Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-09-06

Fíor am

Bhí na céad ríomhairí mall. Gasta i gcomparáid le daoine, cinnte, ach fós mall. Ba ghnách mar sin go mbeadh obair á dhéanamh i mód baiscphróiseála. Sé sin, réitítear an obair roimh ré, seoltar isteach sa ríomhaire é, agus bailítear an fhreagra uair éigin níos moille. Tá roinnt córais atá fós ag obair mar sin - go háirithe sna bainc áit a mbíonn líon ollmhór sonraí le ríomh gach oíche; go hiondúil istoíche.(Agus cothaíonn siad deacrachtaí ollmhóra nuair a theipeann orthu, mar a d'fhoghlaim Banc Uladh ar na mallaibh)

Go hiondúil áfach bíonn ríomhairí anois ag obair i mód "fíor-ama".

Ní mór a rá i dtosach nach bhfuil ar chumas ríomhaire amháin ach áireamh amháin a ríomh san turas.  Cinnte, tá an chuma ar an ghnáth PC anois go bhfuil líon mór rudaí ag dul ar aghaidh in aon am amháin. Tá sin amhlaidh toisc go bhfuil clár amháin - an córas oibriúcháin - i bhfeighil cúrsaí. Tá an córas oibriúcháin freagrach as na hacmhainní - cuimhne, agus am áireamh go príomha, a roinnt idir na feidhmchláir. Nuair a bhíonn an ríomhaire róghnóthach - nó clár éigin lochtach - feictear an siombail damanta úd ar an scáileán - orláiste uibhe a bhíodh ann ach anois baineann Windows feidhm as ciorcal ag casadh.

Níl ansin ach ríomhaireacht fíor-ama "bog". Cuirfear cantal ar úsáideoirí mífhoighneacha, ach sin uile.

Tá córais eile ina bhfuil fíor-am "chrua" i gceist. Is é sin, is ionann freagra mall agus freagra mícheart. Le córais dá leithéid atáimse ag plé le linn mo shaol gairmiúil, cé go bhfuilim bogtha rud beag uaidh le blianta beaga anuas. Is gá fíor am chrua in aon chóras atá ag rialú inneall, mar shampla. Nó ag láimhseáil glaonna fón póca!

Tá dúshláin ar leith ag baint le fíor-am chrua. Tá sé measartha éasca léiriú go bhfuil píosa cóid "ceart", i. go bhfuil an feidhm atá ceaptha bheith curtha i gcrích á ríomh go beacht agus go cruinn. Ceist eile ar fad cruthú go mbeidh an freagra tráthúil. Go háirithe de bhrí go mbíonn feidhmeanna éagsúla, le minicíochtaí éagsúla le ríomh ag córas neadaithe mar é. Níos deacra fós má tá idirbhriseadh i gceist - is é sin le rá, rud éigin a tharlaíonn gur gá don ríomhchlár plé leis ar an bpointe.

Bíonn córas oibriúcháin ar leith de dhíth chun plé lena leithéid; agus anailís mós chasta chun iarracht a dhéanamh tráthúlacht an chórais a phromhadh - san cás is measa. Bíonn sé deacair uaireanta fiú oibriú amach cén cás an cás is measa!

Sin de bhrí go mbíonn cosáin éagsúla tríd píosa cóid: mar shampla -
más a
  déan b
  déan c
Tharlódh go bhfuil níos mó ama de dhíth  don céim "c" ná don gcéim "b". Méadaigh é sin faoi roinnt mílte coinníollacha agus bíonn fadhb sách deacair le háireamh! Agus más rud é go bhfeictear tríd promhadh nó anailís (nó, níos measa fós tríd tubaiste agus an córas ag obair) nach bhfuil an córas ag obair ag an luas cuí, tosaíonn an spraoi i gceart. Conas oibriú amach cá bhfuil an t-am á chailleadh? Is féidir méid áirithe a thomhas agus obair ar sin. Agus ba cheart a leithéid de próifíliú a dhéanamh roimh aon iarracht an cód a fheabhsú - le bheith cinnte go bhfuil an  fíor locht á leigheas.

Agus ní fiú mórán bheith ag tincéireacht leis an gcód. Tá sé riachtanach dul i ngleic leis na halgartam agus na riachtanais:  An bhfuil algartam níos fearr ann? An bhfuil gach rud atá á dhéanamh de dhíth?  An féidir cuid den áireamh a dhéanamh as-líne agus an fhreagra a úsáid?

Sin agaibh croí mo cheirde!