Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-01-30

Vóta do gach saoránach?

Anois agus muid ar tairseach olltoghchán, tá ceist an vóta do Éireannaigh thar lear ina ábhar plé.
Airteagal 16 2° (i) Gach uile shaoránach, agus (ii) cibé daoine eile sa Stát a cinnfear le dlí, cibé acu fir nó mná, ag a bhfuil ocht mbliana déag slán agus ná cuirtear faoi dhícháilíocht le dlí, agus a chomhlíonann coinníollacha an dlí i dtaobh toghcháin comhaltaí do Dháil Éireann, tá ceart vótála acu i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.
Maíonn an dream atá i bhfabhar an vóta do imircigh go bhfuil an bunreacht ar a dtaobh. Ceist chigilteach atá ann de bhrí go bhfuil suas le trí milliúin saoránach Éireannach thar lear - rud a fhágadh leath den toghlach, geall leis, lasmuigh den dlínse.

Ní mór cuimhneamh go bhfuil dualgais chomh maith le cearta ag saoránaigh:
Airteagal 9 3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.
Is cuid den idirphlé ar an gceist seo an mana "Muna íocann siad cáin anseo, tuige a mbeadh vóta anseo acu?"; nó i bhfriotail eile, "tuige a mbeadh daoine nach bhfuil ag íoc cáin dteideal cinneadh a dhéanamh conas a chaitear an cháin is gá domsa íoc?"

Chaith mé féin leath-scóir bliain ar imirce, agus an uair sin bhí mé den tuairim nach mbeadh sé cóir go mbeadh vóta agam i dtoghcháin in Éireann, toisc gur beag tionchar a bheadh ag an Rialtas ann orm. Táim ar mhalairt tuairime anois.

Feictear dom go bhfuiltear ag baint feidhm comhfhiosach as an imirce mar chomhla sceite chun an brú san tír i leith athnuachan a laghdú. Ní chun leasa na tíre sin.

Mar sin, táim i bhfabhar leasú ar an pointe seo. Is é mo thuairim féin go mba cheart do dhuine a tá thar lear bheith i dteideal vóta poist in san ceantar toghcháin is déanaí a raibh sé nó sí cláraithe. Bheadh gá le socruithe ar leith, gan amhras, do na saoránaigh siúd nár chónaigh sa dlínse riamh - go hairithe muintir na sé contae.

Ní fhios agam go baileach conas a b'fhéidir nasc le hÉireann a chruthú; ach táim den tuairim go mbeadh duine a bheadh vóta faoi na coinníollacha sin á fheidhmiú aige nó aici ag glacadh páirt in imeachtaí a gceantair dúchais.

Dála an scéil, ní dhéanfainn talamh slán de gur chun sochair don eite chlé a rachadh an socrú - feictear dom go bhfuil mórchuid den dream a chuaigh thar lear fós fréamhaithe san aisling buirgéiseach, agus gur mar sin a gcaitheadh siad a gcuid vótaí!

2011-01-28

Gabhra Lir

Tonnta, le Sean O'Flaherty
Sheol an méid a scríobh Dennis inniu mé i dtreo Foclóir an Dálaigh. Agus go deimhin tá lear leis an gciall bóchna le fáil ann; i measc lear mór lir eile! Bhí crostagairt ann do Ghabhar (each bán) - agus faoi sin fuair mé an cur síos iontach ar eacha Mhanannáin - Gabhra LirGabhra réin - focal eile ar an bhfarraige is ea rian, is cosúil.

Maidir le mo cheist féin maidir le Lear maíonn Maier ina Lexikon der keltischen Religion und Kultur gurbh sna meánaoiseanna a samhlaíodh Lear mar ainm athair Mhanannáin, agus ionannú á dhéanamh le pearsa Oidhe Chlainne Lir agus an athair sin. Ach gurbh sine Tiarna Emain Ablach, agus gurbh tagairt dá ríocht fóthoinn is ea an Mac Lir.

