Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-04-06

Úna Ní MhaoilEoin

Ag eascairt as an bplé faoi Phóstaer Leabhra Feabhra tharraing Réaltán m'aird ar scríbhneoir nach raibh cloiste agam fúithi cheana; Úna Ní MhaoilEóin. Go deimhin, chuaigh sí céim níos faide agus bhronn leabhar léi orm - a céad saothar, Le grá ó Úna, (1958) leabhar a foilsíodh bunaithe ar litreacha a scríobh sí abhaile agus í ar thuras san Iodáil - in ainm is a bheith ag foghlaim faoi photaireacht ach dáiríre ag tabhairt tír agus daoine faoi deara. Ealaíontóir le peann agus focail, agus í géar súileach agus scaití géar-theangach! Stíl éadrom cuideachtúil mar  a bheifeá ag súil leis i litreacha abhaile nach raibh aon chuimhneamh air iad a fhoilsiú i dtosach. Cód-mheascadh glic - Béarla agus Iodáilis tríd a cuid Gaeilge. Bon mot agus nathanna daoine eile úsáidte le teachtaireacht a thabhairt i mbeagán focail. Scéal éadrom thaitneamhach a thug goile dom dul sa tóir ar bhreis agus chuir mé fios - tríd BorrowBooks (tairseach na n-iasachtaí idir leabharlainne) ar an dá shaothar eile léi - An maith leat Spaigití? (1965) agus Turas go Túinis (1969).
Turas eile chun na hIodáile is ábhar do "An Maith leat Spaigití?"; comhluadar aici air ó bhaill eile den dteaghlach. Pléann "Turas go Túinis" le turas aonair tríd an Fhrainc, an Spáinn an Iodáil chomh fada le Túinis, ag taisteal sách saor ar thraenacha agus báid. Ainneoin gur scríobhadh na saothar seo le leathshúil, glacaim leis, ar an bhfoilsiú, tá an stíl bhríomhar céanna iontu, iad lán de léargas a duine óg aerach ag taisteal, thuas seal, thíos seal, mion-eachtraí barrúla. Léargas - monuar - ar nósanna na bhfear agus bean aonair ina measc, ach bean óg a bhí maith in ann aire a thabhairt dí féin agus í saor don gcuid is mó ó sceon.

Cuireann a cuid líníochtaí pinn go mór leis na leabhair.

Rud eile a thug mé suntas dó ná go raibh sleachta as léirmheasanna as Béarla ar na blurbaí san dá leabhar níos déanaí. Sin rud nach bhfuil feicthe le fada agam. B'iad Sáirséal agus Dill a foilsitheoirí, agus is lena ré órga siúd a bhaineann na leabhair. (Is léir ón liosta atá ag an Leabharlann Náisiúnta go raibh sí ina maisitheoir thábhachtach de cuid Sáirséal agus Dill freisin).

Táim fíor sásta go ndeachaigh mé sa tóir ar a saothar. Táim fíor bhuíoch do Réaltán as í a chuir ar mo shúile dom. Níl aon iontráil dá cuid féin aici (fós) in ainm.ie ach tá sí luaite san alt faoina hathair Séamas Ó Maoileoin.