Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-05-20

Fánaíocht Aonghusa: Idir aill is bile


Féach ar Fanaíocht Aonghusa i leagan níos mó
Šauenštejn liomsa (ó 2006)
Ní go rómhaith a chodail mé ar bunc chrua an bhotha i Mosquito. Ach bhíos sásta leaba ar bith a bheith fúm, agus díon ós mo chinn. Mar sin féin, d'éirigh muid go luath agus bhí bricfeasta bhreá Hemenex againn. Bhuail muid bóthar go luath, ag diriú ó thuaidh ar an gconair dearg. Chuaigh muid ar leataobh píosa chun dul chuig Šauenštejn. Aill ard gaineamhchloiche atá anseo. Bhíodh caisleán ag ropairí ann fadó (uatha siúd atá ceann de na tithe tábhairne i Vysoká Lípa ainmnithe. "U Loupežáku" An Ropaire).  Lean muid an chonair dearg ansin ar feadh thart ar dhá uair a chloig go dtí Na Tokaní. Bhí anraith bhreá gairleoige agam mar dara bricfeasta, agus deich km siúlta againn faoin am sin. Lean muid ar aghaidh ar an conair bhuí i dtreo Doubice. Tá an cosán seo thar a bheith spéisiúil mar is iomaí áit air a mbíonn staighre greanta sa charraig nó fiú dréimire le dreapadh chun dul chun cinn. Nuair a tháinig muid amach ar an mbóthar, tar éis uaire agus 5 km, chas muid ó dheas i dtreo Chřibská. Lean muid an bhóthar go dtí imeall an bhaile i Dolní Chřibská (Chřibská Íochtar).
Chřibská Radnice, ó Wikimedia
Bhí an-teas sa lá, agus bhí feithidí líonmhar ar foluain ós cionn na móinéir cois bóthair. Bhí éin le clos freisin, ach seachas tarbh aonair ní dóigh liom go bhfaca muid aon neach beo eile fán slí.  Díol suntas ab ea a laghad eallach a chonaic muid ar an turas. Bhí an bóthar agus sruthán ag lúbadh siar agus aniar idir aillte den ghaineamhchloch. Bhí mise meáite ag cuairt a thabhairt athuair ar Eaglais Naomh Seoirse i Chřibská. D'éist mé Aifreann san Eaglais álainn barócach seo siar sna 1990í. De réir mo chuimhne ní raibh ach dornán beag daoine ann, agus sagart a bhí cromtha leis an aois. Is cosúil go bhfuil athnuachan arís déanta ar an Eaglais, ach bhí sé dúnta romhainn. Tá leac suntasach sa chlos ann; ábhar d'oíche eile. Bhí ceithre km faoi theas na gréine ar an mbóthar siúlta againn, agus tart agus ocras orainn. Bhí muid thar a bheith sásta suí isteach sa phroinnteach i sean Áras an Bhaile. Gúlais "ghasta" (minutky) a chaith mise. D'ól muid araon go leor Apfelschorle - focal Gearmáinise ar manglam de shú úill agus uisce mianra le gás ann. Mo chuimhne - is i nGearmáinis is mó a labhair muid le daoine, ábhar le cíoradh i mír eile. Tá Apfelschorle go diail ag múchadh tart, rud a bhí de dhíth orainn agus muid báite in allas. Chuaigh muid ar aghaidh ar an mbóthar ansin go dtí Rynartice. Bhí sé i gceist agam cur fúm i dTeach Aíochta ann ar fhán mé an iliomad uair le mo bhean ann. Thóg sé dhá uair orainn an 5 km slí s shiúl, agus muid ag tuirsiú de bharr a raibh siúlta againn agus an brothall. Suas le fána a bhí cuid mhaith den slí freisin. Faraor, ní raibh faoiseamh in ndán dúinn. Bhí muintir an teach aíochta éirithe as. Bhí na tithe tábhairne inar chaith mé an iomaí beoir bhreá imithe! Tagtha ina n-áit bhí óstán bhreá, ach ró dhaor domhsa. Is fíor go raibh teach aíochta eile ann - ach iad dúnta ar an Luan. Ní raibh an dara suí sa bhuail againn ach dul ar aghaidh go Jetřichovice. Dhá km eile - ach ar a laghad is síos an cnoc a bhí ár dtriall.Tá raidhse tithe aíocht ann, ach chuaigh muid isteach san céad ceann a bhuail linn. €44 a chosain leaba agus bricfeasta. M'anam ach go raibh an leann dubh ann blasta!

Ar lean...