairide as na scéalta, a bhfuil an cuma orthu nár múnlaíodh iad don suíomh, nár déanadh ach cúpla abairt a réabadh as an leagan cló. Tá amhras orm freisin faoi fotha twitter a bheith ann, ach an cuma air nach bhfuiltear á úsáid i gceart, chun spéis a spreagadh. Nod: féachaigí na moltaí ag http://www.usability.gov faoi conas suíomh so-úsáidte a dhearadh!

Feictear dom gur laige coitianta é sin i suíomhanna idirlín gluaiseacht na Gaeilge - go mbíonn deighilt ann idir an dream atá gníomhach, agus an dream atá ag cur an suíomh ar fáil.

Ach do nuachtán, d'fhéadfadh sé bheith marfach.

Bímis ionraic - níl aon whistleblower chun a rún a ligeann le Gaelscéal - seachas más "Gael scéal" atá i gceist. Ní fiú dóibh, toisc nach bhfuil an lucht léite fairsing go leor. Beidh orthu dul sa tóir ar scéalta; agus ansin stocaireacht a dhéanamh le léitheoirí agus fógróirí a mhealladh. Agus sin in éagmais na daoine a chnuasaigh taithí iriseoireachta le Lá agus Foinse. (N'fheadar an dtiocfaidh athrú ar sin ach an cás cúirte de chuid Cló Cheart a bheith socraithe?)

Agus, gan amhras, beidh sé deacair ag Gaelscéal gach trátha fhreastal. Táimse ar aon fhocal le Gabriel Rosenstock, a bhí ag clamhsán i litir an tseachtain seo, nach bhfuil an litríocht ag fáil ach cuid tanaí an mheacain. (agus bhí níos lú arís ann an tseachtain seo). Ach tá pobal léite nuachtáin na Gaeilge chomh beag sin nach féidir é a scoilt níos mó, agus a rogha cothaithe a sholáthar do gach grúpa. Níl ach an 32 leathanach ag Gaelscéal. Le himeacht ama, is dócha go mbainfear amach an cumasc cheart chun an phobal a cothú.

Tá obair mhaith ar siúl, ach tá bealach le dul fós.

Blúirín: Soiléiriú ón Vatacáin maidir le conas a pléitear le cásanna mí-úsaid

An rud ar fad anseo:

Pointí suntasacha:
  • Ba cheart cloí leis an dlí sibhialta maidir le tuairisciú do na húdaráis i gcónaí.1
  • Moltar don Easpag áitiúil aon ní a cheapann sé ba cheart a dhéanamh ar mhaithe le cosaint leanaí, a dhéanamh ar an bpointe.


1Níor gníomhaigh an Rialtas anseo fós chun tuairisciú ar líomhaintí a dhéanamh riachtanach. Ba cheart dóibh. Baineann sé seo ní hamháin leis an eaglais, ach le haon eagraíocht a mbíonn baint acu le paistí. Faoi láthair, bheadh drogall ar dhaoine tuairisciú gan fianaise láidir, ach is ceist do shaineolaithe é sin a aithint. Thabharfadh dlí cosaint do dhaoine a rinne tuairisciú go hionraic, fiú más rud é go raibh siad mícheart.

2010-04-09

Blúirín: Cainteanna Imbolc ar líne

Le tamall anois.

http://www.imbolc.ie

Dóibh siúd nach raibh deis acu freastal, is iontach an gníomh é seo. Caint Mhichal agus Colmán feicthe anois agam. TED na Gaeilge!

Líonraí Meitheal Spreagtha


Ó ré na líonraí teilifíse ar aghaidh, táid ann a dhéanann staidéir ar luach líonra agus cur síos mhatamaiticiúil air. Cuireann Dlí Sarnoff síos ar líonra craolta. Tá an luach i gcoibhneas le líon na mball N. Ach i gcás líonra a mbíonn naisc idir baill aonair, tagann Dlí Metcalfe i gceist.

Is féidir le líonra le N baill N(N-1)/2 naisc a chuir ar fáil. Sé sin, tá an luach i gcoibhneas le N2
.

