Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-01-26

I líonta ár bhfocail a chastar sinn

Tá cuireadh tugtha dom bheith páirteach in eagrán den Clár Bosca 106 ar Raidió na Life amárach chun ceist na giolcaireachta as Gaeilge a phlé. Chuir sé mé ag machnamh arís ar an ghné úd de mo chuid línseoireachta.
Cineál comhrá i dteach tábhairne callánach atá ann. Is féidir le daoine gearradh isteach gan chuireadh. Tharlódh an gearradh isteach a bheith spéisiúil, agus ríomhaithne curtha ar dhuine spéisiúil mar thoradh air. Nó a mhalairt ar fad. Gan amhras, is féidir cosc a chur ar dhaoine áirithe atá leadránach nó a chuireann cantal ort, agus an cluas bodhair a thabhairt dóibh ar an dóigh sin.
Tá gné spéisiúil amháin den seirbhís Twitter. An dóigh a níonn sé iarracht daoine a nascadh le chéile. Ar feadh tamaill bhíodh "daoine cosúil leatsa" mar theideal ar an mír seo acu, ach sílim go bhfuil siad tar éis eirí as sin. Bhí an algartam ró gharbh, agus is dócha go rabhthas ag cuir cantal ar dhaoine leis an cuir síos sin. Shamhlóinn gur algartam atá ann a "foghlaimíonn" de réir na roghanna a dhéanann daoine as an liosta a chuirtear rompu. Caithfidh mé a rá gurbh annamh a roghnaigh mé féin ainm as an liosta úd. Is minice a roghnaím duine a bhfuil tagairt déanta dóibh ag duine eile i ngiolc. Ach caithim súil ar an stair atá acu i dtosach. Chun Gaeilge a "labhairt" atáimse ar Twitter, agus is beag duine gan Gaeilge a leanaim, cé go mbím ag leanadh eagraíochtaí áirithe a bhfuil spéis agam iontu. Ní mór a rá áfach go raibh roinnt comhráití spéisiúla dhátheangacha agam ar Twitter - mise ag Gaeilgeoireacht, an duine eile in ann mé a thuiscint ach gan muinín acu freagairt i nGaeilge. Bheadh sé deacair a leithéid a dhéanamh aghaidh ar aghaidh.
Do mheabhraigh an iarracht seo daoine a nascadh le chéile gearrscéal de chuid Primo Levi dom; cuireann 'A fin di bene' (Ar mhaithe le críoch maith) síos ar na deacrachtaí a bhíonn ag innealtóir nuair a nasctar an líonra gutháin na hIodáile le cinn na Fraince agus na Gearmáine. I dtosach bíonn líon mór glaonna "míchearta" ann. Léiríonn anailís ar na huimhreacha go bhfuil gaol éigin idir an dá cheann den nasc mícheart seo. Diaidh ar ndiaidh téann an rud i ndiamhaire - an líonra á thabhairt go bailte nua, gan aon soiléire ann cé atá ag tabhairt na horduithe. Gearrann guth isteach ar chomhráití, ag tabhairt dea-chomhairle agus ag iarraidh cumarsáid níos fearr a spreagadh. Tagann an innealtóir ar an dtuiscint gurbh amhlaidh go bhfuil comhfhios múscailte san líonra toisc é bheith chomh casta sin. Agus go bhfuil sé ar a dhícheall a chríoch - cumarsáid  idir dhaoine - a chomhlíonadh go foirfe. Le hiarmhairtí gan choinne, mar is iondúil nuair atá córas teicniúil i ngleic le daoine! Tá casadh i ndeire an scéil, ach ní bhaineann sin le hábhar anocht.  Tá scéal eile sa chonair céanna "A Logic Named Joe" le léamh anseo. (Foilsíodh an scéal fáidhiúil sin i 1946!)
Is cuma cé chomh cliste is atá algartam, caithfidh daoine dul i ngleic le daoine. Is féidir leis an idirlíon am agus spás a chuir ar neamhní de chineál i gcomhrá. Ach má ta cumarsáid le bheith ann, croí a labhraíonn le croí.

2012-01-24

Ar bhanc bhig ós comhair bainc mhóir.

