Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-04-28

Cumann i gCaifé

Le linn dom bheith i mo thost anseo léigh mé scata leabhair, ina measc úrscéal Alex Hijmans Aiséirí. Úrscéal teacht in inmhe de chineál ann. Laoch an scéil - Rebekka Vogelzang - ábhar ealaíontóra ón Ísiltír a thagann go Gaillimh le forbairt a dhéanamh ar a gairm. Ní go rómhaith a éiríonn léi, agus glacann sí post i gcaifé ar mhaithe le maireachtáil. Caifé le Gaeilge - agus diaidh ar ndiaidh súitear isteach i gcúis na teangain - agus cúis an chaifé -  í. Ní fada gur crann taca an chaifé í; ach ní chun sochair a saol féin san. 
Scéal iontach, deá scríofa. Is iontach an suíomh d'úrscéal caifé - áit - mar a dúirt Alex agus é faoi agallamh ag Cathal Póirtéir - a mbíonn an ollamh agus an pluiméir ar aon chéim, guaille ar ghuaille.  Is léir go ndeachaigh a thréimhse i mbun an Bananaphoblacht chun sochar don úrscéal, ag soláthar ábhar dá shúil géar. An difear idir daoine a bhíonn go rialta i gcaifé, agus "custaiméirí rialta". Freastalaithe agus maorlathaigh. Lucht cúise is drúise. Thuas seal, thíos seal an ghnó bhig. Cuirtear sméar mullaigh ar an úrscéal le scéal grá.
Seo úrscéal a thaitin go mór liom.  An t-aon clamhsán atá agam, ní le Alex ná leis an scéal a bhaineann sé. Sílim go raibh an leabhar rud beag daor ag €16. Ach má fuair Alex scair flaithiúil de sin, bheinn sásta!
Aiséirí 
Alex Hijmans
ISBN:  9781907494024
Cois Life 2011
152 lth.

Aguisín focalbhách: déanann Alex idirdhealú úsáideach idir caifé (Ionad) agus caife (deoch). Idirdhealú fiúntach, dar m'fhocal!

Aguisín eolas: Nod libh go bhfuil eagrán Kindle den leabhar ar fáil. Bhí Michal sásta go maith leis.

2011-04-27

Blúirín: Google, tiontú agus turscar

Ní minic go dtugaim na fógraí i Gmail faoi deara. Ach anois is arís tugann m'fhochomhfhios rud éigin faoi deara. A leithéidí seo abair: "Know Dhia ar na Cásca - Bíodh caidreamh nua pearsanta le Dia i ach cúpla nóiméad" - is léir go bhfuil turscadóirí creideamh ag baint feidhm as Google Translate anois. (An bhfuil ola nathrach níos measa ná sin ann?)

Ceann eile a chuir mearbhall orm ar feadh tamaill ná an fógra do ceardlann ar tromaíocht san láthair oibre. Ó tharla go mbíonn Google ag scagadh na r-phoist chun fógraí cuí a roghnú, bhain an ceann sin siar asam. Go dtí gur thug mé faoi ndeara go rabhas tar éis píosa oibre a thréaslú le duine trí "Bullaí fir" a scríobh.

Tá bealach le dul fós ag an tiontú uathoibríoch is léir. Ach b'fhéidir gur maith an rud sin; nó ní bheadh srian ar bith le díoltóirí ola nathrach.

Seo agat ....

Mar thoradh ar mhí thuiscint bronnadh an ceithre leabhair gleoite seo de chuid an Gúm orm. Gemser a rinne ar dtúis iad.  (Cineál iontas orm dá réir gurbh an Gúm seachas Futa Fata a d'fhoilsigh an leagan Gaeilge).
Cuir síos iontach cuimsitheach ar na feithidí éagsúla atá i gceist; léaráidí gleoite, agus na leabhair ag cur thar maoil le eolas. Thit m'iníon i ngrá leo ar an bpointe, agus tá siad léite agus athléite againn.
Agus mise ag foghlaim liom: ní raibh na leaganacha cráinseangáin ná cráinbheach agam:
Má tá daoine óga thart oraibh, is mór is fiú iad seo a bheith ar an leabhragán agaibh. Anois, dá mbeadh an leabharlann sin againn...


Ar fáil ó Litríocht agus deá siopaí leabhair.

Blúirín: Onchú mara duilleach

Phycodurus eques ón nGnáthfhoinse.
Ní raibh dealramh ar an ngrianghraif a thóg mise!
Tá péire de na neacha suntasacha seo san uisceadán i mBré ón Cháisc. Is iontach na míolta iad - cuma planda orthu ar mhaithe le bheith folaithe. Breis eolais anseo ag Wikipedia.
(Tá an t-ainm thuas curtha faoi bhráid an gCoiste Téarmaíochta agam)

Tá ticéid bliana agam agus ag m'iníon don uisceadán, rud a fhágann é gan a bheith ró dhaor cuairt a thabhairt air (más féidir liom í a stiúradh amach as an siopa acu gan poll ró mhór a réabadh i'm sparán).

Bíonn nithe suntasacha i gcónaí ann, agus gan amhras iad cúramach rudaí nua a bheith acu le daoine a mhealladh ar ais. Cloisim go bhfuil foireann piongain acu sa Daingean i mbliana.

2011-04-26

Fónamh Dé na Ré

An Reithe: Cló ón 18ú aois ón ngnáthfhoinse
Tá dáta na Cásca (dáta a tharraing achrann go leor san stair!) nasctha le timthriall grian is gealaí. Titeann sé ar an Domhnach i ndiaidh an lán ghealach a leanann díreach i ndiaidh cónocht an Earraigh. Ag dul tríd áras an Reithe san Stoidiaca a bhíonn an Ghrian an tráth seo den bhliain.
Tá an iliomad nasc leis na fíricí seo sa traidisiún: gurbh ar an 25ú Márta a cuireadh tús le cruthú an Domhain:  gurbh é sin dáta íobairt Abrahám: (Gei 22:13  Ansin d’ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d’ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic.) Samhail de pháis Chríost atá san íobairt chéanna: agus tá sé sa traidisiún gurbh ar an 25ú Márta a ghlac an briathair colainn daonna - an Briathar chéanna tríd a rinneadh an uile ní (Eoin 1). Leagtar an Chéad Aoine an Chéasta ar an lá sin freisin.

Nod libh go dtuigim go maith go bhfuilid ann a mhaífeadh go bhfuil fréamhacha an chreideamh san dúlra pé scéal é, agus mar sin nach ábhar iontais na nascanna seo. Ach is amhlaidh go mbraitheann dearcadh an duine ar seo ar an seasamh a priori a ghlacann sé i leith Rí na nDúl: Domsa, Eisean an chúis, agus is iarmhairtí gach rud eile. Agus is lón machnaimh agus cúis áthais dom damhsa seo na flaithis: In resurrectione tua, Christe, coeli et terra laetentur! (Cóir na Tráthanna)