Cuireann fear darbh ainm Reed dlí eile chun tosaigh. Tráchtann sé ar an dóigh a chuidíonn bogearraí airithe ar an idirlíon le daoine meithleacha a bhunú. Tugann sé "Líonraí Meitheal Spreagtha" orthu seo. Is féidir le N duine 2N-N-1 grúpaí dá leithéid a bhunú.

Mar shampla, má tá A,B,C agus D i ngrúpa, is féidir na foghrúpaí seo leanas a bhunú
  1. A + B
  2. A + C
  3. A + D
  4. B + C
  5. B + D
  6. C + D
  7. A + B + C
  8. B + C + D
  9. A + C + D
  10. A + B + D
  11. A + B + C +D
Gan amhras, ní gá go mbeadh gach grúpa mar sin ann; ach fós is é an éifeacht meitheal spreagtha is mó a chuireann le luach an líonra, toisc go bhfásann 2N chomh gasta sin. San léaráid thuas, is ionann na hualaí agus:
a=0.1
b=0.01
c=0.001

Is léir mar a fhásann an cuar ana ghasta ar fad nuair atá fiú an míliú cuid de na grúpaí a d'fheadfadh a bheith ann, ann. Sin rún Facebook agus a leithéidí. Sin cumhacht an idirlíon, a chuireann ar chumas daoine teacht le chéile beag beann ar am agus spás chun togra amhail Wikipedia agus Linux a chuir i gcrích. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, ach laghdaíonn an líon costas cumarsáide go radacach.


Liomsa, le cabhair ó gnuplot, an léaráid.

Blúirín: RíRa Eagrán 2 ar fáil

Ó Coimicí Gael.

Fuair mé mo chóip tríd an bpost inniu. Cuma deas air. Feictear dom snas a bheith air thar mara bhí ar an gcéad eagrán. Feicimid cad deir na buachaillí.

2010-04-07

Éalúchas

Is beag cuimhne atá agam ar an bprós a bhí orm a chíoradh ar scoil. Eisceacht is ea scéal chlasaiceach James Thurber - Saol Rúnda Walter Mitty. Scéal fir a éalaíonn óna shaol chúng leadránach isteach i dtaibhrimh lae. B'fhéidir gur fhan sé liom cion is go bhfuilim féin tugtha do tógáil caisleáin san aer.

Sár phíosa san Times inniu ag Gabriel Rosenstock a mheabhraigh dom é. Ag trácht (ón dtaobh amuigh!) ar Second Life atá sé. Saol fíorúil; táim ar aon fhocal leis faoi gan clárú leis; caithim barraíocht ama san cibirspás mar atá, agus níl fonn orm poll dubh ama eile a oscailt dom féin.

Agus tá an baol sin ann. Is furasta cluain a chuir ar na céadfaí, agus cuma na fírinne a chuir ar an ealaíon. Is beag seinnteoir ceoil, mar shampla, nach bhfuil bogearra cliste ann a chlaochlaíonn an rud a cloistear i dtreo is go samhlófá tú féin i gceoláras, nó eaglais, nó seomra i gclub snagcheol. Is féidir scannán tríthoiseach a choimhéad agus gan agat ach péire simplí spéaclaí polaraithe. Agus tá éadach ann a chuireann cluain ar an tadhall. Go bhfios dom, níl aon chleas ann chun dallamullóg a chuir ar an srón nó an blas; ach níl ansin ach ceist ama. Nuair atá ar an gcumas imirt go díreach ar na néaróga....

Tá trácht i Brave New World ar "bratháin" (feelies) mar siamsaíocht.

Pléigh Primo Levi i roinnt gearrscéalta dá chuid leis an mbaol a bhaineann le eispéireas siamsaíochta ina dtumtar duine i saol fíorúil a sheinneann cad céadfa. Éiríonn a laoch chomh tógtha sin leis an Iltaifeadán (Torec) nach dtig leis aird a thabhairt ar rud ar bith eile.

Is cinnte go bhfuil andúiligh Second Life ann cheana. Is maith an rud sciar den éalúchas, ach nuair a fhaigheann sé an lámh in uachtar ... ceist cainníochta seachas tréithe is ea nimhiú, tar éis an tsaoil.