Worauf mag die Gabe des Fleißes,
die der Deutsche besitzt, beruhn?
Deutschsein heißt - der Deutsche weiß es -
Dinge um ihrer selbst willen tun.
Cad air atá an bua flosca,
atá ag an nGearmánach, bunaithe?
Is éard is ea bheith Gearmánach, is eol don Gearmánach,
Rudaí a dhéanamh, ar mhaithe leis na rudaí féin
Wenn er spart, dann nicht deswegen,
daß er später was davon hat.
Nein, ach nein, Geld hinterlegen
findet ohne Absicht statt.
Nuair a dhéanann sé coigilt, ní chun go mbeadh
rud aige ar ball a níonn,
Ní hea, ní hea, cuirtear Airgead i dtaisce
Gan sprioc dá laghad
Uns erfreut das bloße Sparen.
Geld persönlich macht nicht froh.
Regelmäßig nach paar Jahren
klaut Ihr's uns ja sowieso.
As an gcur i dtaisce a bhaineann muid pléisiúr,
Ní foinse áthais Airgead ann féin,
Go rialta gach bliain nó dhó,
Goideann sibh uainn é pé scéal é
Nehmt denn hin, was wir ersparten
und verluderts dann und wann.
Und erfindet noch paar Arten,
wie man pleite gehen kann.
Glacaigí mar sin an rud a choigil muid,
agus cur amú anois is arís é,
Agus cumaigí cúpla dóigh eile,
conas is féidir dul as gnó
Wieder ist es Euch gelungen,
wieder sind wir auf dem Hund,
unser Geld hat ausgerungen
- Ihr seid hoffentlich gesund.
Arís eile d'éirigh libh,
arís eile táimid sa bhfaopach,
tá ar gcuid airgid ídithe,
tá súil agam go bhfuil sibh sláintiúil!
Heiter stehn wir vor den Banken,
Armut ist der Mühe Lohn.
Bitte, bitte, nichts zu danken.
Keine Angst, wir gehen schon.
Go sona seasann muid os comhair na bainc,
Daibhris toradh an saothair,
Go ndéana maith díobh, níl a bhuíochas oraibh,
Ná bíodh imní oraibh, táimid ar tí imeachta
Und empfindet keine Reue.
Leider wurdet Ihr ertappt.
Doch wir halten Euch die Treue,
und dann sparen wir aufs Neue,
bis es wieder mal so klappt.
Ná bíodh aiféala dá laghad oraibh,
'Sé an trua gur rugadh oraibh,
Ach fanfaidh muid dílis díobh,
agus cuirfidh muid i dtaisce arís,
go dtarlóidh sé arís..

Dán le Erich Kästner (scríobhadh sna 1930í sílim). Chuir Holger Münzer ceol leis - is féidir éisteacht leis anseo

2012-01-23

2012-01-22

Is féidir linn! Ach an mian linn?

