Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-08-10

Dlíonn saoirse faire

Clúdach eagrán an RA den leabhar
I measc an lón léitheoireachta a thug mé liom ar saoire bhí an leabhar seo de chuid Cory Doctorow - Little Brother. Bhí leabhar eile dá chuid léite agam - Makers - agus tharraing sin m'aird ar an leabhar seo a bhí i rannóg na n-aosánach san leabharlann.
Samhlaíonn sé ionradh sceimhle ar San Francisco, agus grúpa daoine óga a ghabhtar díreach ina ndiaidh de dheasca ró aisfhreagra na Rannóige um Slándáil Baile agus an t-amhras atá orthu faoi chách.
Scaoiltear saor iad, ach ní iad ar fad. Tá an reacaire sa scéal - fear óg arbh é Little Brother an teideal é, agus beartaíonn sé cur i gcoinne an DHS agus a gcuid spiaireachta tríd cur isteach ar na modhanna a bhaineann siad feidhm astu - agus go bunúsach a gcuid oibre a dhéanamh dodhéanta. 
Árthach is ea an scéal sin chun plé domhain a dhéanamh ar saoirse, bunreacht Mheiriceá, agus an tionchar atá ag teicneolaíocht uilíoch faisnéise ar ár saol. Nochtar an t-uafás eolas teicneolaíochta ar bhealach ana nádúrtha san leabhar - mar go mbíonn an reacaire ag baint feidhm as, agus á mhíniú. Sa mhullach ar sin, scéinséir den scoth atá ann, leis an iliomad casadh agus lúb sna heachtraí, agus léargas bhreá ann ar chaidreamh idir dhaoine - cairdeas, collaíocht, eascairdeas, údarás, ...

Cover_w1n5t0n
Íomha den reacaire le Richard Wilkinson d'eagrán speisialta den leabhar
Bhraith mé go raibh an scéal iomlán inchreidte, agus go pléitear go stuama agus go nádúrtha le ceisteanna móra na saoirse agus teicneolaíocht na faisnéise. Mínítear go maith na lochtanna agus lúb ar láir atá ann nuair a chuirtear ró-mhuinín in eolas a chnuasaítear agus a déantar scagadh staitistiúil air - "Mór sonraí"- atá ina dhia beag ag mórán na laethanta seo ar léir gurbh lag a dtuiscint ar an mata taobh thiar den cheist!

Mholfainn an leabhar seo, ní hamháin d'aosánaigh, ach d'aon duine at mian leo tuiscint níos fearr a fháil ar na ceisteanna ann -  is fearr go mór foghlaim as úrscéal bhríomhar le hais téacsanna tur. Tá sé de bhua ag Doctorow scéalta teicneolaíochta a reic go héifeachtach (dar liom, ach gan amhras is teicneoir mé)