Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-06-07

Aisteoirí Bulfin: KATYN A THIOCFAIDH TÚ ABHAILE?




‘Katyn a thiocfaidh tú abhaile?’ á léiriú ag Aisteoirí Bulfin



 

Ionad:  Theatre@36, Club na Múinteoirí, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1



Am: 8 pm



Ticéid: €12 (mic léinn agus OAP €10)


Beidh Aisteoirí Bulfin chugainn arís go luath leis an seó ‘Katyn a thiocfaidh tú abhaile?’ Ar an 13, 14 agus 15 Meitheamh cuirfidh an cumann drámaíochta bisiúil seo an léiriú is déanaí acu i láthair an phobail i gClub na Múinteoirí, Cearnóg Parnell. Seó filíochta agus ceoil dar teideal Thar Teorainn a chuirfidh tús leis an oíche. Ag teacht sna sála air sin beidh an dráma cumhachtach Herody Katyn le Seán Ó Broin. Fidelma Ní Ghallchobhair agus Méabh Ní Loingsigh na léiritheoirí.
Tá teorainneacha le feiceáil i ngach gné den saol agus sa mhír Thar Teorainn tabharfar spléachadh trí mheán na litríochta agus an cheoil ar chuid de na teorainneacha seo agus cé mar a théann siad i bhfeidhm ar dhaoine..
            Sa dráma Herody Katyn tá iliomad teorainneacha le feiceáil chomh maith. An teorainn idir dhá thír, an teorainn idir dhá chultúr, an teorainn idir an fhírinne agus an bhréag, an teorainn idir an tseanmhodh agus an modh nua. Tá cuid de na teorainneacha seo sobhriste, ach cuid eile acu, is deacair iad a thrasnú. Insíonn an dráma seo dúinn faoi eachtra mhór ón dara cogadh domhanda, Sléacht Katyn. Cuireadh na mílte oifigeach Polannach chun báis i bhforaois Katyn sa bhliain 1940. Cuirtear i láthair an lucht féachana an iarracht a rinneadh i gcaitheamh na mblianta fada an fhírinne maidir leis an sléacht seo a cheilt ar mhuintir na hEorpa. Dráma cumhachtach é seo ina léirítear iarrachtaí na gcarachtar cúl a thabhairt le Sléacht Katyn. Ach is deacair teacht thar eachtra ghránna mar sin gan damáiste a dhéanamh do na daoine a thagann sa tslí orthu.

Aisteoirí Bulfin
Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá na céadta drámaí léirithe acu ó bunaíodh an grúpa daichead bliain ó shin. Is iad na léirithe is deireanaí uathu An Campa, dráma grinn nuascríofa le hAodh Ó Domhnaill (2008), Moloney, dráma stairiúil le Seán Ó Tuama (2009), Biffó Béar, geamaireacht nuascríofa le hAodh Ó Domhnaill (2009), Na Leabhra, dráma nuascríofa le hAodh Ó Domhnaill (2010), Círéib, cóiriú ar ghearrscéal le Máirtín Ó Cadhain (2010) agus Oileán na Sclábhaithe, aistriúchán ar L'Île des Esclaves le Pierre de Marivaux (2011). Balleagraíocht de chuid an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta is ea Aisteoirí Bulfin.