Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-12-30

Eachtraí Ghearóid Iarla

An céad rud le rá faoin leabhar seo ná gur earra ealaíne ann féin an leabhar, deartha go rí dheas ag Caomhán Ó Scolaí. Luíonn an leabhar go deas sa lámh, agus tá íomhá gleoite as an Nürnberger Turnierbuch mar bhunús do dearadh an forchlúdaigh. Úsáidtear an cló ar leith atá san teideal do ceannteidil na caibidil san leabhar, agus anseo is ansiúd freisin. Tá torc na nGearaltach mar mhaisiú ar na fordhuilleoga laistigh. Leabhar don leabharbhách.

Maidir le hábhar an leabhair; Úrscéal a mhaítear a bheith ann - mar a deir an Explicit -
Iarracht atá anso ar Scéal Ghearóid Iarla d'insint ag braith dhúinn ar a tháirge féin rannaireachta.

Is dócha gurbh é sin an toisc go mbeadh drogall ormsa úrscéal a bhaisteadh air - ní dócha go bhfuil  cuir síos iomlán ar shaol agus saothair an Iarla le baint as a chuid dánta. Táim fhéin sách aineolach ar an tréimhse úd staire, agus táim fós aineolach ar eachtraí Ghearóid, mothaím, ainneoin an leabhar a bheith léite agam. Cloíonn an reacaireacht le ord ama ceart go leor, ach tá bearnaí móra san insint gan aon rud sa scéal chun cabhrú le léitheoir aineolach an snáth a leanacht. Tá na heachtraí iad féin snasta go maith; cleachtann Máire Mhac an tSaoi friotal oirúnach do uaisle an aois úd, ag tarraingt Fraincis nó Béarla chuici féin  nuair is gá. Blas láidir Muimhneach ar an t-iomlán, más is dual freisin. Ceal cleachtadh bhíos féin ag streachailt anseo is ansiúd leis an gcaint, a raibh lorg láidir na Gaeilge clasaicí ar chodanna de. (An fáinne fí úd arís - níos mó cleachtadh agam ar Ghearmáinis nó Béarla ársa a léamh, agus níos fusa orm dá réir é a léamh.)
Admhaím go raibh beagán díomá orm leis an leabhair toisc go raibh mé ag súil le húrscéal. Ach mar dhreachtaí ar shaol Ghearóid, cur i láthair go fileata, is deas an leabhair é. Beidh orm mé féin a chuir ar an eolais faoin stair agus é a léamh arís d'fhonn tairbhe mar is ceart a bhaint as. Agus iarracht a dhéanamh freisin teacht ar na rannta - níl ach giotaí díobh thall is abhus san leabhar, mór an trua.

Scéal Ghearóid Iarla
Máire Mhac an tSaoi
Leabhar Breac
€15.00 (crua), 112 lch;
ISBN 978-0-898332-53-7

2011-12-29

Dom féin!

Reading maketh a full man,  
conference a ready man
and writing an exact man. Sir Francis Bacon
Ní cuimhin liom cathain a léigh mé aiste Bacon ina bhfuil an nath thuas; sílim go raibh sé mar chuid den prós a bhí le léamh don meánteist  fadó. Pé scéal é, neadaigh an nath úd i mo chuimhne, agus meabhraíodh dom arís é nuair a chonac píosaí Scott agus Eoin maidir le sprioc blagadóireachta agus léitheoirí. Bhí port gaolta leis san aiste a d'aistrigh Michal píosa siar 'Sub Specie Aeternitatis'
Tá spéis áirithe agam i líon na léitheoirí abhus agus cárbh as dóibh; caithim súil ó am go chéile ar na staitisticí a chnuasaínn statcounter dom. Suim tánaisteach atá ann áfach. Bíonn sé go deas aisfhreagra - anseo nó san fíor saol - a fháil ar nithe a scríobh mé anseo. (Le déanaí baineadh siar asam nuair a chuir duine anaithnid forrán orm ar an DART. Shíl sé gur aithin sé mé ón ngrianghraif thuas; ó tharla go raibh Gaelscéal á léamh agam bhí sé measartha cinnte go raibh an duine ceart aige. Bhí).

Mar sin féin, is chun faobhar a choinneáil agus a chuir ar idir smaointe agus friotail a bhím ag scríobh anseo. Bronntanas breise atá ann má spreagtar comhrá dá bharr. Ar ndóigh, bím ar mo dhícheall go mbeadh fiúntas san méid a scríobhaim. Ach dom féin, ní don léitheoir atáim tiomanta. Agus níl meas file ná éigeas agam orm fhéin ná meas filíochta ná éigse ar an méid a bhreactar anseo.

