Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-11-30

Méarchlár Nascanna

méarchlár nascanna in úsáid ar obair agam le tamaill. Ríomhaire glúine Windows 8 atá i gceist. Ní raibh le déanamh ach é a nascadh leis an port USB ar an ríomhaire agus an brat a íoslódáil as seo: Bhí méarchlár Gaelchló suite agam cheana féin, mar sin bhí an Rogha Teanga Gaeilge san áireamh, agus cuireadh méarchlár nascanna leis go huathoibríoch. Murach sin, bheadh na treoir anseo le leanacht le teanga a chuir leis:  Is féidir athrú idir méarchláir go gasta ar Windows 8 tríd an cnaipe Windows agus an barra spáis a bhrú.

Bíonn méarchlár nascanna in úsáid i gcónaí anois agam áfach, agus mé ag dul i dtaithí go maith air. Is ag ríomhchlárú a bhíonn mé, mar sin bíonn gá agam le carachtar nach mbíonn mórán ag an gnáth duine {}, [],  |, /, <>, agus \ abair. Thóg sé tamall orm iad a aimsiú go compordach ar an méarchlár nua. 

Ach  ní mór dom a admháil, ainneoin go mbím ag clóscríobh an lá ar fad, agus sin le fiche bliain, nach clóscríbhneoir oilte mé, bíonn orm féachaint ar an méarchlár don gcuid is mó. Níl fhios agam mar sin an mbeadh streachailt níos mó ag tadhallchlóscríobhaí dul i dtaithí ar an athrú leagain.

Is cinnte gur fusa go mór na gutaí fada a aimsiú (cé go mbainim feidhm scaití as AltGr fós de bharr taithí na blianta) agus cinnte is fusa AltGr agus consain ná cnaipe balbh agus consan mar atá le méarchlár Gaelchló. (ḃċḋġ ⁊ araile). Go bhfios dom níl teacht ar ſ fada ná ɼ fada fós.

Nílim ag baint an idir sin úsáide as na consain buailte, mar go sílim nach bhfuil na clófhoirne coitianta deartha i gceart dóibh. 

Ach tréaslaím a iarrachtaí le Ciarán! Tá jab maith déanta aige.


2013-11-20

Parthas don bhfocalbhách

atá anois ann agus Ó Dónaill agus de Bhaldraithe ar líne.

B'iontach an áis roimhe sin an idirlíon, breac le foclóirí luachmhara agus liostaí focail. Ach fágann na scileanna a chuir Michal faobhar orthu le Focal go bhfuil teacht ar an saibhreas a chnuasaigh na scoláirí ar bhealaí nua, thar a bheith éifeachtach.

Rinne Maolmhaodhóg Ó Ruairc roinnt tochailt sa ghort seo cheana agus chroch leis Díolaim d’Abairtí Dúchasacha as na saibhris a chnuasaigh na scoláirí.

Ach tá cumhacht ar leith ag baint le bunachar deá dheartha ar an idirlíon, áit a bhfuil na nascanna agus na cros tagairtí follasach. Sa mhullach ar sin, is breá an áis é an dá fhoclóir a bheith le chéile - is féidir tuiscint ar na bhfocal a bheachtú toisc gur féidir iad a fheiceáil san dá threo. Agus is féidir teanga na mínithe a chuardach chomh maith le teanga na gceannfhocal.

Sa mhullach ar sin, moltar focail atá gar don litriú san fhocal atá á chuardach, agus is féidir foirmeacha seachas an ceannfhocal a chuardach.

Ach siad na nathanna plúr an chnuasaigh agus tá teacht orthu anois ar dhóigheanna a bheadh dodhéanta leis an leabhar. Agus iad uilig chomh in-ghiolctha, i ré seo Twitter!

Is annamh a mholaim an Fhoras ná an Ghúm - ach tá gníomh bhreá fónta déanta acu an uair seo, ach dearna le pé duine go raibh an tuiscint aige ailtire eolais chumasach a thabhairt isteach sa ghníomh!

Fáinne óir orthu!

2013-11-17

Ceolfhoireann Cuimhne an Chláir

Ghnóthaigh mo mhac, atá ina ábhar píobaire printíseacht leis an Clare Memory Orchestra,  agus mar sin bhí muid in Inis seachtain ón Aoine seo chaite don gceolchoirm san Ionad Glór. De réir mo thuiscint, an choincheap atá ann ná ceolfhoireann a sheinneann ar nós na gceoltóirí traidisiúnta - ag foghlaim ó chluas, agus ag seinm ón gcuimhne. Mar sin féin is ceol níos saibhre a bhíonn is gceist ná mar a bhíonn le ceol traidisiúnta de ghnáth, níos mó guthanna agus ceol ar leith do gach rannán le hais an ghnáthnós, gur ag seinm thart ar aon fhonn a bhíonn na ceoltóirí - gach oirfideach ag cur ornáidíocht dá chuid féin leis de réir a chumas agus a ghléas.