2011-01-24

An té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean

Naomh Proinsias ó Sales
Inniu féile N. Proinsias ó Sales, éarlamh na n-iriseoirí agus is dócha, na blagadóirí. Tá sleachta oiriúnacha dá chuid curtha le chéile ag muintir First Things:

Uaidh sin a thóg mé an teideal, sliocht as litir san Séamas a luaigh sé:
Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.
(Séa 3:2)

2011-01-22

Bruacha na gCaorach

Droichead "Sheepbanks"faoi shleasa Dioghais

Giota Gaeilge

Fógra lasmuigh de Teach Tábhairne FXB,
Baile na Manach, Co. Átha Cliath
Bím idir dhá chomhairle nuair a fheicim fógra mar seo. Tá siad le moladh gan amhras, as giota Gaeilge a chuir in airde. Ach nílim cinnte faoin "chughat" sin, agus tá an modh fhoshuiteach éalaithe uatha. Dá mbeadh mo phroinn caite agam san áit, b'fhéidir go mbeadh moladh - agus moladh leasaithe - bronnta agam orthu. Ach ní raibh mé ach ag siúl thart...

2011-01-20

Log an Lá agus Loch Té

An radharc ó mhullach Log an Lá ar Loch Té. Glactha Dé Domhnaigh beag seo

An Dara Phoblacht

...atá de dhíth orainn.

Ba mhaith liom féin an saghas sochaí Críostaí a chuir C.S. Lewis síos air i "Mere Christianity" - obair fónta ag gach duine, maoin roinnte go cothrom, urraim ag dhaoine dá chéile agus d'údaráis dlisteanach. Ach Útóipe atá ansin, nach bhfíorófar go dtí gur naomh gach duine. Agus is minic na sochaithe is measa ann de thoradh iarrachta Útóipe a chuir i bhfeidhm. Rud is ea saoirse a chaithfidh gach glúin seilbh a ghlacadh uirthi í féin; ach is féidir le gach glúin túsphointe fiúntach a leagadh síos don gcéad glúin eile.

Is léir go bhfuil an chóras polaitíochta abhus, a chuir bunreacht 1937 i réim, creimthe ag faillí agus níos measa aos polaitíochta agus gnó na tíre. Feictear domsa go bhfuil cuid mhóir de locht as sin ar chóras na fuipeanna sna páirtithe polaitíochta, a fhágann forlámhas iomlán ag an bhfeidhmeannas ar an reachtas; droim ar ais ón gcaoi gur cheart do rudaí a bheith. Is mithid smionagar a dhéanamh de sin.

Creidim go bhfuil fiúntas le moladh pháirtí an Lucht Oibre go dtionólfaí Comhdháil Bunreachtúil; sílim áfach go mba cheart na cinntí ann a fhágann faoi comhalta roghnaithe ón bpobal amháin, seachas an trí trian a moladh. Bheadh sé tábhachtach freisin féachaint chuige go raibh na comhaltaí sin ionadaíoch ar an bpobal ar fad; gach aicme agus gné de, chun an tairbhe is fearr a bhaint as éagsúlacht dearcaí. Bíodh cead ag baill Oireachtais, "saineolaithe" agus go deimhin aon duine nó dream ar mian leo, moltaí a chuir faoi bhráid an Tionóil; ach bíodh an focal scoir ag an bpobal uilig i Reifreann.

Sílim go dtig linn foghlaim ó thíortha eile.

Seo na moltaí a bheadh agamsa:

Creidim fiúntas a bheith in san deighilt idir an Ceann Stáit (ionadaí an phobail go léir, ról neamhspleách ar pholasaí na bpáirtithe agus ar ghnó an lae) agus an Ceann Rialtais. 

Toghtar mar sin Uachtarán mar cheann Stáit, agus Taoiseach agus Tánaiste mar cheann Rialtas: é seo i dtoghchán ginearálta. Bíodh cead ainmniúcháin do cheachtar toghchán ag sciar den bpobal a leagfar síos le dlí - ní ag páirtithe amháin.
Bíodh sé de chead ag an Taoiseach Airí a roghnú de réir a gcumas don bpost - ach bíodh ar na hAirí seo, agus go deimhin Príomhfheidhmeannaigh agus araile na Forais Stáit, dul roimh Coiste Oireachtais a mbeadh cearta acu an cheapacháin a chros. Bíodh na cruinnithe seo oscailte don bpobal. 

Toghtar an Oireachtas a bheag nó a mhór mar a déantar anois; ach bíodh ceangal ar na baill gan a ladar a chuir isteach in aon ghnó de chuid saoránaigh, go dtí go mbíonn an ghnáth chóras imithe chun críche - tá na hIonad Faisnéise do Shaoránaigh ann do rud ar bith eile.
Bíodh na toghcháin agus na téarmaí don fheidhmeannas agus an reachtas éagsúil, chun deis a thabhairt don bpobal treo a athrú más gá.

