Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-01-26

I líonta ár bhfocail a chastar sinn

Tá cuireadh tugtha dom bheith páirteach in eagrán den Clár Bosca 106 ar Raidió na Life amárach chun ceist na giolcaireachta as Gaeilge a phlé. Chuir sé mé ag machnamh arís ar an ghné úd de mo chuid línseoireachta.
Cineál comhrá i dteach tábhairne callánach atá ann. Is féidir le daoine gearradh isteach gan chuireadh. Tharlódh an gearradh isteach a bheith spéisiúil, agus ríomhaithne curtha ar dhuine spéisiúil mar thoradh air. Nó a mhalairt ar fad. Gan amhras, is féidir cosc a chur ar dhaoine áirithe atá leadránach nó a chuireann cantal ort, agus an cluas bodhair a thabhairt dóibh ar an dóigh sin.
Tá gné spéisiúil amháin den seirbhís Twitter. An dóigh a níonn sé iarracht daoine a nascadh le chéile. Ar feadh tamaill bhíodh "daoine cosúil leatsa" mar theideal ar an mír seo acu, ach sílim go bhfuil siad tar éis eirí as sin. Bhí an algartam ró gharbh, agus is dócha go rabhthas ag cuir cantal ar dhaoine leis an cuir síos sin. Shamhlóinn gur algartam atá ann a "foghlaimíonn" de réir na roghanna a dhéanann daoine as an liosta a chuirtear rompu. Caithfidh mé a rá gurbh annamh a roghnaigh mé féin ainm as an liosta úd. Is minice a roghnaím duine a bhfuil tagairt déanta dóibh ag duine eile i ngiolc. Ach caithim súil ar an stair atá acu i dtosach. Chun Gaeilge a "labhairt" atáimse ar Twitter, agus is beag duine gan Gaeilge a leanaim, cé go mbím ag leanadh eagraíochtaí áirithe a bhfuil spéis agam iontu. Ní mór a rá áfach go raibh roinnt comhráití spéisiúla dhátheangacha agam ar Twitter - mise ag Gaeilgeoireacht, an duine eile in ann mé a thuiscint ach gan muinín acu freagairt i nGaeilge. Bheadh sé deacair a leithéid a dhéanamh aghaidh ar aghaidh.
Do mheabhraigh an iarracht seo daoine a nascadh le chéile gearrscéal de chuid Primo Levi dom; cuireann 'A fin di bene' (Ar mhaithe le críoch maith) síos ar na deacrachtaí a bhíonn ag innealtóir nuair a nasctar an líonra gutháin na hIodáile le cinn na Fraince agus na Gearmáine. I dtosach bíonn líon mór glaonna "míchearta" ann. Léiríonn anailís ar na huimhreacha go bhfuil gaol éigin idir an dá cheann den nasc mícheart seo. Diaidh ar ndiaidh téann an rud i ndiamhaire - an líonra á thabhairt go bailte nua, gan aon soiléire ann cé atá ag tabhairt na horduithe. Gearrann guth isteach ar chomhráití, ag tabhairt dea-chomhairle agus ag iarraidh cumarsáid níos fearr a spreagadh. Tagann an innealtóir ar an dtuiscint gurbh amhlaidh go bhfuil comhfhios múscailte san líonra toisc é bheith chomh casta sin. Agus go bhfuil sé ar a dhícheall a chríoch - cumarsáid  idir dhaoine - a chomhlíonadh go foirfe. Le hiarmhairtí gan choinne, mar is iondúil nuair atá córas teicniúil i ngleic le daoine! Tá casadh i ndeire an scéil, ach ní bhaineann sin le hábhar anocht.  Tá scéal eile sa chonair céanna "A Logic Named Joe" le léamh anseo. (Foilsíodh an scéal fáidhiúil sin i 1946!)
Is cuma cé chomh cliste is atá algartam, caithfidh daoine dul i ngleic le daoine. Is féidir leis an idirlíon am agus spás a chuir ar neamhní de chineál i gcomhrá. Ach má ta cumarsáid le bheith ann, croí a labhraíonn le croí.