Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-22

Beirt Bhan Mhillte. Nó an ea?

Mhol Proinsias an leabhar seo dom thiar san Earrach é. Fuair mé an uair úd é, ach ó tharla nach raibh mé ar líne an tráth úd, níor scríobh mé faoi anseo fós. Táim á athléamh faoi láthair agus táim chomh sásta leis ar an dara léamh agus a bhí ar an gcéad léamh. 
Tá's ag an saol Fodhlach dar ndóigh cé hé Pádraic Ó Conaire. Pearsa stairiúil is ea Katherine Hughes freisin, duine den mbeirt ban atá luaite i dteideal an leabhair. Ach murach saothar Phádraig Uí Siadhail is lú ós a bheadh ar fhios againn. Spreag scríbhinn dráma a aimsigh sé a fhiosracht ina leith, "The Cherry Bird"; dráma a scríobh Katherine Hughes i bpáirt le Ó Conaire.
Ach is beag eolas a d'aimsigh sé, dar leis, agus mar sin shocraigh sé úrscéal a scríobh. As sin a eascraíonn an dara bean, mar is í an pearsa ficseanúil seo Mary Morrison a bhaineann sé feidhm aisti chun cabhrú scéal grá Phádraic agus Kathleen a reic.(Scéal a d'fheadfadh a bheith fíor, ach nach bhfuil fianaise ann dó).
Bíonn macallaí idir scéalta na beirte mná, grá (nó drúis?) nach bhfuil dea-chríoch i ndán dó acu beirt. Ach mná láidre fuinniúla iad araon freisin, a bhaineann mórán amach i saol ina bhfuil an lámh in uachtar ag fir inti.

Rinne Clubleabhar agallamh le Pádraig atá thar a bheith spéisiúil maidir le cúlra an leabhair. Thaitin na cleasa éagsúla a d'úsáid sé chun an scéal a insint dúinn go mór liom; cuid de bunaithe ar dialann ag Katherine, mórchuid de bunaithe ar eachtraí a bhaineann le Mary agus a iarrachtaí scéal Caitlín (mar a tugtar ar Katherine) a thuiscint agus a mian cuidiú leis an gConaireach a chuir i gcrích tar éis do Caitlín bás a fháil de bharr ailse. Tá tagairtí agus macallaí de chuid saothair an Conairaigh ann freisin; agus ar ndóigh is as teideal ceann de na scéalta i Seacht mBua an Éirí Amach a thagann teideal an leabhair.
Tá an scéal - na scéalta, dáiríre - iomlán inchreidte, agus inste go maith agus go cumasach. (Tá léirmheas moltach eile ag Anna Heusaff anseo)
Tráthúil go leor beidh léacht á thabhairt ag Pádraig le linn IMRAM na bliana seo:
Dé Sathairn 20 Deireadh Fómhair • 7.00pm • Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh
PÁDRAIC Ó CONAIRE AGUS KATHERINE HUGHES: DORNÁN LITREACHA, DRÁMA
AGUS DEASCÁN CEISTEANNA. LÉACHT IMRAM LE PÁDRAIG Ó SIADHAIL,
Tá súil agam freastail air.


Beirt Bhan Mhisniúla
Pádraig Ó Siadhail
ISBN: 9781905560745
Cló Iar-Chonnacht 2011