Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-12-20

Seilg an ghuais rása

Tá sé de dhrochnós ag ríomhaire díreach an rud a dúirt an ríomhchláraitheoir leis a dhéanamh, a dhéanamh. Is minic áfach nach é an rud a shíl an ríomhchláraitheoir a dúirt sé an rud a dúirt sé. Bíonn fabht ann ansin. 
Ní féidir le ríomhaire ach rud amháin a dhéanamh san turas ach oiread. Bíonn an cuma air go mbíonn - go háirithe ar PhC - an t-uafás rudaí ar siúil. Ach dáiríre, níl ach rud amháin, ordú amháin, á chomhlíonadh ag an ríomhaire. An rud atá ag tarlú ná go bhfuil máistir chláir amháin ann, an córas oibriúcháin, atá ag dáileadh giotaí beaga ama agus cuimhne ar na feidhmchláir ar fad atá ag obair. Go hiondúil, bíonn obair feidhmchláir briste síos i dtascanna ar leith, a bhíonn ag comhoibriú le chéile. Snáithe a tugtar ar na codanna seo.
Cuireann sin ar fad leis an gcastacht, nó i nath atá ag fear atá ag obair liom le "meidhre na náisiún".
Tá aicme ar leith de fhabhtanna ann atá deacair dul i ngleic leo. Fabhtanna nach nochtann iad féin ach anois is arís, agus an cuma ar gurbh go randamach a tharlaíonn sin.
Tarlaíonn sé mar shampla go mbíonn cuid amháin, snáithe amháin, spleách ar tasc atá le comhlíonadh ag snáithe eile. Nó go mbíonn athróga roinnte idir snáthanna. Tharlódh sé, mar sin, go dtarlódh rudaí in oird éagsúil de réir mar a dháiltear acmhainní. Agus nach nochtfaí fadhb atá ann ach go hannamh, nuair a tharlaíonn rudaí in ord áirithe. Tugtar "guais rása" ar a leithéid, amhail is dá mbeadh na codanna den clár ag rásaíocht le chéile, braitheann an toradh ar cén chuid a bhaineann an geall!
Is crá croí a leithéid don ríomhchláraitheoir i mbun dífhabhtú. Is é an chéad céim ná bealach iontaofa a aimsiú chun an fhabht a nochtadh. I gcás guais rása, is iondúil go mbíonn a lán trialacha i gceist chun an bealach sin a aimsiú. Ach a mbíonn an chéad céim sin comhlíonta, níl i gceist ach foighne agus cruinniú meabhrach chun an fhabht a cheapadh.
Bhí tasc mar é idir lámha agam le linn na seachtaine. Bíonn cuid de phléisiúir na seilge a baint lena leithéide, mar a nocht mé ar Twitter.
Ní raibh an fabht áirithe seo feicthe againne sa phromhadh. Faraor is ár gcustaiméirí a chonaic i dtosach é, mar go raibh ríomhairí s'acu rud beag níos sine agus níos moille dá réir. Ach, mar a tharlaíonn go minic, nuair is eol do na ríomhchláraitheoirí an fabht a bheith ann, nochtann sé níos minice!  
Bíonn uirlisí ann chun cabhrú le ríomhchláraitheoirí dífhabhtú - chun dul tríd an gclár céim ar chéim, ach féachaint go grinn ar cad atá á dhéanamh ag an ríomhaire.  Ach níl aon mhaith ina leithéidí do guais rása - athraíonn siad an iompair ama, agus go hiondúil ceileann siad an fhabht. Tá dóigh eile ann, sé sin rud éigin a chuir isteach sa chód chun eolas a thabhairt ar cad atá ag tarlú.  Tá sin baolach freisin, mar athraítear an ríomhchlár, agus is féidir go gceilfí an fabht.
Bíonn scil, súil ghéar ar an gcód, foighne agus ádh de dhíth chun toradh rathúil a bhaint amach.
Mar a tharlaíonn, ar an ócáid seo, bhí liom agus d'aimsigh mé an fabht. Athróg a bhí á athrú in áit amháin, agus áit eile ag dréim leis an sean luach a bheithe fós ann, agus botún sa chlár dá réir. Botúin a scaip tríd an clár ar fad. (Níos fearr fós, ní i mo chuidse den cód a bhí an fhadhb!)