Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-11-15

Náid deireadh na téide

Níl aon bhealach ar leith san teanga ríomhaireachta C chun plé le grúpa litreacha ach pléitear leo go hiondúil mar eagar beart. Tugtar "téada" ar eagair beart a thuigtear mar píosa téacs. Tá coinbhinsiúin ann go bhfuil deireadh leo san áit go bhfuil luach náid. Braitheann cuid mhór feidhm san leabharlann caighdeánach ar an gcoinbhinsiúin seo. Agus is uaimh ladrann cheart d'fhadhbanna an toradh. Ag leibhéal an ríomhaire de, níl a leithéid de rud ann agus eagar; níl ann ach láithreacha sa chuimhne.

Mar sin, ní mór don ríomhchláraitheoir a bheith ana chúramach.  Go hiondúil, is ó taobh amuigh den gclár a thagann foinse an eolais do téad: agus má ghlacann an ríomhchláraitheoir leis nach mbeidh níos mó ná líon áirithe litreacha san méid a léitear isteach, tá baol mór ann go ndéanfar teorann na téide a shárú.

Is féidir le hiarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag an sárú maoláin seo: scriosfar luachanna eile sa chuimhne, agus is féidir le bradaí glic feidhm an chláir a athrú agus dochar a dhéanamh.Go háirithe má éiríonn leis dochar a dhéanamh don gcruach.

Tá leaganacha "sábháilte" de na feidhm a phléann le téada ar fáil, inár féidir le an ríomhchláraitheoir uasmhéid na téide a leagan síos, agus srian a chuir ar an mbaol. Fós féin, tá an dúrud bogearra "soineanta" amuigh ansin, agus is botún éasca é dearmad a ní ar an náid a deireadh na téide... (Rinne mé féin ar na mallaibh é, sin toisc an mhír seo!)