Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-27

An #Gtuít!

Lógó an #Gtuít, (c) Gaelport
Táim fillte abhaile anois díreach ón #Gtuít. Gaelport a d'eagraigh an deis seo dúinne atá ar líne as Gaeilge buaileadh le chéile san fíor saol. Gan amhras, sciar bheag de phobal na Gaeilge ar líne a bhfuil deis acu freastal ar imeacht mar seo i lár Chathair Átha Cliath! Mar sin féin bhí tinreamh sách maith ann san Culture Box i mBarra Temple. Scata aos léinn, scata ó na meáin ar líne agus as, agus corr ghnáth dhuine mo dhála fhéin! Chuala muid caint ó Fiachra Ó Marcaigh ó Amas  ar stair agus deis an Idirlíon. Bíonn Fiachra ag cuir comhairle ar chomhlachtaí conas teacht i dtír ar na deiseanna a chuireann an Idirlíon ar fail. Thosaigh sé féin amach leis an ríomhaire céanna agus a bhí agam féin i dtosach - an ZX Spectrum. Ríomhaire nach raibh nasctha le rud ar bith! D'inis sé scéal freisin faoi rphost luath a sheol sé a thóg beagnach mí chun an sprioc a aimsiú! Is mór idir sin agus dúchasaigh digiteacha an lae inniu (tá 47% de phobal fásta na hÉireann nasctha le Facebook - agus do mórchuid den aos óg ina measc is ionann Facebook agus an Idirlíon!) Tá deis ansin do mhionteanga fearacht na Gaeilge; ach mar a léirigh taighde le déanaí is baol ata ann freisin - má tá an tacaíocht teicneolaíochtaí in easnamh.
Michéal Ó Foighil (c) TgLurgan
Duine atá ar a dhícheall deiseanna chuir ar fáil Gaeilge a úsáid ar líne is ea an dara aoichainteoir Mícheál Ó Foighil. D'fhás a chuid iarrachtaí siúd as a chuid oibre le Coláiste Lurgan agus na sár-iarrachtaí atá á dhéanamh aige agus acu chun deiseanna a chuir ar fáil dá daltaí agus iar-dhaltaí an Ghaeilge a úsáid ar mhodh taitneamhach lasmuigh den oideachas. D'fhás an líonra sóisialta Abair Leat as acmhainní foghlama ar líne a bhí Coláiste Lurgan á fhorbairt. Chuir sé tús lena chuid cainte leis an físeáin úd sin de chuid TG Lurgan: ba léir ina chuid cainte a spreagtha agus a thiomáinte is a bhí sé cuir le deiseanna Gaeilge a úsáid. Spreagthacht agus tiomantas atá mealltach gan, amhras, agus é sin de dhíth ó tharla gur as acmhainní Coláiste Lurgan féin atá na forbairtí seo á dhéanamh - ach go meallann na smaointe agus bádh ginearálta don nGaeilge tacaíocht chuige.
Dúirt sé, agus is fíor dó, gurbh é an chéad céim eile ná teacht le chéile na daoine atá gafa le nithe mar seo - agus gurbh tús agus deis maith an Gtuít chuige sin. Aontaím leis agus tréaslaím a saothar le lucht na Comhdhála agus go háirithe Niamh as an obair a chuir siad isteach ann! Bhí deis tar éis an chuid oifigiúil caint le daoine agus bhain mé taitneamh as bualadh le daoine nach raibh ach ríomh-theagmháil agam leo roimhe; agus daoine eile nár bhuail mé ach corruair leo. (Táim buíoch ach go háirithe as Tiernán a thug síob abhaile dom!) Is féidir liom aghaidh a chuir anois le hainmneacha fearacht Loretta, Sarah, agus daoine nach iad! 
Bhí roinnt duaiseanna deasa le bronnadh freisin; ach n'fheadar an bhfuil nod ann dom gur dearbhán do Chruinneog a bhuaigh mise? Agus gan amhras caithfear na cácaí milse a lua ....