Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-02-11

Carghas chughainn

Amárach Máirt na hInide; ach ós rud é go bhfuil an ciorcal díospóireacht ar siúl seo an faill deiridh agam fógra a scríobh anseo roimh tost an Charghais.

Beidh mé i mo thost anois go mí Aibreáin, mar is nós liom don Charghas.

2013-02-10

Seachtain na nInnealtoirí: Fíorú Aislingí





Seachtain na nInnealtóirí 2013
Fíorú Aislingí

Lá Teaghlaigh i gColáiste na Tríonóide
Satharn 2ú Márta, 2013

Fíorú Aislingí mana seachtain na nInnealtóirí i mbliana - toisc gurbh é sin a dhéanann innealtóirí - samhlaíocht a mheascadh le eolaíocht agus iarracht a dhéanamh domhan níos fearr a thógáil.

Sprioc Seachtain na nInnealtóirí deis a thabhairt do dhaoine óga an méid a dhéanann innealtóirí a chlos agus a fheiceáil ó na hinnealtóirí féin.

Tabharfaidh an ócáid seo deis duit gléas leictreach a thógáil tú féin san Makeshop; foghlaim conas is féidir guth a thabhairt do ríomhaire is dtreo is go mbeidh Gaeilge aige, agus triail a bhaint as é a chuir ag caint; fáil amach conas a thomhaiseann innealtóirí an talamh chun bóthar nó foirgneamh a leagan amach; conas fómhair fuinnimh a bhaint ón ngaoth - agus na heachtraí sa Mhata a thug na huirlis dúinn chun na haislingí seo a chuir i gcrích.

Eagraithe ag Comhluadar i bpáirt le hOifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, agus An Roth, Cumann na nInnealtóirí. Tá an imeacht seo dírithe ar an aoisghrúpa 8 - 15.

Am
Áit
Imeacht
Nótaí
11:00
Makeshop, Sráid Lincoln (le dearbhú)
Ceardlann; féach bileog breise
Tá costas ar an imeacht seo; tá líon áiteanna srianta.
12:00
Téatar Mháirtín Uí Chadhain (Seomra 2041B, Foirgneamh na nDán)

Caint & léiriú ar an sintéiseoir cainte Abair.
http://www.abair.tcd.ie/
Neasa Ní Chiaráin, TCD

12:45
Briseadh (Deis chun bhur lón a ithe!)
13:15
Faichí imeartha Coláiste na Tríonoide.
Bí i do suirbhéir!
Bain triail as teodailít chun an faiche a thomhas.
Réamonn Mac Réamoinn, ROD

14:00
Téatar Mháirtín Uí Chadhain (Seomra 2041B, Foirgneamh na nDán)
Caint:
Fuinneamh in-athnuaite in Éirinn, le Bernice Doyle, Innealtóir le Airtricity

15:00
Téatar Mháirtín Uí Chadhain (Seomra 2041B, Foirgneamh na nDán)
Caint: Eachtraí Mata
Fiacre Ó Cairbre, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad


Chun áit a chuir in áirithint gabh i dteagmháil le:
Nicole Ní Cheallaigh
Comhluadar
(01) 4789191

Is gá do thuismitheoir a bheith i bhfochair na daoine óga. Tá teorann 12 leis an ceardlann san Makeshop: Iarrtar ort na féidearthachtaí ar an mbileog a chuir in ord rogha, ag cur aois san áireamh, agus an t-eolas sin a bheith leis an áirithint. Beimid in ann dhá cheardlann faoi leith a chuir ar fáil.
 

2013-02-09

Féile fuíoll feá!

Bhí mé san Eaglais Úinitéireach ar Faiche Stiabhna aréir don ócáid ag comóradh shaothar Liam Ó Muirthile agus an saothar is déanaí uaidh - dánta nua agus rogha dánta óna shaothar foilsithe in aon leabhar amháin maille dlúthdhiosca - An Fuíoll Feá.