Íomhá: Tumadóir samhailteach de chuid an NOAA i Second Life. Ó Wikipedia.

2010-04-06

Comhionnas agus ionannas

I dtrácht ar a blag, chuir Áine ceisteanna:

An bhfuil a fhios agat ach cuireann sé iontas ormsa an dóigh a nglacann daoine ar fud an domhain, fir agus mná Caitliceacha na tíre seo ina measc, feictear domsa, le creideamh nach dtugann comhionannas do mhná, nó an é nach miste leo go bhfuil dlíthe ag an eaglais a mhaíonn nach féidir le mná bheith ina sagairt? Agus, cén fáth nach féidir le mná bheith ina sagairt?
Is é an smaoineamh a ritheann liom, go minic, dá mbeadh dlí san eaglais sin a déarfadh nach raibh cead ag an bhfear gorm/bhfear taistil, mar shampla, bheith ina shagart, an mbeadh sé sin inghlactha, nó fiú, an gceadódh rialtas na tíre seo é? Nó, an é nach bhfuil dlíthe na tíre seo in ann dul i ngleic leis an rud atá, de réir dlíthe comhionannais na tíre seo, chomh fada agus is eol dom, mídhleathach? Nó, an é nach bhfuil sé mídhleathach ar chor ar bith?
Nó, an é nach mbaineann dlíthe na tíre le dlíthe reiligiún ar bith atá ag feidhmiú sa tír seo?

Ceisteanna maithe, agus dlitear freagra di. Ós rud é gur mise duine de na daoine a ghlacann leis nach féidir le bean a bheith ina sagart, déanfaidh mé iarracht freagra a thabhairt. Ní shásódh mo fhreagra gach duine. Gan amhras, is eagal liom go gcuirfidh sé cantal agus fiú fearg ar dhaoine. Tá brón orm faoi sin. Ní mór dom a rá freisin nach bhfuil an cheist seo ag dó na geirbe orm; níl mórán marana déanta agam air, agus mar sin ní bheidh an freagra seo iomlán ná foirfe.

Táim chun tosú ón deiridh, sórt:
Nó, an é nach bhfuil sé mídhleathach ar chor ar bith?

I mbeagán focail, níl. Tá an tAcht anseo.

An é nach mbaineann dlíthe na tíre le dlíthe reiligiún ar bith atá ag feidhmiú sa tír seo?

Sin ceist níos cigiltí. De réir na Bunreachta:
Airteagal 44.2.1° Ráthaítear do gach saoránach saoirse choinsiasa is saorchead admhála is cleachta creidimh, ach gan san a dhul chun dochair don ord phoiblí ná don mhoráltacht phoiblí.
agus
5° Tá sé de cheart ag gach aicme chreidimh a ngnóthaí féin a bhainistiú...

Mar sin, tá srian airithe ar an Stát cuir isteach i gnóthaí creideamh ar bith. Agus is amhlaidh is fearr é.

Anois, an buncheist:
...creideamh nach dtugann comhionannas do mhná, nó an é nach miste leo go bhfuil dlíthe ag an eaglais a mhaíonn nach féidir le mná bheith ina sagairt? Agus, cén fáth nach féidir le mná bheith ina sagairt?

Ar an gcéad dul síos, ní ghlacaim leis gur leithcheal gach idirdhealú. Agus is i gcearta atá comhionannas ann. Ní sé de cheart ag aoinne bheith ina shagart - gairm ó Dhia is ea é. Is é mo thuiscint, ainneoin gur theagmhaigh sé le mná ar mhodh radacach, agus ainneoin gur aithin Íosa agus a Eaglais cearta comhionnan na mBan, gurbh fir a roghnaigh sé mar Aspail, agus gur dóibh a tugadh an sagartacht oirnithe. Is é mo thuiscint nach dtig le hÚdarás na hEaglaise an chinneadh sin a chuir an neamhní. Ní hin le rá go bhfuil cearta á cheilt orthu siúd nach bhfuil oirnithe. Níl.