Maidir leis an mBunreacht, bíodh cearta leathana ag an bpobal chun leasaithe agus reifreann a thionscnamh - agus ceangal dlúth a bheith ar idir feidhmeannas agus reachtas toil an phobail a chuir i bhfeidhm.

Flaitheas ag an bpobal, agus an reachtas agus feidhmeannas ag freastal ar. Agus an oiread agus is féidir de dhaonlathas díreach, móide Rialtas láidir áitiúil.

Agus sin mo r[e]acht go n-uige seo.

2011-01-19

Bánchnoic Éireann Ó

Chonaic mé an fhógra seo agus mé amuigh ag siúl leis na Cnocadóirí de Domhnaigh. Tá sé crochta ag na "Pier Gates" atá ar an mbealach isteach chuig Eastáit Muintir Guinness, i Log an Lá. 

Cuid den ghéim
Táim measartha cinnte gur fógra sách nua é; is cuimhin liom an fógra "cosc ar ghluaisteáin" a bhí riamh ann ar an dtaobh eile den gheata, ach ní cuimhin liom an ceann seo. Ach is léir gur aithris an seana cheann é, sílim. Murach leagan Béarla a bheith faoi bheidh mé aineolach faoi céard iad "saitheanna" - madra baineann atá i gceist; "soith" an leagan caighdeánach. Nach iontach an idirdhealú cúramach a choisceann idir saitheanna agus madraí!

Is breá liom an cuir síos ar an mbóthar "idir díreach is cam" (Cam go maith atá an bóthar a théann go bun an ghleanna).

Bhí an lá againn.

2011-01-15

Athrógseanchas: ceist ama agus cruinnis!

Píosa ag Eric Raymond maidir leis an deacrachtaí leis na t-am san córas GPS de bharr srianta na crua earraí san am ar cruthaíodh an córas; agus na castachtaí breise a bheidh ann nuair a chuirtear sraith nua spásárthaigh ar fáil. Tá an saghas seo tinnis cinn fairsing sa ríomhaireacht (agus nílim chun dul i ngleic leis an gceist úd ceal riachtanas).

Scéal cogaidh de mo chuid féin; bhí beirt againn ar an traein ag plé lenar gcuid bogearraí féin, a bhí freagrach as rialú na n-inneall. Bhí lucht an chórais eolas do phaisinéirí ar bord freisin; agus deacrachtaí acu.  Ar chúis éigin faoi botún 25% san faid a bhí á ríomh acu. Is amhlaidh go raibh siad ag súil pacáiste eolais leis an luas ann a fháil gach ceathrú soicind. Bhí siad ag ríomh an fhaid tríd na luachanna seo a shuimiú. Mar a tharlaíonn sé, bhí barraíocht teachtaireachtaí ar an gcóras inmheánach cumarsáide ar an dtraein; mar sin, de bhrí nach raibh an córas eolais riachtanach, ní raibh siad ag fáil ach trí teachtaireacht as ceithre cinn - rud a mhínigh an fabht a bhí acu.

Tharla sé gur chuala muide cad a bhí ar bun; agus dúirt muid leo go bhfeadfadh muid fad a chuir ar fáil dóibh. Tra éis an tsaoil, is amhlaidh go raibh muide ag difreáil faid chun an luas a chuir ar fáil. Thug muid rabhadh dóibh freisin go mbeadh tar-rolladh ann ag 215 = 32768m; mar a tharlaíonn sé, sin timpeall faid an líne traenach áirithe sin.Faraor, dhearmad siad an rabhadh agus bhí fabht eile acu! Leigheasadh san níos déanaí.

Sin iad na nithe fánacha a chuireann ríomhchláraitheoirí ar strae...go háirithe muna mbíonn fhios acu go bhfuil eolas níos simplí ann chun gur féidir an cheist a réiteach.  Agus simplíocht agus cuannacht an eochair...

Túitríocht agus mallacht an Chiorcail

Ar mhaithe le stocaireacht a dhéanamh don gCiorcal Díospóireachta abhus, tá mo bharraicíní tumtha agam i mbóchna na túitríochta. Bhíos á sheachaint go dtí seo le leisce bheith súite isteach i bpoll ama eile; ach tá sé i gceist agam srian éigin a chóiméad air, ach an féinsmacht a bheith agam. Mar sin féin, ba dheas lucht aitheantais a bheith ann romham.