Sin anois glac smaointe fánacha!

2011-12-28

Rún ar an sean nós

Le caoinchead.
Is fada leabhar Phroinsias ar mo liosta agam, ach is um Nollag i mbliana a fuair mé ar deireadh é. B'fhiú an fanacht! Scéinséir cruthanta anseo againn; Dís ón saol acadúil réabtha as an sócúlacht is dual dóibh ag eachtraí uafáis; iad ar a dteitheadh ó bhuíon dúnmharfóirí agus in amhras faoi chách, an péas san áireamh. Tugann saol agus ainghníomhartha Cathal Bhuí - Bonnán an teidil - cúis na heachtraí dúinn. Diaidh ar ndiaidh, le míreanna san am i láthair agus san am i bhfad siar, nochtar blúiríní eolais dúinn de réir mar a bhogann eachtraí na díse chun cinn agus go nochtar dúinn go bhfuil breis uafáis le teacht, ach gur féidir leo teacht roimhe - b'fhéidir. Éiríonn le Proinsias an teannas a choinneáil ag dul, cúlscéalta fite isteach go healaíonta san reacaireacht ar an eachtra reatha chun cur lenár dtuiscint. Ní cérinneachán atá i gceist - nochtar dúinn luath go leor cé hé an té atá ina thrúig báis dóibh siúd atá marbh, agus tugtar nod dúinn cad chuige. Sa bharr ar sin, tugtar eolas tríd síos don léitheoir a bheidh ceilte ar na príomhcharachtar.
D'am ruathar amháin, geal leis, a léigh mé an úrscéal taitneamhach seo, úrscéal ar léir air an taighde cúramach a rinneadh chun cuma na fírinne a chuir ar phlota agus carachtar.
Gluaiseann an scéal ar aghaidh go gasta chuig buaicphointe, leis na corr agus castaí is dual do scéinséir. Tá an chaint oiliúnach, agus curtha in áirithint do na pearsain agus don suíomh.
Sár leabhar, agus mé sásta anois go raibh faill agam ar deireadh é a léamh. Ritheann sé liom go bhfuil ábhar scannáin den scoth le baint as. 
Deacair níos mó a rá faoi gan cuid de rúin an scéil a sceitheadh. Mar sin, i'm thost anois mé!


Rún an Bhonnáin
Proinsias Mac a' Bhaird
Comhar 2010

2011-12-27

Scrabble na nÓg

Fuair mé an cluiche seo do m'iníon don Nollag. Bhí amhras orm i dtosach faoi - ise a d'iarr é - ach táim sásta gur cheannaíos é. Tá dhá chuid ann - míreanna meara i dtosach, a fhágann tú le pictiúr le greille focail mar a bheadh san scrabble "fásta". Ach tá bearnaí i roinnt de na focail. Tá tíleanna ar leith an chun na bearnaí sin a líonadh - pictiúr ar thaobh amháin agus litir ar an taobh eile.
Maith go leor, bhí cuidiú de dhíth ar m'iníon (atá a 5) chun an clár a chuir le chéile - ach bhí sí in ann na bearnaí a líonadh agus mórchuid na focail a léamh nó ar a laghad a aithint. Chuir "tábla" mearbhall uirthi - bord a bheadh againne! Agus n í raibh an focal "bobaide" ar fhear grinn agam, ach tá anois! Beidh le feiceáil amach anseo an bhfuil tairbhe sa chluiche, ach táim sásta go maith leis. Glór na nGael agus COGG a chuir an leagan Gaeilge ar fáil, i gcomhair leis an dream a rinne an bunleagan. Dearna leo!

Creach na Nollag

An chuid de atá inléite, pé scéal é.
Ag baint sásamh as, agus beidh go ceann tamaill.