Tá mná chun tosaigh i measc Naoimh na hEaglaise: Naomh Caitríona, mar shampla, a chuir comhairle agus smacht ar Phápaí a linne. Tá beirt bhan eile - an dá Treasa ó Avila agus Lisieux luaite i measc na teagascóirí mhóra ar a dtugtar Dochtúirí na hEaglaise.

Cinnte, caitheadh go dona le mná laistigh agus lasmuigh den Eaglais - rud a luaigh seanmóirí an Phápa ins san aitheasc úd a raibh sé de mhí ádh air an cosúlacht a chuir ar féin go raibh sé ag cuir an raic reatha i gcomparáid le frith Giúdachas. Cinnte, ba mhaith liom ról níos lárnaí a fheiscint ag mná i riaradh na hEaglaise ag gach leibhéal. Agus, go deimhin, tá sin ag tarlú.

Ach ní gá bheith oirnithe chun ról lárnach a ghlacadh. Níl san sagart oirnithe ag dóigh amháin chun freastal ar phobal na hEaglaise. Dóigh a bhfuil rúndiamhair ar leith ag baint leis. Bhí, agus tá, mná riamh lárnach do shaol na hEaglaise. Scríobh Eoin Pól II litir fhada ar an gceist, a chíorann diagacht na ceist go mion.

2010-04-05

An Ghaeilge Ealíonta

Tá beirt mhac sna déaga luaithe agam. Fágann sin mé ag léamh leabhair atá dírithe ar an aos sin - mar athair freagrach is mian liom tuairim éigin a bheith agam cá dtugann flosc léitheoireachta na buachaillí iad.

I measc na leabhair atá á léamh acu tá "The Moorehawke Trilogy" le Celine Kiernan. Úrscéalta lonnaithe i gcúirt ríoga san 14ú aois in Eoraip "comhthreomhar" atá iontu - fantaisíocht fuilteach den chineál ar maith le gasúir iad, is cosúil.

An gné is spéis liom anseo ná na Merron: cine arbh í Gaeilge na linne seo a dteanga. Cine sách aisteach - tá ainmneacha acu a mheabhraíonn Lochlann seachas Éireann dom. Agus cleachtann siad collaíocht nua-aoiseach, ach creideamh ársa, fuilteach - móide íobairt daonna.

Tuigim go raibh amhras ar na foilsitheoirí - Cló Uí Bhroin - faoin beartas seo, ó tharla gan Gaeilge a bheith ag an údar. Nuair nár éirigh leo í a dheighilt óna bplean. d'fhostaigh siad Gabriel Rosenstock le slacht a chuir ar an nGaeilge.

Táim fós idir dhá chomhairle faoi nithe mar seo, mar atáim faoi tatúnna i nGaeilge ar cneas duine gan Ghaeilge. Is maith, gan amhras, an Ghaeilge a chuir i láthair saol níos leithne. Ach an é seo an dóigh is fearr? Sílim tairbhe áirithe a bheith ann - ardú sprid do aosánaigh le Gaeilge - más fíor an méid a deir leathanach na litreach tí Celia.

Ach fós, n'fheadar ....

"Le plus grand danger pour l'Europe, c'est la lassitude."

Píosa a scríobh Jorge Semprún do Le Monde.

Bhí sé i mbraighdeanas i Campa Géibhinn Buchenwald le linn an Tríú Reich. Campa ar bhain na Rúisigh feidhm as mar champa géibhinn i ndiaidh an chogaidh freisin. Áit oirúnach mar sin chun an ithir fuilteach as ar fhás togra an aontais Eorpaigh a mheabhrú.

Sé faire buan praghas na saoirse. Agus chuige sin tá cuimhne de dhíth. Cuimhne atá buanaithe ag scríbhneoirí - leithéidí Semprún; ach, mar a deir sé, cuimhne atá buanaithe ach go hairithe ag an pobal Giúdach agus a scríbhneoirí siúd.

Longue vie à la moire juive de toute notre mort !