Chaith mé an lá inné ag an Siompóisiam "Leasú chun feabhais" a reáchtáil Coláiste an Tríonóide agus Craobh na Ceithre Cúirteanna de Choradh na Gaeilge. Bhí oifigeach Ghaeilge an Choláiste, Aonghus Dwane, ana ghníomhach san eagrú agus tá eolas, an clár san áireamh ar a shuíomh siúd.
Aitheasc le Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga a chuir tús le himeachtaí. Bhí Séamus Mac Giolla Chomhaill ann thar cheann na Roinne. Bhí, dar ndóigh, an bheirt sin ag labhairt ina bhfeidhm oifigiúil agus laincisí áirithe orthu dá réir. Tá comhairle dlí faighte ag Seán Ó Cuirreáin gan cheist comhnascadh a oifige a phlé; agus bhí cosc ar Shéamuis Mac Giolla Chomhaill é a phlé toisc gur cinneadh Rialtas atá i gceist agus go gcaithfidh ball sinsearach den Státseirbhíse glacadh lena leithéidí. Luaigh Julian de Spáinn anonn sa lá gur lorg sé féin faisnéis maidir le cé a mhol an chomhnascadh - ach go raibh na cáipéis a fuair sé dubhaithe amach go hiomlán, geall leis. Is beag nua mar sin a bhí ceachtar fear in ann a nochtadh dúinn, agus is súil siar a bhí idir lámha acu pé scéal é. Do luaigh Séamus Mac Giolla Chomhaill gurbh "i ndáil éisteachta seachas i ndáil cainte" a bhí sé inár láthair. Ach ba léir go rabhadar araon den tuairim, agus an seomra ar aon fhocal leo, gurbh feabhas mór atá ann de réir an Achta - luaigh Séamas Ó Tuathail, a bhí mar chathaoirleach ar an gcéad mhír, gurbh éigean do Helen Ó Murchú cás Ardchúirte a ghlacadh - céim costasach agus amhantrach - chun rud chomh simplí le foirm cláraithe cuideachta i nGaeilge a fháil. Tá an cuma air go bhfuil an ré sin, ar a laghad thart.
Labhair Aonghus Dwane ansin, agus a ghairm mar Oifigeach Ghaeilge a fostaíodh chun scéim a ullmhú mar bhunús lena chaint. Rinne sé pointí maithe; ainneoin go na-amharcann pobal na Gaeilge ar Oifigigh Ghaeilge mar cairde sa Chúirt, mar abhcóide, ag deireadh an lae is fostaithe de chuid na gcomhluchtaí iad agus caithfidh siad polasaí na comhluchta a chuir i feidhm.   Agus go mbíonn an deacracht ann go minic go gcreideann an bhainistíocht go bhfuil an jab déanta nuair atá an scéim daingnithe. Ach nach bhfuil ansin ach tús bealaí. Lúb ar lár atá ann, dar leis, nach bhfuil dualgais agus oiliúint maidir le feasacht teanga agus an Ghaeilge mar chuid den córas athbhreithnithe a bhíonn ar gach fostaí Stáit dul tríd uair sa bhliain - agus go mbíonn drogall á réir ar dhaoine dul faoi oiliúint sa Ghaeilge mar nach léir dóibh luach a bheith ag an mbainistíocht air. Tharraing sé achrann ar féin nuair a labhair sé go dhátheangach leis an pointe a dhéanamh gur gá do phobal na Gaeilge pobal an Bhéarla a mhealladh. Dúirt guth ó chúl an seomra leis gurbh mór an náire é! (Bhí ateangaireacht ar fáil, agus dornán beag den méid a bhí i láthair ag baint feidhm as na cluasáin.)
I ndiaidh briseadh caife labhair Dáithí Mac Cárthaigh ar na difríochtaí le Acht Cheanada, ar ar bunaíodh an Acht abhus, ag plé go sonrach leis an tionchar ar na cúirteanna agus an córas dlí. Tá, mar shampla, dualgas reachtúil thall Achtanna a achtú san dá theanga oifigiúil. Abhus, tá an foráil go bhfoilseofaí Achtanna san dá theanga lagaithe fiú de bhrí gur ritheadh leasú a thugann cead Acht a fhoilsiú i dteanga amháin ar líne - agus tá líon na nAchtanna atá aistrithe laghdaithe go mór dá bharr. Chuir Julian de Spáinn an taighde a rinneadh ag Garrett Reil maidir le comharthaí tráchta. agus na buntáistí le idirdhealú le dathanna. Go deimhin, mar sin atá a lán de na comharthaí nua turasóireachta thart ar BÁC, comharthaí a thugann ainmneacha bóithre san áireamh. Ach níl síneacha tráchta clúdaithe faoin Acht agus deacracht dá réir ag baint leo.
Ansin a tugadh an chaint ba shuntasaí, dar liomsa, sé sin an cur síos a rinne Éamonn Mac Niallais ó Ghuth na Gaeltachta ar a thaithí féin ar na deacrachtaí plé leis an Stáit i nGaeilge, sa Ghaeltacht. Scéal suntasach amháin a bhí aige - ní raibh cead aige a leanbh a thabhairt abhaile gan é a chlárú. Ach, ainneoin ceathrar bean ón nGaeltacht le leanaí a bheith sa bharda i Leitir Ceannainn, ní raibh fáil ar foirm as Gaeilge. Dúradh cúpla uair roimhe seo nach raibh Pobal na Gaeilge, pobal na Gaeltacht ach go háirithe, sách glórach ag éileamh a gcearta teanga. Thug Éamonn agus dornán duine ón urlár fianaise a léigh cén fáth -  go deacra go mór ag daoine in áit beag dul i ndeabhaidh lainne le daoine a bhfuil aithne acu orthu, agus gur gá dóibh maireachtáil leo.  Gur deacair a bheith ag tarraingt achrann ort féin dá bharr; agus go bhfuil sé feiceálach go mbíonn muintir na Gaeltachta ag plé as Gaeilge nuair a thuigeann siad go mbeidh toradh fónta air - luadh an Údarás agus Raidió na Gaeltachta, mar shampla. Luaigh sé freisin gurbh mór an faoiseamh dó anois bheith in ann clamhsán dhéanamh le hOifig an Choimisinéara seachas a bheith ag troid gach cath ina aonair.
Tar éis lóin bhí plé oscailte ann, agus smacht iontach ag Eimear Ní Chonaola ar imeachtaí. Ní lig sí do scéalta thairis ná ráitis fadálach dul i bhfad, rud a bhí riachtanach mar a bhíonn i gcruinnithe de leithéid.
Bhí rapporteur ainmnithe ag na heagraithe chun tuairisc a choinneáil ar an lá agus chun páipéir críochnúil a chuir ar fáil don Roinn mar ionchur san athbhreithniú.

Is é an rud a thug mé uaim ón lá go raibh tacaíocht sách láidir ann don gCoimisnéir Teanga; go gcreidtear go forleathan go bhfuil teipthe ar na scéimeanna mar atá, de bharr an maorlathas bhaineann len iad a dhréachtadh agus a dhaingniú (ach shoiléirigh fear na Roinne nach dtéann scéim "in éag" go bhfuil an scéim le comhlíonadh go dtí go mbíonn ceann nua daingnithe. Sheachain sé ceist maidir le scéim atá dréachtaithe ach gan a bheith daingnithe). Smaoineamh fónta is ea an moladh a rinne an Coimisinéir maidir le rangú comhluchtaí Stáit, agus dualgas a leagadh orthu de réir a bhfreastal ar an bpobal Gaeltachta agus Gaeilge.

