Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-09-28

Ollnóva Réiltín


Bhí sár oíche agam ar an Déardaoin ag Réiltín - rac opera Fíbín. Tá scéal ilsrathach cumtha anseo ag Paul Mercier, scéal atá fáiscthe as an nGaeilge uirbeach. Beidh, mar a dúirt Darach tar éis an taibhiú, a léamh féin ag gach duine ar an scéal seo faoi bhean óg ag streachailt lena cinniúint; leis a coimhthíos a bhaineann le bheith tógtha le Gaeilge san Ardchathair, idir dhá saol; le tobscéal grá nárbh grá ach bréagnú é; le ceisteanna faoi tallann amhránaí; le smionagar an tsaoil a d'fhág éagadh an tíogar cheiltigh; le himirce.
Cé nach bhfuil ach aisteoir amháin ar an stáitse, Clíona Ní Chiosáin baintear feidhm éifeachtach as físeán a mbíonn sí ag idirghníomhú leis chun an scéal a chanann sí (i nguth binn) a léiriú. Ceol rac soláthraithe ag Simon Noble. Chan Clíona na hamhráin chomh glé sin gur thuig mé mórán gach focal, rud is annamh domsa agus gan cleachtadh agam ar cheol chomh fuinniúil! (Agus chomh hard!)
Mheas mé gur ndeachaigh an soilsiú thar fóir scaití, ach bhí gluaiseachtaí Clíona ar an stáitse thar a bheith éifeachtach, ag léiriú na mothúcháin agus bristeacht an charachtar - scaití réidh, sleamhain; scaití briste mar a bheadh téada máireoigín imithe in aimhréidh.
Bhí na híomhánna san físeán cumhachtach freisin, an-úsáid bainte as radharcanna éagsúla de Bhaile Átha Cliath agus Londain; an coimhthíos lena muintir léirithe trí úsáid dealbha; agallamh idir an Réiltín ar an Stáitse agus Réiltín ar an bhfíseán, ag léiriú an dá taobh dá streachailt.

Tá téagar ag baint le léirithe Fíbín; agus beidh súil in airde agam don CD!