Tá na dánta aistrithe; mórchuid acu aistrithe ag Gabriel Rosenstock a chreideann go diongbháilte go bhfuil gá le haistriúcháin isteach agus amach sa Ghaeilge chun an litríocht a oscailt amach.

Spás ana dheas is ea an Eaglais Úinitéireach dona leithéid de ócáid ina raibh ceol agus filíocht á reic.

Bhí Cathal Póirtéir ina fhear an tí agus flúirse eolais aige ar gach a bhí ag dul ar aghaidh agus na pearsan.

An píobaire Peter Browne a d'oscail na himeachtaí; ansin léigh Liam agus Gabriel rogha dánta. Bhí na leaganacha Béarla ag tacú leis na leaganacha Gaeilge (agus thug mé suntas arís eile don difear dhéanann teanga do bhlas agus meon!).

Caoimhín Ó Raghallaigh a chur a ealaíon faoinár bhráid ansin; tá stíl ar leith aige. Ní fear ceoil mé, agus níl an friotal agam le cur síos ar an ceol a bhain sin as an fidil ach le rá go raibh an ceol diamhair thart an gnách; shamhlófá gur ag caint seachas ag canadh a bhí an uirlis, ach i dteanga nár thuig mé ach na mothúcháin seachas na focail. 

Léigh Liam agus Gabriel arís ansin; ag tabhairt chun cuimhne beirt atá imithe, duine acu Robert Welch (Corcaíoch eile!) le fíor déanaí, agus Michael Davitt (filí INNTI an triúr acu dar ndóigh)

Iarla Ó Lionaird a chur clabhsúr leis an ócáid foirmeálta le dhá amhrán; ceann acu macarónach mar a d'oir don ócáid filíochta dhá-theangach seo.

Bhí slua suntasach i láthair agus bhí deis agam roinnt comhráite spéisiúla a bheith agam sula raibh orm teitheadh go tobann d'fhonn breith ar mo bhus!

Agus, sea, cheannaigh mé an leabhair agus táim ag súil le súil a a chaitheamh air anois is arís mar is nó liom le filíocht (mar is mó prós a léim) ach tá an CD ann freisin agus beidh sin ar mo sheinnteoir póca agam.

Ócáid phléisiúrtha le smaoineamh maith a sheoladh.

2013-02-06

Gaeilge "éigeantach" agus madraí Pavlov.

Chomh luath is a mholann aon duine leasú ar an nGaeilge sa chóras oideachas, bíonn an conairt sa tóir air. Mar shampla, tá sé curtha i leith Aodhán Ó Ríordáin, TD cur ball den "Briogáid Frith-Ghaeilge" é:
Cad  é feall an Ríordánaigh?  É seo:
Eithne an méid ata le rá aige:
The requirement for teachers to have the ability to teach Irish is a corner-stone of the Irish education policy and must be preserved. However, we must find more inclusive ways to empower students from all backgrounds to up-skill in language instruction during their training years. It is surely the skills on exiting training college that are paramount and not the examination results achieved on exiting secondary school.
Ní in aghaidh na Gaeilge atá sé, ach ar son pobail imeallaithe. Déanann sé an pointe - mar atá déanta ag an Coimisinéir Teanga roimhe - go bhfuil ag teip ar múineadh na Gaeilge san scoileanna. Tá an teip sin níos doimhne sna scoileanna faoi mhíbhuntáiste.

Go deimhin tá an fáinne fí san oideachas níos doimhne sna scoileanna sin, agus cuid den chúis leis sin gur beag múinteoir ón gcúlra sin atá ann. Is mithid an fháinne fí sin a bhriseadh.

Is eol dúinn cén oideachas a oibríonn. Léiríonn na Gaelscoileanna é. Tumoideachas, le múinteoirí atá a) oilte, b) spreagtha, agus c) líofa.

Má tá muid dáiríre faoi feabhas a chuir ar chúrsaí Gaeilge sna scoileanna, is mithid cur le líon na múinteoirí atá amhlaidh.  Ní thomhaiseann an Ardteist mar atá líofacht. Ná spreagthacht ach oiread.