Ach is léir freisin gur ga do phobal na Gaeilge bheith gníomhach agus an rud atá uainn a bhaint amach seachas brath ar an Stáit.  Ba thoradh ar theip na n-institiúid Béarla iad bunú RnaG, TnaG, COGG, Gaelscoileanna - agus is ó gníomhaíocht pobail a tháinig na nithe seo go léir. Tá ciorruithe ann faoi láthair nach léir a dtairbhe ó thaobh airgead a shábháil don Státchiste ach arbh léir a ndochar don Ghaeilge - go háirithe an baol do na scoileanna beaga. Dhá rud suntasacha a luadh faoin cheist sin; gurbh fogha ar dhá mhionlach a bhí i gceist i nDún na nGall, pobal na Gaeltachta agus an pobal Protastúnach buailte ag ceist na scoileanna beaga, agus go raibh deis ansin teacht le chéile leo chun cuir ina choinne. Ach go raibh baol an freisin go scoiltfí pobail Gaeltachta dá bharr, toisc go mbeadh scoileanna níos mó ag iarraidh na daltaí a tharraingt chucu féin ar mhaithe le oidí a choinneáil iad féin.

Tá sé i gceist go mbeidh ábhar níos iomláine curtha ar líne ag an lucht eagar amach anseo. Ach molaim d'aoinne nach bhfuil sé déanta fós acu Aighneacht a chuir faoi bhráid an Rialtas anseo. Agus bheith réidh don gcéad chéim eile san Ríomhlóid!

Nó, mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin le linn a chuid cainte "Is féidir linn! Ach an mian linn?" Fúinne atá sé.

2012-01-15

Úrscéal nó Stair: Freagra ó Thomás Mac Siomóin:

I dtrácht thíos ar an mír seo, chuir Seán an cheist arbh úrscéalta nó stair na leabhair a bhí faoi chaibidil. Chuir mé ceist dá réir ar Thomás, agus seo a fhreagra:

Mar fhreagra ar do cheist:
 
Leabhra staire is ea Nasc na Fola agus Na/Los Patricios sa mhéid is go gcloíonn siad go dlúth le fíricí na staire, mar is eol dúinn iad. 
 
Úrscéal stairiúil is ea Ceallaigh, sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar fhíricí na staire, mar a d'aimsigh taighde iad, agus ar thaithí pearsanta an údair. Anuas ar sin, thugas cead coise do mo shamhlaíocht ó thráth go chéile. Ansin fhéin, coinníos cuibhrithe ag fíricí is ag taithí í. Mar shampla, d'úsáideas agallamh samhalta a chuir O'Kelly ar de Céspedes, Uachtarán Sar-Chúba, leis an riocht ina raibh fórsaí na Réabhlóide (bunaithe ar fhoinsí comhaimseartha) a léiriú. Stair lom gan frapa gan taca is ea an cur síos ar bheatha J.J. O'Kelly atá ar chúl an leabhair.
 
Seánra seanbhunaithe is ea an t-úrscéal stairiúil, ar ndóigh. Tagann muid ar Napoleon agus a leithéid i Cogadh agus Síochán Talstáidh. Is liosta fada le háireamh é liosta ballraíochta an tseánra chéanna. Ainmnítear pearsain aitheanta i Fontenoy Liam Mhic Chóil; tá cúlra fírinneach stairiúil, tréimhse ionsaithe Crombhuel ar Éirinn, ag An Cléireach Dharach Uí Scolaigh agus tá Gearóid Iarla, úrscéal de chuid Mháire Mhac an tSaoi bunaithe ar shaol an phearsa stairiúil chéanna.
 
I mBéarla, áirítear Slaughterhouse 5 Vonnegut, for Whom the Bell Tolls Hemingway, Orlando Virginia Woolf  etc etc etc mar leabhra a bhfuil cúlra cinnte stairiúil acu. Sa tseánra céanna áirítear leabhra a choinníonn go dlúth leis na fíricí agus iad siúd ina mbíonn an ceangal úd scaoilte, ar nós na cinn atá luaite anois beag agam. Má tá ceisteanna eile ar sliobarna, failte rómpu.

2012-01-14

Togra eile idir lámha agam...

Is dócha nach mbeidh mórán le feiceáil anseo go ceann tamaill. Táim ag iarraidh an Vicí do Scrabble 3D a aistriú go Gaeilge, rud a thógfaidh roinnt ama orm! Is iontach an obair atá déanta ag na saorálaithe a chuir an cluiche ar fáil.

Táim ag dul i dtaithí ar an gcluiche, agus cúpla babhta imeartha ar líne agam le Kevin Scannell. Ach is gá comhluadar a bhunú chun go mbeidh níos mó againn in inmhe tairbhe a bhaint as an gcluiche.

Futa Fata Físeáin!

