Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-12-09

Oideachas, oiliúint agus táblaí léig

D'fhoilsigh an Irish Times táblaí léig le déanaí maidir le cén sciar de na daltaí as gach meánscoil a chuaigh ar aghaidh go dtí Ollscoil san dlínse seo. Bhí an ghnáth bladar ann ina dhiaidh, agus clamhsán freisin faoi gurbh iad clann dochtúirí agus lianna a fhreastalaíonn ar scoileanna le táillí a bhaineann amach na háiteanna sna hábhair sin sna hollscoileanna. Agus an éamh arís gurbh iad na Gaelscoileanna is airde i measc na scoileanna gan táillí, amhail is gurbh cinseal iad lucht na Gaeilge.

Anois, is fíor go mbeadh daoine ann a shíleann iad féin gan a bheith sách acadúil le freastal ar Ghaelscoil. Go deimhin, fiú leanaí teaghlaigh Gaelacha le riachtanas ar leith foghlama, is minic lucht leigheas ag moladh dá dteaghlaigh - beag beann ar thaighde ná fianaise - gur fearr éirí as an nGaeilge leo. Tá cás le déanamh go mba cheart do Ghaelscoileanna iarracht ar leith a dhéanamh a leithéidí agus leanaí nach de bhunadh na hÉirinn a mhealladh. Ní dóigh liom go ndéanfaidh sé difear dá laghad do na torthaí. Tá leaid de bhunadh na hAfraice in aon rang le mac liom, agus is Síneach í máthair an cara is fearr atá ag m'iníon ina scoil siúd. Is minic, leoga, go ndéanann leanaí mar iad dul chun cinn níos fearr sna Gaelscoileanna de bhrí go bhfuil tuiscint ann ar an ilteangachas.

Agus go deimhin, sheol Pobalscoil Corca Dhuibhne - áit ina raibh sé ina chogadh dhearg traidhfil blianta ó shin faoine dteanga teagasc - an rang ar fad ag an Ollscoil i mbliana. As ceantar tuaithe, agus sciar d'abhantrach na scoile ina bhfuil an Ghaeilge imithe as béal na ndaoine.

Ní chuige sin atáim dáiríre, ach racht ginearálta faoin oideachas. Ní innill iad na scoileanna chun fodar a chuir ar fáil don gheilleagar. Ról an oideachas ná cabhrú le gach dalta barr a chumais féin a bhaint amach. Ní gá gurbh oideachas ollscoile an bhuaic sin, ná gur chun leas an dalta é ach oiread.

Níl aon cheist ach go bhfuil éagothroime uafásach san tír seo, i gcúrsaí oideachas chomh maith le gach chúrsa eile. Ach is roimh an mbunscoil a thosaíonn an éagothroime céanna! Agus ní hionann comhionannas deiseanna agus comhionannas torthaí.

Dá mba mise an Aire Oideachais, bheinn ag díriú ar na buntáistí a fhaigheann leanaí an mheánaicme, ar mhór acu oideachas, a chuir ar fáil dóibh siúd nach bhfuil an traidisiún léann sin acu. Sin le rá, go mba cheart fail éasca a bheith ar réamhscolaíocht ag gach leanbh, ach mórchuid na hacmhainní a bheith dírithe orthu siúd nach bhfuil oideachas maith faighte ag a dtuismitheoirí. Agus bricfeasta agus lón a bheith san áireamh!

Fós féin, ní bheidh an suim ná an cumas ag gach duine bheith ina lia ná ina dhlíodóir. (Agus faraor tá gach cuma ar an scéal go leanfaidh an gorta innealtóirí!)

Ná ní dóigh liom gur lú uaisleacht ná fiúntas don pobal ceardaí maith. Agus sin bearna ollmhór sa chóras abhus, le hais, mar shampla, an Ghearmáin, áit a bhfuil córas eagraithe printíseachta ann, ní hamháin do leithéidí na siúinéirí agus pluiméirí - ach do mórán chuile ghairm,  fiú do na giollaí sna siopaí. Bíonn deis ag déagóirí a gceard a fhoghlaim i gceart, agus iad ag obair roinnt laethanta sa tseachtain agus ansin ar ghairmscoil na laethanta eile. Rud a fhágann go mbíonn oideachas sách iomlán orthu le haghaidh an cheird agus le haghaidh an saol. Go hiondúil freisin bíonn conair chinnte chun dul ar aghaidh go hoideachas ollscoile más é sin an mian atá acu ach an printíseacht a bheith comhlíonta.

Ach níl maitheas ar bith i mioscais a chothú le táblaí léig agus bladar faoi na scileanna atá "de dhíth ar an ngeilleagar". Cabhraítear le gach dalta a bhuaic féin a bhaint amach, buaic a chumais agus a spéise, agus is fearrde muid ar fad!

Agus sin mo racht go n-uige seo.