Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-06-17

Die Abgeordneten ... sind ... nur ihrem Gewissen unterworfen

Sliocht as Bunreacht na Gearmáine, a deir go soiléir gur faoi réir ag a gcoinsias amháin atá teachtaí an Bundestag. Rud ar cheart é bheith fíor faoi gach Parlaimint, dáiríre. Ach níl: go hairithe abhus bíonn "Aoirí" ag na Páirtithe a chinntíonn gur de réir toil na ceannaireachta a chaitear vóta san Dáil.

Tá sioscadh sna meáin anseo toisc go raibh sé de "dhánaíocht" ag na hEaspaig ráiteas a eisiúint ag díriú aird baill an Oireachtais ar a imlitir "An Tábhacht a bhaineann le Pósadh"[PDF, ach Gaeilge].

D'iarr siad freisin go mbeadh vóta oscailte ar an gceist.

Deir an dream a rinne stocaireacht ar son an bhille nach ceist atá anseo don Eaglais; gur leis an Stát amháin a bhaineann sé.

Ach níl sin iomlán cruinn. Cúis imní do dhaoine a bhfuil creideamh acu, go leathnaíonn an bille seo amach an dlí a bhaineann le "Comhionannas". Dá bhrí sin, d'fheadfaí an dlí a chuir ar - abair - grianghrafadóir, nó díoltóir bláthanna - nó fiú bainistíocht halla paróiste - as diúltú seirbhísí ar an mbonn céanna agus a tugtar do lánúin heitrighnéasach a chuir ar fáil do lánúin atá ag glacadh le Páirtíocht Shibhialta. Tá a leithéid tralaithe i ndlínsí eile.

Dar ndóigh, ní leis an cheist sin amháin a phléann cáipéis na nEaspag. Tá mise freisin den tuairim go bhfuil cúiseanna, a bhaineann leis an leas coiteann, chun idirdhealú a dhéanamh idir an phósadh, inar féidir teaghlach a bhunú ina bhfuil gaoil bitheolaíocht idir an lánúin agus a bpáistí, agus caidrimh eile.

Ní leithcheal gach idirdhealú.

2010-06-16

Fáth mo bhuartha maidir le hIosrael

Chuir duine gan ainm ceist thíos:
Cén fáth go bhfuil muid go léir buartha faoi Iosrael? Tá a lán tíortha bunoscionn agus tá muid go léir dírithe ar cheann amháin an t-am ar fad.

Maidir liom féin; táim buartha faoi Iosrael ar dhá chúis. Ar an gcead dul síos, seo stát atá daonlathach timpeallaithe ag stáit neamh dhaonlathacha; Stát a cuireadh ar bun chun tearmann a chuir ar fáil do chine, ar chaith gach cine eile go dona leo le fada - cuma an ndearna siad iarracht a bheith ina gcuid den bpobal ina raibh siad lonnaithe nó nár dhéan. Tá an tearmann sin fós de dhíth, monuar. Agus cosaint tuillte aige dá réir.

Ar an lámh eile, tá na modhanna a bhaintear feidhm as chun í a chosaint místuama agus mícheart go minic - rud atá ag creimeadh daonlathas an stáit, mar a tuairiscíodh thíos. Tugann siad freisin leithscéal do dhreamanna atá fríth daonlathach go smior cuma an íospartaigh a chuir orthu féin, agus faill dóibh ding a chuir idir pobail Moslamacha san Iarthar agus a gcomharsan; rud a bheidh muid uilig thíos leis sa deireadh.

Sin gan an slua smaoineamh a chuir san áireamh, a níonn dubh agus bán as ceisteanna casta, agus aicmiú ar dhaoine de réir a dtuairimí i léith an dubh agus bán seo. Tuige, mar shampla, go raibh bratach ollmhór Palaistíneach ar foluain i nDoire aréir? Cén baint atá aige sin le ceist Domhnach na Fola?

Cuireann nithe mar seo an "Fuath Dhá Nóiméad" ó 1984 i gcuimhne dhom.

2010-06-15

Blúirín: Iar daonlathas Iosrael?

Alt ag Mercator.net.

