Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-06-07

Fianáin Fabhtacha

Bhí beagnach gach duine againn buailte le deacrachtaí éigin le blogger le déanaí. Deacrachtaí a bhain le logáil isteach nó amach. Is cosúil go raibh na deacrachtaí seo bainte le fianáin (cookie sa Bhéarla) de chuid blogger a bhí fabhtach, de bharr athrú éigin a rinne google ina gcuid bogearraí.
Is éard atá i gceist le fianán ná píosa eolas a chuireann an freastalaí (ríomhaire de chuid blogger sa chás seo) ar fáil don brabhsálaí. 'Sé an chaoi nach bhfuil aon rud san gnáth córas ina mhalartaíonn ríomhairí eolas ar an idirlíon - HTTP - le go gcoimeádfaí eolas faoin stair cumarsáide. Mar sin, mar bhealach thart ar seo cumadh an fianán. Bíonn a leithéid i gceist i gcónaí nuair a bhíonn buaine éigin i gceist sa nasc idir do ríomhaire agus an freastalaí - mar a bhíonn uair a bhíonn cuntas agat ar an ríomhaire seachtrach. Bíonn an t-eolas seo le cur sa chuimhne áitiúil ar do ríomhaire, agus bíonn athnuachan á dhéanamh air ach tú a bheith i dteagmháil leis an freastalaí.
Mar sin, nuair a bhíonn an diabhal rud briste ar chúis éigin, caithfear fail réidh leis. Is cosúil go raibh purgóid ar leith de dhíth ar gach duine againn. Bhíos in ann fáil réidh leis, ach an fabht a bheith leigheasta ag blogger, tríd dul tríd liosta na fianán ag Firefox agus aon rud a bhain le blogger a scrios. Bhain Áine agus Seán an toradh chéanna amach ar bhealaí eile.

Nóta focalbhách: Ní heol dom conas a rinneadh fianán den cookie - ach tá tuairim agam go bhfuil sé gaolta le fian & fianaise.