Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-07-31

Daonlathas Digiteach

Bhí alt spéisiúil ag Danny O'Brien san Irish Times inné, ag plé an eolais a sceitheadh leis an suíomh Wikileaks ó cogadh na hAfganastáine.

Ach bhí alt eile ann freisin: faoi forbróir bogearraí a bhí ag scagadh an eolais seo don Guardian.

Sin an rud faoi idirlíon agus faisnéis: tá an oiread sin ann, agus ón méid sin foinsí, go bhfuil gá le ríomhairí chun cóiriú a dhéanamh air. Agus mar sin gá le saineolaithe chun na huirlisí cóirithe agus scagtha a fhorbairt.

Agus ardaíonn sin ceisteanna iontaoibh. Ar an gcéad dul síos - ní fíric gach tuairisc; tá baint aige le tuairimí an té a scríobh, agus leis an eolas neamhiomlán atá ar fáil don té sin. Agus ansin, tá fiúntas obair na scagairí ann. Níl bogearra gan locht ann, ó tharla gan daoine gan locht a bheith sách gann, fiú i measc ríomhchláraitheoirí.

Ansin, caolseans go bhfuil mórán daoine a bhfuil sé ar a gcumas tátal a bhaint as na sonraí amha.

Táimid mar sin, ainneoin eachtra mar seo, spléach bealach amháin nó bealach eile, ar doirseoirí faisnéise de chineál amháin nó cineál eile. Ní heol dúinn fós cé a sceith an t-eolas seo, ná cén fáth - cé go bhfuil an FBI sa tóir air.

Ní mór a bheith airdeallach i gcásanna mar seo. Tháinig sé chun solais ar na mallaibh gurbh de bharr streachailt cumhachta idir an FBI agus an Uachtarán Nixon a sceitheadh an t-eolas maidir le cás Watergate.

Tá an cheart ag Danny, ní mór dúinn teacht i dtír ar eolas mar seo ar mhaithe lenár cinntí daonlathacha. Mar sin féin, ní mór dúinn a bheith soiléir - beith muid fós a feidhmiú i scamaill éiginnteachta.

Agus sin gan an lúb ar lár is mó a lua - is beag duine san Iarthar a bhfuil teangacha an Oirthear ar a thoil aige, ná eolas ar a gcultúir. Ní hamhlaidh do naimhde an Oirtear sna grúpaí antoisceacha; níl aon ghanntanas Béarlóirí ina bhac orthu, gan trácht ar an líon suntasacha daoine atá lonnaithe san Iarthar atá báúil dá gcás.

Aguisín: alt eile inniu a chuireann leis an méid a scríobh mé.