N'fheadar an Iosrael amháin a bhfuil fadhb mar seo aici. Sílim go bhfuil athnuachan agus íonghlanadh de dhíth ar daonlathas an Iarthair i gcoitinne - móide "cré" daonlathach, agus cothromaíocht cumhachta nua, a chuireann san áireamh cumhacht an cheathrú eastáit (agus tionchar pobalbhreitheanna ar institiúidí an daonlathais!)

Deirtear go ndúirt Arastotail gurbh fhéidir dhá rud a thuiscint le "iompar daonlathach" - iompar a chaomhnaíonn an daonlathas; agus iompar a thaitníonn leis an daonlathas. Ach nach ionann an dá rud.

Báire na Fola

Bhuel, tá glactha ag Príomh Breitheamh Shasana go bhfuil gníomhartha arm Shasana ar Dhomhnach na Fola dochosanta.

Cuireadh fiacla dragan an lá úd. Murach an fuil a doirteadh an lá úd, b'fhéidir nach mbeadh stair na Trioblóidí chomh fuilteach, fada, fíochmhar.

N'fheadar ar fhoghlaim muid faic uaidh?

An slis úd

Bhí bac orthu le mí. Theip ar an dtraein ag 53 km/h, de phlimp. Ní raibh tuairim cén fáth. D'oibrigh sé san lab. Bhuail tinfeadh é. Chroch sé cárta áirithe leis. Isteach san raca sa lab. Chuir an córas ag obair. 53 km/h. Plimp. Bhí sé aige! Shrac an cárta amach. An slis úd. Comhoiriúnach, mar dhea!

2010-06-14

Cumha ar an calvaire

Iarracht litríocht leabhrán lasáin a scríobh:

Tháinig an glaoch. Bhí an gin marbh. Bhuail rabharta mothúcháin é. Tuige nach raibh sé léi? Tuige go ndeachaigh sé ar an turas? D'fhág sé an teach. Cruit air. Bosa ag greadadh an chosáin. Suas an chnoic. Súile caocha ag sciorradh thar pictiúr an chalvaire. Ní raibh faoiseamh ann.

Ní pionós dí-eaglaisiú sagart

Cáineadh an Pápa as a bheith freagrach, agus é i mbun na Cuallachta um Forleathadh an Chreidimh, as gan sagart áirithe, a bhí ciontach i coireanna in aghaidh gasúir a dhí-eaglaisiú.

Ag fágáil mion fíricí na cásanna seo i leataobh ar feadh nóiméad: cén fáth go bhfeictear do dhaoine gur pionós atá i gceist leis an chéim seo? Go hiondúil, is an fear féin a lorgaíonn an dispeansáid seo: a shaorann é ó móideanna - geanmnaíochta, ach freisin umhlaíochta.

Más tuata é an fear, níl smacht ná dualgas ina leith ag an gcliarlathas níos mó.

Más sagart fós é, tá smacht ag a Easpag air. Is fíor go ndearna na hEaspaig faillí anseo san aimsir chaite: ag bogadh fir timpeall seachas á gcur - mar ba cheart - faoi chigireacht, agus iad a chuir ar fionraí ón sagartóireacht.

Ach ba cheart do na húdaráis Stát agus Eaglasta súil a choimeád ar a leithéidí, ní iad a saoradh ó dualgais.

Léiríonn cás Stephen Kiesle, ceann de na cásanna ina chuirtear faillí i leith Ratzinger, nach aon cosaint é fear a chuir as na sagairt: ainneoin gur fhág sé na sagart i 1981 agus gur phós sé, lean sé air ag baint mí úsáid as gasúir.

Níl aon leigheas simplí ar chás mar seo: tá gá bheith cúramach faoi aon duine a bhfuiltear ag bronnadh údarás ar gasúir air nó uirthi: roimh, le linn agus i ndiaidh dóibh an údarás sin a bheith acu.

2010-06-13

Ó, mo chuimhne

Dúirt Myles ar trácht ar shuíomh Calliomachas go "téann pixel le gaoith".