2011-12-19

sit anima mea cum bedello

Sciobtha le caoinchead as r-phost de chuid Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Cumann Gaelach na hEaglaise
Scoth na Leabhar


Buíochas d’fhear as Essex as an chéad leagan Gaeilge don Bhíobla

Foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den Sean-Tiomna in Éirinn i 1685. A bhuíochas sin d’fhear as Essex! Ba é an tEaspag Uilliam Bedell, Easpag na Cille Móire de chuid Eaglais na hÉireann, a bhí i mbun an aistriúcháin. Tháinig sé go hÉirinn nuair a bhí sé sna caogaidí agus ní raibh focal Gaeilge aige. Bhí sé mar Phropast ar Choláiste na Tríonóide tráth dá raibh. De réir leabhar Risteaird Giltrap, scríobh sé litir a rá ‘gurbh é an chéad rud a bhí le déanamh aige in Éirinn ná tuiscint a fháil ar teanga na tíre’. Tá an Bíobla seo, ‘Bíobla Bhedell’ mar chuid den taispeántas atá ar siúl sa lusca in Ardteampall Chríost i mBaile Átha Cliath.
Tá an taispeántas seo, “Scoth na Leabhar”, ag ceiliúradh 400 bliain ó fhoilsiú Leagan Údaraithe an Bhíobla, nó Bíobla Rí Séamas (mar a thugtar air chomh maith) i 1611. Ócáid shuntasach ba ea foilsiú Bhíobla Rí Séamas. Cheap an Rí Séamas ceithre scoláire is daichead chun cabhrú leis an aistriúchán. Bhain na haistritheoirí leas as gach bun-fhoinse a raibh fáil orthu chomh maith le haistriúcháin Bhíoblaí Tyndale, Coverdale, na Ginéive, mar aon le haistriúchán Caitliceach Rheims ar an Tiomna Nua, a cuireadh le chéile i 1582. Mhol Jonathan Swift é nuair a scríobh sé gurb é ‘an t-aon sárshaothar liteartha a chuir coiste ar fáil riamh’!
Tá an t-eolas seo agus tuilleadh ar fáil ag an taispeántas. Tá leagan Gaeilge den Chatalóg ann agus tá na painéil go léir dátheangach. B’fhiú an t-atmaisféar sa lusca a bhlaiseadh! Tá bialann ann freisin. Tá an taispeántas ar siúl gach lá idir anois agus deireadh mhí Eanáir.

Tuilleadh eolais: Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Teil: 085 1632 772

Cúlra
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun
(1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile,
(2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais,
(3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus
(4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise. Suíomh gréasáin: http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/

2011-12-13

Gur arís eile, aguisín

D'fhág mé rud nó dhó ar lár sa mhéid a scríobh mé aréir:
  1. Bhíos ag clamhsán tráth faoi dhrámaí Gaeilge a bheith ar siúl i bprochóga fuara taise mhíchompordacha. N'fheadar an raibh muintir an New Theatre ag éisteacht liom; táim measartha cinnte go bhfuil foireann nua suíocháin aimsithe acu ó bhí mé ann cheana. Pe scéal é, bhí an amharclann teolaí agus na suíocháin compordach. Agus ....
  2. Bhí an teach lán!
  3. An dearadh stáitse. Mar a luaigh Néidí, ní raibh i gceist ach dhá bhosca. Agus soilse mar chúlbhrat. Baineadh feidhm thar a bheith éifeachtach astu; bogadh na boscaí thart mar chuid den dráma chun an suíomh a réiteach don gcéad mhír eile, ar dhóigh a bhí go hiomlán nádúrtha. Baineadh feidhm cliste as solas agus scáil chun an cúlra a chuir in iúl. Agus d'oibrigh na haisteoirí leis an spás a chruthaíodh idir agus thart ar na boscaí go héifeachtach.
  4. An ceol - méarchlár agus fuaimrian. Den scoth. Maestro, lean ort!