Futa Fata ar Youtube anois. Go dtí seo tá dornán físeáin ón Seó Beo Gugalaí Gug thuas acu.



Bainigí sult as!

2012-01-13

Oideachas agus Oiliúint an Ríomhchláraitheora

Is é an ríomhchlárú mo ghairm le breis agus scór bliain anois. Chuir alt Roseanne Smith ag machnamh mé ag cúrsaí oideachais don gairm. Is de thaisme a rinneadh ríomhchláraitheoir díom. Níorbh geocach ríomhairí riamh mé, i ndáiríre. Is fíor go raibh ZX Spectrum agam agus mé sna déaga; scríobh mé líon beag cláir i mBASIC dó sin, agus do ranganna ar scoil - ar Commodore 64 más buan mo chuimhne.   Más fíor a ndúirt Dijkstra, bhíos ag cur mo ghairm i mbaol leis sin - bhí sé den tuairim gur lobhadh aigne an toradh ar BASIC a úsáid.
Le hinnealtóireacht leictreonach a chuaigh mé ar an Ollscoil. Ní de bharr grá ná spéis ar leith a bheith agam ann - is amhlaidh go raibh mise ag fágáil na scoile ag deireadh na 1980í, ré sách duairc ó thaobh na heacnamaíochta abhus. Bhí táillí le n-íoc don Ollscoil agus roghnaigh mé cúrsa go pragmatach, a shíl mé go mbeadh post ag a deireadh, cé go ndearna mé talamh slán de gur thar sáile a bheadh an post céanna, mar a bhí. Domsa, agus do mo rang iomlán, geall leis.
Bhí, gan amhras, ranganna in "ríomheolaíocht" mar chuid den chúrsa. Ach, más buan mo chuimhne, is oiliúint bunúsach i FORTRAN77 a bhí i gceist seachas oideachas i bprionsabail, teoiricí agus modhanna. (Teanga eile nach raibh meas ag Dijkstra air, dála an scéil).
Ní go ró mhaith a chruthaigh mé san Ollscoil; ní raibh deacracht agam le hobair scoile san Meánscoil, agus mar sin níor fhoghlaim mé conas foghlaim. Scil atá de dhíth san Ollscoil. Ach tháinig mé tríd.
Bhí post samhraidh agam bliain amháin le comhlucht gáis sa Ghearmáin; bhí ríomhaire san saotharlann chun an trealamh a rialú. Fuair mé amach go raibh leagan bunúsach BASIC air,  agus lá amháin nuair a bhí leadrán orm scríobh mé clár bheag chun dul in áit an ghnáth cláir. Tharraing an clár pictiúr de firín bhig ar an scáileáin, agus dúirt nach raibh fonn oibre air cionn is go raibh tinnis cinn aige. Cheap mo chomhghleacaí go raibh sé greannmhar ceart go leor, ach ní raibh an saoiste ró shásta agus cuireadh cosc orm baint leis an ríomhaire arís! B'shin a ghaire agus a tháinig mé riamh le bheith i mo bhradaí
Ar ais ar an Ollscoil, bhí mo thogra céime bainteach go hindíreach le ríomhairí sa mhéid agus go raibh orm ionsamhlú a scríobh mar chuid de. I FORTRAN ar VAX na hOllscoile a bhí an cúpla céad líne scríofa;  bhain mé feidhm as BASIC ar PC chun na torthaí a léiriú. 
Is tearc mar sin a bhí mo chuid taithí ar ríomhairí agus ríomhchlárú nuair a fuair mé post le AEG sa Ghearmáin. Sílim gurbh é mo chuid líofacht sa Ghearmáinis seachas rud ar bith a eile ba chúis liomsa an post a fháil seachas duine eile. Bhí an t-ádh liom gurbh san rannóg forbartha, le foireann tallannach, a leandáil mé - ba san díolaíocht a bhí an cuid is mó de na poist, mar go raibh Béarlóirí de dhíth orthu. Níl cumas taidhleoireachta ar bith agam ó nádúr agus is fíor drochdhíoltóir mé!
Trealamh chun rialú a dhéanamh ar mótar leictreach i traenacha a bhí á fhorbairt againn. Ba ar 8086 san ríomhtheanga PL/M a bhí muid ag obair. Ar ball bhí 8088 in úsáid againn, agus ansin 80C166. Ag an bpointe sin d'iompaigh muid ar C. Ó shin i leith tá obair déanta agam ar sliseanna fearacht an Motorola 56000 agus an ERC32. Agus i réimse teangacha - díolaim do sliseanna éagsúla, C, Ada agus teangacha éagsúla scriopta - Bash, Perl, Python, Tcl, ...
San togra atá idir lámha agam faoi láthair, is ríomhaire tionsclaíoch leis an gcóras oibriúcháin Linux atá i gceist, agus is i cumasc de C, Perl agus Bash táim ag obair. Bheadh an táirge níos cuanna - agus dá bhrí sin níos fearr - dá mbeadh taithí agam ar SQL agus bunachair sonraí; ach ní raibh deis agam é fhoghlaim in am. Tá comhghleacaí liom ar obair ar codanna eile den táirge agus é ag baint feidhm as Python, XML agus HTML. 
Níl san réimse teangacha agus ríomhairí seo ach cuid den scéal. Is é an gnáth íomhá den ríomhchláraitheoirí ná geocach mílítheach cromtha thar a ríomhaire ag códú leis go huaigneach. Tá an íomhá sin bun os cionn le mo thaithí. Fiú na leathdéithe cáiliúla ríomhaireachta fearacht Richard Stallman, Larry Wall Linus Torvalds féin, cé go ndearna siad códú (i seomra dorcha fiú, is dócha) is ar a gcumas mar thaoisigh chun obair meitheal a spreagadh atá a gclú bunaithe.
Cumarsáid atá sa ríomhchlárú. Cumarsáid leis an ríomhaire, cinnte, agus is cumarsáid é sin a éilíonn meoin ar leith. Ní féidir le ríomhaire léamh idir na bearnaí mar a dhéanann duine. Leanfaidh an ríomhaire an clár, céim ar mion chéim, cuma cad atá ann. Ní mór, mar sin, don ríomhchláraitheoir a bheith in ann an tasc a bhriseadh síos ina mhion-céimeanna. Agus na mion-chéimeanna sin a aistriú go cód cruinn beacht. Ach léitear cód i bhfad níos minice ná mar a scríobhtar é. Mar sin, is gá don cód a bheith soléite ag ríomhchláraitheoirí eile (nó an ríomhchláraitheoir féin tar éis achar ama!). Ní leor go n-oibríonn sé ar an ríomhaire.
Ach, arís, níl ansan ach cuid den scéal. Caithfidh an ríomhchláraitheoir an tasc a thuiscint. Chuige sin, ní mór dó cumarsáid a dhéanamh le daoine nach bhfuil an meoin acu a ligeann dóibh an tasc a léiriú ar bhealach a bheadh indéanta le ríomhaire. Is minic freisin nach dtuigeann na húsáideoirí cad atá uathu go dtí go bhfuil an chéad leagan ar fáil - agus ansin feiceann siad go hiondúil na rudaí ar fad nach mian leo bheith acu!