Rodta ag Rúndacht

Tá cliarlathas na hEaglaise Caitlicí smeartha ag an mbrocamas a cheil cuid acu leis na blianta. Is fíor gur mionlach ab ea na coirpigh i measc na sagairt. Ach is cuma. Is fíor nár cuireadh an dlí canónach i bhfeidhm i gceart sna cásanna seo - dlí a bhfuil pionós an díbirt as na sagart leagtha síos d'éigniú linbh. Ach is cuma. Is fíor, mar a scríobhann Brendan O’Neill, daonnachaí,go bhfuil áibhéil i gceist san clúdach sna meáin ar forleithne na faidhbe san Eaglais. Arís, is cuma.

Is fíor go bhfuil sé ráite go minic ag údaráis na Róimhe nach aon bac é an rúndacht, a éilíonn iniúchadh eaglasta, an Stát a chuir ar an eolas faoi choir. Ach ní mór a admháil gur ghlac roinnt cléirigh leis gurbh ea. Tá cúis maith le discréid i gcásanna mar seo. Smál do-mhaite is ea cos ar bholg ar leanaí. Is deacair do dhuine neamhchiontach teacht slán ó líomháin go ndearna sé nó sí amhlaidh. Fiú an té atá thíos le coir mar seo, is féidir a chlú a scriosadh ach an t-eolas sin a bheith poiblí. Ach ní haon leithscéal é sin gan gníomhú go docht agus go gasta.

Is fíor na rudaí seo ar fad, agus is mithid na fíricí sin a fhógairt agus a scaipeadh mar is cuí. Go ciúin, béasach, gan a bheith ag éirí tógtha. Agus ag seachaint friotal a fífear fuaimghreim áiféiseach as.

Mar sin féin, ní sin is riachtanaí:
Tá íonghlanadh de dhíth ar an Eaglais. Rud a tharla cheana ina stair, agus a tharlódh arís. Sa mhéid agus gurbh daoine iad baill an chléir, ní bheidh siad saor ó laigí daonna. Tús maith is ea litir an Phápa. Ní dóigh liom go mbíonn sé ag léamh an blag seo, ach cúis dóchais dom an Cuaird Aspalda a bheith fógartha aige.

Tá gá ag an Stát gníomhú freisin. Fós, níl aon reachtaíocht ann a leagann dualgas ar dhuine eolas a chuir ós comhair na húdaráis cuí. Fós níl aon reachtaíocht ann a cheadódh eolas "bog" - amhras seachas líomháin - a chuir ar aghaidh chuig na húdaráis gan dochar do chlú an tuairisceora nó an duine a chuirtear ina leith an eolas. Agus maidir le stair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus cúram leanaí....

Sílim, ainneoin an bhús ar fad sna meáin go bhfuil an toil agus an diongbháilteacht sa Phápa plé i gceart leis an rud seo ar ar thug sé féin "salachar". Sílim go bhfuil an cruthúnas ann go ndearna seisean a dhícheall - ainneoin na scéalta atáthar ag scaipeadh faoin dóigh ar "theip" sé. Sílim, má théitear i ngleic le fíricí na cásanna sin, nach bhfuil cás le freagairt aige.

Tháinig an Eaglais tríd tréimhsí eile mar seo - Pápaí a bhí drúiseach, arbh dúnmharfóirí iad, cléir a bhí gafa le finíochas, saint agus drúis. Tháinig - agus le cúnamh an Spioraid Naoimh tiocfaidh - an teagasc slán. Ní inniu ná inné a múnlaíodh an nath "Déan mar a deirid, ní mar a déanad". Agus anois, agus muid uilig liteartha agus cáipéisí na hEaglaise ar fáil go héasca ar líne, tá deis ag gach baistíoch a chuid féin a dhéanamh de theagasc na hEaglaise, agus iarracht a dhéanamh maireachtáil dá réir.

Ba bhaol an chléireachas i gcónaí do mhisean na hEaglaise, agus i maith go bhfuil an greim úd briste. Tagann amhras orm áfach go bhfuil cléireachas nua - cléireachas na saineolaithe ar na meáin agus na gcailiúlán tagtha ina áit.