Má dhírítear isteach ar an gcúrsa oiliúna, deis fiúntach a thabhairt do ábhar oidí Gaeilge a fhoghlaim - tréimhse tumoideachais sa Ghaeltacht san áireamh, agus ansin scrúdú ar mhúnla TEG a bheith ann ag gach céim, is féidir tús a chuir le téarnamh. Agus is gá sin a dhéanamh.

Níl feidhm le dris chosain, agus ní chun leas na Gaeilge dris cosáin a dhéanamh aisti. Ní chun leas na Gaeilge conairt agus cúr lena mbéal a scaoileadh ar aoinne a bhfuil sé de dhánaíocht ann a bheith ag iarraidh an cheist a phlé ach oiread.

Is gá teagasc na Gaeilge a leasú. Tá sé loighciúil tús a chuir leis sin le teagasc na dteagascóirí. Cuirtear tús leis!

Agus sin mo racht go n-uige seo.

2013-02-03

Feallscéal Gaelsceál: an bhfuil stráitéis ag an bhForas?

Is cosúil go bhfuil Foras na Gaeilge le deireadh roimh ama a chuir le conradh eile chun nuachtán i nGaeilge a chuir ar fáil. Cuireadh deireadh leis an conradh le Lá Nua toisc gur theastaigh uaithi siúd bheith ar líne amháin; ní raibh siad in ann teacht ar shocrú le Foinse; dream atá tar éis iad féin a athnuachan agus díriú ar mhargadh na foghlaimeoirí Gaeilge mar forlíonadh leis an Independent. 

Anois, is cosúil go bhfuiltear le deireadh a chuir le Gaelscéal.

Tá sé ráite i litir a fuair stiúrthóirí Thorann na dTonn go raibh bord an Fhorais den tuairim “go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meáin clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.”
(Mar is iondúil, níl faic ar shuíomh an Forais faoi seo).
Níl mórán ráite le tamall agam faoi Ghaelscéal; is amhlaidh go raibh mé éirithe as é a cheannach le tamaill maith anois. Ní raibh mé den tuairim gurbh fiú an tairbhe an trioblóid a bhain lena aimsiú, agus níor oir an Céadaoin dom pé scéal é.

Thaitin Foinse liom; bhí téagar ag baint leis agus bhí taithí cnuasaithe acu thar na blianta. Bhíodh leithéidí Seosamh Ó Cuaig, Breandán 'ac Gearailt agus Joe Steve Ó Neachtain ag scríobh dóibh, daoine le scoth na Gaeilge agus rud le rá acu freisin.   Bhíodh leithéidí Alex Hijmans ag scríobh dóibh freisin. Bhíodh forlíonadh fiúntach litríochta acu.

Thaitin Lá (Nua) liom freisin, cé gur fhág an gá nuachtán laethúil a chuir amach ar bheagán acmhainní nach raibh an téagar céanna san táirge, agus thuig mé don dream a shíl go raibh an nuachtán ró dhírithe ar an bpobal as ar tháinig sé. Ach bhí forlíonadh fiúntach litríochta ann ar an Céadaoin; thaitin altanna Philip Cummings liom (rinneadh leabhar astu ó shin)

Gairm is ea iriseoireacht; gairm is ea nuachtán a chuir amach. Is gá gairm a chleachtadh, taithí a chnuasach. Ní leor oiliúint ollscoile; is gá foghlaim ó cheardaithe sa ghairm. Is gá teagmháil a nascadh le daoine chun teacht ar scéalta. Is gá pobal léitheoireacht a thógáil agus a chothú; braitheann sin ar muinín.

Pobal scaipthe pobal na Gaeilge; agus pobal ilghnéitheach. Fágann sin dúshláin ar leith le cur ar fáil nuachtán i nGaeilge. Aitheantas nach féidir é dhéanamh ar bhonn tráchtála is ea deontas a bheith ar fáil ón Stáit.

