Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-04-08

Trí rud a bhaineann le nuachtán....

  1. Nuacht a chnuasach
  2. Nuacht a dháileadh
  3. Íoc as!
Le múchadh Gaelscéal tá plé ar bun arís faoi cén dóigh is fearr dul chun cinn a dhéanamh. Tá suirbhé faoin ábhar ar bun ag Foras na Gaeilge  (cé gur deacair an tuairim a nocht Íte Ní Chionnaith a bhréagnú go bhfuil fhios acu cén toradh ar mhaith leo, agus go bhfuil na ceisteanna "cuíchóirithe" mar a deir an Ghaeilge Nua le tacú leis an toradh sin)
Tá a lán cainte ar "sheirbhís nuachta ar líne" chun dul i ngleic leis an dúshláin a bhaineann le dáileadh nuachta as Gaeilge ar phobal scaipthe. Tá méid áirithe ar bun cheana - tá Foinse, Nuacht24 agus Meon Eile ar líne; agus cuireann Gaelport seirbhísí gearrthóga agus nuachta ar fáil atá dírithe ar cheist na Gaeilge. Tá seirbhís nuachta as Gaeilge acu do lucht an Raidió freisin - Cogar. Baineann na dreamanna éagsúla seo feidhm éifeachtach as Twitter freisin lena scéalta a scaipeadh. Níl páirt agam féin san líonra sóisialta ar Facebook ach tuigim go bhfuil teacht ar nuacht as Gaeilge ansin freisin. Agus tá modhanna neamhfhoirmiúla chun scéalta a scaipeadh ar liostaí rphoist, mar shampla ceann an Ionaid Buail Isteach i mBaile Átha Cliath agus an iris Saol. Agus dar ndóigh tá an Tuairisceoir éirithe as luaithreach Gaelscéal, cineál. Spás níos pearsanta is ea iGaeilge ach is dócha go mba cheart é bheith san áireamh, máille suímh na gcomharchumainn agus grúpaí eile, leithéidí "Corca Dhuibhne ag Caint"

Beo ann freisin, dar ndóigh. Agus Bileog an Irish Times cé gur faoin lipéid Treibh a bhíonn sé ar líne. Ainneoin go mbíonn nuacht agus tuairimíocht le fáil ansin, tá sé díbeartha go geiteo an chultúir ag Sean Lady Shráid Chnoc na Lobhar.

Níl easpa foinsí ar líne ann dáiríre, mar sin. 

Ceist eile ná an bhfuil pobail na Gaeilge - agus is pobail seachas pobal atá i gceist - chomh gníomhach sin ar líne? Cinnte tá sciar áirithe againn arbh ar líne is mó atá an Ghaeilge inár saol. Ach tá amhras orm gur fíor sin faoi pobail na Gaeltachtaí seachas faoin dream scaipthe a bhfuil Gaeilge acu agus gar dá gcroí. Ceist do lá eile forbairt a dhéanamh ar na smaointe sin.

Mar is léir, tá na nascanna úd ar bharr mo mhéarchlár agam - mar go mbainim feidhm as cuid acu go tráthrialta. Tomhaltóir nuacht ar líne i nGaeilge mé! Ba léitheoir rialta de chuid Foinse agus Lá mé; de Ghaelscéal ar feadh i bhfad freisin - ach d'éirigh mé as nuair a mheas mé nárbh fiú an tairbhe an trioblóid.

Mar sin féin, admhaím gur beag rud nua a d'fhoghlaim mé ó aon cheann de na foinsí seo riamh. Ní dóigh liom go bhfuil aon dul chun cinn san treo a leag Breandán Delap amach in alt i mBeo i 2006:

Ceann de na dúshláin is mó atá romhainn amach sna meáin Ghaeilge ná cultúr na hiriseoireachta imscrúdaithí a bhunú. Níl sé seo déanta go sásúil againn go fóill. Ar ndóigh is sórt paradacsa é an téarma seo sa mhéid is gur cheart go mbeadh sé de dhualgas ar gach iriseoir a bheith fiosrach.

Má fhaighim rud nua ó na meáin scríofa i nGaeilge is iondúil gur léargas nua seachas fíricí nua a bhíonn i gceist. Nochtann leithéidí Alex Hijmans, Aindrias Ó Cathasaigh, Ian Malcolm agus scata nach iad tuiscintí spéisiúla - nach lú a luach nach n-aontaím leo.

Ní cuimhin liom áfach nuachtán Gaeilge ag briseadh aon mhór scéal riamh - ná ag déanamh aon ghéar iniúchadh ar scéal, ag nochtadh eolas agus fíricí nach raibh ann dóibh roimhe. Pé acu an scéal "cúise" (áit a mbíonn troid chúlgharda ar bun ag na meán Gaeilge ró mhinic) nó scéal a mbeadh spéis ag  an pobal i gcoitinne ann.

Is gá dul i ngleic le 
  1. Nuacht a chnuasach
i gceart dar liom má tá aon tréimhseachán i nGaeilge chun ról suntasach buan a bhaint amach.

Beidh orm na smaointe seo a chíoradh arís is léir mar nach bhfuil a bhfuil ar fuineadh i'm intinn ceaptha fós agam. Rabhadh: Sruthlú fánach smaointe ar bun anseo!