Tá amhras orm faoi sin. Mar shampla, seo r-phost a sheol mise chuig Gaeilge-A sa chéad seo chaite: buanaithe sa chartlann. Agus, ag http://www.archive.org tá an togra "Inneall dul i bhfad siar" acu: ag caomhnú leathanaigh idirlín ar bhonn rialta. Tá feidhm bainte agam féin as chun teacht ar nithe a bhí imithe as radharc.

Ach ar shlí, is fíor do Myles. Tá páipéir - ainneoin go bhfuil síol a scriosta san aigéad atá ann - i bhfad níos buaine ná aon mheáin stórais ríomhaireachta. Bheadh sé deacair aon dlúthdhiosca a léamh anois - fiú dá mbeadh an trealamh chuige agat, caolseans go mbeadh an t-eolas fós caomhnaithe de bhrí go dteipeann ar an adhmainteas thar am. Agus níos dóichí ná a mhalairt, is í cód rúnda éigin a bheadh an t-eolas; agus feidhmchlár éigin atá dearmadta de dhíth lena léamh: WordStar, abair.

Gan amhras, tá an fhadhb seo aitheanta le fada acu siúd is túisce a bheas buailte leis. Ina measc, ar earnáil spástaisteal. Maireann misean suas le fiche bliain: níos faide ó thús forbartha. Agus bíonn an dúrud eolas ríomhaireachta cnuasaithe faoin am a seoltar an árthach - eolas nach mór teacht a bheith air má tá leasú éigin le déanamh ar na bogearraí ar bhord. Rud atá thar a bheith coitianta - tarlaíonn rudaí nach raibh súil leo sa spás! Mar sin, bíonn seomraí móra lán de shean-trealamh ag oibreoirí na spásárthaigh.

Sin leigheas nach bhfuil iomlán sásúil. Seachas rud ar bith eile, cá bhfios an mbeidh an trealamh fós ag obair i gceann deich mbliana? Agus an mbeidh teacht ar páirteanna spártha chun é dheisiú más gá? Bíonn, mar sin, níos mó ná aonad amháin de gach píosa trealaimh de dhíth, ar eagla na heagla. Rud a chuireann an dúrud spáis amú. Agus nach bhfuil aon bharántas ag dul leis, pé ar bith.

Ach tá buntáistí ann freisin. Is féidir cóip foirfe a dhéanamh d'eolas digiteach - toisc go bhfuil sé digiteach. Agus tá - go fóill, pé scéil é - ríomhairí ag éirí níos gasta le himeacht aimsire. Rud a fhágann go bhfuil sé indéanta samhail de ríomhaire, atá imithe den tsaoil, a chuir ag obair ar ríomhaire nua. Má coinnítear sonraí cúramacha ar céard go díreach atá i gceist sna sonraí (agus is sonraí iad an leagan dénártha den feidhmchlár chomh maith), beidh an eolas buanaithe.

Sin an dúshlán roimh cartlannaithe, caomhnóirí, agus leabharlannaithe an todhchaí. Tá an-chuid oibre sa réimse seo déanta ag fear darbh ainm Jeff Rothenberg.

2010-06-12

Cloigeann Cipín

Mheabhraigh scéal Dennis faoi Litríocht ar leabhrán lasáin scéilín grinn dom.

Beirt spailpín ag dul faoi agallamh do phost i Mainistir. Ní raibh mórán éirim aigne ná léinn ag an dara fear, ach bhí bá ag a chomrádaí leis. Chuaigh an fear cliste ar dtús, agus bhreac síos freagraí na ceisteanna cuireadh air ar bosca cipíní.

Thug don dara fear é, agus thug seisean aghaidh ar an Ab.

Ainmnigh trí phearsa Dia?
An tAthair, an Mac 's an Spiorad Naomh
Ainmnigh Máthair Íosa?
Muire.

Sin an méid ceisteanna a cuireadh ar an gcéad duine. Ach anois d'fhiafraigh an Ab: "Ainmnigh beirt Aspal"

Chas mo dhuine an bosca arís is arís ina lámha, agus ag deireadh scairt sé "Maguire agus Patterson"

2010-06-09

Machina deus est?