2011-12-12

Gur arís eile

Bhí buaic eile i mo sheachtain drámaíochta oíche Satharn nuair a d'fhreastail mé ar an oíche deiridh de Gur Eile, an gheamaireacht a scríobh Aodh Ó Domhnaill do Aisteoirí Bulfin.
Baineann coinbhinsiúin drámaíochta le geamaireacht, agus tá siad go léir anseo - an deamhain, an buime sí, ceol, an laoch soineanta, an lucht féachana ag tacú le pearsa ar stáitse - ach baintear casadh as gach ceann acu chun súil grinn lán aoir a chaitheamh ar shaol na hÉireann san ré dhearóil iar-tíograch seo, agus muid bronnta ar maorlathaigh ón gcoigríoch ag mí-éifeacht ár rialtais fhéin agus buile na bainc.
Is amaitéaraigh sa chiall is dearfaí iad Aisteoirí Bulfin; ainneoin gur go páirtaimseartha agus gan íocaíocht a  shaothraínn siad an drámaíocht, léiríonn siad a ngrá dó san dóigh gairmiúil a chuireann siad chuige.
Chuaigh siad i gcomhair leis an léiritheoir Barry Barnes an babhta seo chun cabhrú leo beatha dhraíochtúil a thabhairt do fhocail Aoidh, focail atá bunaithe ar shúil ghrinn ar chúrsaí reatha agus cluas ghéar don fhocail cuí agus don imeartas focail.
Cnámha an scéil; cloistear do phéirí Goraille i sléibhte Uganda, atá bailithe de bheith ag déanamh feic saolta díbh fhéin do fhámairí Gearmánacha agus Seapánacha, go bhfuil obair le fáil in Éireann, agus fáilte roimh chách cuma dubh ban nó riabhach. Bhí an t-eolas rud beag as dáta, áfach, agus nuair a thagann siad anseo súitear isteach iad in imeachtaí an IMF agus na Roinne Airgeadais, agus an cos ar bholg atá á imirt acu ar an gcosmhuintir. Cuirtear corr eile sa scéal nuair a thagann Eilís de Bhindsor abhus at chuairt incognito; agus bíonn sí san iomaíocht le Mamaí na Málaí, iar shaighdiúir na cinniúna atá  cliseadh néaróige tar éis tarlú di, d'uachtaránacht na tíre. Puipéid - mar a léirítear dúinn atá sa Dáil - atá dhíth ó na maorlathaigh, ach ní sin go baileach a fhaigheann siad. Is deacair a cheart i mblagmhír a thabhairt do chorr in aghaidh an caim na scéalta ar fad a reictear sa dráma, iad treisithe ag ceol na Milseáin - focail glice nua curtha le sean fhoinn.
Is fearr mar sin blaiseadh a thabhairt daoibh den amhrán a chuir siad an slua ag canadh (le Fonn 'We're on the one road')
Éinne le vóta, bailigh do rópa
Ardaigh tóirse romhat sa tslí,
Táimid ar buile! Cuirimís tine
Le hAngla-Éireann is A-I-B!
Caimiléaraigh is lucht baincéir'
Iad crochta ós na lampaí, 'luascadh
thuas san aer
Turam mo rópa! Turam mo ghad!
Crochaim an Geaing ar fad!!
Bhí sé rud beag aisteach teacht as dráma spleodrach lán aoir go dtí an fíor saol dearóil - dream Occupy Dame Street thart ar bhun an Banc Ceannais - áit a raibh Aodh fostaithe tráth - lucht iarrtha deirce fairsing, ag sá a cupáin folmha páipéir i'd aghaidh; lucht gan dídean ga socrú síos don oíche....

Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc. Tucholsky

Aor spleodrach lán greann dóite curtha inár láthair arís ag Aisteoirí Bulfin. Treise leo! 

2011-12-07

Is fearr saol gearr mar laoch ....

