Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-04-23

Bodhaire agus Féile Uí Laoghaire

Ní thaithíonn Michael O'Leary liom. Nó, le bheith cruinn, tá col agam leis an íomhá poiblí, an duine neamhurramach, dímheasúil. An ghráiscín glic. Tagann amhras orm áfach nach bhfuil ansin ach aghaidh fidil ag ceannaire gnó éirimiúil, rathúil. Tuilleann a chumas gnó meas. Tuilleann sé meas freisin as a thírghrá praicticiúl - is beag boc mór i measc prionsaí gnó na hÉireann atá sásta a chuid cáin phearsanta a íoc anseo gan cleas ná cam.

Sílim freisin go bhfuil dealramh lena mí shástacht maidir leis na fiacha atá ar na haerlínte íoc as bia agus lóistín dóibh siúd a raibh deacrachtaí acu de bharr an scamaill úd. Tá rud éigin as alt má tá ar aerlíne na mílte euro a íoc ar mhaithe le duine a cheannaigh ticéid ar cheithre euro.

Beidh iarmhairtí aige seo do ghnó na n-eitilt saora. Gnó atá, sílim dearfach don gcuid is mó. Is cinnte nach bhfuil, mar shampla, cuach na himirce chomh nimhneach is a bhí, agus deis ag daoine dul sall agus anall go minic. Agus chuir sé borradh áirithe faoi turasóireacht freisin. Is cuimhin liom gasóg ag maíomh ag comhdháil gasóga go raibh bonn tuilte ag Micheál groí as eachtraí thar lear a dhéanamh indéanta do na fánaithe.

Is cinnte go bhfuil gá le árachas éigin chun an ualach seo a scaipeadh go cothrom idir iad siúd a ghnóthaíonn as an gnó seo - lucht taistil san áireamh.

N'fheadar cén deireadh a bheidh leis an scéal.