Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-09

Cúla 4

Do mo leithéidí de thuismitheoir atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge lasmuigh de phobal Gaeltachta, tá na meáin thar a bheith tábhachtach. Go háirithe do chainteoir athdhúchais a mbíonn go hiondúil bearnaí áirithe sa bhfoclóir aige ceal taithí agus deis úsáide.
Is maith ann mar sin Cúla4. Is maith an rud é go bhfuil siad ag leathnú amach an méid atá á chuir ar fáil acu ar líne chomh maith. Tá iomair deacair le treabhadh acu san teach seo - in iomaíocht le CBeeBies, Kika, agus (faraor) NickJr.
Ach bíonn m'iníon sásta go leor faire ar ghreannáin Cúla 4 ar na maidineacha deire seachtaine. Agus idir an suíomh agus an seinnteoir ar líne bíonn deiseanna ann faire ar cláir - agus cluichí a imirt - lasmuigh de na ghnáth uaireanta (srianta) craolta. Rud a sheachain raic ar ball nuair a bhí mo mhac ag iarraidh faire ar an gcluiche mór agus an teilifís i seilbh m'iníne! 
Tá meascán deas sna cluichí idir cnaipe a bhrú (cineál space invaders le Olivia) agus cluichí a spreagann smaoineamh. Is maith liom go háirithe an cluiche de chuid Traein Dineasáir mar a chaithfear faid Dineasáir amháin a thomhas in aonad faid ainmhithe eile.
Táim ag súil go mór leis na leaganacha Android atá le cuir ar fáil amach anseo ag TG4 - is iontach an áis cluiche fón póca do  leanbh mífhoighneach nuair atá turas le cur isteach, nó feitheamh le déanamh. Fiú rud chomh simplí le Cúla Caint baineann m'iníon sult as ar feadh tamaill (gearr!). Dá mbeadh an cluiche gléasadh de chuid Olivia ar an bhfón bheadh sí thar a bheith sásta!
Chomh maith leis na uaireanta srianta (meas sibh an mbeidh leigheas áirithe ar sin le leathnú amach teilifís digiteach?) tá deacracht nó dhó eile ann do TG4, dar liom. De bharr costais beocháin is iondúil go mbíonn comhpháirtíocht idirnáisiúnta i gceist - rud a fhágann go mbíonn an leagan Gaeilge de chlár tharraingteach in iomaíocht dhíreach le leaganacha i dteangacha eile. Bíonn Traein Dineasáir ar Nick Jr, mar shampla. Fiú chláir a raibh lámh ag Telegael iontu, tá siad feicthe agam ar Kika.
Is cuimhin liom nuair a bhí na gasúir níos óige go raibh míreanna Gaeltachta san clár "Na Hoobs". Seans go bhfuil a leithéidí fós ann, ach níl sé feicthe agam le déanaí. Tá an clár ceisteanna Bog-Stop ann dar ndóigh. (Nó an bhfuil? Níl sin feicthe le scaitheamh agam ach oiread). Ach tá sé ríthábhachtach - sin an fáth go bhfuil Comhluadar ann - go bhfeiceadh páistí atá á dtógáil le Gaeilge san Iar Ghaeltacht leanaí eile ag caint Gaeilge.
Ba bhreá liom dá mbeadh cláir fearacht na cinn a bhíonn ar CbeeBies ag TG4 - clár cócaireachta do pháistí, abair, ina ghlacann na páistí páirt lárnach. Nó clár garraíodóireachta. Ach is dócha gur ceist costas agus acmhainní atá ann.
Tús maith leithéidí  Cruinne an Aireagáin le Wallace & Gromit  a bhfuil Gaeilge curtha ar sraithe amháin de ag Macalla Teo. (Is trua áfach nár déanadh athghuthú ar na hagallaimh)
Tá dóchas agam go mbeidh cartlann Cúla4 ag fás leis, agus go mbeidh rudaí nua, samhlaíocha á chuir leis.