Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-02-17

Troscadh, tréanas agus tost ...

Inniu Máirt na hInide. Beidh an chrannóg seo folamh go dtí Domhnach Cásca nó mar sin, mar is nós liom.

Camchuairt Músgraíoch

Mar a dúirt mé thug cuid againn aghaidh ar Bhaile Bhúirne agus an Muileann don deireadh seachtaine ainneoin go raibh Imbolc ar sos. Peata lae a bhí ann ar an Satharn agus ainneoin leanna an Mhuileann (grúdlann dá gcuid féin acu anois) chuaigh muid amach breá luath ag siúl. Tá coill spéisiúil ar bhruach an tSuláin crainn faoi bhrat trom caonaigh. Tá cosán tríd an gcoill go dtí Reilig Gobnatan, áit a bhfuil Seán Ó Riada agus Seán Ó Ríordáin araon curtha.
Tá iarsmaí a bhaineann le Gobnait ann freisin, a huaigh mar shampla agus dealbh bhreá nua a tógadh sna 1950í. Maidin Domhnaigh bhuail muid le Peadar Ó Riada ann (tar éis dúinn Aifreann a éisteacht i gCúl Aodha leis an cór) agus thug sé lear mór seanchais dúinn - fillfidh mé ar ábhar ach a mbeidh tost an Charghais curtha díom agam!


Lean muid orainn síos go dtí an bpríomhbhóthair agus bhí cupán tae againn san Crúiscín Lán; ansin shiúl muid taobh eile an ghleanna, suas bóthar na gCeapacha gur tháinig muid trasna air Slí Ghaeltacht Mhuscraí, cuid de shiúlóid níos faide a rianaínn an slí a thóg Donal Ó Súilleabháin ag teitheadh ó Bheara go Breifne.
Tá an chaoi ar an gcosán cé go raibh sé garbh agus fliuch in áiteanna.


Bhí greim le n-ithe againn sa Mhuileann (molaim an Seabhdar) agus thugamar sciurd ar Ghuagán Barra. Bhí an loch ina léinseach, ag feidhmiú mar scáthán den gcéad ghrád; arís tá go leor le reic faoin áit agus beidh orm filleadh air anseo chun tuairisc a dhiongbhála a thabhairt!

Tríd is tríd táim fíor sásta gur chuaigh mé ó dheas - bhí aird deireadh secahtaine agam, agus lón machnaimh.

Ceolchoirm Imbolc


Cé gur cuireadh Imbolc ar ceal ar feadh bliana i mbliana, bhí ceolchoirm eagraithe don oíche roimh ré. Bhí fonn orm féin agus roinnt eile buaileadh ó dheas pé scéal é agus sult a bhaint as an deireadh seachtaine fiú mura mbeadh an lón iomlán machnaimh a chuireann Imbolc ar fáil ar fáil dúinn!

Micheál Ó Súilleabháin agus Iarla Ó Lionáird na hoirfidigh a bhí i gceist. Micheál ag seinm an phianó mór atá san Ionad Cultúrtha (i gcuimhne ar Seán Ó Riada). A ghuth sainiúil uirlis Iarla, agus rinne sé canadh agus reacaireacht.

Clár lán ealaíne a bhí cóirithe acu, ag tarraingt as chnuasach Ghoodman, ar aimsíodh focail na n-amhráin i Londain le déanaí; as filíocht an Ríordánaigh agus Séamus Heaney, ceol Ó Cearbhalláin.

Bhí an chlár thar a bheith feiliúnach don áit a rinne Ó Riada a áit dhúchais de, agus inar tógadh Ó Ríordáin. Ag filleadh abhaile a bhí Iarla Ó Lionaird gan amhras agus a mhuintir san lucht féachana - lucht féachana a bhí flúirseach, gach suíochán san Ionad lán agus suíochán bhreise do scór eile ar an ardán timpeall ar na ceoltóirí.

Taibhe ar leith a bhí ann, fite as dúchas a bheadh dearmadta cuid mhór murach Goodman agus Ó Riada; Goodman a chnuasaigh ceol ar leith i gCiarraí agus Corcaigh, Ó Riada a chuir fotha faoi athbheochan an cheoil dúchais.

Ba phribhléid a bheith in áit agus ionad a chaomhnaigh na tréithe sin thar na blianta, áit ina mothaíonn duine cuisle an dúchais fós ag preabadh.

Ard oíche!

2015-02-12

Gafa ag Wordumz ...