Seachas mianach mhatamaiticiúil, is é an acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sár-mháistreacht ar a theanga dhúchais.
Dijkstra

Réamhrá mós fada ansin, agus is eagal liom go mbeidh an téis sách gairid. "Oideachas agus Oiliúint an Ríomhchláraitheora" an t-ábhar a bhí fúm a phlé; spreagtha ag alt faoi forbairt cluichí agus an easpa foirne atá ar fáil. Easpa atá coiteann - léigh mé inniu go bhfuiltear ag oscailt meánscoil d'ábhar ríomhchláraitheoirí i Nua Eabhrac.
Sílim go bhfuil léirithe agam thuas gur cumas foghlama agus cumarsáide atá de dhíth ar ríomhchláraitheoirí. Is mór an gar an idirlíon sa chás sin, tá sé breac le huraiceachtanna agus eolas an modhanna, gnáis agus - eolas riachtanach - béaloideas na ceirde.  Seod sa réimse sin is ea, mar shampla, Dán an Ríomhchlárú Unix.
Ach tá gá le bunús sular féidir tairbhe a bhaint as an saibhreas seo.
Bunús sa mhata - féach go bhfuil cluichí ríomhaire bunaithe ar ceathairníona, mar shampla. Gan trácht ar an mata thar a bheith forbartha a bhíonn de dhíth ag leithéidí Havok. Agus is céim ar chéim a fhoghlaimítear Mata.
Bunús sna bun-choincheap a bhaineann le ríomhchlárú. Tá sé baolach oiliúint a chuir ar fáil i ríomhtheanga áirithe - tá lochtanna orthu ar fad ar féidir leo modhanna maithe a dhéanamh ró dheacair don tosaitheoir. Rud a d'fheadfadh bheith ina thrúig drochnós (féach aiste Dijkstra thuas, chuige sin is mó a bhí sé. Féach freisin an aiste seo uaidh, Múineadh Ríomhchlárú, i. múineadh conas machnamh). Táim féin tógtha le Scratch. Bhíos sásta a chlos go raibh sé in úsáid ag rang mo mhic san Idirbhliain; ach is cosúil nach ndearna siad dada leis nach raibh déanta agamsa leo blianta ó shin. Tá dúshlán ar leith roimh leanaí na linne seo - tá ríomhairí d'aird chaighdeán thart timpeall orthu gach áit, sna fóin pócaí fiú amháin. Ach tá sé rí dheacair aon chlárú a dhéanamh orthu a thagann i ngiorracht scread asail do na feidhmchláir orthu cheana féin. Is beag sásamh dá réir atá le baint as iarrachtaí ríomhchláraithe, murab ionann agus leithéidí an scéilín a reic mé thuas faoin ríomhaire le tinneas cinn!
Tá gnéithe eile ann ar mithid iad a fhoghlaim go luath.
  • Cumarsáid - go háirithe cumas éisteachta, agus cumas rud a mhíniú go simplí.
  • Obair foirne.
  • Bainistiú ama agus tascanna.
Seachas san idirbhliain, agus i leithéidí Taispeántas na nEolaithe Óga, tá amhras orm go bhfuil ár gcóras oideachas ag freastal ar na riachtanais seo. Agus a chonách sin orainn - tá easpa innealtóirí agus ríomhchláraitheoirí orainn.

