Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-05-31

Díoltas na Cuimhne

Ar oíche Aoine seo chaite bhí mé i Scoil na mBuachaillí, ceann den trí spás amharclainne atá ag Amharclann Smock Alley.
Bhí oíche d'fhilíocht Marina Tsvetaeva eagraithe ag IMRAM mar chuid d'Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath. Léadh na dánta in aistriúcháin Béarla agus Gaeilge. (Bhí beagán díomá orm nach bhfuair muid blaiseadh ar a laghad de cheol na bun dánta Rúisise, cé nach dtuigfinn focal)

Is í Elaine Feinstein a léigh a cuid aistriúcháin Béarla, agus bhí dánta eile ag Dairena Ní Chinnéide. (Má thuigim i gceart is trí bhíthin leaganacha Feinstein a chuir sí aithne ar Marina Tsvetaeva).

Is iad leaganacha Dairena is mó a chuaigh i bhfeidhm orm féin, an paisean agus miangas níos soiléire ina reacaireacht siúd le hais sibhialtacht Elaine Feinstein. An teanga níos gaire do mo chroí gan amhras!  Ach reacairí den scoth iad araon agus bhí fuinneamh agus paisean le braith ar na dánta.

Spás spéisiúil atá i Scoil na Buachaillí, spás thar folamh na scoile gann ann ach binsí agus é chomh hard le dhá urlár. Fallaí bríce dearg. (Mholfainn áfach cúisín a bhreith leat ann - tá na binsí crua!) Bhí ceol tionlacan ann ó Steve Cooney agus Seán Mac Erlain . Cuireann an cheol go minic leis na hócáidí seo, ach dáiríre bhí an bheirt bhanfile breá in ann an spás a líonadh iad féin lena nguthanna! Níor bhain an ceol ón bpléisiúr, áfach. Agus, dar ndóigh bhí íomhánna an fhile físe, Margaret Lonergan ann.

Ócáid thaitneamhach agus fonn orm breis a chlos agus a léamh futhu ar fad!

Tá blaiseadh de reacaireacht Elaine Feinstein, agus dán le Marina á léamh aici, le clos anseo.