Bhí oirfidigh ó chúlra clasaiceach  ag seinm chomh maith leis na ceoltóirí traidisiúnta. Roinn Dave Flynn mar shampla lucht na téada, ag idirdhealú idir "veidhlín" ⁊ "fidil". Bhí uirlisí neamhghnácha ann le hais fidil, píob uillinn agus bosca ceoil. Vióla, dord nó tiompanna, abair.

Sa chéad leath den ceolchoirm bhí na ceoltóirí gairmiúla ag seinm le chéile.

B'é an dara leath áfach an buaicphointe, seachtó ceoltóir ar fad le grúpaí téada,  gaoithe agus cnag.

Bhí scata acu ar an stáitse - ach tháinig dhá cholún isteach tríd an lucht fhéachana. Bhí Carnyx ag ceann feadhna dream acu, agus Stoc ón Iarannaois ag an gceann eile. Bhí cúpla adharc ón Umha aois acu freisin.

Bhí píosa ceoil cumtha don ócáid ag Dave Flynn, comóradh ar chontae an chláir - sraith ina raibh trí mhír don Clár Thoir, Thuaidh agus Thiar. Tá an ghráin agam ar nótaí cláir - creidim gur cheart do saothar ealaíona seasamh as féin gan mínithe, mar sin níor chaith mé ag sracfhéachaint ar na nótaí  - a bhí cumtha i bhfoirm rím aige.

Is cinnte áfach gur líon siad an ionad le farraige láidir ceol ina raibh goltraí, geantraí agus suantraí fite ina bhrat chumhachtach ceoil. Léim splanc an spleodair ón an ceoltóirí chomh fada leis an lucht féachana - ba iontach an fuinneamh a bhí sna ceoltóirí, idir daltaí (chomh hóg le 13 cuid acu) agus oidí, agus saoithe fearacht Martin Hayes agus Mick O'Brien ina measc. Ba mhór an spóirt freisin an stiúrthóir Bjorn Bantock a bhí ag rince, geal leis, agus é ag mealladh an fuinneamh as na ceoltóirí, feidhm á bhaint aige as a cholainn iomlán chun sin a dhéanamh.

Tá súil agam go n-éiríonn leo an coincheap a fhorbairt, an pósadh idir traidisiúin na hÉireann, agus an traidisiún clasaiceach. 'Sé  Carnegie Hall sprioc Dave Flynn, pé scéal é!

2013-11-04

Léamha próis Chló Iar-Chonnachta agus bronnadh duaiseanna

Déardaoin, 7 Samhain, 2013

Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath

Ag 7.00pm bronnfar duaiseanna i gComórtas Gearrscéalta Liam Mhic Uistín

agus

ag 7.30pm beidh léamha próis ó na scríbhneoirí seo a leanas:

Mícheál Ó Ruairc, Anna Heussaff, Alan Titley

Fear an Tí: Micheál Ó Conghaile

Cead isteach saor in aisce

 Anna Heussaff

Is úrscéalaí í Anna Heussaff a scríobhann do léitheoirí fásta agus óga araon. Is úrscéalta bleachtaireachta do léitheoirí fásta iad Bás Tobann (Cois Life 2004) agus Buille Marfach (CIC 2010), agus iad suite i mBéarra ar chósta an iardheiscirt; is úrscéalta mistéire do léitheoirí óga in aois 10-14 bliana iad Vortex (Cois Life 2006) agus Hóng (CIC 2012), ina bhfuil cluichí scáileáin fite le heachtraí an scéil; agus is úrscéal grá comhaimseartha d’fhoghlaimeoirí fásta é Cúpla Focal (Cois Life 2007). Bronnadh mórdhuais Oireachtais ar gach úrscéal díobh; agus bronnadh duais Children’s Books Ireland, Gradam Speisialta na Moltóirí, ar Hóng sa bhliain 2013.

Mícheál Ó Ruairc

Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch i gCiarraí. Tá idir fhilíocht, ghearrscéalta agus phrós foilsithe aige le cúig bliana fichead anuas. I measc an tsaothair atá i gcló tá Fuil Samhraidh, dánta, (Coiscéim, 1987); Dán is Céad ón Leitriúch, cnuasach dánta óna cheantar dúchais, (Coiscéim, 1998); An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane?, úrscéal do dhéagóirí, (Coiscéim, 2003); Daoine a Itheann Daoine, cnuasach gearrscéalta (Cló Iar-Chonnacht, 2010) agus Fianaise, scéinséir, (LeabhairComhar, 2012).

Alan Titley

Tá idir úrscéalta, ghearrscéalta, fhabhalscéalta, dhrámaí, scripteanna teilifíse, scoláireacht, agus go fiú filíocht, scríofa ag Alan Titley. Bhí sé tamall fada ina Cheann ar Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá ina Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Scríobhann sé colún seachtainiúil ar chúrsaí reatha agus cultúir don Irish Times.