Tá na nuachtáin lán inniu de scéalta faoi leanbh a d'éalaigh ar éigin ón mbás. Lia gan taithí, inneall scanadh ultrafhuaime mí-oiriúnach, agus fáthmheas lochtach cailleadh gine dá bharr. Murach go raibh an máthair muiníneach as a corp, a bhí ag rá léi go raibh a leanbh fós beo, bheadh an leanbh básaithe de bharr an cóir leighis a bhí le cur uirthi dá bharr - druga ginmhillteach agus dul faoi scian.

An rud is measa faoin scéal ná moill Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag gníomhú, fiú agus an fadhb aitheanta acu. Sé mhí a thóg sé orthu inneall caoi a chuir ar fáil. Agus fós níl saineolaí ultrafhuaime san ospidéal.

Téann mo chroí amach chuig aon mháthair (agus athair) a bhfuil amhras orthu féin dá bharr seo.

Chaill muid féin beirt sa bhroinn, agus is maith is cuimhin liom an rabharta mothúcháin - cumha, fearg, an mothú go raibh muid ciontach i bhfaillí éigin arbh cúis leis an bás é. Ach is cásanna measartha soiléir ab ea iad, le airíonna eile, sa chaoi is nach raibh sa scanadh ach deimhniú go raibh an tubaiste tarlaithe.

Tarlaíonn botúin, agus níl saoi (ná lia) gan locht. Ach ní ceart breith báis a thabhairt bunaithe ar fáthmheas amháin. Sin leigheas anabaí.

Agus maidir leis an arracht maorlathais láraithe sin, an FSS: a luaithe is a déantar athnuachan ó bhun air is ea is fearr, ag fáil réidh leis an gcliar áireamh pónairí agus mion-bainistíochta, agus ag tabhairt údarás agus freagracht do na daoine ar an líne tosaigh.

Ceist bás agus beatha atá ann.

2010-06-08

Blúirín: Lorg peannaireachta ar lár

Alt ag Torlach Mac Con Midhe ar díothú na peannaireachta i mBeocheist an lae.

Sílim go forbróidh muid slite chun stíl agus lorg intinne a chéile a fheiceáil sna meáin nua; mar a aithnímid guthanna, agus mar a d'aithníodh muid lorg láimhe sa pheannaireacht. Beidh siad níos caolchúisí, áfach.

Is fíor dó áfach maidir le h-úsáid pinn. Ní cuimhin liom an uair deiridh a scríobh mé litir iomlán le peann; agus sílim go bhfuil sé bliain nó dhó ó fuaireas ceann.

Tá deire na gcleití ar lár!

2010-06-07

Teampall troscáin

Le tamaill anuas (ó críochnaíodh athnuachan an an M50 le bheith cruinn) tá siopa de chuid IKEA i mBaile Munna. Bhí siopa i mBéal Feirste roimhe seo. Nuair a bhí cónaí orm in árasán, tar éis an choláiste, bhí IKEA an ghar dom, agus is as a fuair mé mo chuid fearas tí. (Ní raibh troscán de dhíth!)
Coincheap ana shimplí, ach éifeachtach, atá acu. Prionsabail Henry Ford tugtha chun foirfeachta acu: nuair atá siopa amháin dá chuid feicthe agat, tuigfidh tú na siopaí ar fad. Bhíos buíoch inniu, agus muid ag tabhairt cuairt air, go bhfuil ionad spraoi Småland ann - áit a d'fhág muid m'iníon ar feadh an trí ceathrú uaire atá ceadaithe. D'fhág sin deis againne a raibh uainn a lorg sna seomraí taispeántais. (Bheadh níos mó ama go deas - tá an t-uafás ann, ach ní raibh an oiread sin uainn an uair seo. Murach sin, gach seans go mbeadh muid fós sa cathair grifín úd). Mar sin a bhíonn mórán chuile siopa de chuid IKEA. Seoltar isteach ar bharr tú - isteach i seomra taispeántais ollmhór, mar a bhfuil na hearraí curtha go healaíonta i láthair i sraith de samhail seomraí. Casann an cosán isteach is amach tríd na taispeántais seo. Ansin ag deireadh bíonn bialann; agus síos staighre amháin chuig ollmhargadh d'earraí ar féidir iad a bhreith leat go héasca. Ansin, bíonn halla ollmhór leis na leacphacaí - agus mura bhfuil nóta cúramach déanta agat den rae agus bá atá de dhíth ort, go bhfóire Dia - nó ball foirne éigin - ort. Ansin, sraith mór airgeadóirí. Díreach nuair a shíleann tú go bhfuil tú éalaithe ó na cathaithe, tá margadh bia Sualannach.