Tá íonghlanadh agus athnuachan i gcónaí de dhíth ar aon fiontar a bhfuil daoine ag baint leis. Agus is leis an duine aonair a thosaíonn gach íonghlanadh. Feictear dom ceannairí maithe a bheith againn i Benedict agus Diarmuid Martin. Táim dóchasach go seolfar an Eaglais Caitliceach Rómhánach in Éirinn ar bhealach a leasa. Ach glacfaidh sé am brocamas na mblianta a sciúradh di.


Aguisín: Feicim ó thrácht ar bhlag Dennis gur theip orm an teachtaireacht a bhí uaim a chuir in iúl, a chuir in iúl. An "Is cuma" thuas, is éard a bhí i gceist agam ná nach é sin an rud is práinní a phlé - caithfear féachaint chuige nach dtarlóidh na coireanna seo, idir mí-úsáid leanaí agus an ceilt a lean é, riamh arís. Chuige sin atá íonghlanadh agus aithrí de dhíth, rud a chuimsíonn nochtadh iomlán na fírinne, tríd na cúirteanna de réir mar is cuí. Sin an príomh rud.

2010-04-04

Meán nó airmhéan?

Bhí píosa san Irish Times le déanaí maidir le "bochtanas coibhneasta". Bun agus barr an scéal nár thuig polaiteoirí áirithe an difríocht idir meán agus airmheán.

Is le samplaí agus dáileadh a bhaineann an dá téarma, ach tá brí ar leith ag gach ceann acu.

Abair gurbh iad 10,9,8,7,6,5,4,3,2,1,0 na samplaí.

Ansin, is ionann an meán agus an suim roinnte ar an líon samplaí:
(10 + 9 + 8 + 7 + 6 + 5 + 4 + 3 + 2 + 1 + 0)/11 = 5

An airmheán an sampla sa lár: 5 freisin.

Nuair a bhíonn dáileadh normalach i gceist, is minic go mbíonn an meán agus an airmheán gar dá chéile - toisc go mbíonn formhór na samplaí gar don meán.

Ach ní mar sin atá an dáileadh ioncam - in Éireann ná áit ar bith eile. Dáileadh Pareto a bhíonn i gceist. Sé sin le rá, bíonn líon beag daoine ar ard ioncam, agus titeann an ioncam go géir de réir samplaí ansin:

Rud éigin cosúil le:
(1000000 + 900000 + 80000 + 7000 + 600 + 50 + 4 + 3 + 2 + 1 + 0)/11 = 180696.36
ach anois sé 50 an airmheán.

Tá breis eolais anseo maidir le ioncam agus bochtanas in Éirinn:

Cinn Líon nó Blag?

I trácht thíos, mhol Rossa Ó Snodaigh:

Molaim duit tosú ar Cinn Lín (keen leen) a usáid in áit blag.
Séard atá i blog ná comhfhocail ó web log
An Gaeilge a bhíodh ar Diary ná Cinn Lae
Cé gur Líon an Ghaeilge ar net agus Gréasán ar web
Is idirlíon seachas gréasán a dtagadh Cinn Lín
Tá lín in úsáid mar gur é an ghinideach ar líon

bheadh duine ag dul i mbun nó ag scríobh Cinn Lín
seachas bheith ag cinn líneáil.
Cé gur féidir len té san bheith ina chinnlínteoir (blogger)

Ná déanaimís Parrots din féin tré aithris a dhéanamh ar gach focal bhéarla a dtagann ár mbealach. Tá an saibhreas sa teanga ach dul is í a lorg.

Tuigim cad a spreag é. Ach sa chás seo, ní aontaím leis. Is é mo thuiscint gurbh amhlaidh go gciallaíonn "Cinn Lae" deireadh lae - agus an gníomh is minic a dhéantaí ann; cuntas a scríobh ar an lá.

Is féidir, gan amhras, sean nath a athnuachan nó a athbheochan le ciall nua: sampla mhaith is ea turscar. Mar sin féin, is é an Bhéarla teanga na teicneolaíochta (áit a bhíodh ag Laidin tráth). Agus is rud nádúrtha é téarma a ghlacadh ón bhfriotail a úsáidtear ann chun coincheap nua a chuir in iúl. Ní dialann blag - agus ní cinn lae ná cinn líon atá agam anseo. Tá an blagadóireacht tar éis fás óna fréamhacha mar "web log".