Ach ní léir dom aon straitéis fadtéarmach a bheith ag Foras na Gaeilge chun idir iriseoirí agus pobal léitheoireachta a chothú do nuachtán Gaeilge. Tá rud éigin aisteach faoi dhream a bheith de shíor ag briseadh conarthaí roimh am, agus ag athrú treo go minic.

An bhfuil aon bunús taighde leis na cinntí seo? An bhfuil fhios againn cén sprioc atá ann? An bhfuil muid ag sleamhnú ó racán go racán gan dul chun cinn dá laghad? An bhfuil dream ar bith a bhíonn ag plé leis an Foras sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ina réimse siúd?

Maraon le straitéis 20 Bliain na Gaeilge ní léir dom Straitéis a bheith leis an méid atá ar bun ag an Foras, agus faraor seo sampla eile. Cuirfear deireadh le Gaelscéal, beidh idir ré eile gan nuachtán ann, rachaidh níos mó daoine as cleachtadh nuachtán i nGaeilge a úsáid, agus beidh an pobal léitheoireachta do pé thogra a thagann in áit Gaelscéal níos tanaí fós.

Scaipfear taithí; caillfear comhbhá; ídeofar muinín.
Luach ár airgid? N'fheadar.

2013-02-02

Bleachtaireacht Idirlín: Mana Ospidéil Thamhlachta

Sheoladh an pictiúr seo i ngiolc inné;
Bhí mé den tuairim go mbeadh baint ag íccath le íoc, i. leigheas; chuaigh mé ag tochailt i DIL agus fuair mé:
tedmannach, teidmnech
o, a (teidm)

(a) pestilential, full of disease : bliadain chalad chessachtoch, acht ger bhó cesno- dach tedhmandach hí,  ALC ii 230.x . is teidmnech ind ail breithre `is deadly ,'  RC xvi 79.23
.

(b) Of persons evilly disposed, perverse, etc. : teidhmneach .i. táomannach .i. drochaigeantach; teidhmneach .i. dásachtach; teidhmneach .i. duine deabhthach, no cean- nairceach, O'Cl. Cf.  O'R. tedmnach tuaimnech disceinm- nech (of the devil),  SR 946 . Eocho Feidlimid find fine | nir bo theidmnech timcride,  LL 131 b 37 . an torathar tedmandach dar-bo comainn Spínx,  TTebe 900 .
Mo bhuille faoi thuairim faoi ná  "leigheas gach plá"

Tamhlacht Mhaelruáin atá i gceist; bhíos deimhin de go raibh tagairt ann do Mhaelruáin nó Aonghus. Agus gan amhras, san Iarfhocal d'Fhéilire Aonghusa fuair mé:

"200] is íccid cech thedmae."
 Bhí an comhrá seo ar siúl nuair a bhí sé i lár na hoíche i Seattle; ach ar dhúisigh Dennis chuir sé clabhsúr ar an scéal.

Ar an gcéad dul síos, thuig sé gur don Féilire féin a bhí an nath ag tagairt: agus thuig sé gur cneasaí an bhrí atá le íccid ann. As DIL arís;
2 íccaid
i,m. , later íccaide (ícc)

(a) a healer, a person or thing that brings healing: Of the Félire : is íccid (v.ll.  icce, íccaid) cech thedmae `'tis a healer of every disease ,'  Fél. Ep. 200.
ícaid cach n-eolach every learned man is a healer ,  Arch. iii 228.83 . See slán-íccaid s.v.  slán. … 
Mar sin, comóradh ar an Fhéilire, agus guí d'fheidhm Ospidéal Thamhlachta atá sa mhana. N'fheadar cé a cheap? 

Iarfhocal:
Is éachtach na háiseanna a chuireann an idirlíon ar fáil i gcás mar seo; a ligeann do ríomhchláraitheoir in Áth Cliath a bheith ag ransú sean scríbhinní agus foclóirí; agus ag baint tairbhe as eolas agus taithí scoláire i Seattle! Am agus spás curtha ar neamhní!