Bhlaiseamar den bia Sualannach sa bhialann - atá dochreidte saor i comhthéacs Éireann an tSailleadh. Agus sin ar aghaidh linn go dtí an oll-stóras lán de leacphacaí chun na hearraí roghnaithe a aimsiú.

D'éirigh linn - ar éigin - iad a chuir isteach sa charr; Ní raibh fágtha anois ach an chuid is measa - na diabhail rudaí a chuir le chéile. D'éalaigh mé uaidh sin don chuid is mó - is maith le mo bhean méid airithe de a dhéanamh; agus chuir sí duine des na leaids ag obair léi.

Tríd is tríd, is maith liom córas IKEA; tá an dearadh go maith, tá na hearraí saor de bharr a éifeachtaí is atá an comhlucht, ag cuir an prionsabal "Aon rud is féidir leis an custaiméir a dhéanamh, déanadh sé é" i gcrích. Tá fógraí sa bhialann ag míniú an prionsabail seo, ag éileamh go gcuirfeá do ghréithre chun siúl ar mhaithe le costais a bheith íseal. Ach is áit baolach é do dhaoine gan féinsmacht láidir: agus is eagal liom, ón méid taitneamh a bhain sí as, go bhfuil an géin caiteachas faighte mar oidhreacht uainn ag m'iníon!

Íomhánna ó Wikimedia.

2010-06-06

Tearmann ealaí


Bíonn scata mór ealaí le feiceáil i gcónaí i gcuan Bhré. Bhí deis agam dé hAoine súil a chaitheamh ar an gcuan, agus thug mé faoi ndeara go bhfuil dream a thugann "Tearmann Ealaí Cuan Bhré" tar éis fógra mínithe a chuir suas. Tógadh ionad cóireála camrais sna 1990í i mBré; rud a d'fhág feabhas mór ar an uisce. Ó shin i leith tá na healaí ag taobhú an chuan agus béal an Deargail a théann isteach sa bhfarraige ann. Bíonn suas le céad seasca ealaí, agus éanlaithe uisce eile ann. Is cosúil go ndéanann na healaí foladh agus go mbíonn siad gan cumais eitilte ar feadh beagnach sé seachtainí san samhradh. Bíonn cosaint san slua ann dóibh.

Chonaic mé péire éin ar leith agus mé ann: sílim gurbh an t-éan thuas a bhí i gceist:
Anser cygnoides forma domestica: An Ghé chnapánach a bheadh air i nGaeilge, seans.

Tá sé go deas an dúlra a fheiceáil sa chathair mar seo: agus dea thoradh ar obair chun feabhas a chuir ar glaine an uisce.

Íomhá le Daniel Ullrich ó Wikimedia

2010-06-03

Uaigh scéal


Chonaic mé an uaigh seo i Gleann Dá Loch. Níl fhios agam cén scéal atá taobh thiar de: ach samhlaím briseadh croí leis. Tuistí a chuir beirt iníon ag aois an-óg i 1882: ansin, i 1906 mac i bláth a shaoil; mac eile i 1915 (san cogadh Mór, seans?). Mac eile i lár a shaoil i 1918. Ní fada ina diaidh sin a mhair an máthair: Samhlaím patrarc cromtha ag cumha agus uaigneas - seacht bliana fada ina bhaintreach fir.

Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha ar fad: agus go choinneodh sé muid ó dán dá leithéid.

Blagadóireacht teilifíse

Bhuel, d'fhán mé i mo shuí déanach aréir chun toradh an tsaothair a fheiceáil ar an Imeall. Thart ar cúig nóiméad isteach sa chlár atá an mír inar ghlac Tomaí Ó Conghaile (nós*, nuacht24) agus mé féin páirt.