Agus sin mo racht go n-uige seo. Is fada uainn fós cur i gcrích na ríobhlóide!

2012-01-08

Sliocht Míl Espáine muid uilig!

Is maith liom leabhair i nGaeilge a cheannach do mo mhic don Nollaig. Anois agus iad anonn sna déaga, is deacair sin a dhéanamh. Is beag leabhar atá ar fáil dóibh, mar sin is beag leabhar léite acu, mar sin níl siad cleachtaí ar Ghaeilge a léamh, mar sin ....
Pé scéal é  (agus le dua, tharla gur i Hodges Figgis a bhí mé ar mhaithe le dearbhán leabhair a chaitheamh) is iad rogha na bliana seo dhá leabhair le Tomás Mac Síomóin: Nasc na Fola, agus Na Patricios.
Dhá leabhair Staire atá i gceist anseo. Pléann "Nasc na Fola" le beirt de mhuintir Dálaigh a d'imigh chun na Spáinne agus ansin ar aghaidh go dtí an Domhain Nua. D'imir siad ról thábhachtach i stair Puerto Rico. Pléann Los Patricios le reisimint den ainm sin a throid an son Meicsiceo in aghaidh SAM.
Is cuimhin liom léirmheas le Alex Hijmans ar "Nasc na Fola" a léamh a bhí rud beag cáinteach toisc gur mheas sé go raibh sé ró theagascach, go raibh meon fríth impiriúil léirithe ró shoiléir ann. Tá cuid den fhírinne aige, is dócha - tá an dá leabahr sách teagascach. Ach n'fheadar an drochrud é sin? Sílim go bhfuil sé spéisiúil a leithéidí de leabhair a bheith ann a léiríonn meon soiléir, agus a léiríonn freisin go bhfuil nascanna stairiúla idir Éireann agus na tíortha Easpáinneacha; san sean domhan agus ar an Oileán Úr.
Thaitin an dá leabhar liom, tá siad lán eolas fiú más le meon soiléir a roinntear an eolas sin. Ach táimse, pé scéal é, amhrasach faoin téis gur féidir cur síos go neodrach ar an stair. Beidh dearcadh an scríbhneora ann, oscailte nó ceilte - mar sin, is fearr liom é bheith oscailte.
Gné spéisiúil de "Na Patricios" ná gur leabhar dhátheangach atá ann, Caistílis agus Gaeilge. Ní dhearna mé ach sracfhéachaint ar an leagan Spáinnise ach sílim gur maith ann é. Níl fhios agam an bhfuil sé i gceist an leabhar a dhíol le Spáinniseoirí chun cáil na Gaeilge a scaipeadh? Bheadh san suntasach.
Do léigh mo mhac atá 15 "Nasc na Fola" agus bhronn marc 6/10 air - cionn is gur cheap sé go raibh sé dírithe ar gasúir níos óige (agus b'fhéidir go bhfuil!). Mheas sé é a bheith feiliúnach do ranga 4/5/6 sa bhunscoil.

Karen Dietrich a rinne na léaráidí don dá leabhar - agus do roinnt leabhair eile le Tomás, feictear dom.
Tá na léaráidí cruinn, ach cineál simplí - chuir sé sin le tuairim mo mhic maidir leis an aois ghrúpa. Sílim go n-aontaím leis faoi sin.

Togra spéisiúil mar sin féin.


Nasc na Fola
Eachtraí na nDálach i bPórtó Ríce
Tomás Mac Síomóin
ISBN: 9781857918045
An Gúm 2011
82 lth

Na/Los Patricios
Gaeil i gCéin 1/ Irlandeses de Ultramar 1
Tomás Mac Símóin
Coiscéim 2010
80 lth.

