Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-11-25

Coimhthíos

Bhí mé sa leabharlann le déanaí ag féachaint tríd na leabhair agus tháinig mé ar an leabhar seo i measc leabhar na bpáistí. (Mhol mé dóibh é seo, agus Gluaiseacht, a chuir le leabhair na n-aosánach!)
Scéal faoi chailín ón lucht siúl a thagann chun cónaí go sealadach lena muintir i mbaile amuigh faoin tír in Éirinn. Tá á hathair ag iarraidh iad a bheith scartha amach ó achrann san teaghlach sínte.
Téann sí ar scoil, agus nascann cairdeas le cailín áitiúil. Ach músclaíonn cúpla eachtra sa cheantar - nach bhfuil baint ag a teaghlach leo - an doicheall atá ag an pobal socraithe roimh an lucht siúil. Agus nuair a shéideann polaiteoir áitiúil faoin gceist ar mhaithe leis féin, is beag nach mbíonn tragóid ann.
Tá léiriú ana mhaith sna leabhar ar an deighilt fad-bhunaithe in Éireann idir lucht fánaíochta agus lucht socraithe; naimhdeas a théann siar is dócha go dtí an uair gur thosaigh feirmeoirí curaíochta ag cur fúthu go buan, ach gur lean cineál eile ag fánaíocht. Fiú nuair a bhí ról aitheanta ag an lucht siúl sa chomhluadar, mar thincéirí nó ceardaithe agus ceannaithe siúl sílim go raibh doicheall rompu i gcónaí (ainneoin go ndeirtear a mhalairt san leabhar,  tá scéal eile le léamh i, mar shampla, The Bogman le Walter Macken)
I dtaca liom féin de, ní mór dom a admháil go bhfuil an doicheall fós im ionathar, ainneoin mo chroí agus mo chloigeann bheith ag rá liom nár cheart é bheith ann. Bainimise leis an íosmheanaicme, sclábhaí tuarastail ag maireachtáil ó mí go mí. An dream a dúirt George Orwell (duine den treibh é féin) fúinn gur cheart dúinn cloí leis an lucht oibre mar " after all, we have nothing to lose but our aitches". Mar sin féin, tá an doicheall fós sna putóga.
Ní cuimhin liom de theagmháil leis an lucht siúl le linn m'óige ach bean síonchaite a thagadh ag lorg déirce chugainn; fearacht aon ghasúir cúthail eile ghlac mé col éigin leis an éagsúlacht, an boladh eile, an difríocht. Is deacair an chéad éachtaint sin a díbirt.
Ní chabhraíonn sé gur achrann a d'eascair as an dá theagmháil a bhí agam le daoine ón lucht siúl ó shin; fear a rinne jab dom ar roinnt crainn, ach a lig do mór chuid de na géaga titim isteach i ngairdín na comharsan; fúmsa a fágadh é an achrann sin a réiteach, dochar déanta do bhothán sa áireamh. Agus an uair a thug mé roinnt sean cairtchlár do fhear ón lucht siúl agus mé ag glanadh amach an garáiste (le bheith ionraic, is d'fhonn fáil réidh leis a rinne mé sin). Chaith sé ar thaobh na sráide é, timpeall an cúinne, agus bhí orainne pionós a íoc (bhí seoltaí ar na boscaí). Tuigeann mo intinn nach bhfuil nasc idir an sleamchúis a léirigh siad agus a mballraíocht san lucht siúl; ceist eile an ionathar!
Fadhb dáiríre sa phobal an doicheall seo idir an pobal socraithe agus an lucht siúil, fadhb a phléascann anois is arís i bhforéigean mar atá luaite sa leabhar.
Is maith ann an leabhar seo, mar sin. Chun an chloigeann agus an croí a neartú, d'fhonn réiteach a aimsiú agus meoin a athrú.


strainséirí
Colmán Ó Raghallaigh
Cló Maigh Eo
ISBN: 978-1-899922-39-0