Is aisteach an meáin an teilifís! Níl rian dá laghad den fear a mheall an t-eolas asainn le ceisteanna stuama - Tristan Rosenstock, ná den léiritheoir (Paschal ó RedShoe) . Chaitheamar ar fad thart ar dhá uair a chloig san Músaem Náisiúnta Cló. Ní fheictear mórán de sin san sé nóiméad a mhair i ndiaidh an eagarthóireacht - gan trácht ar an dua a chaith an foireann le taighde, eagarthóireacht agus rl.

Is mór an feall nach craoltóir ceart Seirbhíse Poiblí TG Fóir - maoinithe go neamhspleách ó fhógraíocht. Ansin b'fhéidir go gcraolfaí na seoda seo de chláir déanta in Éirinn ag am a mbeadh daonra níos mó ábalta faire orthu. (Bíonn ormsa éirí ag a sé, mar sin bhí sé i bhfad i ndiaidh mó ghnáth am luí aréir!)

Thaitin an smaoineamh go mór liom an taifeadadh a dhéanamh san Músaem Náisiúnta Cló - timpeallaithe ag iarsmaí foilsitheoireachta ré atá ag druidim le deireadh. Caithifdh mé a rá gur cruinne Bailiúchán seachas Músaem mar chuir síos ar an áit: seomra lán de threalamh cló, ach fíor beagán eolas ná cúlra le feiceáil.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

2010-06-02

Caoimhín agus an Lon Dubh


I measc na scéalta faoi Caoimhín, tá an scéal faoin uair a raibh sé ag guí lena ghéag sínte amach. Bhí sé ag urnaí chomh fada sin gur thóg lon dubh nead ina lámh oscailte, agus bheir ubh ann. B'éigean dó fanacht gan corraí gur rugadh an gearrcach! Tá an dealbh thuas ar an gcosán ós cionn cillín Chaoimhín. Scríobh Séamas Heaney dán faoin eachtra.

Aguisín: ag leanacht nod ó Dennis, fuair mé é seo ag Celt: (Betha Caoimhgin ó Bethada Náem nÉrenn)
Do-cóidh Caoimhgin isin chorgus i c-cró cáolaidh for leic luim ina shesamh caigtighis ar mís, & é a c-crois-fighill ar Dhia. Ro ling lon i n-glaic in érlaimh, & do-rinne nead, gur léicc na h-éoin amach.

Agus tá leagan eile den scéal anseo:

Beatha Caoimhghin Glinne Da Lach sunn do reir mar sgriobh manach fa disciobal do féin dar ainm Solamh .i. et sgriobhthar anso i maill friom-sa, Aodh Ó Dalaigh, an t-aonmadh lá fiothchad do mi Ienaredh anno Dom. 1725 a m-Baille Atha Cliath.


Agus, gan amhras, tá an scéal ag Cambrensis. (Aire: PDF!)

Gleann Dá Locha, ar lean


Chaith mé oíche Aoine sa bhrú. Is fada ó chuir mé fúm i mbrú de chuid an Óige, agus táid éirithe réasúnta compordach ó shin. Bhí scata cailíní scoile ag cuir fúthu ann - go deimhin chuala mé an siosarnach agus an sciotaráil ó i bhfad i gceann agus mé ag teacht ón teach tábhairne ag thart an mheán oíche. Tamall i ndiaidh dom dula luí áfach chuala guth údarásach mnaoi - oide is dócha - agus bhí tost tobann ann ina dhiaidh. Mheabhraigh sé an scéilín grinn dom - gurbh giggle an cnuasfhocal do chailíní scoile.

Dhuaisigh clagarnach báistí san oíche mé.

An maidin dár gcionn, bhí an seomra proinne lán go béal - an grúpa scoile, agus roinnt teaghlaigh de bhunadh India. Tá a gcuid féin déanta ag na "hÉireannaigh Nua" de Ghleann Dá Locha; chomh maith le turasóirí feictear inimircigh ann go fairsing. Is cuimhin liom fiú rang teagasc Mhoslamach - páistí thart ar a deich - a fheiceáil cruinnithe sa chathair ag an loch uachtarach.