Is maith ann an gléas sin, ámh, agus caife eile a thaobhaíodh an Ciorcal imithe ar shlí na fírinne - cuireadh deireadh le conradh Eric i gCafé des Amis agus tá muid dá bharr gan ionad. Bainfidh muid triail as Café Sol ar Sráid Dawson dé Máirt.

Tá amhras ag teacht orm faoi thionchar an Chiorcail ar rath Caiféanna. Bhí muid i Café Trí-D ar dtúis, fiontar de chuid Gael-Linn. Dhún sé. Fuair muid tearmann i gCafé Úna in íoslach na Comhdhála; ach d'éirigh Úna as. (Cróthnáim fós an t-iasc bhlasta a d'íosfainn ann). Ansin ar aghaidh le go Café des Amis san Alliance. Agus anois, d'imigh sin....



Ar aghaidh linn, mar sin ...

2011-01-14

Blúirín: Saoirse, fostaíocht agus dínit ar an mbealach don Túinéis?

Tá uachtarán na Túinéise díbeartha ag muirthéacht poiblí. Tá alt tuairimíochta spéisiúil in El Pais ar an gceist.

Ba mhaith an rud é daonlathas a bheith ag fás i dTuaisceart na hAfraice, dlí agus cirt in áit  ansmacht scothaicmí, dá mhéid tacaíocht is atá acu ón Iarthar.

Daonlathas agus riail an Dlí an t-aon bealach le síocháin a chothú; agus ní earra ceachtar acu sin ar féidr é bhrú ó lasmuigh; ní mór dó fás ó istigh.

Súil agam go bhfuil feabhas i ndán don Túinéis.

2011-01-13

Múnlú agus claochlú focail

Píosa ag Eric Raymond ar "Hacker", "cracker", "geek" agus "nerd" a chuir ag machnamh mé ar ciall focail, agus conas mar a athraíonn siad: agus conas mar a bhíonn ciall éagsúil orthu ag lucht ceirde seachas an ciall atá ag daoine nach den gceird iad.

Moladh is ea "hacker" i measc lucht forbartha bogearraí go hiondúil, go hairithe lucht Linux. "Seifteoir" a bheadh agamsa air as Gaeilge. "Cracker" a thugtar sa chultúr sin ar dhaoine a bhriseann rudaí - ach sin an brí a bheadh ag hacker sna meáin. (Agus ag focal.ie, a thugann bradaí mar leagan Gaeilge air! Brí 3a an leagan dearfach, agus 3b an diúltach ag OED)

Maidir le geek, ba mhasla é, agus feicim go bhfuil "geocach [ríomhaire]" molta ag focal.ie. Ní dóigh liom go mbéinn sásta go dtabharfaí geocach orm! Tá geek féin síolraithe as focal Albanach ar ghramóg óinmhid. Focal atá gaolta le Jeck na Gearmáine, atá fréamhaithe i gnásanna an carnabhal. Ach feictear dom go bhfuil geek moltach anois sa Bhéarla.

Ach ní dóigh liom go bhfuil nerd moltach fós. Feileann moladh focal, saoithín mar sin!

Blúirín: nathaíocht ar an Ráidio

Bíonn triúir - duine ó Thír Chonaill, duine ó Chonamara agus duine ó Chroca Dhuibhne ag Rónán go minic ar Rónán Beo: athchraoltar ar maidin go moch é agus cloisim ó am go chéile é.

Chuala ceann deas ar maidin - "le leisce na bréige" - agus an cainteoir ag cuir in iúl nach raibh sí cinnte faoi bhrí nath, agus nach raibh sí chun tada a rá ar eagal go mbeadh sé contráilte.

Tá súil agam go bhfuil foclóirí éigin ag teacht i dtír ar an saibhreas seo!

