Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-10-13

Túr na nAmhrán



Ghlac mé mo shuíochán aréir in amharclann plódaithe an Pavilion i nDún Laoghaire (imeacht Gaeilge díolta amach!) don togra ceoil is déanaí de chuid IMRAM. Ní mór dom admháil gur tearc m'eolas ar Leonard Cohen (cé go dtuigim inniu go raibh amhráin leis cloiste agam) Mar sin ní raibh aon réamhthuairim agam faoin méid a bhí romham. Tá Liam Ó Maonlaí agus Hilary Bow cloiste agam cheana, dar ndóigh agus CDanna dá gcuid ar mo phíobaire póca. Ach bhíos dall go hiomlán go nuige seo ar an Brad Pitt Light Orchestra. Is as na comhábhair ceoil seo maraon le íomhánna teilgthe Margaret Lonergan agus aistriúcháin Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile agus Seosamh Ó Murchú a fuineadh an féasta fuinniúil ceoil a cuireadh ós ár gcomhair. Máistrí ar an nGaeilge (nó an Gaoluinn, le bheith cruinn!) an triúir acu agus ba léir sin sna leaganacha snasta de na hamhráin a cuireadh faoinár mbráid.
Is dócha gur dea-theist ar ar raon Cohen (ar chuir Liam Carson síos ar mar "file eile misteach Giúdach" sa mhullach ar Bob Dylan a rinne IMRAM togra air freisin) go raibh cúigear ar fad a ghlac a seal mar phríomhamhránaí faoi seach i rith na hoíche. Bhí coinne agam le Liam & Hilary a bheith san ról sin; ach bhí triúir amhránaí an BPLO ag glacadh ról lárnach sna amhráin chomh maith, bua ar leith gutha ag gach duine acu - Ann, David agus James Blake. Bhí guth garbh ar leith ag duine des na fir a d'oir go paiteanta do na hamhráin ar ghlac sé an príomhpháirt iontu. Bhí focail agus foghraíocht go paiteanta acu ar fad. Bhí an tionlacan ceoil chomh paiteanta sin nach dtig liom oirfideach thar a chéile a phiocadh amach - veidhlín, dord, giotáir éagsúla leictreach, méarchlár agus pianó, agus uirlisí eile nach bhfeadfainn ainm a chuir orthu fite fuaite le chéile chun ceol cumhachtach a ghineadh a líon an halla agus a chuir ar coipeadh é le fuinneamh.
D'oscail an oíche leis an mbailéid grá Suzanne canta le croí agus colainn iomlán ag Liam; i measc na teideal eile a thug mé liom ná Halleujah - amhrán lán de thagairtí Bíobalta a rinne léaráidí Margaret Lonergan iad a shoiléiriú agus a threisiú -  an rosc catha "Ar dtús tógfam Manhattan ansin tógfaimid Beirlín" - ceann eile Daonlathas (thaitin an slí gur fí Liam Ó Maonlaí cuid den ceol a d'fhoghlaim sé ó Bundúchasaigh Mheiriceá tríd an ceann seo) agus mórán eile amhrán nach iad.
Chuaigh an oíche ar luas lasrach, muid tumtha san sár-cheoil agus deis againn na focail a thabhairt linn de bharr iad a bheith ar na híomhánna teilgthe, agus léirithe ag na híomhánna chomh maith.
Tar éis dóibh muid a sracadh as ár suíocháin chun gártha molta a thabhairt dóibh (agus Liam agus a bhean a chuir ag damhsa go fuinniúil!) d'fhág na ceoltóirí muid le hamhrán oiriúnach clabhsúir...
Maidir leis an lucht féachana, cé go raibh na gnáth hamhrasáin ann agus a lán Gaeilge le clos - bhí a lán Béarla le clos freisin - is léir mar sin go bhfuil ag éirí le hIMRAM daoine ó lasmuigh den ghnáth chomhluadar a tharraingt isteach chuig imeachtaí Gaeilge. Is maith sin.
Rinneadh taifeadadh ar an oíche agus tá sé i gceist go gcraolfar amach anseo ar Raidió na Gaeltachta é; agus beidh an tionscadal ag dul an chamchuairt. Mar sin, ta deis agaibh blaiseadh de mura raibh sibh ann aréir.  Tapaígí an deis sin!