Bhí brádán báistí fós ann i ndiaidh dom bricfeasta a itheadh. (D'ordaigh mé ón mbrú é. Ní raibh sé thar moladh beirte, faraor. Agus bhí an caife go hainnis). Ach ó tharla go raibh cúram m'iníne orm, bhí orm aghaidh a thabhairt ar an Láithreach, áit a raibh mo bhean len í a fhágáil agus í ar a slí go dtí feis ceoil Cill Mhantáin le duine de mo mhic.

Bhí an fearthainn rud beag níos éadroime - ina cheobhrán - agus mé ag iompar m'iníon ar ais ar an mbóthar glas. Chuaigh muid isteach san óstán agus bhí caife agamsa agus oráiste aici siúd. Ar amhraí an tsaoil, stop an drochshíon ar deireadh.

Shiúl muid thart ar Loch na Péiste ar an cosán cláir, agus chomh fada leis an Ionad Eolais, mar a bhfuil bailiúchán ainmhithe caomhnaithe, maraon le eolas eile faoin dúlra. Bhain m'iníon an-taitneamh as sin (agus bhí na hainmneacha i nGaeilge againn araon do na mamaigh ar a laghad. Tá na héin níos deacra - ach bhí lipéid i nGaeilge ann pé scéal é).

Shiúil muid ar ais ar an mbóthar glas.
Áit thar a bheith taitneamhach is ea Gleann Dá Locha.

Íomhánna liomsa: Loch na Péiste (an Loch Íochtar) agus Broc san ionad eolais.

2010-06-01

Blúirín: Eaglais is ea an New York Times!

Anailís anseo ar an chosúlacht idir féin thuiscint an New York Times agus an Cliarlathas na hEaglaise Chaitlicí Rómhánaí

Ordú comhlíonta, ach tharla míthapa

De réir scéil a léigh mé san Tagesspiegel inné, b'shin an tuairisc a thug an ceannasaí de chuid fórsaí Iosrael dá cheannairí i ndiaidh an ionradh místuama a rinne fórsaí Iosrael ar na báid úd.

Mar a léiríonn an anailís seo de chuid Stratfor, a léigh mé ar suíomh Mercator: seo cath eile caillte ag Iosrael. Shilfeá go mbeadh tuiscint acu an an saghas seo catha, ó tharla gur bhuaigh siad cathanna mar é agus iad a bunú an Stáit.

Creidim go láidir go bhfuil sé de cheart ag Iosrael a bheith ann. B'fhearr liom mura mbeadh gá ann don Stáit Giúdach - ach bhí an gá ann, agus sílim go bhfuil fós, de bharr frith Giúdachas a bheith fós forleathan. Níl aon cheist nach í Iosrael an stáit is daonlathaí agus córa sa Mheán-Oirthear, i measc an ballach stáit a bhunaigh an Iarthar i smionagar na hImpireachta Tuircí. Ainneoin an bealach místuama atá siad ag plé le bagairtí ó antoiscigh. Thuigfeá méid áirithe dóibh - pobal atá faoi léigear ó bunaíodh an stáit, ag namhaid nach leasc leo mná agus páistí a úsáid mar ceithearnaigh i gcogadh salach. Is fíor go bhfuil na Palaistínigh sa bhfaopach - ach tá méid áirithe den locht do sin le cur i léith a gceannasaíocht féin, ó aimsir Mhufti Iarúsailéim anall; agus is cinnte gur chaith na comharsan Arabacha go fíor dona leo freisin. Ach tá fíor chúis imní ag muintir Iosrael: ní ionadh é iad a bheith ag tabhairt freagra láidir ar - mar a fheiceann siadsan é - ionsaí orthu, cuidiú le namhad ar mian leo iad a ghlanadh den léarscáil.

Ach is sna croíthe agus intinní a bhainfear an cogadh seo in aghaidh na hantoiscigh. Agus léiríonn an stair gur chun leasa na hantoisceach é nuair a bhuailtear buile láidir, ar féidir cuma míréasúnta a chuir air, in san cath bolscaireachta.

Beidh le feiceáil an mó míthapa eile a tharlaíonn.