Táim i bhfách leis an focal is fearr a úsáid, focal a chuireann coincheap in iúl go beacht, cruinn. Agus nílim ró bhuartha faoi foinse an fhocail, ach é a bheith ag teacht le gnás na Gaeilge.

Mar a scríobh mé cheana, tá an focal blag sa Ghaeilge ag dul i bhfad siar, pé scéal é.

Aoine an Chaochta?

Domhsa mar Chríostaí, is tráth tábhachtach é seo. Comhla na staire is ea bás agus aiséirí Chríost, dar liom. Agus lá thar a bheith sollúnta is ea Aoine an Chéasta, nuair a cheannaigh Íosa sin ón bPeaca agus ón mBás, trína Pháis. An lá nuair a réabadh brat an Teampaill, mar chomhartha go raibh an nasc díreach idir Dia agus Duine athnuaite - go raibh ardsagart nua againn i láthair Dé.

Tuigim, gan amhras, nach bhfuil an sollúntacht chéanna ann do cách. Agus ní chuireann sin isteach ná amach orm.

Sílim, áfach, go raibh an buailim sciath maidir le oscailt na dtábhairní i Luimneach áiféiseach ar fad. Go deimhin, is léir gur thuig lucht RTÉ go raibh a gcuid tuairiscí rud beag áibhéileach. Ar maidin bhí siad ag trácht ar "nós na gcianta" a bheith briste. Faoi deireadh an lae, bhíothas tar éis cuir ar a súile dóibh nach raibh an dlí go ndúnfaí tábhairní ar Aoine an Chéasta ann ach ó 1927!

Anois, is cuma liomsa oscailte nó dúnta na tábhairní - ní bheadh fonn óil ormsa ar lá Páis an Tiarna. (Do deimhin, staonaim ón ól san Carghas pé scéal é). Tuigim, mar a dúirt seanfhear liom, gur comhartha urraim é na tábhairní a bheith dúnta. Ach i ré nach roinntear an creideamh atá agam chomh forleathan agus a dhéantaí, sílim gur mó an dochar atá san bhfimíneacht a bhraitheann daoine a bheith ag baint le dlí mar seo, ná an urraim.

Mar sin féin, tuige go bhfuil na daoine seo, a bhfuil flosc dí orthu, ag éileamh lá saor? Cad é go díreach atá á cheiliúradh acu?

Aontaím cuid mór leis an méid a bhí le rá ag David Quinn - gur comhartha leanbaíochta seachas aibíochta atá sa bhús seo ar fad.

2010-04-03

Ochtú Lá na Cruthaíochta


D'aiséirigh Sé mar a dúirt Sé, Alleluia.

I measc na leabhair atá léite agam le déanaí, tá Spiorad an Liotúirge, le Josef Ratzinger (atá anois ina Phápa). Míníonn sé ana chuid rudaí ann. Ina measc an ghné a thaitníonn liom faoin Cháisc: go dtagann damhsa na Gréine agus an Ré le chéile ann: ar an Domhnach i ndiaidh an chéad oíche lán ghealaí i ndiaidh cónocht an Earraigh a thiteann an Cháisc. Luaitear freisin go bhfuil an Ghrian i teach comhartha an Reithe san stoidiaca freisin; siombail eile do Pháis Chríost, agus É dár ceannach ón mBás agus ónar bpeacaí.

Is é an Domhnach céad lá na seachtaine; ach meabhraíonn sé dúinn san leabhair an chaoi gur amharc aithreacha na hEaglaise - na machnóirí breátha sin ag tús stair na hEaglaise - ar Domhnach Cásca mar an tOchtú Lá, lá athnuachan na Cruthaíochta. Bhíodh sé de nós na hEaglaisí Baistí a thógann i gcruth ochtagán, maisithe le radhairc ó scéal na Cruthaíochta agus an Aiséirí.

Agus an chaoi gur nasc na Críostaithe luaithe Críost le Siombail na Gréine; foinse na beatha agus an Solais.

Go raibh Críost, Prionsa an Solais agus na Síochána, linn go léir.