Podchraoltaí anseo (ach gan iad ar fad a bheith ann):

http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_ronanbeo.xml

2011-01-11

Conas Blag a shábháil

Conas Blag a shábháil

I mBlogger, pé scéal é
  1. Gabh isteach san "Dashboard"
  2. Roghnaigh "Settings"
  3. Brúigh ar an nasc "Export Blog". Sábhálfar an rud ar fad - tagairtí, teimpléid agus uile mar ollchomhad XML.
Is deacair ag duine an chomhad céanna a léamh, ach beidh gach rud ann: agus mar a fheictear thuas is féidir é a shú isteach arís i mBlogger. Is i bhfoirm téacs a bheidh aon téacs, mar sin is féidir féachaint ar an gcomhad le gnáth léitheoir téacs, nó le brabhsálaí agus giota a tharrtháil as.

Breis eolais sna comhad cabhrach, anseo:

Caint Ghontach ós na Crannóga

Tá díospóireacht theasaí ann maidir le héifeacht chaint pholaitiúil de bharr an t-ainghníomh thall i SAM. Tonnta ag scuabadh isteach inár mblagthacht féin, agus malairt tuairim ag Dennis agus Séamas.

Táimse mórán ar aon tuairim leis an alt seo  i First Thoughts:

Cuireann fíoch fola na cogaí cultúir i SAM idir imní agus alltacht orm. E pluribus unum mana na Stáit ó thús,ach feictear dom nach bhfuil an crobhaing chomh haontaithe agus a bhí; gach lus agus meas fiaile aige ar a chomharsan.  Galar nach bhfuil teoranta do na Stáit, gan amhras. Mar sin féin, crann taca an Iarthair agus an Daonlathas na Stáit, ainneoin a gcuid lochtanna.

Tá súil agam go dtiocfaidh aos polaitíochta chun cinn ar féidir leo na sean suáilcí daonlathacha agus an fíor chaoinfhulaingt a spreagadh arís sna Stáit.

2011-01-10

Blúirín: Iomlán slán? Anois, sin dúshlán do bhradálaithe

Mar atá foghlamtha (b'fhéidir?) ag Fine Gael.

Tá amhras orm dála an scéil gurbh ionann an drong a thug an fogha seo, agus an dream a thug fogha faoi "naimhde" wikileaks.

Tá an dúrud bradálaí ann.

2011-01-09

Blúirín: Ag machnamh ar nádúr an Idirlín

Sheol píosa le Nicholas Carr mé chuig an aiste seo.

Is dócha go bhfuil fírinne áirithe ann; níl an idirlíon ag athrú nádúr an chairdeas  agus eile dáiríre; ach tá sé ag oscailte deiseanna eile do nádúr an duine é fhéin a chuir i bhfeidhm.

2011-01-08

Léirléamha iomarcacha

Pápa le Camauro. Bunaithe ar an íomha seo
[Peter Seewald] Labhraíonn Pápa freisin i ngothaí, comharthaí agus siombail. Tarraingíodh an-aird ar  roghnú an Camauro  - atá anois cáiliúil - mar ceannbheart geimhridh - sórt hata ard nár chaith aoinne ó Eoin XXIII.  An amhlaidh nach raibh ann ach feisteas faiseanta - nó arbh ráiteas maidir le athsheilbh ar sean foirmeacha profa san Eaglais a bhí i gceist?

[Benedict XVI] Níor chaith mé ach an t-aon uair amháin é. Bhí mé fuar, agus tá cloigeann goilliúnach agam. Agus dúirt mé, ós rud é go bhfuil an Camauro againn, caithfidh muid é. Ach ní raibh ann dáiríre ach iarracht an fhuacht a sheachaint. Ní dhearna mé ó shin é. Chun ná beadh léirléamha iomarcacha á scaipeadh.

(As Solas an Domhan, leabhar eile a fuair mé um Nollaig. An sliocht tiontaithe agamsa ón nGearmáinis). Tá ról deacair ag an bPápa; bíonn sé ag iarraidh teagasc measartha casta a chuir chun cinn, ach ní cloistear ach abairt fánach anseo is ansiúd as, curtha as a riocht de ghnáth. Agus ansin bíonn cad é caint faoina chuid éadaigh! Na bróga Prada, mar dhea.

2011-01-07

Blúirín: Dlúthpháirtíocht san Éigipt

I measc na drochscéalta faoi ghéarleanúint ar Chríostaithe san Meán Oirthear; ardú croí atá ann an scéal seo a chlos: go ndearna Moslamaigh "sciath daonna" a chuir ar fáil do searmanas Oíche Nollaig na gCoptach.

Go leana a leithéid ar aghaidh!

