Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-01-27

Cleas an Chruitire

D'fhreastail mé ar an ócáid a bhí ag Laoise Kelly, Cruitire is a cairde san Ark inné. Ar dhaoine óga a bhí an ócáid dírithe agus bhíos ann le mo mhac is sine, ar cruitire cúthail é,  agus le m'iníon (atá ag tosú leis an bhfidil - ar ámharaí an tsaoil fuair na gasúir ceol óna máthair. Níl ceol agamsa)
Bhí na rud ar fad thar a bheith snasta - ní ceolchoirm an focal cuí cé go rabhadar ag seinm go binn, ná ní rang ná ceardlann a bhí i gceist. Cumasc éifeachtacht den trí rud a bhí ann. D'fhoghlaim mé, mar shampla, go bhfuil an cláirseach mar uirlis náisiúnta ag Paraguaí chomh maith le in Éirinn agus i gCymry. 
Tháinig Laoise ar an stáitse í féin i dtosach agus léirigh a huirlis agus a dhraíocht. Ansin tháinig an bodhránaí Robbie Walsh ar stáitse lena bodhráin - Dada (mór) agus Mama (beagán níos lú) - agus péire cnámh. Ansin tháinig Martin Brunsden lena olldord Bertha - a bhfuil 108 bliain slánaithe aici! (Bhí scata cruit aige freisin - agus toireasc)
D'inis sé don lucht féachana faoi na trí cineál ceoil a bhí de dhíth anallód ar máistir phíobaire -  suantraí, goltraí agus geantraí (Béarla a bhí á labhairt gan amhras, ach thug sé an Ghaeilge dúinn orthu).
Thugadar samplaí den trí chineál ansin, ag meascadh aithris leis an gceoil.
Ansin reic Laoise scéal an amhráin Dé Luain, Dé Máirt, na síoga agus Dónall Cam dúinn. Chuir sí an slua ag canadh agus bhí gothaí aici féin chun an scéal a reic. Bhíodar ar fad ag ceoil le chéile, ansin léirigh Robbie a ilghnéithí is atá an bodhrán i lámha máistir - dochreidte an réimse fuaimeanna ceolmhara a mheall sé an an uirlis. Roimhe sin mhúin sé trí bun rithim don slua - waltz, ríl agus jig - le siollaí chun na buillí a léiriú.
Bhí buaicphointe ag deireadh nuair a tháinig veidhleadóir clasaiceach Vladimir Jablokov ar stáitse agus chrom ar chomhrac ceoil a bheith aige le Laoise. Bhíodar araon beoga spreagúil - ansin shocraíodar síos agus cheol Carolans Concerto le chéile.
Sár taibhe a bhí san rud ar fad - agus ag deireadh bhí deis ag an lucht féachana triail a bhaint as na huirlisí.