Tarbh: ón gnathfhoinse!
D'fhreastail mé ar dhráma spleodrach, pléascach, collaí, Fíbín aréir sa Phéacóg, i bhfochair mo mhic (16) agus deirfiúr liom. 8 marc as deich a bhronn an dís eile ar an dráma; mise rud beag níos flaithiúla - 9/10. Rinne Paul Mercier éacht leis an scéal; bhí mé an tógtha leis an chaoi ar thug sé an oiread sin den Rúraíocht slán isteach ina insint chomhaimseartha  - ní hamháin go bhfuil príomheachtraí na Tána le fáil san insint seo, ach tá Oidhe Aonfhir Aoife, Eachtra Mhacha agus Bás Chon Chulainn fite go healaíonta isteach sa reacaireacht aige. Cuireann léiriú Darach Uí Thuairisg, ceoil Mel Mercier, na físeáin, na maisc agus thar rud ar bith eile aisteoireacht uile chorpartha an scéal i láthair go paiteanta. Seasann iomrascáil fiánta na linne seo do bharbarthacht agus buaileam sciath an Chraobh Rua, agus gluaiseann an t-aicsean go gasta ó chomhraic fuilteacha go iomrascáil idir na braillíní go comhrá adhairte go caibidlíocht chasta agus ar ais ar luas dochreidte. Fantar dílis don mbunscéal, ach i gcló na linne seo ag baint feidhm éifeachtach as íocónagrafaíocht freacnairceach.
Tragóid is ea scéal Sétanta; fear a fhágann a shotal agus a bheith dírithe ar a idéil chaol laochúil é mar chéir i lámha mná láidre - réabtar é idir chraos doshásta Méidbhe, tírghrá is idéil Emer, agus uaigneas agus gátar Aoife. Tá macallaí staid reatha na tíre ann - mo chlann fhéin a dhíol a máthair -  agus freisin imeachtaí san Meán Oirthear agus an siar is aniar idir cumhachtaí móra an domhain a réabann na gnáthdhaoine eatarthu.
San míreanna ar an scáileáin, tá meascán de radhairc breise ag baint feidhm as na haisteoirí agus stoc radhairc ag léiriú an méid atá ar bun ar an ardán.
Bhíos tógtha ach go háirithe leis an chaoi ar insíodh scéal Mhacha mar dhráma laistigh den dráma, ar an scáileáin, agus é á úsaid chun Sétanta a spreagadh chun gnímh ar son a phobal, é a réabadh as a bhrionglóidí maidir le cáil san fáinne comhraic.
Maidir leis na maisc, is cinn latex iad a chlúdaíonn an ceann ar fad, agus folt breá gruaige ag dul leo. Cuireann siad ar chumas foireann beag aisteoirí líon mór pearsana a chuir i láthair - agus cuireann na gnúis cuid den scéal i láthair leo féin, sula deir nó déanann an aisteoir faic. Gan iad ní dócha go bhfeadfaí an luais agus dlús a choinneáil sa dráma. (Níor thuig mo dheirfiúr go dtí an deireadh nach raibh ach an líon beag aisteoir ann)
Tá an donas ormsa maidir le gan cláir a cheannach ag drámaí - creidim gur teip is ea dráma go bhfuil an clár de dhíth ar an lucht féachana. Ciallaíonn sé áfach nach dtuig liom na haisteoirí a mholadh as a n-ainmneacha; beidh orm na róil a lua in ionad!
Sheas Medb amach go háirithe domsa - an aisteoir á cur i láthair, ag léiriú an craos cumhachta le guth agus geáitsí bheaga. Taispeántas láidir - mar a bhí ag Emer agus Aoife. Agus Mac Roth - sliomadóir cruthanta, ag feidhmiú sa chúlra chun rud ar bith atá ó Medb a aimsiú di - maoin, céilí leapain, tarbh ....
B'é an cúis nach bhfuair an dráma lán mharcanna uainn ná go raibh an fhuaim rud beag ró ard, agus go raibh cuid den chaint doiléir dá bharr.
Ach ní bheadh leisce orm freastal arís ar an ndráma seo! Ó tháinig Fíbín ar an saol traidhfil blianta ó shin bhíos ag tnúth le deis a gcuid saothair a fheiceáil - ach níor éirigh riamh liom cionn is go raibh na léirithe ró fhada uaim, nó ag am oibre. Ach b'fhiú an fanacht (agus déanfaidh mé iarracht níos mó má bhíonn deis eile agam!)

2011-12-05

Féile San Nioclás atá ann amárach...

San Nioclás ag bronnadh airgead an na cailíní bochta, Ambrogio Lorenzetti
Tá alt spéisiúil scríofa ag Myra Zepf faoi ón dearcadh neamh-chreidmheach. Aontaím le cuid mhór dá bhfuil scríofa aici; tá gné áfach a sílim nár chuir sí san áireamh. Is féidir le scéalta, fiú agus gan iad a bheith iomlán fíor, fírinní agus gaois an nochtadh. Agus nósanna freisin.
Gan amhras, bhí a leithéid de dhuine ann agus Nioclás, Easpag Myra atá anois sa Tuirc. Tá ana amhras orm faoin naomh seanchas uilig a chnuasaigh thart ar sna meánaoiseanna, agus fíor amhrasach faoin cóta siúcra atá bronnta air ag tomhaltas na linne seo.
Mar sin féin, is maith liom na scéalta agus na nósanna; agus thug m'iníon cuaird air agus gan aige ach Béarla seachtain ó shin, agus ar agus é ag labhairt Gaeilge ar an Satharn. Agus, ó tharla féasta san Nioclás ann amárach, aimseoidh sí roinnt milseáin ina bróg. Nós ón nGearmáin atá nasctha leis an scéal a léirítear thuas - gur tharrtháil sé triúr ban óg ón striapachas/sclábhaíocht tríd a dóthain airgead a bhronnadh orthu faoi rúin chun go mbeadh spré cuí acu.
Féile cuí ar an mbealach chuig an príomfhéile - Breith Chríost!

