Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-11-09

Mór-ríon na Filíochta

Máire Mhac an tSaoi (Foinse)
Bhí sé de phribhléid agam bheith i láthair aréir nuair a bhí oíche ómóis in Áras na Scríbhneoirí do Mháire Mhac an tSaoi. Bhí cuid mhór d'aos litríochta na Gaeilge cruinnithe chun an ómóis sin a thabhairt, agus mar is cuí is - go príomha - tríd dánta dá cuid a roghnú agus a léamh a rinne siad sin. Thug siad cúiseanna lena rogha; agus bhí lucht na hOllscoile ann freisin chun a gcúiseanna siúd agus a rogha a chuir i láthair. Tá an-chreidiúint ag dul d'fhear an tí ar an oíche, Mícheál Ó Ruairc, a bhain feidhm éifeachtach as a thaithí mar oide chun smacht a chóiméad ar imeachtaí!
Labhair Cathal Ó Searcaigh go dhátheangach le paisean faoi Mháire, atá "ar aon aos leis an Stáit", ach mar a dúirt Cathal "in a much better State". I measc na gcainteoirí eile bhí na filí Louis de Paor, Biddy Jenkinson (ar dhúirt Máire faoina reacaireacht go raibh sár aisteoir caillte léi) agus Aifric Mac Aodha. 
Labhair Gabriel Rosenstock ar a huncail Pádraig de Brún agus a dhán siúd Tháinig long ó Valparaiso agus rinne nasc le cuairt a thug sé ansiúd ar a uncail Kurt; rud a spreag, mar is dual do Ghabriel, haiku - agus bhronn sé cóip den haiku i bpeannaireacht Tim O'Neill (a bhí i láthair freisin). Do labhair mná an léinn freisin: Máire Ní Annracháin, Máirín Nic Eoin, Regina Uí Chollatáin agus Ríona Ní Fhrighil - a léigh dán Erich Fried Gegen Vergessen (in aghaidh an dearmaid); dán a phléann le téama a chuaigh Máire i ngleic leis freisin, an tUileloscadh.
Bá léir arís agus arís eile agus iad ag caint an meas, an ghean acu ar Mháire; agus an tionchar atá aici ar a chomh-fhilí; na múnlaí a réab sí a thug saoirse dóibh bheith.
Chuir Liz Ó Droma deireadh leis na cainteoirí; deireadh phearsanta - ag lua arís an tréith máithreach a luadh go minic i rith na hoíche le Máire.
Anois b'é seal Máire labhairt agus a lúcháir a chuir in iúl; agus freisin a gaois. (Sílim go ndearna Colm Ó Torna taifid ar an gcuid seo - má rinne gach seans go mbeidh fáil ar an Saol amach anseo)
Ba bhreá liom dá mbeadh sé ar mo chumas tuairisc a dhiongbhála a a thabhairt ar an ócáid ach níl ag éirí liom ach na nótaí fánacha seo!
Oíche den scoth; agus chuir mé féin clabhsúr leis ar an mbealach abhaile tré éisteacht arís le Máire ag léamh a cuid filíochta - Guth an Fhile.
Gurab fada againn a Guth.