2011-01-06

Blúirín: Wikileaks arís eile

Alt spéisiúil ar Bheo na míosa seo ag tabhairt cuid de chúlra Julian Assange.

Blúirín: "Maith liom" -áil

Is cosúil go bhfuil aos Facebook ag athrú brí an fhocail Like, in diaidh dóibh briathair a dhéanamh as friend.

Nóta deas ó Nicholas Carr ar seo

Táim féin ciontach; rinneas stocaireacht níos luaithe ar Daltaí  ag lorg "Maith-liom-óirí" don gCiorcal Díospóireachta.

Abhae libh anois agus déanaigí caraidiú leis!

Foilsiú an Tiarna

Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó. ... Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.” (Matha 2, as Soiscéal an Lae inniu)

Dara Léacht an Lae:
Eifísigh 3:2-3. 5-6
A bhráithre, tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe. Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.

Inniu Nollag na mBan de réir gnás na hÉireann; súil agam go mbainfidh na mná in bhur measc tairbhe as! Agus go raibh Los Reyes flaithiúil daoibhse atá faoi anáil chultúir na Spáinne!

2011-01-05

Cosc ar chaint ar chiardhuáin

Tá tagairt nó dhó, thall is abhus, feicthe agam don scéal seo: go bhfuiltear ag foilsiú leagan úr de Huckleberry Finn ina gcuirfear an focal "daor" in áit an fhocail "ciardhuán".

Tuigim gur focal doghlactha amach is amach anois an leagan Béarla den fhocal úd; agus tuigim cén fáth.

Ach tá ana amhras orm faoi slat tomhais an lae inniu a chuir i bhfeidhm ar litríocht an lae inné; seachas dul i ngleic leis, agus feidhm a bhaint as chun botúin an lae inné; agus cá bhfios cinn an lae inniu a scagadh.

Sin cuid den fhoghlaim, nach ea?

2011-01-04

Cruinneas na Gaeilge

Seo ar fógra a bhíonn ar na geataí mallaithe úd de chuid Iarnród Éireann agus iad oscailte (toisc iad a bheith as feidhm, go hiondúil).
Bhain sé miongháire asam agus mé ag triail ar obair le deireanas. Tá súil agam nach fíor an fáistine a thug sé dom.

Feachtas Uí Cheallaigh

Saighdiúirí Mambí de chuid Cogadh Deich Bliana Chúba.
I measc na leabhair a fuair mé don Nollaig bhí "Ceallaigh - Scéal ón mBlárcatha" úrscéal neamhghnách le Tomás Mac Síomóin.
Scéal beirt fhear den ainm Séamas Ó Ceallaigh: iriseoir de chuid na linne seo, agus an Finín Séamas Seosamh Ó Ceallaigh. Tá Ó Ceallaigh na linne seo fostaithe ag nuachtán Teachtaire na hÉireann atá go daingin i seilbh lucht gaimbín; agus na hiriseoirí faoi smacht dá réir - sa chaoi is go gcuireann siad cinsireacht i bhfeidhm orthu féin. Tá Ó Ceallaigh le seoladh go Cúba - agus a mhaistrí ag súil le scéal a léireoidh go bhfuil an réabhlóid a teip de réir mar atá sláinte Chastro.Sraith samhraidh atá le bheith ann, agus le gné ar léith a chuir leis an scéal tá Ó Ceallaigh na linne seo le rian an Ó Ceallaigh eile a leanacht agus a lorg - rinne sé siúd tuairisciú ar Chogadh na Deich Bliana - éirí amach in aghaidh na Spáinneach, túsphointe saoradh Chúba.
Sleamhnaíonn an reacaireacht céad pearsa go healaíonta idir thaithí Ceallach na linne seo, agus Ceallach an tréimhse úd. Bíonn idirphlé diamhair eatarthu, osréalach beagnach. Fágann an gléas seo go bhfuil deis ag an údar stair Chúba agus dán Chúba na linne seo a chuir faoinár bhráid ar bhealach thar a bheith taitneamhach agus éifeachtach. Tá an dúrud eolais agus tuairimíochta sa leabhair, ach é iompartha chomh foirfe sin ag an scéal gur féidir é shú isteach gan dua.

Bhain mé ana sult agus ábhar machnamh nach beag as an úrscéal seo - "úr scéal" sa chiall is fearr atá ann!




Ceallaigh
Scéal ón mBlárcatha
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2009