2012-01-04

Ríomh Scrabble, Cuid a haon

Tá comaoin, arís eile curtha ag Kevin Scannell orainn - leagan Gaeilge curtha ar fáil aige de Scrabble-3D (vicí gan tiontú fós)
D'íoslódáil mé díreach anois é agus d'imir cluiche in aghaidh an ríomhaire. Rinneadh slad orm! Beidh orm cleachtadh. Tá rud nó dhó nach bhfuilim iomlán cinnte faoi - ar cheart scaoileadh le séimhiú agus urú ag tús focail, mar shampla? Chaill mé geábh nó dhó de bhrí gur chuir mé isteach focal a bhí mícheart - tugadh rogha dom é fhágáil nó gan é úsáid - ach nuair a roghnaigh mé gan é úsáid, bhí mo sheal imithe. D'éirigh leis an ríomhaire fáil réidh le seacht litir faoi dhó - mar sin, níorbh aon ionadh go raibh geall le ceithre huaire mo chuid pointí aige nuair a fógraíodh go borb (as Béarla) - "Game Over"
Is féidir an cluiche a imirt le daoine eile thar an idirlíon - ní raibh deis agam triail a bhaint as sin fós. Fairigí an spás seo .... áis iontach seo, mar bíonn sé deacair daoine a fháil chun an bun chluiche boird a imirt! Sílim go bhfuil cúig cluiche nó mar sin imeartha agam ó cheannaíos é!

2012-01-03

An Geansaí Dearg

Cuairteoir mór le rá san naíonra - naíonra "ilghnéitheach". Bhris achrann amach. "Cé thosaigh an raic?", arsa na daoine fásta. "An buachaill leis an geansaí dearg" arsa cór na gasúir. Ní fhaca na daoine fásta aon gheansaí dearg. Brúdh leaidín chun tosaigh. Chonaic na daoine fásta buachaill gorm.

Foinse: Aitheasc Hatice Akyün

2012-01-02

Lámh thapa in uachtar

Is éard atá in "An Litir" de réir suíomh Leabhar Breacan chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.
Úrscéal stairiúil agus aicsean den scoth atá ann; ag baint feidhme as tús scéal chun spléachadh a thabhairt dúinn ar stair na linne tríd súile ógánaigh éirimiúil. 
San tríú pearsa atá an reacaireacht don gcuid is mó, an údar mar cumhacht uilefheasach ag nochtadh dúinn cad a bhaineann do Lúcás ach freisin na mothúcháin atá aige. Ach geábh nó dhó bíonn an reacaireacht san céad phearsa - rud a chuir mearbhall orm go dtí gur bhain mé amach deireadh an leabhair agus gur foilsíodh dom gurbh é An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh an reacaire - duine a bhí, más fíor, ina chomhscoláire ag Lúcás. Ré Séamas a hAon atá ann, na hIarlaí imithe agus Ó Néill gan éifeacht san Róimh. Lámh trom na nGall ag titim ar na Gael gan Taoisigh.
Oscailt pléascach - Easpag á chrochadh as Tréas, agus mion chuir síos ar a fhuiltí agus a bhí an gnó úd ag an am - blaiseadh freisin ar mheon an phobail.
An suíomh léirithe dúinn mar sin, bogann an scéal ar aghaidh go gasta agus cuirtear an laoch inár láthair, scoláire ar scoil i nGaillimh, na gasúir ag cíoradh na ráflaí - an dá campa ina measc - Gael dílis do Ó Néill agus lucht caomhach na gceannaithe Gaillmheacha atá amhrasach faoi. Baineann an chuid eile den úrscéal leis ana heachtraí a bhaineann le Lúcás idir  an t-am a bhronntar Litir an teideal air le tabhairt go hÓ Néill, an amhras a bhuaileann é an é an duine ceart don misean é, an crá croí a bhaineann le bualadh amach ar thuras baolach agus a ghaolta agus a chairde a fhágáil ina dhiaidh, agus an baol de bhrí go bhfuil sé anois in eangach na gcomhcheilg iomadúla atá ar bun, agus an namhad sa tóir air. Fear claímh oilte is ea an ógánach, dalta le ceannaí Francach sa Ghaillimh - agus roimh deire an imleabhair seo bíonn ar é fhéin a chruthú i ndáiríre seachas ar urlár an chleachtadh - i gcomhraic claímh agus intinne - agus cruthaíonn go maith.
Cruthaíonn an údar go maith freisin, ag baint feidhm éifeachtach ar an scéal chun an saol agus an imreas idir na faicsin éagsúla a léiriú dúinn le spléachadh ar imeachtaí éagsúla.
Craos talún, an Gael i ngleic le córas nua dlí nach ghlacann le fianaise nach bhfuil ar phár, fir teanga cam i sochaí ina bhfuil an Bhéarla in uachtar, ach gan í ach ag fíor bheagán.
Ach an mana "taispeáin dom, ná habair liom" leanta go paiteanta tríd síos.
Tá an lán feola le baint as an úrscéal seo, ar fad laistigh de imeacht aon lae sa Ghaillimh, agus beidh mé ag súil leis an gcéad gála eile!

An Litir
Liam Mac Cóil
Leabhar Breac
€15.00 (bog), 420 lch;
ISBN 978-0-898332-57-5