2011-12-02

Na ceolta ab ansa le Fionn

Spreag ceist ar fóram nua Daltaí mé chun dul sa tóir ar 'ceol na dtarluithe'. Is cosúil gurbh é James Stephens a mhúnlaigh an nath áirithe sin. Ach tháinig mé ar an sliocht seo as Feis Tigh Chonáin: tríd leabhar le Cormac Ó Cadhlaigh a tháinig mé air, agus is leis an leagan nua Ghaeilge (nach ionann go hiomlán agus an ceann eile).

‘Indis dam-sa’ ar Conán ‘na ceódla 7 na oirfitheadha is binde leat fuaruis ariamh.’ ‘Inneósat-sa sin duit,’ ar Finn.

‘An uair bhidh seacht ccatha na gnáthfhéine a n-aon-inadh 7 thógbait a ccraindgal ós a gceanduibh 7 buailuit na gaoithe glan-fuara ar feadh na ccraindgal 7 doníd treathan is tormán etorro, is dona ceólaibh is binne liom dá ccuala ariamh sin. Is bind liom fós an tan easgurthur teach mór na hAlmaine 7 tógthur na cuirnn comhóla dá ndáil ar maithuibh na Féine; is binn liom bloscadh donidh deireadh na ccoirnn ‘gá ttógbháil an uair sin. Is bind liom fós fogur na bfaoilinn 7 coigedal na gcorr 7 fuaim thuinderágha 7 comhrádh (firscarde) arscáth a sgéithe. Is bind liom fós guth na gcuachadh ‘sa céatteamain & sceamgal na muc agamuigmhoin daim Cerae a gcnoc Ruadh 7 nuallán sealga Doire Nouis 7 sgalguire loin Litreach Néid & mungur na glais-sreab 7 aphrán trí n-ingean Bic mic Buain 7  aphrán trí mac Eathach. Is bind liom fós tond fá thír amach 7 asteach. Is iat sin na fuaslaicthe na gceist do chuiris orm, a Chonán’ for Fionn.
"Innseosad-sa san duit," arsa Fionn.
"Nuair a bhídh seacht gcatha na gnáthféinne ar aon mháigh agus nuair a thógaid a crannghail ós a gcionn agus nuair a ghluaiseann an ghaoth glórach ghlanfuar tríotha agus thórsta, is róbhinn liom san. Agus nuair a leagtar na búird amach 'san tigh fleidhe againn i nAlmhain, agus nuair dháilid na dáileamhain na cuirn caomhghlana do mhaithibh na Féinne, an bloscbhéim dobheirid 'na dheire sin ag baint le bórdaibh na bruidhne, is róbhinn liom san.
Is binn liom foghar faoileann ag coigeadail na gcorr agus fuaim toinne Tráighlí, agus abhrán Mac Meardha, agus fead Mhic Lughaidh, agus dórd Fearstaraidh, agus guth na cuaiche an chéad mhí de samhradh, agus nuaill na scol i nDoire.

Tar isteach sa siopa milseáin....

Níl fhios agam cad a spreag é, ach tá siopaí milseáin "den seandéanamh" á oscailt ar fud na cathrach agus an ceantar máguaird. Tharraing na scríbhinní i nGaeilge ar an siopa seo ar an príomhshráid i mBré mo shúil agus tharraing isteach sa siopa mé tráthnóna. (Gaeilge feicthe agam ar siopa sna Clocha Liatha freisin).
Áit spéisiúil atá ann cinnte.
Agus mé ag fás aníos i Tír an Iúir, bhí trí chinn de siopaí beaga a bhí mórán mar seo - seachas nach raibh siad chomh glan lonrach, agus gur seanmhná a bhí ina mbun.
(N'fheadar cé chomh críonna is a bhí siad dáiríre - i súile an linbh tá gach duine fásta fíor aosta)

Mhúscail an siopa seo cuimhní cinn, milseáin bruite fearacht "bull's eyes" nó "lemon drops" i malaí páipéir ar cúpla pingin airgead póca.  Agus an chaoi gur leáigh siad beagán i do phóca, ag táthú le chéile agus leis an mála i dtreo is go raibh roinnt páipéir á ithe leis na milseáin!

Is fada ó ith mé milseán bruite. Roinnt cinn boga a cheannaigh mé anocht, agus d'fhoghlaim mé (arís) nach ionann nougat abhus agus sa Ghearmáin - is maith le mo bhean an leagan Gearmánach, is gráin léi an t-earra ró-mhilis abhus.