Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-10-03

Macghníomhartha


Agus mé sa leabharlann le déanaí, tháinig mé ar an leabhar seo, Astronár. Ba chuimhin liom tagairt dó ag Alan Titley ina shaothar ar an úrscéal Gaeilge. Duine spéisiúil  is ea Piaras Béaslaí. Más fíor an méid a scríobh sé ina réamhrá, ní raibh sé ach 16 nuair a bheartaigh sé an leabhair seo a scríobh, faoi réabhlóidí óg. Tír samhalta atá i gceist - Amora - atá faoi dhaorsmacht ag Kratóna. Tá sé le tuiscint go bhfuil an tír seo áit éigin in Oirthear na hEorpa - a bhí ag an tráth sin ina Charcair na Náisiún, faoi smacht na nImpireachtaí.
Foilsíodh don chéad uair é i 1921 san Freeman's Journal. Bhí Béaslaí, a ghlac páirt in Éirí Amach 1916, ar a sheachaint um a dtaca sin. 
Bheadh sé spéisiúil fáil amach an bhfuil ceangail idir forbairt Astronár an úrscéal agus forbairt Béaslaí féin. Is deacair gan na ceangail idir dán Béaslaí agus dán Astronár a fheiceáil ann, cé gur beag m'eolas ar a shaol. Tá grá - do bhean agus do thír, cairdeas, agus ciall ceannaigh sa leabhar.Tá an tsóirt iomaíocht smaointe idir tírghráthóirí den tseandéanaimh, poblachtaigh agus idirnáisiúntaithe le léamh ann a bhí thuas i ngluaiseacht na hÉireann ann freisin. 
Dúirt an t-údar féin go raibh an chaint bladhmannach ann - ach, mar a dúirt sé, feileann an chaint sin do réabhlóidí diongbháilte idéalach.
Thaitin scéal a ghrá do Ríon na Súl nGlas liom; ba bhreá liom, áfach, a taobh sise den scéal a léamh: shileas Astronár a bheith rud beag dall sa ghné seo, mar a bhí i gnéithe eile dá shaol. (Sin anois dúshlán do na húrscéalaithe in bhur measc!).
Léargas bhreá ar dhóchas, baois agus bladhmann na hóige; agus léargas freisin ar chairdeas, ar chiall ceannaithe agus stuaim.