Ní duine mé a imríonn cluichí ríomhaireachta go hiondúil, go hairithe cluichí inár gá gníomhú go gasta. Ceart go leor, sna 1990í bhí mé gafa le leagan de Thetris ar obair; bhíos den tuairim an uair úd, agus tá fós, gur chomhcheilg Sóivéadach a bhí ann chun táirgiúlacht an Iarthair a scrios.
Nuair a chuala mé (ó Nós) go raibh Wordumz ar fáil as Gaeilge, agus lámh ag Kevin Scannell ann ghéill mé don gcathú agus cheannaigh é ar €1.29 do'm fón.
Fearacht Tetris, an aidhm atá leis ná gan ligean do na bloic an scáileán a líonadh suas.Murab ionann agus Tetris, ní tríd líne a líonadh a ghlantar bloic, ach tríd focail a chumadh. Dá fhaide an focail is ea is luachmhaire. 
Tá sé agam anois le thart ar seachtain agus tá mé chomh gafa leis go mbíonn mo bhean ag gáirí fúm ag imirt ar mo fón - bíonn sí féin á dhéanamh le fada ach bhí mise seachantach!
Tá mé ag feabhsú le cleachtadh agus anois is arís faighim focal ar fiú 100 pointe é. 
Tá's agam go bhfuil spás do feabhas i bhfad níos mó cé nach dóigh liom gur mise an duine chuige - níl an luais i'm ordóg!
Aclaíocht intinne sách taitneamhach atá ann mar sin d' fhocalbhách.

Mholfainn é do dhuine ar bith ar maith leo focail agus cleasa!
In am agam babhta eile a imirt!

2015-02-08

Bréag. Bréag?

Ní raibh mise san tír nuair a tháinig Bréag chun cinn (agus gach seans nach mbeadh iomrá cloiste agam orthu dá mbeadh).
Ach bhí mé an tógtha leis an méid a chuala mé nuair a rinne IMRAM oíche ómóis do Bhob Marley.
Ó shin i leith bhí mé ag éisteacht leis an gceol ar soundcloud:
Bhí fonn orm a ndua a chúiteamh leis na ceoltóirí agus chuir mé ceist ar Twitter cá háit a bhfaigheann a ceol le ceannach. Dúradh liom go raibh CD dá cuid ar Google Play faoin teideal "Can Jah"
Cheannaigh mé an CD dá réir - ach tá cúpla mion-fhabht air - rianta neamh iomláine. Chuaigh mé i dteagmháil leis na ceoltóirí - fuair mé seoladh rphoist do Chaoimhín Mac Giolla Catháin tríd an leathanach Facebook s'aige. Fuair mé amach nach raibh aon chearta ná smacht acu ar an CD ar "Gan Jah" atá air ó cheart. 
Cé go bhfuil an méid dá ceol atá air go maith, ní féidir liom moladh é a cheannach de bharr na fabhtanna agus de bhrí nach bhfaigheann na ceoltóirí tairbhe ar bith as - mór an trua nach bhfuil sé soiléir ar Google Play cé na foilsitheoirí.
(Anois agus mé ar an eolas i cuimhin liom go ndúirt siad sa chlár ar TG4 nuair a bhí an banna  scór bliain go raibh droch conradh sínithe acu uair amháin)

Is deacair i ré an idirlín bheith cinnte go bhfuil sochar á dhéanamh ag ceannach!


Cás leathair.

Cás leathair. Ceannlitreacha mo shin sheanathair air. Folamh anois. Ann a bhí an méid de mhaoin an tsaoil a thug aintín m'athair isteach sa chlochar léi. Fós aici, fad saoil duine ina dhiaidh. Í anois éagtha. Nasc le ré dearmadta. Is mó cor sa tsaoil ó líonadh agus folmhaíodh an cás. Finné?

2015-02-06

Deireadh Ré:

Clochar na Toirbhearta Theas. Reilig na Siúracha. Uaigh úr, buailte suas le huaigh an bunaitheora. Ranganna na leacracha eile, siúracha imithe, a dtaisí gualainn ar ghualainn. Slua brúite idir na leacracha. Siúracha, gaolta, iar-dhaltaí. Sagart ar ais ó na misean - dalta bunscoile de chuid an té imithe - ag treorú na hurnaithe. Deichniúr den bpaidrín ón easpag. Iomann Laidine. Mise, mac mic deartháir. Cuimhne againn uilig ar bhean bheoga mionda. Gealgháire chaoin. Oide a d'fhág lorg saol agus grá domhain don gceol ar a lán. Ní goirt bás na sean le hais bás na n-óg, dáiríre - saol fhada fiúntach, imithe abhaile ag a Tiarna. Tocht mar sin féin nuair a chonac an clár ainmneacha sa chlochar - Istigh/Amuigh/As Láthair. As láthair lena hainm siúd.
An duine deiridh dá glúin imithe ón dteaghlach. Agus a hOird - go leor acu ann, ach iad uile anonn sna blianta, lóchrann carasma an Oird - teagasc - anois i lámha eile.